PLAY PODCASTS
Seachtain

Seachtain

185 episodes — Page 2 of 4

DJ Carey: Ó ghlóir Pháirc an Chrócaigh go gruaim Mountjoy Prison

Bhí clú agus cáil ar DJ Carey mar dhuine de na himreoirí iománaíochta is fearr a chonaic an tír seo riamh.  Le linn na 90óidí agus ag tús na mílaoise, ba laoch é, ní amhain i gCill Chainnigh, ach i measc chosmhuintir na tíre ar fad.  Bhí saol an mhadra bháin aige féin agus a pháirtí Sarah Newman le linn ré an Tíogair Ceiltigh, bhí tithe acu in áiteanna ar leith sa tír, agus ba mhinic iad ag dul ar saoire thar lear.  Mar sin de, cá huair a chuaigh rudaí ar strae do DJ?  Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Eimear Ní Bhraonáin    Foclóir:  Feall: Betray  Dallamullóg: Decieve   I sáinn: In a fix or jam  Faoi amhras: Under suspicion  Mílaoise: Millenium   Flaithiúil: Generous  Cothromaíocht: Balance  Craobh na hÉireann: All Ireland Championship  Lánúin: Couple  Iasacht: Borrow or lend  Scaradh: Breakup  Ailse: cancer  Cóir leighis: Medical treatment  Tuiscint: Understanding  Macánta: Honest See omnystudio.com/listener for privacy information.

Nov 13, 202524 min

Cúig chéim i dtreo do Ghaeltacht féin a thógáil

Cén chuma a bheadh ar "Ghaeltacht nua" na linne seo, agus cén dóigh a dtosaíodh duine ag tógáil a leithéid? Tá Jake MacSiacais agus Róisín Nic Liam ina gcuid de ‘Lios Loch Lao’, grúpa atá ag forbairt tithe agus árasán do Ghaeilgeoirí i mBéal Feirste agus tá Caoimhín Ó Cadhla ina bhall de ‘Lonnaíochtaí Gaeilge Teo’ atá ag iarraidh tearmann do chainteoirí Gaeilge a thógáil san ardchathair. Ar Seachtain, téann Áine Ní Bhreisleáin i mbun cainte leis an dá ghrúpa atá ag iarraidh an ollfhís seo a chur i gcrích. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Nov 6, 202524 min

Nuacht Gaeilge ar an BBC in Albain – ach cá bhfuil nuacht Gaeilge an BBC sa Tuaisceart?

De réir an daonáirimh is déanaí, tá eolas éigin ag 130,000 duine ar an nGaeilge in Albain ach i dTuaisceart na hÉireann, tá fios éigin ag beagnach 100,000 duine sa bhreis ar sin ar an teanga - 228,617.  Tá i bhfad níos mó Gaeilge ar an BBC in Albain ná mar atá ná mar atá ó thuaidh áfach. Tá idirdhealú soiléir ann, mar sin féin, agus is beag gearán a dhéanann Gaeilgeoirí faoin cheist – cad chuige sin???  Foclóir: Laigí: Weaknesses  Dall: Blind  Líne eagarthóireachta: Editorial line  Ábhartha: Relevant  Aontachtaithe: Unionists  Slat tomhais: Measuring stick  Sciar: Proportion  Fáinne fí: Vicious circle  Idirdhealú: Distinction  Maígh: Imply  Múnla: Model  Forlíonadh: Supplement  Naimhdeas: Animosity  Áiseanna: Resources  Ionchur: Input  Claonadh: Inclination or bias  Cur i bhfriotal: Put into words See omnystudio.com/listener for privacy information.

Oct 30, 202522 min

Aighneas an Uachtaráin: Feachtas ag teacht chun deiridh

Faoi dheireadh thiar thall, tá an feachtas toghchánaíochta beagnach críochnaithe agus bhí deireadh teasaí leis go deimhin. Caithfear na vótaí Dé hAoine agus roghnófar Uachtarán na hÉireann nua le teacht i gcomharbacht ar Michael D. Higgins.  Amharcann John Downing, comhfhreagraí polaitíochta leis an Irish Independent, ar na straitéisí a bhí ag na hiarrthóirí agus ar na taicticí a d’oibrigh agus nár oibrigh. ­ Foclóir: Mianta: Wishes Pobalbhreith: Poll Farasbarr: Advantage/Surplus Líomhaintí: Allegations Níos seirbhe: More bitter Goilliúnach: Cutting Cáineadh: Criticise Leas: Benefit Báúil: Sympathetic Feachtas: Campaign Vótaí millte: Spoiled votes Baol: Threat/Danger Is cuma sa tsioc: To not give a damn Easnamh: Inadequacy Abhchóide: Barrister Círéibí: Riots I gcoitinne: In general See omnystudio.com/listener for privacy information.

Oct 23, 202520 min

Island life: Na héilimh, na deacrachtaí agus na buntáistí a bhaineann le saol iargúlta

Roimh dheireadh na míosa seo, beidh oileáin bheaga na hÉireann ag caitheamh vóta i dtoghchán na hUachtaránachta ar an lá céanna leis an mórthír. ­ Tá 29 oileán ann ina bhfuil cónaí iontu agus tá suntas ar leith a bhaineann leo ó thaobh an chultúir de agus na teanga de. ­ Ach cad é mar atá sé le bheith i do chónaí ar oileán, ar charraig atá fada amuigh ar an bhfarraige, scartha ón mhórthír? ­ Láithreoir: Ciarán Dunbar, Aoi: Áine Ní Bhreisleáin ­ Tá an podchraoladh seo maoinithe ag Ciste an Daonlathais Áitiúil. ­ Foclóir: ­ Tréigeadh: Abandoned ­ Bánaigh: To devastate or to abandon ­ In éag: Die out ­ Buan:Permanent ­ Sceirdiúil: Windswept or bleak ­ Creagach: Rocky ­ Go tréan: Strongly ­ Ceann tuí: Thatched roof ­ An mhórthír/an tír mhór: The mainland ­ Fiáin: Wild/untamed ­ Tearmann: Sanctuary ­ Faire ar éin: Birdwatching ­ Bradán: Salmon ­ Portán: Crab ­ Móin: Turf ­ Breosla: Fuel ­ Céibheanna: Quays ­ Glórach: Loud ­ Bád farantóireachta: Ferry ­ Traonach: Corncrake ­ An teach fágtha le huacht: The house bequeathed in a will ­ Uathúil: Unique ­ Aighneas: DisagreementSee omnystudio.com/listener for privacy information.

Oct 16, 202522 min

Bíonn siúlach scéalach: The life of a travelling storyteller | Aindrias de Staic

Tá baint nach beag Éireann agus le hÉireannaigh leis an scéalaíocht agus leis an tsamhlaíocht, agus tá clú agus cáil uirthi dá bharr. Ach leis an saol nua-aimseartha mar a bhíonn anois, is minic nach dtugtar an meas ceart don tseanchas, ná don tobar saibhir a chuireann sí ar fáil dúinn. Ach deirtear go bhfuil borradh ag teacht ar an nós ársa scéalaíochta seo agus go bhfuil sé faoi bhláth arís. Ar dhuine de na scéalaithe nua-aimseartha seo tá Aindrias de Staic.  Ar Seachtain, tógann Aindrais siar ar bhóithrín na smaointe muid, labhraíonn sé faoina óige, a chuid fadhbanna leis an ól, agus faoin síocháin atá aimsithe aige anois tar éis an saol a bhí aige a fhágáil ina dhiaidh.  Foclóir:  Foilsitheoir: Publisher  Ádh: Luck  Meabhair: Mind  Damháin alla: Spiders  Lámh in uachtar: Dominate  Éirigh as: Quit  Seachaint: Avoid  Fonn: Melody  Cíos: Rent  Dátheangach: Bilingual  Aithris: Recitation  Taifeadtaí: Recordings  Scéalaíocht: Storytelling  Saothar: Work or writings  Léacht: Lecture  Clairseach: Harp  Seanchas: Folklore  Tá Aindrais ag tabhairt faoi chamchuairt lena seó ‘By the light of the slivery moon’. Tá sonraí ar fáil ar an suíomh https://aindrias.com/See omnystudio.com/listener for privacy information.

Oct 9, 202523 min

Gael ar leith: Slán le Manchán Magan

Bhailigh na sluaite inniu i gColáiste Gonzaga i mBleá Cliath inniu le slán a fhágáil agus omós a thabhairt do Mhanchán Magan. Ní raibh ach 55 bliain d’aois slánaithe aige nuair a d’imigh sé ar shlí na fírinne an Déardaoin seo caite. Bhí ailse air le tamall. Bhain Manchán cáil amach mar gheall ar a chuid oibre mar scríbhneoir, láithreoir agus mar dhuine a spreag glúin nua i dtreo na Gaeilge de. Ar Seachtain, labhair Tessa Fleming le hÁine Ní Bhreisleáin, iriseoir le Seachtain, faoin lorg atá fágtha aige. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Oct 6, 202522 min

Gunnaí, Grá, agus Géarchéim: The kidnapping of Tiede Herrema

50 bliain ó shin, chuaigh beirt bhall den IRA Sealadach i mbun ghnímh a chuir cor nua i stair na hÉireann.  Bhí leannáin Eddie Gallagher agus Marion Coyle ar aon sa phríosún.  Mar sin, bheartaigh an bheirt acu iad a scaoileadh saor ar bhealach éigin.    Ach, d’imigh an eachtra a bheartaigh siad go hiomlán as smacht.  Ar Seachtain, cuimhníonn an Dr. Mícheál Ó hAodha, leachtóir in Ollscoil Luimnigh, siar ar fhuadach Tiede Herrema, eachtra a tharraing aird an domhain ar Éireann.    Foclóir:  Fuadaigh: Kidnap  Léigear: Siege  Géill: Yield  Níos críonna: More shrewd  Tionscol: Industry  Gabh: Capture  Ar éigean: Scarcely   Áibhéil a dhéanamh: To exaggerate  Bá: Affinity  Báúil: Friendly  Ar teitheadh: Fleeing  Páirtí: Partner  Neamhghnách: Unusual   Oilte: Proficient or trained  Ficheall: Chess – fi - hill  Aigne: Mind  Níos boige: Softer  Diúl: Suck - dule  Eisceachtúil: Exceptional  Leannáin: Lovers See omnystudio.com/listener for privacy information.

Oct 2, 202524 min

Oideachas trí Ghaeilge: The road to being líofa

Cé comh deacair is atá sé tabhairt faoin oideachas trí Ghaeilge – go háirithe mura bhfuil mórán den teanga agat sa chéad dul síos.  I gclár faisnéise nua a chraolfar ar TG4 oíche Dé Luain, buaileann an tionchaire ar líne, Kayleigh Trappe, le daoine fud fad na hÉireann a rinne díreach sin agus iad ag freastal ar na Boird Oideachais agus Oiliúna, nó mar is fearr aithne orthu, na ETBanna.  Thapaigh Tessa Fleming an deis labhairt le Jean Gilger atá ag obair leis na ETBanna faoi na scéalta pearsanta taobh thiar den chlár. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Sep 28, 202516 min

Cás Liam Óig caite amach ag an chúirt

Tá cás sceimhlitheoireachta in aghaidh Liam Óig Uí Annaidh, rapálaí ón bhanna cheoil Kneecap, caite amach ag ag cúirt i Sasana. Cuireadh ina leith gur thaispeáin sé brat Hezbollah agus é ar stáitse i Londain, agus go raibh sé sin ina chomhartha tacaíochta don eagraíocht thoirmiscthe. Seo an tríú huair do Liam Óg teacht os comhair na cúirte i dtaca leis an gcúiseamh seo, ach cuireadh moill ar an bhreithiúnas roimhe seo mar gheall ar argóintí dlí teicniúla. ­ Labhair an t-iriseoir Ciarán Dunbar ar Seachtain faoin mhéid a tharla sa chúirt inniu. ­ Foclóir: Ionchúisitheoir: Prosecutor ­ Máguaird: Environs ­ Cúiseamh: Charge ­ Neamhchiontach: Innocent ­ Cinneadh: Decision ­ Cloí: Abide by ­ Trídhathach: Tricolour ­ Slad: Plunder ­ Míchuí: Inappropriate ­ Cosc: Ban ­ Camchuairt: TourSee omnystudio.com/listener for privacy information.

Sep 26, 202512 min

Presidential Race or Closed Club? Triúr san iomaíocht, neamhspleáigh fágtha ar lár

Beidh díreach triúr iarrthóirí ag dul san iomaíocht sa toghchán uachtaránachta, agus is iad ar fad ainmnithe ag Páirtithe an Oireachtais. Ach cad é faoi na hiarrthóirí neamhspleácha, iad siúd nach raibh in ann an tairseach a bhaint amach agus a n-ainm a chur ar an ballot paper? Agus le lá na vótála ag teanadh linn, cén cineál Uachtaráin atá uainn anois? Ar Seachtain, tugann Ursula Savage, tráchtaire polaitíochta,  spléachadh ar na hiarrthóirí, na conspóidí agus na knock-backs atá feicthe againn san fheachtas go dtí seo.  Foclóir:  Toghcheantar: Constituency  Dul ar scor: Retire  Deimhnithe: Confirmed  Siar is aniar: Back and forth  Comhbhá: Empathy or kinship  Iarrthóirí neamhspléacha: Independent candidates  Comhairle áitiúla: Local authority  Ainmniúchán: Nomination  Tairseach: Threshold  Rathúil: Successful  Luachanna: Values  A mhalairt: The opposite  Droch-tháithí: Bad experience  Ní chuireann sí fiacail ina cuid focail: She doesn’t mince her words  Maitheas: Good or benefit  As an ghnáth: Out of the ordinary  Seicteachas: Sectarianism See omnystudio.com/listener for privacy information.

Sep 24, 202522 min

Gaeil ar na sráide: Cé a bhí ag éisteacht?

Chuaigh na mílte Gaeilgeoirí chun sráide i mBaile Átha Cliath Dé Satharn sa chéad agóid náisiúnta ar son na Gaeilge san ardchathair le breis agus deich mbliana. Ach an raibh duine ar bith ag éisteacht leo?  Ar Seachtain, phléigh na hiriseoirí Áine Ní Bhreisleáin agus Ciarán Dunbar faoin mórshiúil stairiúil le Tessa Fleming.  Foclóir: • Éileamh: Demand  • Fiúntas: Merit or value  • Aird: Attention  • Gríosaigh: Incite  • Meastachán: Estimation  • A neartú: To strengthen  • Feiceáileach: Visible • Cuí: Proper  • Feirsteach: Someone from Belfast  • Bratach: Flag  • Tapaigh: To seize or grasp   • Díolúintí: Exemptions   • Breatnaise: Welsh  • A dhath: Diddly-squat or nothing  • Tithe folmha: Vacant homes  • Maram: I suppose  • Cáinaisnéis: Budget See omnystudio.com/listener for privacy information.

Sep 22, 202518 min

Na mílte Gaeilgeoirí take to the streets in protest - Cén fáth?

Ní rud a fheictear go minic é – slua mór de Ghaeilgeoirí ag bailiú le chéile ar shráideanna na hardchathrach – agus iad feargach.  Is í seo an chéad agóid náisiúnta - thuaidh agus theas - ar son an Ghaeilge le breis agus deich mbliana. Cén fáth a bhfuil siad ag dul chun sráide, agus an seasann an phobal gan Gaeilge, leo?  Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Róisín Ní Chinnéide  Foclóir:  Bainisteoir Abhcóideachta: Advocacy manager  Reachtaíocht: Legislation  Cuí: Proper  Scagadh: Sifting through or vetting  Ag dul chun sráide: Taking to the streets  Bagairt: Threat  Ag gníomhú: Taking action  Cothromaíocht: Balance  A mheá: To weigh up  Ag snámh in aghaidh easa: To swim against the current  Maoiniú: Funding  Lom: Bare or naked  Caiteachas: Spending  Ar bhonn rialta: On a regular basis  Dúbailt Doubling  Sprioc: Aim or goal  Rochtain: Access  Eiseamláir: Role model  Uaillmhianach: Ambitious     See omnystudio.com/listener for privacy information.

Sep 18, 202523 min

‘Rinne mé gach rud eile’: Naoise Dolan ar a bealach go Gaza

Tá mionchabhlach de thuairim is 50 bhád ar a bhealach go Gaza – agus tá Éireannaigh ina measc siúd atá ar bord.     Tá na céadta daoine ó thíortha fud fad an domhain mar chuid den  Global Sumud Flotilla agus é ar intinn acu cabhair dhaonnúil a thabhairt isteach do mhuintir Gaza.     Tuairiscíodh oíche Dé Luain gur bhuail drón ceann de na báid sa Túinéis áfach.     Chuir an Global Sumud Flotilla físeán in airde ar na meáin shóisialta a léiríonn solas geal ag bualadh an bháid. Níor gortaíodh aon duine.      Ach diúltaíonn údaráis na Túinéise gur drón a bhí i gceist.     Deir lucht eagraithe an chabhlaigh nach gcuirfidh eachtraí sa Túinéis stop lena dturas agus go leanfaidh siad orthu.     Tá Naoise Dolan ina cuid den iarracht seo agus labhair sí le Seachtain.  Foclóir:  Eachtra: Incident  Cinedhíothú: Genocide  Ionsaí: Attack  Rogha: Choice  An Túinéis: Tunisia  Toradh: Result  Ag taobhú: Siding with  Ceachtanna: Lessons  Sonraí: Details  Éalú: Escape  Siombalachas: Symbolism  Daonna: Humane     See omnystudio.com/listener for privacy information.

Sep 10, 202515 min

Big Tech, an taobh dorcha de - agus an Gaeilgeoir determined to expose it

Tá an teicneolaíocht fite fuaite i mbeagnach gach gné dár saoil laethúil.  Mar sin féin, ní thuigeann muid i gcónaí an taobh diúltach den nuálaíocht seo, cé go bhfuil na bagairtí a bhaineann le Big Tech feicthe againn arís agus arís eile. Oibríonn Pat de Brún agus a fhoireann chun an dochar atá á dhéanamh ag na comhlachtaí teicneolaíochta a nochtadh.  Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Pat de Brún (Head of Big Tech Accountability le Amnesty International)  Foclóir: Cearta daonna: Human rights  Imscrúdú: Investigation  Mífhaisnéis: Misinformation  Abhcóideacht: Advocacy  Gníomhaíochas: Activism  Cos ar bolg: Oppress   Brabús: Profit  Gealltanais folmha: Empty promises  Claontacht: Bias  Marfach: Leathal  Fianaise: Evidence  Cinsireacht: Censorship  Ardán: Platform  Rialtas Údarásach: Authoritatian Government  Cosaintóirí cearta daonna: Human rights defenders  Tacú: support  Sárú: Infringement  or breach of  Airdeallach: Alert  Cinedhíothú: Genocide  Dualgas: Obligation  Dearadh: Design See omnystudio.com/listener for privacy information.

Sep 4, 202519 min

Gaeilge ón Áras: Should an tUachtarán speak Gaeilge?

Roimh deireadh na bliana beidh an tír ag caitheamh vóta leis an deichiú Uachtarán na hÉireann a thoghadh. Cé nach ról polaitiúil atá ann, tá tionchar láidir ag an Uachtarán agus iad ag úsáid an ardán, le bunluachanna a n-Uachtaránacht a chur chun cinn. I gcás Mícheál D. Ó hUiginn, thug sé tacaíocht leanúnach do chur chun cinn na Gaeilge le linn a théarma oifige — agus i rith a shaoil ghairmiúil ar fad. Ach cé hiad na hUachtaráin eile a bhí againn a d’imir ról nach beag ar ár dteanga dhúchais, agus, an bhfuil sé tábhachtach go mbeadh Gaeilge ag an Uachtarán? ­ Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Katie Whelan ­ Foclóir: ­ Dlúthnasc: Strong connection ­ Dearbhú: Declaration ­ Abhcóidí: Advocates ­ Uachtaránacht: Presidency ­ Fréamhacha: Roots ­ Dílis: Faithful ­ Achoimre: Summary ­ Ionadaíocht: Representation ­ Corrach: Fraught ­ Teacht sna sála: To come on the heel of ­ Ard-Rúnaí: General Secretary ­ Tiomanta: Driven ­ Cur chun cinn: Promote ­ Activities: Gníomhaíochtaí ­ Le linn: During ­ In general: I gcoitinne ­ An-cheanúil ar: Very fond of ­ Feiceálacht: Visibility ­ Figh: WeaveSee omnystudio.com/listener for privacy information.

Aug 28, 202520 min

Mo Chara sa chúirt

Bhí Liam Óg Ó hAnnaidh, nó Mo Chara as Kneecap, mar is fearr aithne air, os comhair na cúirte in Westminster Shasana Dé Céadaoin. ­ Ba é seo an dara uair dó a bheith sa chúirt i dtaca leis an chúiseamh atá á chur ina leith. ­ Bhailigh na céadta daoine taobh amuigh den teach cúirte ar maidin chun tacaíocht a léiriú dó. ­ Bhí comharthaí agus bratacha á n-iompar agus t-léinte á chaitheamh a léirigh idir tacaíocht don rapálaí agus do chúis na Palaistíne.  Ar Seachtain, míníonn an t-iriseoir Ciarán Dunbar cad a thit amach, taobh istigh den chúirt agus taobh amuigh de. Foclóir: ­ Coir: Crime ­ Scaifte: Group ­ Cinsireacht: Censorship ­ Scuaine: Queue ­ Cúiseamh: Charge/accusation ­ Sceimhlitheoireacht: Terrorism ­ Eagraíocht thoirmiscthe: Proscribed organisation ­ Beag beann: Regardless of ­ Ateagaire: Interpreter ­ Teorainn ama: Time limit ­ Tacaíocht: Support ­ Drogall: Reluctance ­ ­ ­ ­See omnystudio.com/listener for privacy information.

Aug 20, 202515 min

Gaeilge Bhaile Átha Cliath (cuid a dó): What was the Irish dialect of Dublin like?

San chéad chuid den phodchraoladh seo, chuala muid faoi stair na Gaeilge sa Chontae  Ach sa dara chuid seo, díríodh ar an gceist - cén saghas Gaeilge a bhíodh á labhairt i mBaile Átha Cliath.  Labhair Ciaran Dunbar leis an Ollamh Emertius Nicholas Williams, fear a bhfuil go leor taighde déanta aige ar an teanga mar a bhíodh i gCúige Laighean.  Agus labhair sé le Colm Ó Broin, fear de bhunadh Chluain Dolcáin atá ag cur faoi i gCill Mhantáin, agus duine a bhfuil suim ar leith aige in oidhreacht Ghaeilge a chontae dúchais. ­ Foclóir: Aiceann – stress ­ Scadán - herring ­ Spéisiúil - interesting ­ Baile an tSléibhe - Ballinclea ­ Baile Amhlaoibh – Balally ­ Conradh – a contract ­ Is dócha - probably ­ Meascán mearaí - mishmash ­ Teangeolaí - linguist ­ Saor in aisce – free of charge ­ Cuimsitheach – comprehensive ­ Éagsúil - differentSee omnystudio.com/listener for privacy information.

Aug 18, 202523 min

Gaeltacht Bhaile Átha Cliath (cuid a haon): How long did traditional Gaeilge survive in Dublin?

Is fada an lá ó bhí ‘Gaeltacht Bhaile Átha Cliath’ ann.  Mar sin de, is tearc ár gcuid eolas ar an gcineál Gaeilge a bhíodh á labhairt go traidisiúnta gan briseadh ann.  Conas a bhí sí mar Ghaeilge? Cén saghas Gaeilge a bhíodh á labhairt i mBaile Átha Cliath agus cá huair a bhíodh sí á labhairt?  Labhair Ciarán Dunbar le Colm Ó Broin taighdeoir neamhspleách as Baile Átha Cliath. ­ Canúint – dialect ­ Oidhreacht – heritage, tradition ­ Taighde – research ­ Nasc – connection ­ Eachtra – happening ­ Aisteach – strange ­ Spochadh as – mocking ­ Rud a thug le fios – something which evidenced ­ Rud a léiríonn – something which reveals ­ I bhfolach – hidden ­ Déarfainn – I would say ­ Scrúdú – investigation ­ Ar an drochuair – unfortunately ­ D’fhoilsigh sé – he published ­ i dtuilleamaí – depending on ­ Ceannródaí – pioneer ­ Fianaise – evidence ­ Lámhscríbhinní – manuscripts ­ Logainmneacha – placenames ­ Tréithe – chararcteristics ­ Foclaí (focail) – words ­ Blas – accent ­ Neamspleách – independent ­ Go foghrúil – phoneticallySee omnystudio.com/listener for privacy information.

Aug 14, 202521 min

Bean an Tí exodus: Rethinking na coláistí samhraidh

Tá athmhachnamh le déanamh ar mhúnla na gcoláistí samhraidh chun todhchaí na hearnála a dheimhniú.  Le titim shuntasach ar líon na leapacha atá ar fáil do scoláirí, ganntanas mná agus fir tí agus na céadta daltaí fágtha ar liostaí feithimh, tá gníomh radacach de dhíth le dul i ngleic leis na dúshláin mhóra seo. Ach, cad é an dóigh is fearr leis na coláistí luachmhara seo a chaomhnú?  Agus cad é a tharla le blianta beaga anuas leis an earnáil a chur i mbaol sa chéad dul síos? ­ *Suirbhé le haghaidh deis dearbhán 500 euro One4All a bhuachaint: Téigh chuig mypodcastfeedback.com agus cur an cód ‘POD’ isteach.* ­ Foclóir: ­ Iargúlta: Remote ­ Geilleagar: Economy ­ Séasúrach: Seasonal ­ Fostaíocht: Employment ­ Nós: Ritual or habit ­ Os cionn: Over ­ Tumoideachas: Immersive education ­ Neamhspleáchas: Independence ­ Uasmhéid: Maximum ­ Dosaen: Dozen ­ Earnáil: Sector ­ Clochar: Convent ­ Scoil chónaithe: Boarding school ­ Mealladh: Entice ­ Todhchaí: Future ­ Greanta: Engraved ­ Féidearthachtaí: Possibilities ­ I bhfách: In favour of This podcast was funded by the local democracy fund.See omnystudio.com/listener for privacy information.

Aug 7, 202518 min

Moving Maighdean Mhuire: Mass hysteria nó míorúilt diaga?

I rith samhradh na bliana 1985, bhí Éire corraithe leis an bparanormáltacht.  Thosaigh dealbha diaganta den Mhaighdean Mhuire ar fud na tíre ag bogadh. Ach cad é a ghríosaigh na heachtraí seo?  Cén fáth go raibh an Eaglais míchompordach leis an méid a bhí ag tarlú?  Agus an míorúilt a bhí ann i ndáiríre, nó mass hysteria?  Ar Seachtain, amharcann Doireann Ní Bhriain siar ar an bhliain inár thosaigh na dealbha ag bogadh. ­ ­ Foclóir: ­ Ag urnaí: Praying ­ Deabhóid: Devotion ­ Foláireamh: Warning ­ Diaga: Sacred ­ Cráifeach: Religious ­ Is iomráití: Most well-known ­ Ar bhinn an tséipéil: On the gable on the church ­ Iniúchadh: Inspection ­ Iontaofa: Trustworthy ­ Tairbhe a bhaint as: To benefit from ­ Oilithreacht: Pilgrimage ­ Míshocair: Unstable ­ Frithghiniúint: Contraception ­ An Mhaighdean Mhuire: Our Lady ­ Clapsholas: Twilight ­ Ag stánadh: Staring ­ Samhlú: Visualisation ­ Easpag: Bishop ­ Díspeag: Belittle ­ Maslach: Degrading ­ Tua: Axe ­ Lámhscríbhinní: Manuscripts ­ Míorúilt: MiracleSee omnystudio.com/listener for privacy information.

Jul 31, 202520 min

An troid ar son Sam: The Gaeltacht’s glory days

Tá lá de na laethanta is tábhachtaí san fhéilire ag teannadh linn, All-Ireland Final Day.  Tá dhá chraobh bainte amach ag Dún na nGall cheana ach is iad Ciarraí an foireann is rathúla i stair peile na tíre seo agus iad sa tóir ar chraobh uimhir 39 i mbliana.  Le stair shaibhir peile fhoireann Jack O’Connor agus draíocht fhoireann Jim McGuinness, amharcann Tadhg Evans, eagraí spóirt leis The Wicklow People, siar ar bhlianta órga na bhfathach peile seo.  Foclóir: I bhfeighil: In charge Ré órga: Golden era Sean-naimhde: Old enemies Go smior: To the core Craobh: Championship Tréimshe: Period of time Tréaslú: Congratulations Athimirt: replay Dul san iomaíocht: To compete An lámh in uachtar: The upper hand Sár-choimhlint: Super contest Rogha na coitiantachta: The front runner Ní mar a shíltear a bhítear: Things are not as they seem A leithéid: The likes of Neodrach: Neutral Pointe beirithe: Boiling point See omnystudio.com/listener for privacy information.

Jul 24, 202521 min

‘Israel’ sa Ghaeltacht: Smaointe radacacha Desmond Fennell

Ba smaointeoir, scríbhneoir aistí agus fealsamh radacach é Desmond Fennell.  Chuaigh a chuid tuairimí i gcoinne an ‘status quo’ go minic agus ní raibh eagla ar Fennell riamh snámh in aghaidh easa.  Chruthaigh sé meas agus conspóid araon - cibé áit a ndeachaigh sé.  Ach, ar chreid sé féin sna smaointe radacacha a bhí aige?  Ar Seachtain, labhraíonn Toner Quinn, eagarthóir an leabhar ‘The Radical Thinking of Desmond Fennell’, faoin na barúlacha neamhghnácha chuir an tír ag smaoineamh.  Foclóir:  Snámh in aghaidh easa: Swim against the current  Fealsúnaigh: Philosopher  Athbheoigh: Revitalise  Fostaíocht: Employment  Ré ar leith: A distinctive era  Dlúthchara: A close friend  Athrú struchtúrach: Structural change  Feiliúnach: Suitable  Clár oibre: Agenda  Fréamhacha: Roots  Geilleagar: Economy  Neamhspleách: Independent  Athmachnamh: Rethink  Dioscúrsa: Discourse See omnystudio.com/listener for privacy information.

Jul 17, 202521 min

Agóidí phobal na Gaeilge: Still fighting na sean-chathanna céanna?

I mí Mhéan Fómhair beidh na mílte Gael ag dul chun na sráideanna i mórshiúl náisiúnta ar son na Gaeltachta agus na Gaeilge.  Ach, an bhfuil pobal na Gaeilge ag troid na sean-chathanna céanna le breis agus caoga bliain?  Agus cé chomh héifeachtach is a bhíonn léirsithe mar seo chun athrú polasaí a bhaint amach?  Ar Seachtain, amharcann an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin siar ar roinnt agóidí de chuid Conradh na Gaeilge agus an toradh a lean iad.    Foclóir:  Éileamh: Demand  Maoiniú: Funding  Maram: I suppose  Mórshiúil: Procession  Mianta: Wishes/Desires  Féinriail: Autonomy  Cumhachtaí: Powers  Uaillmhianach: Ambitious  Cáipéisí: Documents  Ré: Era  Gnáthphobal: Ordinary people  Go borb: Abruptly or Gruffly  Suaitheantas: Emblem  Mana: Motto   San áireamh: Included  Rachmasóirí: A derogatory term for the wealthy  Gan fiacail a chur ann: Not to mince one’s words  Daoine ón iasacht: Outsiders  Rathúil: Successful  Snáithe: Thread  Sean-chathanna: Old battles See omnystudio.com/listener for privacy information.

Jul 10, 202520 min

Gaiscí Mhichíl D san Áras and finding his successor

Cuireadh tús le hUachtaránacht Michael D Higgins i 2011, tar éis dó breis is milliún vóta a fháil agus sciar 56% faighte aige. ­ Ó shín i leith, ghlac sé leis an dúshlán a bheith mar Uachtarán do chách, agus níor chuir sé fiacail ina fhocail agus é ag labhairt amach go poiblí ar ábhair éagsúla. ­ Ach le deireadh a dhara téarma mar Uachtarán ag druidim linn agus a chomharba le roghnú sna míonna amach romhainn, cé a bheadh in ann teacht isteach sna sála air? ­ Ar Seachtain, amharcann an Dr Katie Whelan siar ar an am a chaith Micheál D Ó hUigínn in Áras an Uachtaráin agus tugann sí spléachadh ar na féidearthachtaí atá ann dá chomharba. ­ ­ Foclóir: ­ Éirimiúil: Intelligent ­ Ualach: Weight/burden ­ Beag beann ar: Regardless of ­ Iontaofa: Trustworthy ­ Ionannú: Identification ­ Barántas: warrant ­ Go héagórach: Unjustly ­ Pardún iarbháis: Posthumous pardon ­ Rochtain: Access ­ Faillí: Negligence ­ Níor chuir sé fiacail ina fhocal: He didn’t mince his words ­ Cé is moite: Except ­ Go neamhbhalbh: Point- blankly ­ Iar-throdaí: Former fighter ­ Ceap magaidh: Mockery ­ Féidearthachtaí: Possibilities ­ Tugadh bata agus bóthar dó: He was shown the door ­ Ballraíocht: Membership ­ Tost: Silence ­ Dóchúlacht: Probability ­ Urlabhraí: Spokesperson ­ Bunús: Basis ­ Sna sála air: On his heelsSee omnystudio.com/listener for privacy information.

Jul 3, 202525 min

Cúig ‘media moments’ a láidrigh an ghluaiseacht LADTA+ in Éirinn

Bhí go leor eachtraí cinniúnacha ann a d’fhág lorg ar dhul chun cinn na gluaiseachta LADTA+ in Éirinn.  Ó na 1970í ar aghaidh, tháinig méadú ar infheictheacht dhaoine aeracha sna meáin in Éirinn - rud a d’imir tionchar nach beag ar mheon mhuintir na tíre.  Ó phóga aeracha ar an scáileán i Ros na Rún, go hóráidí dodhearmadta in Amharclann na Mainistreach, seans go bhfuil sé deacair samhlú anois an streachailt a bhí os comhair an phobail aeraigh le comhionannas a bhaint amach.  Ar Seachtain, tógann tá an t-údar Naoise Dolan siar muid ar na heachtraí is cinniúnaí sna meáin Éireannacha ó thaobh an phobail aeraigh de.    Foclóir:  Eisceachtúil Exceptional  Aiseolas: Feedback  Maitheas: Benefit  Ionchur: Input  Gluaiseachtaí: Movements  Na meáin: Media  In ainneoin: Despite  Feiceálacht: Visability  Crógacht: Bravery  Baol: Danger  Cosc: Ban  Coimeádach: Conservative  Riachtanas: Necessity  Scaip físeán go rábach: A video went viral  Comhionannas: Equality  Amharclann na Mainistreach: The Abbey Theatre  Aiteach: Queer     See omnystudio.com/listener for privacy information.

Jun 26, 202522 min

Kneecap: Mo Chara sa chúirt agus legal ‘dream team’ leis

Bhí Liam Óg Ó hAnnaidh, nó 'Mo Chara' as Kneecap mar is fearr aithne air, os comhair na cúirte in Westminster Shasana inniu. ­Tá sé curtha ina leith gur thaispeáin sé brat Hezbollah agus é ar stáitse i Londain anuraidh, agus go raibh sé sin ina chomhartha tacaíochta don eagraíocht thoirmiscthe. ­D’fhoilsigh Kneecap ráiteas ar na meáin shóisialta inar shéan siad go ndearnadh aon choir agus gheall siad go ndéanfaidís cosaint ar “a gcearta” go fíochmhar. ­Thug siad le fios gur “ionsaí polaitiúil” é seo ón stát Bhriotanach atá dírithe orthusan mar “ealaíontóirí ó phobal faoi chois”. Ar Seachtain, míníonn an t-iriseoir Ciarán Dúnbarrach cad a thit amach inniu, taobh istigh den chúirt agus taobh amuigh de. ­ ­Foclóir: ­ Bratach: Flag ­ Léirigh: To convey or demonstrate ­ Mídhleathach: Illegal ­ Dodhéanta: Impossible ­ Stát sceimhlitheoireachta: Terrorist State ­ Abhcóide: Barrister ­ Neamhchoitianta: Uncommon ­ Achrann: Agro ­ Ionchúisitheoir: Prosecutor ­ Blaiseadh: Flavour ­ Comhghuaillíocht: Alliance ­ In aghaidh an dlí: Against the law ­ Cosantóirí: The defence ­ Mearbhall: Bafflement ­ Comhghleacaí: Colleague ­ Aineolas: Ignorance ­ De réir dealraimh: ApparentlySee omnystudio.com/listener for privacy information.

Jun 18, 202517 min

Tréigthe agus folamh: A Gaeltacht housing solution?

Tá Comhairle Chontae Mhaigh Eo ag earcú Comhordaitheoir Ar Thithe Folmha sa Ghaeltacht, agus beidh dualgais acu sna Gaeltachtaí fud fad na tíre. ­ Ach, an bhfuil aon fhiúntas leis an ról agus an ndéanfaidh sé rud ar bith chun dul i ngleic leis an ghanntanas tithíochta? ­ Thug iriseoir Gaeltachta Seachtain, Áine Ní Bhreisleáin, leargás ar an cheapúchán úr. ­ Foclóir: ­ Tithe folmha: Vacant homes ­ Tréigthe: Abandoned ­ Fadhb ar leith: A particular problem ­ Folláin: Healthy ­ Go sainiúil: Uniquely ­ Suntasach: Considerable ­ Éileamh: Demand ­ Seal: A period of time ­ Go buan: Permanently ­ Deontas: Grant ­ Earcú: Hiring ­ Farsing: Extensive ­ Cónaitheacht: Residency ­ Fo-oifigigh: Junior OfficersSee omnystudio.com/listener for privacy information.

Jun 12, 202520 min

Gaelcholáiste nua mar chuid den fhís do cheantar Gaeltachta BÁC

Tá Gaelcholáiste nua beartaithe do lár na cathrach agus tá na doirse le hoscailt i mí Mheán Fómhair 2026, ach is iomaí dushlán atá fós le sárú leis sin a chur i gcrích.  Ach, le os coinn 90% de mhúinteoirí na scoile i gcoinne Synge Street CBS a aistriú go Ghaelcholáiste, agus le tuismitheoirí go fóill gan mórán eolais faoin Ghaelcholáiste nua, an bhfuil baol ann nach dtarlóidh sé?  Cad iad na dushláin atá os comhair meánscoil lán-Ghaeilge a bhunú i lár na cathrach, agus, cén fáth nach bhfuil achan duine sásta faoi?  Labhraíonn Julian de Spáinn, ón fheachtas Gaelcholáiste 2,4,6,8 faoin phlean le ceathrú Gaeltachta a chruthú i gcroílár na cathrach.  Foclóir: Soláthar: Supply  Roinn: Department  Éileamh: demand  Ilchreidmheach: Multi-faith  Liosta feithimh: Waiting list  Taighde: Research  Gar: Close  Tuairimí: Opinions  Iarratas: Request  Tairiscint: Offer  Maíomh: Boast  Ailtirí: Architects  Teagasc: Teaching  Earcaíocht: Recruitment  Cumarsáid: Communication  Ceathrú: Quarter See omnystudio.com/listener for privacy information.

Jun 5, 202521 min

Gaeltacht Acla faoi bhagairt de bharr na ‘second homes’

Tá clú agus cáil ar áilleacht chósta iarthar na hÉireann agus meallann sé turasóirí ó chian agus ó chóngar.  Tá go leor daoine in Éirinn agus thar lear a bhfuil teach saoire acu sna ceantracha ghalánta seo, na Gaeltachtaí san áireamh.  Ach leis na fadhbanna atá á gcruthú do dhaoine áitiúla de bharr na dtithe saoire seo, is léir go bhfuil práinn le cur leis an soláthar tithíochta fad-téarmacha do mhuintir na háite ar chósta na hÉireann.  Labhair Colm Mac Eachmharcaigh, Oifigeach Pleanála Teanga i nGaeltacht Acla i gContae Mhaigh Eo faoi chás na Gaeltachta ansin.  Foclóir  Folamh: Empty  Scaipthe amach: Spread out  A mheas: Estimate  Easpa tithíochta: A lack of housing  Cothú: Cultivate  Luach: Value  Le dul i ngleic leis: To tackle or to address it  Bagairt: Threat  Tuairimí: Ideas  Casta: Complex  Muintir: Family or people  Taobh Thiar: The west side  Cíos: Rent  Cothromaíocht: Balance  Go buan: Permanently  Tá siad ag cur fúthu sa Ghaeltacht: They’re living in the Gaeltacht See omnystudio.com/listener for privacy information.

May 29, 202520 min

'Mo Chara’ Liam Óg Ó hAnnaidh cúisithe faoin Terrorism Act

Tráthnóna Dé Céadaoin, cúisíodh ball de Kneecap, Liam Óg Ó hAnnaidh, a sheinneann faoin ainm stáitse Mo Chara, as coir faoin Acht Sceimhlitheoireachta.  Baineann an cúiseamh le líomhain go raibh bratach Hezbollah á thaispeáint aige ag ceolchoirm i Londain anuraidh.  Tá Hezbollah agus tacaíocht dó mídhleathach sa Ríocht Aontaithe.   Tuigtear go mbeidh an tUasal Ó hAnnaidh ag séanadh an chúisimh.   Thug Kneecap “political policing” ar an gcúiseamh. Dar leo, ní hiad féin agus a bhfuil ar bun acu an scéal ach an “cinedhíothú”  in Gaza.  Labhair Seachtain leis an iriseoir Gearóid Ó Muilleoir faoi na castachtaí agus na himpleachtaí a bhaineann leis an scéal seo. See omnystudio.com/listener for privacy information.

May 22, 202515 min

Grá, Gníomh agus Gay Rights: 'Bliain i ndiaidh an reifrinn a phósamar’

Cothrom an lá seo deich mbliana ó shín anois  chuaigh muintir na hÉireann i mbun vótála i reifreann stairiúil suntasach. Reifreann chun pósadh a leathnú amach d’achan duine – chun go mbeadh an rogha ag daoine duine den inscne chéanna pósadh.  Sa deireadh, bhí 62% againn i bhfabhar Bunreacht na hÉireann a athrú.  Labhair an Dr John Walsh faoin athrú a tháinig ar an tír ó thréimhse chorrach na nOchtóidí go dtí an lá atá inniu. ­ Foclóir: ­ Aerach: Gay ­ Ní hionann sin: It doesn’t mean ­ Díspóireacht: Debate ­ Ginmhilleadh: Abortion ­ Feiceáileacht: Visibility ­ Coiscthe: Banned ­ Cúngaigeanta: Narrow-minded ­ Claonadh gnéis: Sexual orientation ­ Feachtasaíocht: Campaigning ­ Goilleann sé orm: It bothers me ­ Leochaileach: Vulnerable ­ Bagrach: Threatening ­ páirtnéireacht shibhialta: Civil partnership ­ Tháinig sé aniar aduaidh orainn: It took us by surprise ­ Comhionannas: Equality ­ Aischothú: FeedbackSee omnystudio.com/listener for privacy information.

May 22, 202523 min

Conspóid an Carna Bay Hotel: Cad é seasamh mhuintir na háite?

‘Caith do chuid airgid i do cheantar féin’, manna a bhí in úsáid le linn na dianghlasála, aimsir Covid-19. Ach bíonn ceantair iargúlta ag súil le turasóirí chun airgead a tharraingt isteach. I gcás Iorras Aithneach, go dtí cúpla bliain ó shin– bhí na turasóirí seo ag cur in Óstán Chuan Charna, nó an Carna Bay Hotel, mar ab fhearr aithne air. Ach bhí casadh sa scéal - thosaigh cogadh i bhfad ón bhaile san Úcráin sa bhliain 2022 agus glacadh leis an gcinneadh tearmann a chur ar fáil do theifigh a bhí ag éalú ó fhórsaí na Rúise. Trí bliana ar aghaidh – anois tá an t-óstán i mbéal an phobail – ach cén fáth? Le haghaidh an scéal seo a mhíniú agus dearcadh muintir na háite a roinnt linn tá Meadhbh Ní Ghaora.... Foclóir: Ag impigh - implore Dianghlasáil - lockdown Úinéir - owner De réir mo thuairime - according to my opinion Go tráthúil - topical Arna mhárach - the following day Cógaslann - chemist Glan an fírinne - the plain truth Baol - threat Go géar - critically I bponc - stuck Scriosadh - spoiling Díbir - expel Critéar - criteria Brabús - profit Áiseanna - facilities See omnystudio.com/listener for privacy information.

May 16, 202525 min

‘Raising Gaeilge’: Parenting as Gaeilge agus ceachtanna atá foghlamtha

Tá béim láidir ar an dátheangachas na laethanta seo agus pléitear go maith na buntáistí a bhaineann leis. Ach cé chomh deacair is atá sé páiste a thógáil trí Ghaeilge, go háirithe nuair atá siad timpeallaithe ag an Bhéarla? Cuireann Siún Ní Dhuinn an spotsolas ar na deacrachtaí atá le sárú mar thuismitheoir agus í ag tógáil páiste le Gaeilge agus na ceachtanna atá foghlamtha aici ar an bhealach. Foclóir: Ag streachailt: Struggling A chur in iúl: To express Oiriúnach: Appropriate Modh: Method Ullmhúchán: Preparation Feighlí linbh: Baby-sitter Amscaí: Awkward Constaicí: Hurdles Cinneadh: Decision Scáileán: Screen Cathanna: Battles Foirfe: Perfect Diabhal: Devil Tréimhse: Period of time Slí bheatha: Career Na maidí a ligean le sruth: To take your eye off the ball See omnystudio.com/listener for privacy information.

May 15, 202520 min

Stair an ‘Far-Right’ in Éirinn agus ceist na Gaeilge

Le blianta beaga anuas, tá cuid mhór cainte ann faoin eite fíordheis. Trasna na hEorpa tá méadú tagtha ar líon na Páirtithe ar an eite fíordheis atá ag dul i mbun cumhachta. Tá na grúpaí seo ag bailiú nirt, ach ní gluaiseacht nua é seo in Éirinn. Amharcann na hiriseóirí Ciarán Dunbar agus John Downing siar ar an faisisteachas i stair na tíre seo. Foclóir: Ábhartha: Relevant An eite fhíordheis: Far-right Faisisteachas: Fascism Daonlathas: Democracy Leasainm: Nickname Círéibeacha: Riots Cine: Race Iomarcach: Excessive Docht daingean: Firm Coimeádach: Conservative Eisceachtúil: Exceptional Féiniúlacht: Identity Leagan: Form Ciníoch: Racist Dornán: Handful See omnystudio.com/listener for privacy information.

May 8, 202523 min

Kneecap i lár conspóide: Agóid pholaitiúil nó gríosú chun fuatha?

Is mion minic a bhfeictear Kneecap i lár conspóide, ach an ndeachaigh siad thar fóir an uair seo? Ó cuireadh teachtaireachtaí frith-Iosrael in airde ar scáileán mhór ag a gceolchoirm ag Coachella coicís ó shín, tá súile an domhain ar an mbanna ceol, agus tá fiosrúchán ar bun ag póilíní frithsceimhlitheoireachta sa Bhreatain. An bhfuil ráitis agus físeáin Kneecap ag cothú gríosú chun fuatha nó an agóid pholaitiúil é? Agus cad é an tionchar a bheith aige seo ar an bhanna ceoil amach anseo? Labhraíonn an tuairisceoir Róisín Ní Mhaoláin faoi Kneecap agus an chonspóid is déanaí. Foclóir: Conspóid: Controversy Cáineadh: Criticism Tost: Silence Líomhaintí: Allegations Coireacht: Crime Úrlabhraí: Spokesperson Ag béicíl: Shouting Frithsceimhlitheoireacht: Counter-terrorism Cúlghair: Revoke Baol: Jeopardy Lucht leanúna: Fans Fulaingt: Suffering Saoirse cainte: Free speech See omnystudio.com/listener for privacy information.

Apr 30, 202521 min

Bás an Phápa, séipéal scriosta & todhchaí Fhoras na Gaeilge: What’s hitting the headlines this week?

Is tréimhse ciúin í an sos Cásca sna seomraí nuachta go minic. Leis an Dáil agus na scoileanna ar saoire ag an am seo bliana, ní bhíonn iriseoirí leath comh gnóthach is a bhíonn de ghnáth. Ach is léir nach amhlaidh an Cháisc seo. Ar an bpodchraoladh, tugann Gearóid Ó Muilleoir, eagarthóir Seachtain, agus an t-iriseoir Ciarán Dunbar, spléachadh ar mhórscéalta an nuachtáin. Foclóir: Ar shlí na fírinne: Departed or passed away I lár an aonaigh: In the spotlight Tórramh: Funeral Agóidíocht: Protesting Béim: Emphasis Mí-úsáid: Abuse Íospartaigh: Victims Árasán: Apartment Mianta: Desires See omnystudio.com/listener for privacy information.

Apr 24, 202522 min

Women who saved an Ghaeilge : Íte Ní Chionnaith, mná Bhóthar Seoighe, Lolly Yeats, Pádraigín Ní Uallacháin

Le os coinn 100 bliana tá saothar nach beag déanta leis an Ghaeilge a chur chun cinn.  Bunaíodh Gaelscoileanna, TG4, Raidió na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta, gan trácht ar an iliomad rudaí eile ar an liosta mór fada. Ach go minic, déantar dearmad ar na mná a d’imir tionchar nach beag ar na gaiscí seo.  Insíonn an leachtóir Katie Whelan dúinn faoi thionchar cheithre bhean cheannródaíocha a d'fhág a lorg féin ar shaol na Gaeilge. ­ Foclóir: Crann taca: Pillar or anchor ­ Soláthar: Provision ­ Seicteach: Sectarianist ­ Gaisce: Achievement ­ Lonnaíocht: Settlement ­ Acmhainní: Resources ­ Cumhacht aibhléise: Electricity ­ Iarmhairt: Consquence ­ Oiliúint: Training ­ An lorg a d’fhág siad: The mark they left ­ Ceardaíocht: Craftwork ­ Cuideachta: Company ­ Fostaíocht: EmploymentSee omnystudio.com/listener for privacy information.

Apr 17, 202524 min

Trump-chúiseach: Can Ireland handle taraifí an Teach Bán?

Tá tús curtha le ré nua trádála, ré tharaifí Donald Trump. Tá luach stocmhargaidh an domhain tar éis titim go tobann is go domhain. Creideann Trump go gcuirfidh na taraifí borradh faoi gheilleagar na Stát, ach tá eacnamaithe ag tabhairt rabhadh go ndéanfar damáiste do chúrsaí eacnamaíochta timpeall na cruinne. Mar sin, cé acu a bhfuil an ceart acu? Labhair Ciarán Dunbar le Caoimhín Ó Tiománaigh, léachtóir eacnamaíochta agus príomheacnamaí leis an gcomhlacht Davy. Foclóir: Intíre: Domestic Géarghá: Urgent Comhlachtaí cógaisíochta: Pharmaceuticals Easpórtáil: Export Cinnteacht: Certainity Géilleadh: Conceed Rabhadh: Warning Idirbheartaíocht: Negotiation Luach: Value Caiteachas: Spending Geilleagar: Economy Táirgí: Products In ainneoin: Despite Olltáirgeacht intíre: Gross domestic product Brabús: Profit See omnystudio.com/listener for privacy information.

Apr 9, 202518 min

Fás Fhéile na Gealaí and why Dublin’s féile Ravelóid failed

Is earnáil thar a bheith iomaíoch é earnáil na bhféilte agus is cinnte go bhfuil dúshláin mhóra roimh fhéilte atá níos lú. Tá rudaí ag éirí níos strusmhaire fós do lucht eagraithe Fhéile na Gealaí i Ráth Cairn na Mí óir le laghdú “60% ar mhaoiniú” agus ar urraíocht na féile. Labhraíonn Caoimhe Ní Chathail, ball de lucht eagraithe na féile faoin buille trom seo agus amharcann sí siar ar conas a d’fhás Féile na Gealaí as cliseadh an fhéile Ravelóid a bhí beartaithe do Bhaile Átha Cliath. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Apr 3, 202521 min

Bliain ar aghaidh: Jeffery Donaldson’s shocking fall from grace

Níl mórán scéalta a bhaineann siar as iriseoirí a bhfuil taithí na mblianta acu, ach sin go díreach an rud a tharla ar Aoine an Chéasta na bliana seo caite. Gabhadh ceannaire an DUP, Sir Jeffery Donaldson agus a bhean chéile, Lady Eleanor Donaldson, go luath maidin Déardaoin 28ú Márta 2024 i dtaca le líomhaintí cionta gnéasach a tharla i bhfad roimhe seo. Baineann na 18 gcúiseamh i gcoinne Jeffrey Donaldson le héigniú, le hionsaí mígheanasach agus gníomh ró-mhígheanas - séanann sé na líomhaintí go léir. Ar Seachtain, amharcann Ciaran Dunbar siar ar an ghéarchéim seo i bpolaitíocht Thuaisceart Éireann. Foclóir: Gabh: Arrest Dearbhaigh: Ascertain Cúisíodh é: He was charged Ráiteas: Statement Cionta: Offences An-aitheanta: well known Baineadh siar as: He was taken aback Cráifeach: Religious Cuireadh ar fionraí é: He was suspended Líomhaintí: Allegations Dualgas: Obligation Íospartach: Victim Gearánaí: Complainants Leochaileach: Vulnerable Aontachtach: Unionist Tionól: Assembly Clis: Break down Ag feidhmiú: Functioning See omnystudio.com/listener for privacy information.

Mar 27, 202525 min

4 bright ideas chun Dublin a dhéanamh níos gaelaí

Cé nach bhfuil Gaeltacht ar bith ann i gContae Bhaile Átha Cliath – tá an líon is airde de Ghaeilgeoirí laethúla lonnaithe anseo. Ach le heaspa deiseanna leis an teanga a úsáid, cad é is féidir leis na húdaráis a dhéanamh leis na Gaeilgeoirí seo a chothú? Ar Seachtain, leagann Daithí de Buitléir, Clárbhainisteoir Gaeilge 365, agus Caitríona Kenny, Oifigeach Pobail agus Forbartha Sóisialta le Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath, amach an fhís atá acu don ardchathair. Foclóir: Leasuithe: Reforms Ag dul i meath: To decline Leathnú - Expand Feachtas: Campaign Fonn: Desire Splanc: Spark Teifigh: Refugees Tírdhreach: landscape Drogall: Reluctance Rogha: Choice See omnystudio.com/listener for privacy information.

Mar 20, 202522 min

Forás na Gaeilge funding cuts: Na chéad íospartaigh, páistí bunscoile

Tá idir dea-nuacht agus drochnuacht ann ó thuaidh maidir leis an Ghaeilge. Ar lámh amháin, tá post an Choimisinéara Gaeilge fógartha faoi dheireadh – gníomh a bhí an pobal ag fanacht air le tamall fada anuas. Ach ar an lámh eile – tá na ciorruithe ó Fhorás an Gaeilge ag dul i bhfeidhm. Ar an chéad íospartach - An scéim Scoil Spreagtha, scéim a mhúineann an teanga do pháistí bunscoile. Ar Seachtain, labhraíonn Séamas Mac Eochaidh, Bainisteoir Polasaí Oideachais le Gael Linn, faoin buille tubaisteach seo don Scoil Spreagtha, agus le ról an Choimisinéara Gaeilge fógartha anois, pléann an t-iriseoir Ciarán Dunbar fiúntas an róil. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Mar 18, 202517 min

What’s that in English? An chiall atá ag ár sloinnte gaelacha

Tá Lá Fhéile Pádraig ag teannadh linn, agus mar sin tá spotsolas an domhain ar chúrsaí Éireannacha agus oidhreachta in athuair. Ó bunaíodh é i 1902, tá clú agus cáil ar an iris ‘Ireland’s Own’ agus tá baint láidir aige le híomha na tíre seo agus é ar an iris clóite is faide bunaithe in Éirinn. Agus sinne in 2025, tá an-tóir ar an iris go fóill, go háirithe ag an am seo bliana agus an saol Gaelach ag ceiliúradh Naomh Pádraig. Mar sin de, agus 17ú Márta ag teannadh linn, labhraíonn Seán Ó Murchadha, duine de scríbhneoirí na hirise, faoin bhéim a chuireann daoine ar fud fad na cruinne ar shloinnte gaelacha. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Mar 13, 202520 min

Grá sa Ghaeltacht: Recipe for success?

Tá an darna sraith de Grá ar an Trá ag toiseacht anocht tar éis é a chuir ar athló roimhe seo de bharr cúinsí ar leith. Bhí an clár le craoladh i mí Dheireadh Fómhair anuraidh nuair a tháinig sé chun solais go raibh duine de na rannpháirtithe ciontaithe as ionsaí a dhéanamh ar bhean. Rinneadh athochtar rannpháirtí ag dul san iomaíocht don duais €10,000 agus beidh bean an tí, Síomha Ní Ruairc, man an tí, James Kavanagh agus an Cigire Grá Gráinne Seoighe i lár an aonaigh. Ar Seachtain, labhair Síomha Ní Ruairc faoin rógaireacht sa teach.See omnystudio.com/listener for privacy information.

Mar 10, 202513 min

Enya: Ó Ghaeltacht Dhún na nGall to superstardom

Tá sí ar an cheoltóir aonair is mó rath as Éirinn riamh le os coinn 85 milliún album díolta aici. Tá clú agus cáil bainte amach ag Enya ó thosaigh sí ag ceol siar ag tús an 1980óidí lena teaghlach sa bhanna ceoil Clannad. Ina dhiaidh di an ghrúpa a fhágáil tar éis dá bhliain, bhain sí a ‘big break’ amach i 1988. Amharcann an leachtóir Katie Whelan siar ar na conspóidí, na bagairtí agus an saol cúlánta a chruthaigh sí. Foclóir: Osnádúrtha: Otherworldly Ceirnín: Record D'aon ghnó: Deliberately Ráth: Success Aineolas: Ignorance A bhuí le: Thanks to Bua: Gift or attribute Camchuairt: Tour Achrann: Acrimony Cúinsí: Circumstances Ag tús na mílaoise: At the turn of the millenium Uchtú: Adopted Íospartaigh: Victims De réir dealraimh: Apparently Géilleadh: To cave or to yield Fuaimrian: Soundtrack Faoi cheilt: To conceal Bean aimsire: Maid See omnystudio.com/listener for privacy information.

Mar 6, 202521 min

Julie Jay: Béal Feirste - an gig is measa a bhí agam riamh!

Is í an fuirseoir Julie Jay, is í duine d’Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge, in éineacht le Michael Fry agus Shane Daniel Byrne, fuirseoirí an bheirt acu sin freisin. Dúirt Julie go raibh sí ar bís cuireadh a fháil le bheith ina hAmbasadóir i mbliana agus gur tháinig an scéala ina dhiaidh di a seó grinn Gaeilge a chur ar an stáitse i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste. Ach dar le Julie, bhí an gig ó thuaidh ar an gceann is measa a rinne sí riamh. Labhair Julie le Tessa Fleming ar Seachtain faoina ról mar Ambasadóir agus an gig uafásach sin i mBéal Feirste. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Mar 3, 202519 min

Gaelscolaíocht - blossoming under the DUP ach ag titim siar faoin rialtas ó dheas

Tá obair mhór os chomhair Uachtarán nua Chonradh na Gaeilge agus é ag cur tús lena aistear sa ról. Toghadh Ciarán Mac Giolla Bhéin, gníomhaí teanga as Iarthar Bhéal Feirste, mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge ag an deireadh seachtaine. Labhair sé le Seachtain faoin fheachtas ‘Gaelcholáiste BÁC 2,4,6,8’ agus an peirspictíocht éagsúil “Feirsteach” atá aige agus conas a imreoidh sé tionchar air sa ról amach anseo. Láithreoir; Tessa Fleming, Aoi; Ciarán Mac Giolla Bhéin Foclóir: Corraithe: Agitated Cuimsithe: Embodied Constaicí: Obstacles Naimhdeas: Animosity Cur i gcéill: Bluff/ Masquerade Cos ar bolg: Oppress Cur i gcrích: Accomplish Deartha: Designed Uaillmhianach: Ambitious. Borradh: Boom Meicníocht: Mechanism Timthriall: Cycle Cuí: Appropriate Inacmhainne: Affordable An Bhreatain Bheag: Wales Critéir: Criteria Pobalbhreith: Opinion poll See omnystudio.com/listener for privacy information.

Feb 27, 202520 min

Gradaim Nós: The rising stars sa cheol Gaeilge

Beidh mór-réalta an cheol Gaeilge faoin spotsolas ag na Gradaim Nós an deireadh seachtain seo. Tá 30 ceoltóir ainmnithe i naoi rannóg, Amhrán na Bliana, Albam na Bliana (Nuacheol) agus Físeán na Bliana ina measc.  Labhair eagarthóir na hirise, Conor Torbóid agus bunaitheoir na hirise, Tomaí Ó Conghaile faoi na ceoltóirí atá mar chuid den renaissance ceoil atá ag tarlú i saol na Gaeilge. Foclóir: Borradh as cuimse: Massive growth Ag gréasánú: Networking Ag suanbhruith: Simmering Claibín: Lid Bolgáin: Bubbles Eisigh: Release Tá sé deacair é a shárú: It’s hard to beat him In imeacht na mblianta: in previous years Cneasú: Healing San iomaíocht: In competition Gníomhaí: Activist Ag saothrú: Cultivate Nuatheachtaí: Newcomers Maoiniú: Funding Inbhuanaithe: Sustainable Foinse: Source Beag beann ar: Regardless ofSee omnystudio.com/listener for privacy information.

Feb 20, 202522 min

Irish folklore: How romantic is atá muid mar thír?

Tá tobar saibhir béaloidis in Éirinn ina bhfuil scéalta ann atá bunaithe ar eachtraí ársa a bhí foréigeanach, tubaisteach, draíochtúil agus cealgach. D’fhás cuid mhór againn aníos ag éisteacht le scéalta faoi laochra cróga amhail Cú Chulainn, an Bhanríon Méabh, Gráinne Mhaol agus an Tuath de Danann. Ach cad é faoi na scéalta grá? Agus an bhfuil mórán den searc le mothú i mbéaloideas na hÉireann? Do Lá Fhéile Vailintín, chuaigh an saineolaí béaloidis Aedín Ní Thiarnaigh ag tochailt isteach sna seanscéalta le fáil amach cé chomh rómánsúil is atá muid mar thír. Foclóir: Is ar éigean: Hardly/scarcely Galar: Disease Cealg: Treachery Uas aicme: Aristocracy Ball seirce: Beauty-spot Tóraíocht: Pursuit Faoi gheasa: Under a spell Maighdean mhara: Mermaid Achrann: Bust-up Daonnacht: Humanity See omnystudio.com/listener for privacy information.

Feb 14, 202518 min