
Seachtain
171 episodes — Page 4 of 4

Euro Elections: An Toghchán i mBÁC / The battle for Dublin seats
Gráinne Ní Aodha and Conchúr Ó Faoláin join Ciarán Dunbar with their take on the European Election in Dublin. Tá 23 iarrthóir ag seasamh i dtoghcheantar na hEorpa i mBaile Átha Cliath. Tá ceithre shuíochán le líonadh agus tá triúr den cheathrar atá ann anois ag seasamh arís. Cé hiad na hiarrthóirí seo, cad é na hábhair is mó atá tábhachtach do vótálaithe na príomhchathrach agus cad atá na pobalbhreitheanna ag cur in iúl dúinn? Léirithe ag Róisín Ní Mhaoláin agus Tessa Fleming Some words you may find useful: Feachtasaíocht - campaigning Ag filleadh - returning Ardnósach - snobby Suntasach - considerable Tithíocht - housing Daonlathach - democratic Díospóireachtaí - debates Reachtaíocht - legislation Toghcheantar - constituency Míchruinn - inaccurate Smaointeoireacht - thinking an Úcráin - Ukraine Liobrálach - liberal Eite dheas – right wingSee omnystudio.com/listener for privacy information.

Euro Elections: John Downing agus Áine Ní Bhreisleáin ar thoghcheantair an Deiscirt agus Lár na Tíre-Thiar-Thuaidh
Ar an 7ú Mheitheamh, beidh deis ag pobal na hÉireann vótaí a chaitheamh sna toghcháin áitiúla agus Eorpach. Tá líon mór iarrthóirí ainmnithe sna toghcháin Eorpach ach níl ach 14 shuíochán ar fáil sa chás seo. Labhair Ciarán Dunbar leis na hiriseoirí John Downing agus Áine Ní Bhreisleáin faoin dá toghcheantar taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. Foclóir: Toghcheantar - constituency Canbhás - canvas Bruachbhaile - suburb Inimirce – immigration Stocaireacht - lobbying Iarrthóir - candidate Tithíocht - housing Fealsúnacht - philosophy Bileoga - leaflets Buille faoi thuairim - guess Go rialta - regularly Fear gnó - business man Ionadaíocht - representation Conspóideach - controversial Neamhspleách - independent Deighilt - divisionSee omnystudio.com/listener for privacy information.

PSNI ag coinneáil iriseoirí under surveillance - cad é an scéal?
Tháinig sé chun solais go raibh an PSNI ag déanamh monatóireacht ar thaifid ghutháin iriseoirí ar leith ó Thuaidh. Iriseoirí a bhí ag tógáil achrainn faoin fhórsa – de réir an fhórsa féin. Tá Ceardchumann na n-Iriseoirí, dlíodóirí agus anois – Amnesty International ag éileamh go mbeadh fiosrúchán ann maidir leis an PSNI a bheith ag déanamh faireachais ar iriseoirí. Labhair Ciarán Dunbar le Tessa Fleming. Foclóir: Fórsaí slándála - security forces Spiaireadóireacht - spying Claonpháirteachas - Collusion Faireachas – surveillance Ag éileamh – demanding Ceardchumann – trade union Lámh in uachtar – the upper hand Cinsireacht – censorship Ball – member Dlíodóirí - lawyers Conspóideach - controversial Iachall a chur ar – to force See omnystudio.com/listener for privacy information.

Buamaí BhÁC / Mhuineacháin, 50 bliana ar aghaidh: ‘My mother didn’t deserve to die’
Ar an 17ú Bealtaine 1974, réab trí phléascadh ollmhóra trí chroílár Bhaile Átha Cliath agus phléasc buama eile taobh amuigh de theach tábhairne i mBaile Mhuineacháin. 50 bliana ar aghaidh, labhraíonn Caoimhín Ó Lochlainn faoi na cuimhní atá aige faoina mháthair agus an troid ar son na fírinne. Foclóir: Réab - erupt Pléascán - blast Rabhadh - warning Go sonrach – in detail Eachtra - incident Sochraid - funeral Troscán - furniture Spiorad – spirit Coitianta - common Aird – attention Fiosrúchán - investigation Easpa – a lack of Feachtas – campaign Níos leithne - wider Níos doimhne – deeper Comóradh - commoration See omnystudio.com/listener for privacy information.

An Rúis agus 'disinformation': Tionchar ‘propaganda’ ar an saol mór
Tá suíomh nua Gaeilge lonnaithe sa Rúis ach tá amhras ann gur iarracht lag ar bholscaireacht atá ann. Tá ‘An Rúis Inniu’ ar fáil ar an suíomh ‘Pravda-IE'’. Ach an féidir linn na scéalta atá á phlé a chreidiúint? Céard go díreach é an mífháisnéis? Ar cheart dúinn imní a bheith orainn anseo in Éirinn nó an é gur chóir léamh faoi dhearcadh na Rúise? Láithreoir: Ciarán Dunbar Aíonna: Cathal Mac Coille agus Emmet Ryan Foclóir: Bréagfháisnéis - false information Bolscaireacht – propaganda Infheistíocht - investment Cinsireacht – censorship Slógadh - mobilization Doléite - illegible Paindéim - pandemic Dallamullóg - deception Dochar – harm Contráilte - incorrect Beochraoladh – live transmission Intleachtúil - intellectual Eagarthóir - editor Barraíocht - excess Seafóideach - farcical Ráflaí - rumours Mionlach – minority See omnystudio.com/listener for privacy information.

Imirce agus deportation: ‘Scéim Ruanda’ agus an bhaint atá aige le hÉirinn?
Tá teannas polaitiúil idir Éirinn agus an Ríocht Aontaithe arís is é inimirce is cúis leis. Maíonn rialtas na hÉireann go bhfuil an-chuid iarrthóirí tearmainn ag teacht isteach thar an teorainn agus go bhfuil an ceart ag Éirinn iad a chur ar ais arís. Tá an RA ag rá nach nglacfaidh siad leo agus gur fianaise é seo go bhfuil ‘Scéim Ruanda’ ag feidhmiú go maith. Láithreoir: Ciarán Dunbar Aíonna: Ursula Ní Shabhaois agus Amy Ní Riada Foclóir: Mídhleathach - illegal Ag lorg tearmann – seeking asylum Teifigh – refugees Dídeanaí - refugees Bagairt - threat Díspreagadh - deter Inimirce - immigration Dodhéanta - impossible Ualach - burden céasadh intinne – mental torture Deachtóir - dictator Daonlathach – democratic Is leochailí - most vulnerable An Chúirt Uachtarach - Supreme Court Cinedhíothú - Genocide Treibheanna - TribesSee omnystudio.com/listener for privacy information.

Killer Lucy Letby os comhair na cúirte arís in appeal bid
Cúisíodh Lucy Letby i 2023 as seachtar leanbh a rugadh roimh am a dhúnmharú agus as iarrachtaí a dhéanamh seisear eile a mharú. Tharla na hionsaithe idir 2015 agus 2016. Tá Letby os comhair na cúirte agus í ag iarraidh achomhairc. Labhair Seachtain leis an iriseoir Emer Moreau faoin chás. Foclóir: Comharthaí – signs Aonad – unit Dé réir cosúlachtaí – by all appearances Ag dul amú – going wrong Láithreach – immediately Leathchúpla – one twin Athshlánú – resuscitate Nimhiú – poisoning Cárta comhbhróin – sympathy card Gan rabhadh – without warning Coireanna uafásacha – horrible crimes Gabh na póilíní uirthi – the police arrested her Imscrúdú – investigation See omnystudio.com/listener for privacy information.

Jeffrey Donaldson: Ruaille Buaille ar an Iúr agus iar-cheannaire an DUP sa chúirt agus éigniú curtha ina leith
Tháinig Sir Jeffrey Donaldson agus a bhean an Bhantiarna Eleanor Donaldson os comhair Cúirt Dúiche an Iúir Dé Céadaoin. Labhair Seachtain le Liam Tunney, iriseoir leis an Belfast Telegraph, a bhí i láthair sa chúirt ar maidin. Foclóir: Cúiseamh - charge gníomh ró-mhígheanasach – gross indecency ionsaithe mhígheanasacha - indecent assault íospartaigh líomhnaithe – alleged victim Gearánach - complainant Éigniú - rape Líomhnaítear – it is alleged Toiligh – consent Meargánta - reckless See omnystudio.com/listener for privacy information.

Gaeltacht Housing crisis: ‘Sleeping in my van mar nach bhfuil lóistín agam’
Deir aos óg na nGaeltachtaí go bhfuil siad á mbrú amach as na ceantair inár tógadh iad. De réir an ghrúpa feachtasaíochta BÁNÚ ní féidir le daoine óga teach a cheannach, teach a fháil ar cíos nó teach a thógáil mar gheall ar an easpa soláthar. Labhair Seachtain le Maitiú de Hál faoi na fadhbanna, na réitigh agus an tionchar ar mhuintir na háite. Host: Ciaran Dunbar Guest: Maitiú de Hál Foclóir: A chur ina luí - explain to people Ceap milleáin - scapegoat Sain-riachtanais – specific needs De hachmainn – within their resources Fíor shrianta – very restricted Seachadadh – delivery Sólathar - supply tithíocht inacmhainne – affordable housing A threisiú - to stengthen Dréacht treoirlínte - draft guidelines Séarachas - sewage Rialaithe – Governing Sáite - immersed in Ní raibh an dara rogha aici – she didn’t have a another choice Práinn - urgency See omnystudio.com/listener for privacy information.

Jeffrey Donaldson os comhair na cúirte: What do we need to know?
Former DUP leader due to appear before Newry Magistrates' Court on a raft of sex crime charges - séanann sé go láidir na líomhaintí seo. Cad é atá ar eolas againn faoin chás go dtí seo? Cad iad na cúisimh atá curtha i leith Jeffrey Donaldson agus a bhean chéile? Láithreoir: Tessa Fleming. Tuairisceoir: Ciarán Dunbar Cúisimh - charges Liomháintí ghnéis - sexual allegations Anaithnideacht – anonymity Íospartach líomhnaithe - alleged victim Cúirt Chorónach - Crown Court Leid – inkling Ní mór do – It's necessary Séanann sé - he denies Sa gearr-thréimhse - in the short term Coinníollacha bannaí - bail conditions Curtha ar fionraí - suspended Feisire – Member of Parliament Cosc - ban Imscrúdú - investigation Ní bheadh sé ar a leas aige – It wouldn’t be to his advantage Ag saothrú - earning Inaitheanta - recognisable Oireann sé – it suits See omnystudio.com/listener for privacy information.

Réaltán Ní Leannáin: Insíonn an t-údar Gaeilge scéal a turas ailse
"Chuir siad fríd rud nár cheart dom a dul tríd.” Tá leithscéal gafa ag aerfort Bhaile Átha Cliath le húdar clúiteach Gaeilge as eachtra a thit amach ina raibh uirthi a próistéis brollaigh a thaispeáint go poiblí. Labhair Seachtain le Realtán faoin eachtra seo, faoina turas ailse agus faoina cuid scríbhneoireachta. Foclóir: Cnapáin - lumps A ceannsú - tame A dhíbirt - banish Cóir leighis – medical treatment Ar lár - missing Cíoch - breast Meáchan - weight Leacht – fluid Broin – womb Scanóirí - scanners Cíochbheart - bra Gan dua – without difficulty I lár an aonaigh - in the middle See omnystudio.com/listener for privacy information.

Simon Harris tofa ach should all Taoisigh have Gaeilge?
Anois go bhfuil Simon Harris tofa mar Thaoiseach, d’fhógair sé go bhfuil sé i gceist aige freastal ar ranganna Gaeilge. Dúirt sé nach bhfuil mórán Gaeilge aige agus gur chóir dúinn níos mó a dhéanamh sa tír seo leis an Ghaeilge a chur chun cinn. Ach an bhfuil sé tábhachtach go bhfuil Gaeilge ag an Taoiseach? Labhraíonn Seachtain leis an Ollamh dlí Seán Ó Conaill ar an cheist. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Donaldson’s DUP: Crith talún ó thuaidh
Cúisíodh Sir Jeffery Donaldson as líomhaintí gnéis stairiúla. Tá sé ráite ag Donaldson go séanfaidh sé na cúiseanna, ach tá na himpleachtaí le mothú sa chóras polaitíochta. Labhraíonn Tessa Fleming leis an t-iriseoir Gearóid Ó Muilleoir. Foclóir: Líomhaintí gnéis - allegations of abuse Cúis - to charge Cathanna - battles Aniar aduaidh – to come out of nowhere I mbarr a réime - at the top of his game Creatlach Windsor – Windsor Framework Feisire Parlaiminte – Member of Parliament A mheáigh - to estimate Cigilteach – thorny or delicate Tráth den saol – was once/once upon a time Is aitheanta – most recognised Rabhadh – warning Cuireadh ar fionraí é - He was suspended Ciontach - guilty Neamhchiontach – not guilty See omnystudio.com/listener for privacy information.

Fine Gael agus Simon Harris: Exodus na TD's
Go dtí seo tá 11 Teachta Dála de chuid Fhine Gael ina dhiaidh a rá nach mbeidh siad ag seasamh sa chéad toghchán eile. An bhfeicfear níos mó acu ag éirí as? Labhraíonn Ciarán Dunbar le Fionnán Sheahan agus le Fergus O’Dowd TD. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Biden under pressure as Palestinians starve / Gorta mór i ndán do Ghaza de réir an UN
De réir na Náisiúin Aontaithe (UN), tá baol ann go bhfuil na mílte duine chun bás a fháil mar gheall ar ghorta in Gaza. Tá brú ag teacht ar na Stáit Aontaithe chun iachall a chur ar Iosrael glacadh le sos cogaidh. Labhair Ciarán Dunbar le Gearóid Ó Muilleoir agus le hAngus Lambkin. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Leo Varadkar éirithe as - cén fáth?
Agus é ina sheasamh taobh amuigh de Theach Laighean inniu, d'fhógair Leo Varadkar go raibh sé ag éirí as mar cheannaire Fhine Gael, agus mar Thaoiseach na tíre. Labhraíonn Ciarán Dunbar leis an t-iriseoir Gráinne Ní Aodha faoin mórscéal seo.See omnystudio.com/listener for privacy information.

The Kerry Cowboy: Fame, feirmeoireacht and marriage proposals
Thosaigh Séaghan ag cruthú ábhar faoina shaol ar an fheirm siar i 2020. Anois, ceithre bliana ar aghaidh, tá os cionn 200k leantóirí aige ar TikTok, is láithreoir teilifíse é chomh maith, agus bíonn sé gnóthach na laethanta seo ag taistil ar fud na cruinne. Labhraíonn Séaghan le Ciarán Dunbar faoin 'thuas seal thíos seal' a bhaineann leis an bhfeirmeoireacht agus an timpiste a d’athraigh a shaol. Some words you might find useful for this episode: Camchuairt - tour Mallachtaí - curses Dréimre - ladder Cnámh - bone Dúchasach - native Coileáin - puppy Comórtas treabhadóireachta - Ploughing championships Go Buan – permanently Thuas seal thíos seal – ups and downs Tacaíochtaí - supports Móin - turf Troigh - feet Otharcharr - ambulance Oileán Dairbhre – Valencia Island Talmhaíocht - agriculture Tobar – well Seachaint – avoid Bain leas as – to try something See omnystudio.com/listener for privacy information.

'Níl' agus 'Níl': Cén fáth ar vótáil Éire i gcoinne an bhunreacht a leasú?
D’ainneoin gur iarr an rialtas agus gach páirtí sa Dáil seachas Aontú agus Independent Ireland ar mhuintir na hÉireann vótáil ar son ‘tá’ agus ‘tá’ in dhá reifreann (referendum) an tseachtain seo caite - ‘níl’ agus ‘níl’ an toradh a bhí ann. An mbeidh iarmhairtí polaitiúla ann amach anseo? Labhair Tessa Fleming leis an gComhfhreagraí polaitíochta John Downing. Foclóir: Ceardchumainn – trade unions Dul chun cinn - advancement Saoránaigh – citizens Saolré – life cycle Olltoghchán – general election Frith – anti Pobalbhreith – opinion poll Ginmhilleadh – abortion Uchtú – adoption Lucht an fhreasúra – opposition Deighilt – split Easaontas – disagreement Easnamhach – Deficient See omnystudio.com/listener for privacy information.

John Downing: Cár chuir an tIRA mo sheanathair?
John Downing’s grandfather was murdered and ‘disappeared’ over 100 years ago, anois ba mhaith leis corp a sheanathar a fháil agus a chur mar is ceart. Caitheann John súil siar ar stair na tíre ag an am sin agus ar an gcleachtas neamhthrócaireach seo. Láithreoir: Ciarán Dunbar Fuadaigh - abduct Gan tasc gan tuairisc – without a trace Na Dúchrónaigh - The Black and Tans Faisnéis - information Fealltóir - betrayer Spiaire - spy See omnystudio.com/listener for privacy information.

RTÉ: Cad atá i ndán dó - what next?
In this episode of Seachtain - the latest controversy involving RTÉ – and what it could mean for the broadcasters future. B’éigean do Chathaoirleach RTÉ Siún Ní Raghallaigh éirí as i ndiaidh don Aire Catherine Martin diúltú a rá go raibh muinín aici aisti. Ba chor aisteach ar scéal RTÉ tar éis do chraoltóir náisiúnta na hÉireann a bheith sa nuacht go minic le bliain anuas, scannal i ndiaidh scannail. San eagrán seo, pléann Ciarán Dunbar an scéala is déanaí leis an iriseoir Gráinne Ní Aodha - is the job of RTÉ chairperson now a poisoned chalice?See omnystudio.com/listener for privacy information.

Introducing Seachtain
trailerScéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge.See omnystudio.com/listener for privacy information.