
Seachtain
185 episodes — Page 3 of 4

Kneecap star Fionnuala Flaherty: ‘Níl an aisteoireacht chun mé a shábháil’
Tá Fionnuala Flaherty ainmnithe do ghradam aisteoireachta ag na IFTA’s den chéad uair. Tá seacht n-ainmniúchán déag faighte ag Kneecap ag na gradaim a bheith ar siúl Dé hAoine, an líon is mó ainmniúchán do thogra ar bith i mbliana. Ar Seachtain, labhair Fionnuala faoin bhriseadh croí a bhí aici, agus an cinneadh an aisteoireacht lánaimseartha a fhágáil le ‘security’ a bheith aici. Láithreoir: Tessa Fleming | Aoi: Fionnuala Flaherty Foclóir: Ainmniúchán: Nomination Meall: To entice Iontach tógtha le: very taken with Réchúiseach: Easy-going Cur i gcéill: Masquerade Meabharach: Mindful Aischothú: Feedback Neamhaird: Ignoring Socair: Composed Lán-aimseartha: Full-time Earnáil: Industry Caighdeán: Standard Gráin: Loathing See omnystudio.com/listener for privacy information.

An caidreamh aisteach idir Éirinn agus an tír is rúnda ar domhain
Is í an Chóiré Thuaidh an tír is rúnda agus is míleata ar domhain. Tá rialacha ar leith i bhfeidhm sa tír, agus bhí leis na blianta, a chuireann srian ar na meáin idirnáisiúnta tuairisciú mar is ceart a dhéanamh ar cad é atá ag tarlú sa tír. Mar sin féin - bhí ceangail ag an ríocht rúnda seo le grúpaí cultúrtha agus grúpaí paramíleata in Éirinn. Láithreoir: Tessa Fleming | Aoi: Bill Breathnach Foclóir Cumannach: Communist Airgead a thiomsú: Fundraise Idé-eolaíocht: Ideology Eolaithe: Scientists Géilliúil: Obedient Coitianta: Common Fionnadh: Fur Eiseamláir: Model Malartú: Exchange Toscaireacht: Delegation Dushlánach: Challenging Neamhchonspóideach: Uncontroversial Smacht: Control Baol: Danger Soineanta: Innocent Coiriúlacht: Criminality See omnystudio.com/listener for privacy information.

Bringing back na teangacha marbha
Le Kneecap, How to Gael agus Manchán Magan go mór i mbéal an phobal tá próifíl ard ag an nGaeilge faoi láthair agus tá borradh ollmhór tagtha ar an tsuim sa teanga.Ach, an amhlaidh an cás dearfach seo i dtíortha eile? Agus an féidir teanga atá marbh a hathbheochan arís? Labhair Seachtain leis an léachtóir Katie Whelan faoi roinnt de na teangacha a bhí i mbaol báis, agus cé chomh rathúil is a bhíonn iarrachtaí le beatha a chur iontu arís. Foclóir: Ar a dtoil: To speak fluently In éag: to die out Meon: Attitude Diúltaigh: Refuse Athbheochanóir: Revivalist Tréibh: Tribe Dírdhreach: Landscape Drogall: Reluctance Cosc: Ban Faoi chois: Oppress Feadaíl: Whistling Meath: Decline Féiniúlacht: Identity See omnystudio.com/listener for privacy information.

Cad é an ‘roadmap’ don Ghaeilge sa rialtas nua?
Tar éis do rialtas úr a bheith ceaptha inniu, beidh aird na n-airí rialtais ar spriocanna an Chláir Rialtais a bhaint amach. Foilsíodh an clár rialtais le breis agus 160 leathanach ann ag déanamh cur síos ar na gealltanais ar fad atá ag an rialtas nua seo. Ach cad é atá i ndán don teanga faoin Aire Ghaeltachta nua? Labhair an t-iriseoir Bill Bhreatnach le Seachtain leis na spriocanna is suntasaí i leith na Gaeilge a phlé. Foclóir: Clár rialtais - Programme for Government. Spriocanna – Targets. Breithiúnas - Judgement. Lánfhostaíocht - Full employment. Earnáil na cógaisíochta - Pharmaceutical industry. Líonraí - Networks. Maoin intleachtúil - Intellectual property. Brabús - Profit. Stocaireacht – Campaign. Soláthar - Supply Móréileamh - Main demands. Athbhreithniú - Review. cumhacht reachtúil - Statutory powers. Maoiniú - Funding. Deontas - Grant. Athchóiriú - refurbish.See omnystudio.com/listener for privacy information.

Manchán Magan: India’s linguistic link leis an Ghaeilge
Cé go bhfuil an chuma air sa chéad dul síos gur beag na cosúlachtaí atá idir Éirinn agus an Ind, tá tréithe domhain is arsa a cheanglaíonn an dá chultúr le chéile. Ag dul siar na mílte bliana, ba léir go raibh i bhfad níos mó rudaí ann i gcoitianta idir na hÉireannaigh agus ana hIndiaigh ó thaobh teanga, scéalta agus traidisiún. Labhair Manchán Magan le Tessa Fleming faoi na seoid chultúrtha seo a bhí faoi cheilt atá nochtaithe anois ina leabhar. Ollamh: Professor Cosúlachtaí: Similarities Tréithe: Traits Miotaseolaíocht: Mythology Ríthe: Kings Treibh: Tribe Tráth den saol: Once upon a time Iliomad: A great quantity Comhtharlú: Coincidence Sinn féin: Ourselves Gné: Aspect Díriú: Focusing Níos fadradhairce: More far-sighted Ársa: Ancient Fealsúnacht: Philosophy Ceannann céanna: The exact same Lochlannach: Viking See omnystudio.com/listener for privacy information.

Trump 2.0: From Capitol riots to presidential oath
Níl ach cúpla lá fágtha sula dtosnaíonn Donald Trump a dara seal mar Uachtarán SAM sa Teach Bán. Ach cad é a bheas difriúil faoi uachtaránacht Trump an uair seo agus ar chóir dúinn in Éirinn a bheith buartha faoi? Láithreoir: Ciarán Dunbar | Aíonna: Aisling Brady agus Niall Ó Muilleoir Foclóir: Oirniú: Inauguration - Searmanas insealbhaithe: Induction ceremony - Traon: A third - Síntiúis dheonacha: Donations - Mionn: Oath/pledge - Suntas: Meaningfulness - Cúrsaí slándála: Security - Círéibeaca Riots - Coireanna: Crimes - Geilleagar: Economy - Boilsciú: Inflation - Cur i gcrích: Accomplish - Inimirce: Immigration - Ag déileáil le: Dealing with - Eisceachtaí: Exceptions - Oidhreacht: Legacy - Míorúiltí: Miracles. See omnystudio.com/listener for privacy information.

‘Gaeilge i mo chroí’: Reconnecting leis an teanga
Leis an bhliain úr buailte linn, is cinnte go bhfuil liosta de rúin na hathbhliana ag roinnt mhaith againn, agus tá Molly Nic Céile ag moladh do dhaoine foghlaim na Gaeilge a chur ar an liosta sin. Is cruthaitheoir ábhar Gaeilge ar líne í Molly, a thosaigh ag foghlaim an teanga in athuair mar dhuine fásta agus í ag déanamh stáidéir ar an ollscoil. Bhuaigh a céad leabhar, ‘Gaeilge i mo chroí’ gradam ag na ag Gradaim Leabhar An Post le déanaí agus is saothar é a dhéanann iarracht daoine a ghríosú le triall a bhaint as an teanga arís. Ar Seachtain, labhair Molly faoin chosán chasta a bhí aici féin leis an teanga agus an taobh diúltach le bheith ag plé leis na meáin shóisialta. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Ó Snodaigh agus Ó Cairealláin: The men behind éirí amach na Gaeilge
Cailleadh Gael mór le rá roinnt seachtainí anuas, Pádraig Ó Snodaigh agus Gearóid Ó Cairealláin, beirt iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge. Toghadh Pádraig ina Uachtarán idir 1974-1979 agus chuir sé tús leis an gcomhlacht foilsitheoireachta Coiscéim i 1980. Chaith Gearóid tréimhse mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge idir 1995-1998 agus thuill sé aitheantais le linn a shaoil mar ghníomhaí teanga. Bhí sé mar chuid den ghrúpa a bhunaigh roinnt mhaith tionscadail Gaeilge, ar nós an páipéar nuachta Lá, Raidió Fáilte, Meánscoil Feirste, Cultúrlann Mac Adam Ó Fiach, agus an compántas drámaíochta Gaeilge Aisling Ghéar. Ar Seachtain, labhair Ciarán Ó Feinneadha, dlúthchara den bheirt, faoin oidhreacht atá fágtha ag an dá laoch seo.See omnystudio.com/listener for privacy information.

50 bliain ar aghaidh: Lorcán Bale agus an dúnmharú satánach san ardchathair
Os coinn caoga bliain ó shín, tharla dúnmharú uafásach i mBaile Pálmair nár chuala mórán daoine faoi. B’eachtra aisteach agus uafásach é, nár tuairiscíodh sna nuachtáin go dtí blianta fada ina dhiaidh sin. Ar Seachtain, labhraíonn an t-iriseoir Ciarán Dunbar faoin chás aisteach seo agus cén fáth go raibh sé i bhfolach ar feadh beagnach daichead bliana. Foclóir: Baile Pálmair: Palmerstown Dlúth: Tight-knit Deasghnáth: Ritual Cráifeach: Religious Tairní: Nails Céas: Crucify Cailís: Chalice Cartlann: Archive Áiléar: Attic Seilg: Hunt Íobair: Sacrifice Bleachtaire: Detective Ba léir: It was clear Admhaigh: Admit Cúisigh: Charge Intuigthe: Understandable Aisteach: Strange Teastas báis: Death certificate As an ghnáth: Unusual Maithiúnas: Forgiveness See omnystudio.com/listener for privacy information.

Cén fáth a bhfuil daoine meallta ag na seantraidisiúin págánta?
Beidh daoine i gceantair ar fud fad na tíre amuigh ag ceiliúradh Lá an Dreoilín inniu. Is sean-traidisiún Ceilteach é Lá an Dreoilín a dhéantar ceiliúradh air go fóill, go háirithe i gCiarraí, in iarthar Luimnigh agus i mBaile Átha Cliath. Sa Daingean, áit ina maireann an traidisiún go láidir go fóill, beidh ceithre bhannaí ceoil ó na sráideanna éagsúla ag máirseáil tríd an bhaile mar chuid den fhéile. Labhraíonn an Dr Aoife Granville, ball den ghrúpa ar Shráid Eoin, le Tessa Fleming faoin tsean-nós seo agus na dúshláin atá le sárú sa lá atá inniu ann. Foclóir: Dreoilín: Wren - Sníomhann sé: It ties in with - Iorua: Norway - Sleamhain: Sly - Torthúlacht: Fertility - Ó shin i leith: From then on - Aitheantas: Recognition - Ádh: Luck - Tuí: Straw - Carthanachtaí: Charities - Teoranta: Restricted - Bagairt: Threat - Dream: Group - A mhealladh: To entice - Deasghnáth: Ritual - Ár sinsir: Our ancestors - Aireachas: Mindfulness.See omnystudio.com/listener for privacy information.

An Ghaeilge agus an Nollaig in Dublin’s ‘tenement slums’
Os cionn céad bliana ó shín, bhí ceathrú faoin gcéad de dhaonra Bhaile Átha Cliath ina gcónaí sna tionóntáin. Cumadh an leasainm Dirty Dublin de bharr na ‘slums’ seo ina raibh galar, míchothú agus easpa sláinteachais go forleathan iontu. Ach, i measc na bochtaineachta fairsinge sna tionóntáin ar fud na cathrach, bhí taobh eile den scéal ann freisin - pobal dlúth a mhair faoi scáth a chéile. Labhair Tessa Fleming le Pat Garry, treoraí in uimhir 14 Sráid Henrietta faoin saol ar leith a bhí ag daoine sna tionóntáin seo. See omnystudio.com/listener for privacy information.

‘Why Irish people should hate the Irish language’
Tá na póilíní ó thuaidh ag fiosrú ‘eachtra fuatha’ tar éis do bhileoga frith-Ghaeilge a bheith faighte ar charranna lasmuigh de rang Ghaeilge i lár chathair Bhéal Feirste an tseachtain seo. Labhraíonn Tessa Fleming leis an iriseoir Ciaran Dunbar faoin scéal. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Sandra Collins: Cás aisteach na mná óige a d’imigh gan tasc gan tuairisc
D’imigh Sandra Collins gan tasc gan tuairisc ó Chill Ala, Contae Mhaigh Eo, sa bhliain 2000. Níor thángadar ar a corp riamh. Bhí ocht mbliana is fiche ag Sandra nuair a d’imigh sí ar iarraidh agus bhí sí ag iompar clainne ag an am. In ainneoin go bhfuil sí ar iarraidh ar feadh tamall an-fhada anois, is ar éigean a fheictear a scéal sna meáin. Ar Seachtain, labhraíonn Tessa Fleming leis an iriseoir Fergus Mac Suibhne faoi scéal tragóideach Sandra Collins agus ar an teaghlach atá go fóill sa tóir ar freagraí. Foclóir: Dúchais: Native - Monarcha: Factory - Iarthuaisceart: North west - Doctúir teaghlaigh: GP - Ag iompar clainne: Pregnant - Ginmhilleadh: Abortion - Trína chéile: Upset - Smideadh: Make-up - Ar iarraidh: Missing - Cé: Quay - Suntasach: Significant - Fianaise: Evidence - Ciontaigh: Convict - Tionchar: Effect See omnystudio.com/listener for privacy information.

Year of the French: The Irish model agus domhain suarach an Tíogar Ceilteach
17 bliana ó shín, baineadh siar an an tír nuair a fuair an mainicín clúiteach Katy French bás. Léirigh a bás domhain suarach an Tíogair Cheiltigh, áit a raibh cocáin ar fáil go forleathan. Ar Seachtain, amharcann Róisín Ní Mhaoláin siar ar shaol an mhainicín clúitigh seo agus ar a bás scannalach. Foclóir: Mílaois: Millennium Mainicín: Model Rath: Success Geallta: Engaged Achrannach: Turbulent Slabhra: Necklace Leas a bhaint as: To capitalise on Shéan: Denied Ceap magaidh: a laughing-stock Spion maith: Good form An Uaimh: Navan Líomhaintí: Allegations Fianaise: Evidence Taom: Episode or attack Stad cairdiach: Cardiac Arrest Ciontach: Guilty Neamhspléach: Independent See omnystudio.com/listener for privacy information.

Do rogha, do vóta, do thodhchaí: John Downing ar Feachtas ’24
Beidh muintir na hÉireann ag vóta in Olltoghchán 2024 Dé hAoine. Tá feachtasaíochta amháin le dul agus tá na páirtithe móra ar chomhchéim lena chéile. Labhair an t-iriseoir John Downing le Ciarán Dunbar le spléachadh a thabhairt ar an bhfeachtas mar a bhí. Foclóir: Siamsaíocht: Entertainment Leamh agus leadránach: Dull and boring Pobalbhreitheanna: Opinion polls Stiúradh: To steer Tuar: To call Tosaíochtaí: Priorities Meánaicme: Middle class Faoiseamh: Relief Cró rothar: Bike shed Cosán: Path Sóisearach: Junior Idéalaíoch: Idealistic Dreas: A number of Tuillteanach: Deserving Leochaileach: Vulnerable Aigne: Mind Iomarcach: Excessive Toghcheantar: Constituency Dul sa phriacal: To take the chance See omnystudio.com/listener for privacy information.

Sophie Toscan du Plantier, Fiona Pender: An bhliain is contúirtí do mhná in Éirinn
Cailleadh 19 bhean i 1996 de bharr bhanmharú agus formhór acu, mharaigh fear a raibh aithne acu air iad. Ar Lá Idirnáisiúnta le Deireadh a chur le Foréigean in Éadan Mná, amharcann Róisín Ní Mhaoláin siar ar an bhliain is contúirtí do mhná na tíre seo le beagnach 30 bliana anuas agus insíonn sí scéalta na mban a cailleadh. Foclóir: Feasacht – Awareness Nós - Custom/habits Foréigean baile – Domestic violence Íospartaigh - Victims Sáinnithe - Trapped Aird – Attention Coirpeach – criminal Bagairtí - threats D’fhulaing -Suffered Fianaise – Evidence Chuaigh sí amú - She went missing Ag iompair clainne – Pregnant Fonn mhaith – Good humour Cúisíodh - Charged Chuir sé a lámh ina bháis fein – He died by suicide Coitianta – Common Aird – Attention Cúnamh - Help Faoi cheilt – conceal Reachtaíocht - Legislation See omnystudio.com/listener for privacy information.

Cad iad na héileamh atá ag Gaeilgeoirí san olltoghchán?
Tá seachtain le dul go dtí an olltoghchán agus tá iománaíocht ghéar ann idir na páirtithe ar fad. Ach do Ghaeilgeoirí, cad é atá uathu sa toghchán seo? Agus cad iad na geallúintí atá á ndéanamh ag na mórpháirtithe maidir leis an Ghaeilge? Labhair Tessa Fleming leis aniriseoir Ciarán Dunbar agus an le feidhmeannach cumarsáide le Conradh na Gaeilge, Kate Ní Dhúbhlaoich. Foclóir: Manifesto : Forógra Geallúintí : Promises Iomaíocht : Battle See omnystudio.com/listener for privacy information.

Bombs and brawls: An ghlúin a sheas an fód ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta
Ag deireadh na seascaidí, bhí meath ollmhór tagtha ar an Ghaeltacht de bharr eisimirce, dífhostaíochta agus bochtanais, le daoine óg ag imeacht ar mhaithe le saol níos fearr a bheith acu. Labhraíonn Ciarán Dunbar le Rónán Mac Con Iomaire faoina leabhar úr ‘An Ghluaiseacht, Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta’, agus faoin ghluaiseacht chonspóideach agus radacach as iarthar na tíre a sheas an fhód in aghaidh an chórais. Foclóir - Glúin : Generation - Gríosaithe : Incited - Comharthaí bóthair : Road signs - Anonn is anall : Back and forth - Dioscúrsa : Discourse - Éileamh : Demand - Imirce : Emigration - Déan talamh slán de : Presume - Stáisiún raidió bradach : Pirate radio station - An Clochán : Clifden - Cloch na Rón : Roundstone - Imeallach : Peripheral - In éag : expired - Agóid : Protest - Aighneas : Disagreement - Claonadh : Bias - Dul chun cinn : Advancement - Dualgas : Obligation.See omnystudio.com/listener for privacy information.

Olltoghchán '25: An cath go dtí seo le Cathal MacCoille agus Áine Ní Bhreisleáin
I 2020, tháinig deireadh leis an iomaíocht idir Fianna Fáil agus Fine Gael a bhí i gcroílár na polaitíochta in Éirinn le beagnach 100 bliana, agus chuaigh said i mbun comhrialtas lena chéile agus an Comhaontas Glas. Ag deireadh na míosa caithfidh an phobal vóta in olltoghchán 2024 leis an chéad rialtas eile a togha. Tá iomaíocht ghéar ann agus labhair Tessa Fleming leis na hiriseoirí Cathal MacCoille agus Áine Ní Bhreisleáin faoi na gealltanais, na ceisteanna agus na conspóidí is mó le linn an fheachtais seo. Foclóir: Airí rialtais – Government ministers Tírdhreach – Landscape Neamhaird – Ignore Iarrthóir – Candidate Lochtach - Faulty Cúiteamh – Compensation Feachtas – Campaign Gealltanais – Promises Tairiscint – Proposition Ag brath ar – Depending on Beart a dhéanamh de réir briathar - To practise what one preaches Fuinneamh – Energy Tofa – Elected Amhras – Doubt Cláraithe – Registered Tarraingteach – Attractive Pobalbhreitheanna – Polls Éacht - Feat See omnystudio.com/listener for privacy information.

Níl aon tinteán mar do thinteán féin agus níl aon Ghaeltacht gan tithe ann
Sheoladh feachtas nua uile-Éireann TINTEÁN le béim a chur ar an easpa tithíochta atá ar fáil in sna ceantracha Gaeltachta. Agus olltoghchán ag teannadh linn, tá sé i gceist ag TINTEÁN cur ina luí ar pholaiteoirí gur gá todhchaí na nGaeltachtaí a chosaint agus tithíocht a chur ar fáil sna ceantair éagsúla. Labhraíonn Tessa Fleming le Maitiú de Hál, ball de TINTEÁN/BANÚ, faoin troid ar son na Gaeltachta. Foclóir: Fréamhaithe - Rooted: Éileamh - Demand: Camchuairt - Tour: Stocaireacht – Campaigning: Ar leaic na dorais – on the doorstep: Forleathan – Widespread: Córasach - Systemic: Sain riachtanais – Specific requirements: Béal Átha na Sluaighe - Ballinasloe: Misneach – Encouragement: Iarratas – Application: Bánaithe - Abandoned: Toil – Will: Tá sé ar na bacáin - In course of preparation: Titim leanúnach - Continual fall: Daonáireamh – Census: Treocht - TrendSee omnystudio.com/listener for privacy information.

Trump ar an uachtarán is cumhachtaí riamh
Tá an rás anois rite agus ba bhua suntasach a bhí ann don Donald Trump. Feachtas thar a bheith neamhghnách a bhí ann le roinnt míonna anuas agus ba léir an scoilt idir tacadóirí Donald Trump agus tacadóirí Kamala Harris. Labhraíonn Ciaran Dunbar le Siobhán Ní Chiobháin agus Niall Ó Muilleoir faoi thoghchán na huachtaránachta 2024 agus cad é atá in ann do Meiriceá anois? Foclóir: Deighilte – Divided Faoi ghruaim – dejected Buanna – Attributes Cur i gcrích - to execute In ainneoin – despite Aicme – Class or echelon Tréig - abandon Ginmhilleadh - Abortion Pobalbhreitheanna – Polls Foinse - Source Teacht i dtír ar dhaoine – To engage with people Miotas – Myth Geilleagar - Economy Muinín - Confidence Ceadúnas - License Ciníochas - Racism Coireanna - Crimes Díoltas - Revenge See omnystudio.com/listener for privacy information.

Samhain, an saol eile, agus filleadh na marbh
Deirtear gurb ar oíche Shamhna is gaire a thagann an dá shaol dá chéile - saol na mbeo agus saol na marbh. Agus de réir an tseanchais, seo an t-aon oíche sa bhliain ina shiúlann iad siúd a d’imigh romhainn inár measc arís. Cén dóigh gur chóir dúinn ceiliúradh a dhéanamh ar an bhféile ársa seo? Ar Seachtain, labhraíonn an saineolaí béaloidis Aedín Ní Thiarnaigh faoi na nósanna agus na carachtair a bhaineann le Oíche Shamhna. Foclóir: Chomh sean leis an gceo - As-old-as-the-hills Flúirse an fhómhair - The abundance of the harvest Tráth - Once Osnádúrtha - Supernatural Piseoga – Superstitution Rógaireacht - Divilment Lofa – Spoiled Cleas – Trick Iarlais – Changelings Béaloideas - Folklore Cuach – Cuckoo Dallamullóg - To hoodwink Leochaileach – Vulnerable Cráite - Distressed Ruaig – To banish Tlú - Tongs Iarann – Iron Cliabhán - Cot Tairseach - Threshold See omnystudio.com/listener for privacy information.

Kyran Durnin: Cá bhfuil an buachaill óg?
Rinneadh tuairisc oifigiúil go raibh Kyran Durnin ar iarraidh ar 30ú Lúnasa, ach creideann na Gardaí go raibh sé ar iarraidh i bhfad roimhe sin. Creideann siad nach maireann Kyran a thuilleadh agus tá fiosrúchán dúnmharaithe tosaithe acu. Tá iarrachtaí ar bun le teacht ar a chorp – cad é mar is féidir le gasúr óg a bheith ar iarraidh gan duine ar bith sin a thabhairt faoi deara? Labhair Ciaran Dunbar le Tessa Fleming, léiritheoir Seachtain, agus le Helena Mullins, úinéir Glen Gat House B&B i nDún Dealgan maidir leis an chás seo. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Rós na Gaillimhe Deirdre Jennings: Bás a hathar agus tionchar an dúlagair
Fuair Deirdre Jennings ardmholadh ina dhiaidh di labhairt amach go hoscailte faoina streachailt lena cuid meabhairshláinte ní ba luaithe na bliana seo. Bhí Deirdre, ar as Gaillimh di, ar dhuine de na 32 Rósanna a chuaigh chun stáitse mar chuid de Fhéile Rós Thrá Lí. Mar chuid de Mhí Dhomhanda na Meabhairshláinte, labhair Róisín Ní Mhaoláin le Rós na Gaillimhe, Deirdre Jennings. Foclóir: Féinmhuinín: Self-confidence - Diúltach: Negative - Meabhairshláinte: Mental health - Cúnamh: Help - Dúlagar: Depression - Ag streachailt: Struggling - De nós: Customary - Ailse: Cancer - Comhrá: Conversation - Ní hamháin: Not only - I dtosach: At first - Tacaíocht: Support - Ceiliúradh: Celebrate - Aisteach: Strange - Ocáidí: Events - Fuinneamh: Energy. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Uinéir Caifé Gaeilge: ‘Tá mé ar buile leis an rialtas!’
D’oscail Diarmuid Ó Mathúna doirse POTA Café i 2021 agus ó shín tá neart aitheantas bainte amach ag an ghnó. Ach deir sé go bhfuil sé ar buile ina dhiaidh Bhuiséad 2024 de bharr an easpa tacaíochta atá ar fáil ón rialtas, in ainneoin na n-arduithe costais a bhaineann leis an earnáil. Labhair Diarmuid le Ciarán Dunbar ar Seachtain le géarchéim na hearnála a phlé. Aistear – [Journey] Aineolach - [Ignorant] Earcaíocht - [Recruitment] Cuí - [Appropriate] Saothar – [Labour] Slabhraí - [Chains] Comhábhair - [Ingredients] Ganntanas – [Insufficient] Portán - [Crab] Luach – [Value] Agóidíocht - [Protesting] Geilleagar – [Economy] Ar buile – [Mad] Bodhar – [Deaf] Beag beann - [Regardless of] Cáinaisnéis - [Budget] Deontas – [Grant] I bhfaiteadh na súl - [In the blink of an eye] See omnystudio.com/listener for privacy information.

Seanadóir Niall Ó Donnghaile ainmnithe san 'inappropriate' text message scandal
Tá Sinn Féin gnóthach ag iarraidh an scannal is déanaí a láimhseáil. Tá sé admhaithe ag an iar Sheanadóir Niall Ó Donnghaile gur eisean atá taobh thiar de na líomhaintí a bhaineann le téascanna míchuí a sheoladh chuig deagóir. D’éirigh Niall Ó Donnghaile as a ról mar Sheanadóir anuraidh. Labhair Seachtain le Ciarán Dunbar, iriseoir leis an Belfast Telegraph faoin scannal is deanaí seo. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Brian Stanley agus raic eile i Sinn Féin: Cad é atá ag tarlú sa pháirtí?
Tá an cuma ar Shinn Féin go bhfuil an páirtí trína chéile. I measc roinnt scannal eile , d'éirigh an TD Brian Stanley as Sinn Féin ag an deireadh seachtain. Bhí fiosrúchán ar bun ag an Pháirtí maidir le líomhaintí a bhí curtha ina leith. Pléann Tessa Fleming an titim amach seo leis an iriseoir Gráinne Ní hAodha agus le Clár Reachtaire Raidió na Life, Conchúr Ó Faoláin. See omnystudio.com/listener for privacy information.

‘Russian spy’ san Oireachtas agus Óglaigh na hÉireann on the frontlines in Lebanon
Tá Iosrael tar éis ionradh a dhéanamh ar an Liobáin agus iad ag iarraidh Hezbollah a scriosadh agus tá Hezbollah ag troid ina coinne. I lár na coimhlinte seo, tá scata beag saighdiúirí na hÉireann, cén fáth a bhfuil siad ansin? Tuairiscítear go bhfuil ‘gníomhaire Rúiseach’ ag feidhmiú san Oireachtas – ar cheart go mbeadh imní orainn? Agus tá Sinn Féin ag streachailt agus iad ag iarraidh a mhíniú conas a phléigh siad leis an Michael McMonagle – iar-phreasoifigeach de chuid an pháirtí a bhí á fhiosrú i dtaca le ciontaí gnéis in aghaidh páistí. Láithreoir: Ciarán Dunbar. Painéal cainte: Frank Reidy, Ursula Ní Shabhaois agus Gearóid Ó Muilleoir. Foclóir: Feidhmiú - Operating An Fód a sheasamh - To hold fast Tuairisceoireacht - Reporting Sceimhlitheoirí - Terrorists A chloí - To wear down Dlúthchuid - A key part Fáisc - closeby Neodrach – Neutral Spiaire – Spy Daonlathas - Democracy Thar fóir - Exaggerated Dílseach - Loyalist In amhras – In doubt A mhealladh – To entice Coireanna - Crimes Daingean - Absolute See omnystudio.com/listener for privacy information.

Heartstopper: An briseadh nó ardú croí iad na haistriúcháin?
Tá leagan úr den leabhar sárdhíola, Heartstopper, foilsithe ag Futa Fata, sé seo an chéad leabhar sa tsraith iomráiteach ar ar bunaíodh an seó rathúil ar Netflix. Ní hé Heartstopper an chéad uair go bhfuil leabhar cáiliúil aistrithe do Ghaeilge ach spreagann sé comhrá - céard iad na leabhair Ghaeilge a mholfá do do chairde? Chomh maith leis, cén leabhar ar mhaith leatsa a fheiceáil aistrithe? San eagrán seo, roinneann Sinéad Ní Scolaí a gcuid tuairimí faoin leagan Ghaeilge den leabhar Heartstopper agus molann sí cúpla leabhar gur féidir leatsa a léamh sna míonna amach romhainn. Foclóir: Comhghnéis - same-sex Aistrithe - translated Forbraíonn - develop Éileamh - demand LADTA - LGBTQ Soineanta - innocent Eispéireas - experience Streachailt - Struggle Déghnéasach - bisexual Litríocht - literature Féiniúlacht - identity or selfhood Bleachtaireachta - detective Físiúil - visual Mionlaigh - Minority Imeallú - marginalisation See omnystudio.com/listener for privacy information.

Páirc na Gaeltachta: Why did Dublin's 'Gaeltacht' fail?
Nuair a smaoiníonn muid ar Ghaeltacht, is minic a thagann íomhá chugainn d'áit iargúlta, cois farraige, ar imeall na tíre. Ach le 100 bliana anuas, rinneadh iarrachtaí déanta le nua-Ghaeltachtaí a bhunú sna cathracha agus ar imeall na bailte móra. Amharcann Ursula Ní Shionainn siar ar roinnt de na hiarrachtaí seo. Cad chuige gur éirigh le ceann nó dhó ach gur theip ar an chuid is mó acu? See omnystudio.com/listener for privacy information.

Buiséad Bonanza ach céard faoin nGaeltacht?
Tá na ceannlínte dearfach den chuid is mó tar éis don Aire Airgeadais is óige ó aimsir Mhichíl Uí Choileáin, Jack Chambers, a chéad Bhuiséad a chur faoi bhráid an Rialtais. Anois agus muid ag breathnú chun tosaigh agus ag faire ar olltoghchán an bhfuil muid in ann mórán a aithint a bheadh ar mhaithe leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht? San eagrán seo de phodchraoladh Seachtain, tá an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin agus an podchraoltóir Conall Ó Móráin. Foclóir: Cáináisnéis - budget Buiséad - budget Caiteachas - expenditure Airgeadais - financial Urlabhraí - spokesperson Infheistíocht - investment Díograiseach - diligent Feachtas - campaign Géarchéim - crisis Bunriachtanas - essentials Fostaíocht - employment Saol na tuaithe – country life dícheangal - detachment See omnystudio.com/listener for privacy information.

An UDA agus an UVF ag cur i gcoinne Bhunscoil Gaeilge i mBéal Feirste
Tá pleananna ar bun le bunscoil Gaeilge a bhunú in oirthear Bhéal Feirste. Tá baint ag an ghníomhaí teanga Linda Ervine le bunú an scoil. Ach, bhuail an Loyalist Communities Council leis an Aire Oideachais Paul Given an tseachtain seo le hiarraidh air stop a chuir leis. Ach cé hiad an LCC agus cén fáth a bhfuil baill ó ghrúpaí paraimíleata mídhleathacha ag buaileadh leis an aire maidir le Gaelscoil? Labhair Tessa Fleming leis an iriseoir Ciarán Dunbar, agus le Cathaoirleach Naíscoil na Seolta, Aodán Mac Shéafraidh. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Exclusive interview: Retiring Ceannasaí TG4 Alan Esslemont - 'ní bheadh suim agam sa Ghaeilge gan Gaeltacht.
Tá cuardach ar bun ag TG4 chun Ard-Stiúrthóir a aimsiú anois agus Alan Esslemont ag dul ar scoir san Earrach. Tá sé sa ról ó bhí 2016 ann. Duine de na bainisteoirí a bhunaigh TnaG a bhí ann, an stáisiún a d’athraigh go TG4 i 1999. Labhair sé le Ciarán Dunbar faoina thréimhse féin sa ról, faoi na dúshláin a bheas os comhair an té úr sa ról, agus cad é a bheas ar na bacáin aige amach anseo. Foclóir: Ard Stiúrthóir - Director General - Dul ar scor – Retire - Seasta – Constant - Faraor – Alas - Theip – Failed - Tuiscint – Understanding - Fáil réidh - Get rid of - Dóthain - Enough - Caomhnú - Preserve - Earcú - Recruit - Dearfach – Positive - Ar a laghadh – At least - Rún - Secret - Luchmhar – Valuable - Flosc chun oibre - Eagerness for work Solubhtha – Flexible - Ag teacht i gcomharbacht ort – to succeed you. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Ar imirce: Is emigration a just rite of passage dúinn mar Éireannaigh?
Tá muid ag imeacht linn le fada, ag fágáil slán ag an bhfód dúchais agus imeacht ar imirce. Agus d’ainneoin shaibhreas na linne seo tá muid ag imeacht i gcónaí. Cén fáth a bhfuil muintir na tíre seo chomh tógtha leis an domhain a thaiscéal? Labhair Ciaran Dunbar leis an tionchaire Caroline Seoighe atá lonnaithe in Dubai, agus leis an mhúinteoir Rachel King, atá in Qatar. Foclóir Thar lear – abroad – táithí oibre – work experience – eispéireas - experience – Eachtrannach - foreign – Coitianta – usual – Cumha i ndiaidh an bhaile - homesickness – Airím uaim – I miss – Tionchaire – influencer – Choíche - never – Annamh – rare – Deifir – hurry – Ganntanas – a lack – Geal – Bright – Árasán – apartment – Socrú isteach – settle in – An Meánoirthear – the Middle East – See omnystudio.com/listener for privacy information.

Toghchán na Samhna: Cad is féidir le Simon Harris a fhoghlaim óna chuid predecessors?
Cé go bhfuil muid ar fad ag súil le toghchán spleodrach transa an Atlantach i mí na Samhna idir Trump agus Harris, seans go mbeidh olltoghchán idir lámha againn féin, agus Harris dár gcuid féin ag smaoineamh ar dhul sa tseans. Ach, an é seo an t-am is fearr le toghchán a shocrú? Cad é is féidir le Simon Harris foghlaim ó na Taoisigh a chuaigh roimhe maidir le tábhacht ‘timing’ toghcháin? Labhair John Downing, comhfhreagaí polaitiúil an Irish Independent, le Tessa Fleming faoinam is fearr le toghchán a reáchtáil. Foclóir: Oll-toghchán – general election - Geilleagar - economy - A loit – to hurt - Boithrín na smaointe – memory lane - Gearchéim – crisis - Clis – crash - Go hachrannach – acrimoniously - Eisceachtúil – exceptional - Teipeanna – failures - Triúracht - Troika - Cuimsitheach - comprehensive - I mbarr a réime – at his peak - Tapaigh an deis – seize the opportunity - Iarrthóirí – candidates - Comhghleacaí – colleagues - Focal scoir – to conclude - See omnystudio.com/listener for privacy information.

‘An Cailín Ciúin’ filmmakers ag obair ar scannán eile
Tar éis an rath ollmhór a bhí ar an scannán An Cailín Ciúin ar fud na cruinne, deir déantóirí an scannáin, Colm Bairéad agus Cleona Ní Chrualoí, go bhfuil siad ag obair ar scannán eile. Eisíodh An Cailín Ciúin i 2022. Fuair sé ardmholadh ó gach carn den domhan agus ba é an chéad scannán Gaeilge ainmníodh do na Oscars. Labhair Colm agus Cleona le Tessa Fleming faoi cad é atá i ndán d’earnáil scannáin na Gaeilge. Foclóir: Aitheantas - recognition Léirmheas – review Rath – success Tháinig sé aniar aduaidh orainn – It surprised us Oráid - speech Earnáil - industry Tonn – wave Ag treabhadh linn - we're getting on with it Cumhachtach – powerful Eagarthóireacht - editing Sáite - immersed Meafar - metaphor Dushláin - challenges Dua – effort Baill – members Infheistíocht - investment See omnystudio.com/listener for privacy information.

Jeffery Donaldson pleads neamhchiontach
Phleadáil Jeffery Donaldson agus a bhean chéile neamhchiontachar chúisimh atá á gcur ina leith a bhaineann le líomhaintí coireanna gnéis. Tá 18 gcúiseammh curtha i leith Jeffery Donaldson, a bhaineann le héigniú, ionsaí mígheanasach agus gníomh ró-mhígheanas. Beidh an triail ag tosnú ar an 24ú Márta 2025. Foclóir: Neamhchiontach – not guilty Dheimhnigh – confirmed Cúisimh – charges Breitheamh – judge Iarratas – application Na meáin – the media Sonraí – details Gabhadh – arrested Bannaí- bail See omnystudio.com/listener for privacy information.

An Ghaeilge ar líne: Na mílte ag foghlaim le ‘Irish with Mollie’
Tuairiscítear go bhfuil laghdú tagtha ar líon na ndaltaí a rinne an scrúdú Gaeilge san Ardteistiméireacht i mbliana. Ach ag an am céanna, tá an Ghaeilge ag dul ó neart go neart ar líne. Le os cionn 170,000 leantóir ar Instagram agus grúpaí ar fud fad na cruinne ag glacadh páirt i ngrúpaí Gaeilge faoi stiúir Múinteoir Mollie, is léir go bhfuil an spéis sa teanga agus an fonn atá ar dhaoine í a fhoghla ag neartú. Tá tionchar ag na scannáin An Cailín Ciúin agus Kneecap le mothú i bhfad i gcéin mar a bhfuil grúpaí comhrá, ranganna agus ábhar ar fáil ar líne. Tá áiseanna ar fáil do chách a bhfuil suim acu sa teanga. Ach cén fáth, mar sin go bhfuil laghdú spéise sa teanga le feiceáil ag an dara leibhéal? San eagrán seo, labhraíonn Róisín Ní Mhaoláin le Mollie Guidera ón gcúntas Instagram 'Irish with Mollie' faoin modh oibre atá aici chun daoine a mhealladh i dtreo na teanga, na tuairimí atá aici ó thaobh múineadh na teanga di agus neart eile. Foclóir: Aipeanna – apps Pobal – community Cuimsitheach - inclusive Fiúntach - rewarding Oidhreacht - heritage Ionannas – identity Dúchas - heritage Magadh - joking Dlíodóir - solicitor Timpeallacht - environment Iontráil - enter Doimhneacht - depth Coilíniú - colonisation See omnystudio.com/listener for privacy information.

An ‘Sos Cogaidh’ 30 bliana ar aghaidh: The impact of the IRA’s ceasefire
D’fhógair an IRA a chéad ‘sos cogaidh’ tríocha bliain ó shin ar an 31 Lúnasa 1994.Tar éis 25 bhliain de choimhlint agus 1,700 duine a mharú, chuir an tIRA stop leis an fhoréigean. Meastar gur eachtra chinniúnach é sa Phróiseas Síochána. San eagrán seo de Seachtain, téann Ciarán Dunbar síos bóithrín na smaointe leis an staraí acadúil Fearghal Mac Bhloscaidh. Foclóir: Sealadach – proivisional Comhréiteach - compromise Lámh in uachtar – the upper hand Trian – a third Easaontóirí - dissidents Díbir - expel Buan – permanent Constaicí - barriers Seicteachas – sectarianism Críoch deighilt - partition See omnystudio.com/listener for privacy information.

Ciontach: Dúnmharú Mary Callinan agus Sylvia Sheils i nGráinseach Ghormáin
Ba thuras fada a bhí i gceist sula raibh a fhios ag na Gardaí céard go díreach a tharla do Mary Callinan agus Sylvia Sheils ar an 7ú lá de mhí an Mhárta sa bhliain 1997. Ní hamháin go raibh clann agus cairde leis an mbeirt croí bhriste tar éis an dúnmharú seo, a tháinig aniar aduaidh, i gceantar ciúin a mhothaigh muintir na háite, i nGráinseach Ghormáin, slán sábháilte ach bhí go leor ceisteanna le freagairt sula mbeadh a fhios céard go díreach a tharla don bheirt bhan aosta. San eagrán seo, atá mar chuid de shraith choireachta ar phodchraoladh Seachtain, labhraíonn Tessa Fleming le Róisín Ní Mhaoláin chun chuile casadh sa scéal a mhíniú go mion. Foclóir: Mionscrúdú - examination Meabhairshláinte - mental health Fíochmhar - ferocious Fiosrúchán - inquest Dúnmharú - homicide Athbhreithniú - review Leochaileach - vulnerable Aird - attention Tréithe - traits Cúisithe - accused See omnystudio.com/listener for privacy information.

Ciontach: Martin 'The General' Cahill, duine de na coirpigh is cáiliúla i stair na hÉireann
Ba é Martin Cahill – a.k.a The General – ceann de na Crime Lords is clúití in Éirinn. Rugadh é go beo bocht, mar chuid de chlann ollmhór, i lár na cathrach i mBÁC sna 1940í. Thosaigh Martin Cahill amach i mbun mionchion agus é óg agus lean sé ar aghaidh agus phleanáil sé ceann de na robálacha ba mhó le rá i stair na tíre. Tar éis na coireachta d’fhorbair Cahill stádas mistiúil i gcultúr na hÉireann, le roinnt daoine ag féachaint air mar laoch an phobail, Baile Átha Cliath bocht ó dhúchas. Ó maraíodh é sa bhliain 1994, spreag saol agus coireanna Martin Cahill leabhair, scannáin, agus tuairimíocht gan stad – the criminal whose life became the stuff of legend and infamy. Is é scéal Martin bunús scéal an scannán ‘The General’, agus an scannán 2000 ‘Ordinary Decent Criminal’ le Kevin Spacey agus Colin Farrell. Labhraíonn Róisín Ní Mhaoláin le Tessa Fleming leis an coirpeach is cluití in Éirinn a phlé. Foclóir: Áirid - eccentric Coirpeach – criminal Seodra – jewellery Fianaise – evidence Foréigneach - violent Tairne – nail Ba léir - it was apparent Aire – care Teagmhálaithe - contacts Táithí - experience Luachmhar – valuable Anonn is anall – back and forth Ifreann – hell Suntas – attention Oidhreacht – legacy Scaoileadh - shot See omnystudio.com/listener for privacy information.

Ciontach: Joe O'Reilly agus dúnmharú Rachel Callaly
Mharaigh Joe O’Reilly a bhean chéile Rachel Callaly i 2004. Ba é cheann de na cásanna is iomráití sa tír. Lig O’Reilly air gur buirgléireacht a bhí ann i dtosach báire agus go raibh sé faoi bhrón as a bhean chéile a chailleadh. Áfach, lena iompar aisteach ina dhiaidh an dúnmharú, tháinig sé faoi amhras na nGardaí agus fuarthas ciontach é as an ionsaí fíochmhar. Ar Seachtain, amharcann Róisín Ní Mhaoláin siar 20 bliain ar chás Rachel Callaly, nó Rachel O’Reilly mar is fearr aithne uirthi, le muid a threorú tríd an méid a tharla do di. Foclóir: Uchtú - adopted San áireamh - included Suaimhneach – at peace Aisteach – strange Teannas – tension Réchúiseach - Easy-going Mí na meala - honeymoon Fiosrúchán - investigation Athléiriú a dhéanamh ar – to re-enact Meangadh – grin Fianaise - evidence Múiníneach - confident Deacrachtaí - difficulties Coir – crime Spreag – prompt Eochracha - keys See omnystudio.com/listener for privacy information.

Rose of Tralee: Na heachtraí is conspóidí
Is é an t-am sin bliana arís nuair a théann 32 Rós ó fud fad na cruinne san iomaíocht le bheith ainmnithe mar Rós Thrá Lí. Ar Seachtain, labhraíonn Eimear McGovern, iriseoir ón Belfast Telegraph, faoi na heachtraí is conspóidí ón chomórtas thar an blianta. Foclóir: Maslach – demeaning Oidhreacht – heritage Charthanachtaí - charities Trasinscneach - transgender Aerach – gay In ainneoin – despite Ag spochadh - teasing Gluaiseacht - movement Geallghlacadóir - bookies Comhtharlú - coincidence Filíocht - poetry Rath – success Banaltra – nurse Urraíocht - sponsorship Tionlacan - escort Dul chun cinn - advancement See omnystudio.com/listener for privacy information.

Kneecap: Usually, bíonn ort bás a fháil before they make a film about you!
Tháinig an grúpa Kneecap chun cinn in 2017 lena singil C.E.A.R.T.A, agus ó shín i leith, tá siad ag tarraingt clú agus cáil orthu féin de bharr a gcuid ceoil - agus an chonspóid a leanann iad. Agus an scannán oscailte anois sna pictiúrlainn in Éirinn, bhuail Seachtain le roinnt den fhoireann taobh thiar den scannán ar an chairpéad dearg ag an première. Láithreoir: Tessa Fleming Foclóir: Dlúthchairde - best friends Broim – fart Srannfach - snoring Ar ball beag – shortly Éacht - feat/accomplishment Uirbeach – urban Níos doimhne – deeper Beathaisnéis - biography Ar na mallaibh – recently Cruthaitheach – creative D'aon turas - deliberateSee omnystudio.com/listener for privacy information.

How Dublin is getting Gaeilge ar ais ar na sráideanna
Tá an t-údarás áitiúil i mBaile Átha Cliath ag iarraidh tacú le gnólachtaí chun seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil do chustaiméirí. Deir Daithí de Buitléir, Clárbhainisteoir togra Gaeilge365, go bhfuil buntáistí eacnamaíochta ann do ghnólachtaí má bhaineann siad leas as an teanga. Láithreoir: Ciarán Dunbar Aoi: Daithí de Buitléir See omnystudio.com/listener for privacy information.

Dúnmharú Thomas Dooley: Maraithe sa reilig ag a mhuintir féin
‘You’re a big man now’. B'in cuid de na focail deireanacha a chuala Thomas Dooley agus é ina luí ina fhuil féin ag fáil bháis tar éis ionsaí fíochmhar i reilig lán le daoine i gCiarraí. A mhuintir féin a bhí freagrach as a dhúnmharú foréigeanach. Láithreoir: Tessa Fleming. Rannpháirtí: Tadhg Evans. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Buama na hÓmaí: The aftermath of a savage attack
Maraíodh 31 duine agus gortaíodh na céadta i mbuama na hOmaí i 1998. 26 bliana ar aghaidh ón lá uafásach sin, tá cuid mhór ceisteanna go fóill le freagairt. Ar theip ar na péas an t-ionsaí a chosc? Labhraíonn Tessa Fleming leis an scríbhneoir Ciarán Ó Pronntaigh faoin ionchoisne a thosaigh an tseachtain seo, agus an tionchar a d’fhág an buama ar an bhaile. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Overtourism: Céad míle fáilte or na céadta mílte fadhbanna?
Gach bliain, téann na sluaite againn chuig na ‘must-see bucket list travel destinations’ cosúil le Páras, an Veinéis agus Barcelona. Ach tá roinnt de na háiteanna seo ag streachailt le líon mór na gcuairteoirí. An bhfuil tús na faidhbe á fheiceáil againn anseo in Éirinn? Agus cén dóigh gur féidir linn an turasóireacht a bhainistiú go héifeachtúil? Labhraíonn Tessa Fleming le Jamie Ó Flannúra, ó Discover Kerry, agus le Róisín Ní Mhaolain faoi ‘overtourism’. Foclóir: Ré órga - golden era Gearradh siar – pare back Faoi scáth - to come under Dúdóite - fed-up Muintir na háite - the locals Toradh – result Agóidíocht - protesting Cothromaíocht - balance Teannas - tension Ag brath ar – depending on An iomarca – too much Tuairim – opinion Leithinis – peninsula Leochaileach – vulnerable See omnystudio.com/listener for privacy information.

Eamonn Casey: Cérbh é an t-easpag seo a bhfuil mí-úsáid ghnéis ar pháistí curtha ina leith?
Ba dhuine mór le rá é an tEaspag Eamonn Casey in Éirinn idir na 60óidí agus na 90óidí. Tá clár faisnéise déanta ag RTÉ faoin bhfear clúiteach seo agus ina chuirtear líomhaintí mí-úsáid ghnéis ar pháiste ina leith. Ar Seachtain, amharcann an t-iriseoir John Downing siar ar shaol an Easpaig Eamonn Casey agus na conspóidí a bhain leis. Foclóir: Tograí - projects Meas - respect Feachtasaíocht - campaigning Imircigh - migrants carthanacht – charity Urlabhraí - spokesperson Éigniú - rape Mí-úsáid - abuse Neamhghnách - unusual Éagóir - injustice Tearmann – sanctuary Scaradh – separation Ag taobhnú - siding Cothrom na Féinne - fairness Ionadaíocht - representation See omnystudio.com/listener for privacy information.

Bean Tí Ghaeltachta: ‘Your house is not your own’
Is oilithreacht bhliaintúil é na coláistí samhraidh sa Ghaeltacht do chuid mhór scoláirí. Trí seachtaine sáite sa Ghaeilge agus, in amanna, i ngrá! Cuirtear síos ar na coláistí samhraidh seo mar "rite of passage" do dhéagóirí, ach le roinnt blianta beaga anuas, bhí siad i mbaol de bharr easpa mná tí. Labhraíonn Ciaran Dunbar le Deirdre Uí Ghallchóir, bean an tí nua atá ag cuir lóistín ar fáil do 13 chailíní i Rann na Feirste. Foclóir: • Dúil mhór - big interest • Ullmhúcháin - preparations • Cloí leis na rialacha – abide by the rules • Freagacht – responsibility • Ar an imeall – on the outskirts • Scartha – separated • Scaifte – group • Béim - emphasis • Tionchar – impact • Ag brath ar – depending on • Ag éirí as – retiring • Scéim phíolótach - pilot scheme • Solúbthacht – flexibility • Buntáiste - advantage • Riachtanach - necessary • Aghaidheanna - faces See omnystudio.com/listener for privacy information.