PLAY PODCASTS
‘Rinne mé gach rud eile’: Naoise Dolan ar a bealach go Gaza

‘Rinne mé gach rud eile’: Naoise Dolan ar a bealach go Gaza

Seachtain · Irish Independent

September 10, 202515m 20s

Audio is streamed directly from the publisher (traffic.omny.fm) as published in their RSS feed. Play Podcasts does not host this file. Rights-holders can request removal through the copyright & takedown page.

Show Notes

Tá mionchabhlach de thuairim is 50 bhád ar a bhealach go Gaza – agus tá Éireannaigh ina measc siúd atá ar bord.  


 

Tá na céadta daoine ó thíortha fud fad an domhain mar chuid den  Global Sumud Flotilla agus é ar intinn acu cabhair dhaonnúil a thabhairt isteach do mhuintir Gaza.  


 

Tuairiscíodh oíche Dé Luain gur bhuail drón ceann de na báid sa Túinéis áfach. 


 

 Chuir an Global Sumud Flotilla físeán in airde ar na meáin shóisialta a léiríonn solas geal ag bualadh an bháid. Níor gortaíodh aon duine.  


 

 Ach diúltaíonn údaráis na Túinéise gur drón a bhí i gceist.  


 

Deir lucht eagraithe an chabhlaigh nach gcuirfidh eachtraí sa Túinéis stop lena dturas agus go leanfaidh siad orthu. 


 

 Tá Naoise Dolan ina cuid den iarracht seo agus labhair sí le Seachtain. 


Foclóir: 


Eachtra: Incident 


Cinedhíothú: Genocide 


Ionsaí: Attack 


Rogha: Choice 


An Túinéis: Tunisia 


Toradh: Result 


Ag taobhú: Siding with 


Ceachtanna: Lessons 


Sonraí: Details 


Éalú: Escape 


Siombalachas: Symbolism 


Daonna: Humane 


 


 

See omnystudio.com/listener for privacy information.