
Cén fáth a bhfuil daoine meallta ag na seantraidisiúin págánta?
Seachtain · Irish Independent
December 26, 202420m 52s
Audio is streamed directly from the publisher (traffic.omny.fm) as published in their RSS feed. Play Podcasts does not host this file. Rights-holders can request removal through the copyright & takedown page.
Show Notes
Beidh daoine i gceantair ar fud fad na tíre amuigh ag ceiliúradh Lá an Dreoilín inniu. Is sean-traidisiún Ceilteach é Lá an Dreoilín a dhéantar ceiliúradh air go fóill, go háirithe i gCiarraí, in iarthar Luimnigh agus i mBaile Átha Cliath. Sa Daingean, áit ina maireann an traidisiún go láidir go fóill, beidh ceithre bhannaí ceoil ó na sráideanna éagsúla ag máirseáil tríd an bhaile mar chuid den fhéile. Labhraíonn an Dr Aoife Granville, ball den ghrúpa ar Shráid Eoin, le Tessa Fleming faoin tsean-nós seo agus na dúshláin atá le sárú sa lá atá inniu ann. Foclóir: Dreoilín: Wren - Sníomhann sé: It ties in with - Iorua: Norway - Sleamhain: Sly - Torthúlacht: Fertility - Ó shin i leith: From then on - Aitheantas: Recognition - Ádh: Luck - Tuí: Straw - Carthanachtaí: Charities - Teoranta: Restricted - Bagairt: Threat - Dream: Group - A mhealladh: To entice - Deasghnáth: Ritual - Ár sinsir: Our ancestors - Aireachas: Mindfulness.
See omnystudio.com/listener for privacy information.