PLAY PODCASTS
Learn Irish with daily podcasts

Learn Irish with daily podcasts

316 episodes — Page 7 of 7

20231006_IRISH_51_duine_maraithe_de_bharr_ionsai_diuracain_san_ucrain

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yvp5w5ts Contact: [email protected] 51 people killed by missile attack in Ukraine. 51 duine maraithe de bharr ionsaí diúracáin san Úcráin. It is reported that at least half a hundred people were killed – including a six-year-old child – when a huge missile fired by Russian forces exploded near a village in eastern Ukraine this morning. Tuairiscítear gur maraíodh leathchéad duine ar a laghad – páiste sé bliana d’aois ina measc – nuair a phléasc diúracán ollmhór a bhí scaoilte ag fórsaí Rúiseacha le sráidbhaile in oirthear na hÚcráine ar maidin inniu. The people had gathered for a rally that was taking place in a cafe in the village of Hroza when the missile exploded without any warning. Bhí na daoine tagtha le chéile le haghaidh tórraimh a bhí ar siúl i gcaife i sráidbhaile Hroza nuair a phléasc an diúracán gan aon fhógra. The village is in Kharkiv Oblast close to the border with Russia and has around 300 people living there. Is in Oblast Kharkiv gar don teorainn leis an Rúis atá an sráidbhaile a bhfuil thart ar 300 duine ina gcónaí ann. It is a raging war between the Ukrainians and the Russians in that region and Hroza is only 30 kilometers from the battlefield. Tá sé ina chogadh craorag idir na hÚcránaigh agus na Rúisigh sa réigiún sin agus níl Hroza ach 30 ciliméadar ó bhrollach an chatha. It is believed to be an Iskander missile that was fired by the Russians at the site. Meastar gur diúracán den déanamh Iskander a scaoil na Rúisigh leis an áit. That’s a high-explosive ballistic missile that’s 7.3 meters long. Sin diúracán balaistíoch tréanphléascach atá 7.3 méadar ar a fhad. It is also reported that two people were killed due to an artillery attack by the Russians on the city of Kherson in southern Ukraine. Tuairiscítear freisin gur maraíodh beirt mar gheall ar ionsaí airtléire a rinne na Rúisigh ar chathair Kherson i ndeisceart na hÚcráine. On the other side of the border, the Russians are reporting that Ukrainian forces have dropped cluster bombs on a large town in Russia. Ar an taobh eile den teorainn, tá sé á thuairisciú ag na Rúisigh go bhfuil cnuasbhuamaí scaoilte ag fórsaí na hÚcráine le baile mór sa Rúis. One person was injured and buildings were damaged in the attack on the town of Rylsk, which is 30 kilometers from the border between the two countries, the Russians say. Gortaíodh duine amháin agus rinneadh damáiste d’fhoirgnimh san ionsaí a rinneadh ar bhaile Rylsk atá 30 ciliméadar ón teorainn idir an dá thír, a deir na Rúisigh. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Oct 6, 20238 min

20231005_IRISH_falscai_mhor_eile_in_tenerife,_a_mbailte_treigthe_ag_3,000_duine

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ytxvgkha Contact: [email protected] Another big disaster in Tenerife, their towns abandoned by 3,000 people. Falscaí mhór eile in Tenerife, a mbailte tréigthe ag 3,000 duine. About 3,000 people have abandoned their towns in Tenerife in the Canary Islands because of a large fire that has been burning there since yesterday. Tá a mbailte tréigthe ag thart ar 3,000 duine in Tenerife sna hOileáin Chanáracha mar gheall ar fhalscaí mhór atá ag dó ann ó inné. The blaze is burning in a wooded area in the north-east of the island and it is becoming difficult for firefighters to put it out because the ground is so rough. Is i gceantar foraoise lán ailteanna in oirthuaisceart an oileáin atá an fhalscaí ag dó agus tá sé ag dul dian ar chomhraiceoirí dóiteáin í a mhúchadh de bhrí go bhfuil an talamh chomh haimhréidh. The authorities say that 2,400 people in the town of Santa Úrsula and 600 people in the town of La Orotava had to be evacuated while the surrounding area was devastated. Deir na húdaráis go mb’éigean 2,400 duine i mbaile Santa Úrsula agus 600 duine i mbaile La Orotava a aslonnú agus an ceantar máguaird ina chaor. However, firefighters appear to have pushed back the initial line of the fire after pouring thousands of liters of water onto the flames from dedicated helicopters. Mar sin féin, is cosúil go bhfuil líne thosaigh an dóiteáin brúite siar ag na comhraiceoirí dóiteáin tar éis dóibh na mílte lítear uisce a dhoirteadh anuas ar na lasracha ó héileacaptair shainfheistithe. There was a major flood in the same region in August and thousands of hectares of crops were destroyed. Bhí falscaí mhór sa réigiún céanna i mí Lúnasa agus lomscriosadh na mílte heictéar dá barr. It was said at the time that it was the most intense fire in Tenerife for forty years. Dúradh ag an am gurbh é an dóiteán ab aimpléisí a ndeachthas i dtreis leis in Tenerife le daichead bliain. The temperature in Tenerife is currently around 30 degrees. Thart ar 30 céim atá an teocht in Tenerife faoi láthair. It is in the middle of summer, however, that the temperature is usually so high in the island. Is i lár an tsamhraidh, áfach, is iondúil a bhíonn an teocht chomh hard sin san oileán. No flights from or to the island are reported to have been canceled due to the emergency. Ní thuairiscítear eitiltí as an oileán ná chun an oileáin a bheith curtha ar ceal de bharr na héigeandála. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Oct 5, 20238 min

20231004_IRISH_meadu_25%_ar_an_lion_inimirceach_ata_ag_lorg_tearmainn_in_eirinn

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ypnrvvzx Contact: [email protected] A 25% increase in the number of immigrants seeking asylum in Ireland. Méadú 25 faoin gcéad ar an líon inimirceach atá ag lorg tearmainn in Éirinn. There has been a 25% increase since the beginning of the year in the number of immigrants living in direct provision centers and centers for people seeking international protection status, according to new figures from the Department of Integration. Tá méadú 25 faoin gcéad tagtha ó thús na bliana ar an líon inimirceach atá ag cur fúthu in ionaid soláthair dhírigh agus in ionaid le haghaidh daoine a bhfuil stádas cosanta idirnáisiúnta á lorg acu, de réir figiúirí nua ón Roinn Lánpháirtíochta. Accommodation was being made available to 19,104 people by the International Protection Accommodation Services last January compared to the 23,983 people officially recorded eleven days ago, 24 September. Bhí lóistín á chur ar fáil do 19,104 duine ag na Seirbhísí Lóistín um Chosaint Idirnáisiúnta i mí Eanáir seo caite le hais an 23,983 duine a taifeadadh go hoifigiúil aon lá dhéag ó shin, 24 Meán Fómhair. 350 people of the 23,983 were living temporarily in tents. Bhí 350 duine den 23,983 ina gcónaí go sealadach i bpubaill. On September 24, it was also counted that an average of 39 asylum seekers were coming into the country every single day. Áiríodh ar an 24 Meán Fómhair freisin go raibh 39 iarrthóir ar thearmann ar an meán ag teacht isteach sa tír gach uile lá. Accommodation was provided for 51 people from Russia last month but that country was not included in the figures recorded in January. Cuireadh lóistín ar fáil do 51 duine ón Rúis an mhí seo caite ach ní raibh an tír sin san áireamh sna figiúirí a taifeadadh i mí Eanáir. In that regard, accommodation was provided to 35 people from the United States last month compared to 25 in January. Ina cheann sin, cuireadh lóistín ar fáil do 35 duine ó na Stáit Aontaithe an mhí seo caite le hais 25 i mí Eanáir. There has also been a large increase in the number of people from Algeria, Georgia and Nigeria seeking asylum in Ireland. Tá méadú mór tagtha chomh maith ar an líon daoine ón Ailgéir, ón tSeoirsia agus ón Nigéir atá ag lorg tearmainn in Éirinn. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Oct 4, 20238 min

20231003_IRISH_an_praghas_atathar_a_iarraidh_ar_thithe_tar_eis_ardu_an_athuair

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ywsssl8a Contact: [email protected] The asking price of houses after the rise again. An praghas atáthar a iarraidh ar thithe tar éis ardú an athuair. Despite house prices falling in the first two quarters of the year, they started to rise again in the third quarter, according to the latest bulletin from MyHome.ie. In ainneoin gur thit praghsanna tithe sa chéad dá ráithe den bhliain, thosaigh siad ag ardú arís sa tríú ráithe, de réir an fheasacháin is deireanaí ó lucht MyHome.ie. It was an increase of almost 4% between July and September. Ardú beagán le cois 4 faoin gcéad a bhí ann idir Iúil agus Meán Fómhair. MyHome.ie has calculated the asking price rather than the final price received. Is é an praghas a hiarradh seachas an praghas a fuarthas ar deireadh atá ríofa ag MyHome.ie. In Dublin, the asking price in the third quarter was 3% more expensive on average than in the same quarter last year. I mBaile Átha Cliath, bhí an praghas a hiarradh sa tríú ráithe 3 faoin gcéad níos daoire ar an meán ná sa ráithe chéanna anuraidh. It was almost 5% in the rest of the country. Beagnach 5 faoin gcéad a bhí i gceist sa chuid eile den tír. The contents of the MyHome.ie bulletin are more or less consistent with the report published by daft.ie last week. Tá a bhfuil i bhfeasachán MyHome.ie ag teacht a bheag nó a mhór leis an tuairisc a d’fhoilsigh lucht daft.ie an tseachtain seo caite. According to daft.ie the asking price nationally in the third quarter of the year was 3.7% more expensive on average than in the same quarter last year. Dar le daft.ie go raibh an praghas a hiarradh go náisiúnta sa tríú ráithe den bhliain 3.7 faoin gcéad níos daoire ar an meán ná sa ráithe chéanna anuraidh. Official figures from the Central Statistics Office published last week revealed that there was an average rise of 1.5% in house prices nationally over the year between July 2022 and July 2023. Tugadh le fios i bhfigiúirí oifigiúla ón bPríomh-Oifig Staidrimh a foilsíodh an tseachtain seo caite go raibh ardú 1.5 faoin gcéad ar an meán ar phraghsanna tithe go náisiúnta i gcaitheamh na bliana idir Iúil 2022 agus Iúil 2023. The Central Statistics Office calculates the price that was finally received rather than the price that was originally asked for. Is é an praghas a fuarthas ar deireadh seachas an praghas a bhí iarrtha ar an gcéad dul síos a ríomh an Phríomh-Oifig Staidrimh. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Oct 3, 20238 min

20230930_IRISH_beirt_le_tabhairt_os_comhair_cuirte_faoi_lear_mor_cocaoin

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yo9sj77t Contact: [email protected] Two to be brought before a court in a big country of cocaine. Beirt le tabhairt os comhair cúirte faoi lear mór cócaoin. Gardaí have charged two men in connection with the large haul of cocaine found on a cargo ship off the Cork coast last Tuesday. Tá beirt fhear cúisithe ag na Gardaí maidir leis an lear mór cócaoin a fuarthas ar lastlong amach ó chósta Chorcaí Dé Máirt seo caite. The men have been charged with drug importing offenses and are due to appear at Wexford District Court this afternoon. Cionta a bhaineann le drugaí a iompórtáil atá curtha i leith na bhfear agus tá siad le tabhairt os comhair Chúirt Dúiche Loch Garman tráthnóna. The two were on a trawler that sailed off the Wexford coast last Sunday and were arrested after the rescue services brought them ashore. Bhí an bheirt ar thrálaer a chuaigh ar oitir amach ó chósta Loch Garman Dé Domhnaigh seo caite agus gabhadh iad tar éis do na seirbhísí tarrthála a dtabhairt i dtír. One of them is from Britain and the other is from Ukraine. Is ón mBreatain duine acu agus is ón Úcráin an duine eile. Over 2.2 tonnes of cocaine were found on the cargo ship – the MV Matthew – after the authorities took possession of it with a strong hand. Fuarthas os cionn 2.2 tonna cócaoin ar an lastlong – an MV Matthew – tar éis do na húdaráis seilbh a ghabháil uirthi le lámh láidir. Five men who were on board the ship were arrested and are still being questioned by Gardai. Gabhadh cúigear fear a bhí ar bord na loinge agus tá siad á gceistiú ag na Gardaí i gcónaí. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Sep 30, 20235 min

20230929_IRISH_greasan_griosaitheach_mailiseach_dunta_ag_tiktok

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/26s9hffw Contact: [email protected] TikTok shuts down “inciting malicious network”. “Gréasán gríosaitheach mailíseach” dúnta ag TikTok. Social media platform TikTok has revealed that it has shut down a “malicious network that was spreading poisonous content”. Tá sé tugtha le fios ag an meán sóisialta TikTok go bhfuil “gréasán mailíseach a raibh ábhar nimhiúil á scaipeadh air” dúnta acu. The network reportedly had 72 accounts and over 94,000 followers. Bhí 72 cuntas agus os cionn 94,000 leantóir ag an ngréasán, a dúradh. According to TikTok, extremist comments were being posted by the administrators of the web with a desire to foster conflict between people. Dar le TikTok go raibh tuairimí antoisceacha á bpostáil ag riarthóirí an ghréasáin le fonn coimhlint idir dhaoine a chothú. Some of the content posted on the web related to this country, as well as Japan, Russia and Taiwan. Bhain cuid den ábhar a postáladh ar an ngréasan leis an tír seo, chomh maith leis an tSeapáin, an Rúis agus an Téaváin. It appears that the network was operational during the first two quarters of this year. Is cosúil gur i gcaitheamh an chéad dá ráithe den bhliain seo a bhí an gréasán ag feidhmiú. The details of the story have been published in a report that TikTok has submitted to the European Commission as part of the medium’s duty under the European Union’s Code of Practice on Biography. Tá sonraí an scéil foilsithe i dtuarascáil atá curtha faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh ag TikTok mar chuid den dualgas atá ar an meán faoi Chód Cleachtais an Aontais Eorpaigh maidir le Bréagaisnéis. In addition to TikTok, Google, Microsoft, Facebook and Instagram are involved in that code of practice. Chomh maith le TikTok, tá Google, Microsoft, Facebook agus Instagram bainteach leis an gcód cleachtais sin. Twitter – or X, as it is now called – used to be involved as well but they pulled out after Elon Musk bought the company. Bhíodh Twittter – nó X, mar a thugtar air anois – bainteach leis freisin ach tharraing siad amach as tar éis do Elon Musk an comhlacht a cheannach. Very timely, the European Union revealed yesterday that on X – above any other medium in Europe – biography is posted the most. Tráthúil go maith, thug an tAontas Eorpach le fios arú inné gur ar X – thar aon mheán eile san Eoraip – is mó a phostáiltear bréagaisnéis. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Sep 29, 20237 min

20230927_IRISH_luach_€157_milliun_i_bhfoiscealach_cocaoin_a_fuarthas_ar_lastlong

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/254b5mgr Contact: [email protected] A cache of cocaine worth €157 million found on a cargo ship. Luach €157 milliún i bhfoiscealach cócaoin a fuarthas ar lastlong. The cache of cocaine found on a cargo ship seized by the authorities off the coast of Cork yesterday is estimated to be worth €157 million. Meastar luach €157 milliún a bheith sa lear mór cócaoin a fuarthas ar lastlong ar ghabh na húdaráis seilbh uirthi le lámh láidir amach ó chósta Chorcaí inné. At a press conference this morning, Assistant Commissioner of the Garda Síochána Justin Kelly said it was the largest haul of drugs ever found in the State. Ag preasócáid ar maidin inniu, dúirt Coimisinéir Cúnta an Gharda Síochána Justin Kelly gurb é an lear drugaí is mó a fuarthas riamh sa Stát é. Gardaí believe the cocaine belongs to a drug cartel from South America but have not said much else about that part of the story yet. Creideann na Gardaí gur le cairtéal drugaí as Meiriceá Theas an cócaon ach níl mórán eile ráite acu faoi gcuid sin den scéal fós. Gardai, members of the Naval Service and military personnel boarded the ship – the MV Matthew – in the Celtic Sea yesterday when the crew did not accept instructions from them. Chuaigh Gardaí, comhaltaí den tSeirbhís Chabhlaigh agus fianóglaigh ón Arm, chuaigh siad ar bord na loinge – an MV Matthew – sa Mhuir Cheilteach inné nuair nár ghlac an criú le treoir uathu. The ship has now been impounded in the Port of Cork and is to be searched for the next few days in the hope that more drugs may be found hidden in bogs throughout. Tá an long gaibhnithe i gCalafort Chorcaí anois agus táthar lena cíoradh as seo go ceann roinnt laethanta le súil go mb’fhéidir go n-aimseofaí tuilleadh drugaí i bhfolach i gcaochóga ar a fud. The ship sailed from South America on the first day and is registered in Panama. Is as Meiriceá Theas a sheol an long an chéad lá agus is i bPanama atá sí cláraithe. The Naval Service in conjunction with the Gardai had been keeping an eye on her for some time as they suspected she was carrying drugs, especially since she started roaming around the Irish coast. Bhí an tSeirbhís Chabhlaigh i gcomhar leis na Gardaí ag coinneáil súil uirthi le tamall agus iad in amhras go raibh sí ag iompar drugaí, go háirithe ó thosaigh sí ag síománaíocht thart ar imeallbhord na hÉireann. Gardaí believe the crew were to transfer a stash of cocaine from the ship to a trawler off the Wexford coast last weekend. Creideann na Gardaí go raibh an criú le foiscealach cócaoin a aistriú ón long go trálaer amach ó chósta Loch Garman an deireadh seachtaine seo caite. Unfortunately for them, however, the trawler set sail on Sunday afternoon. Ar an drochuair dóibhsean, áfach, chuaigh an trálaer ar oitir tráthnóna Dé Domhnaigh. The trawler is still sitting on the beach about twelve kilometers north of Roslair and cannot be moved while the sea is still rough. Tá an trálaer fós ina suí ar an oitir thart ar dhá chiliméadar déag ó thuaidh ó Ros Láir agus ní féidir í a bhogadh agus an fharraige fós ina cóch. The two men on board the trawler were rescued by rescue helicopter. Tugadh slán ar héileacaptar tarrthála an bheirt fhear a bhí ar bord an trálaera. Gardaí arrested the men when they landed and have been questioning them ever since. Ghabh na Gardaí na fir nuair a tugadh i dtír iad agus tá siad á gceistiú acu ó shin. One of them is English and the other is from Eastern Europe. Sasanach is ea duine acu agus is as oirthear na hEorpa an duine eile. A man of Iranian origin who was on the cargo ship has also been arrested and is being questioned by Gardaí. Tá fear de bhunadh na hIaráine a bhí ar an lastlong gafa agus á cheistiú ag na Gardaí freisin. RTÉ News and Current Affairs The MV Matthew seized in Cork Harbour Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ An MV Matthew gaibhnithe i gCuan Chorcaí

Sep 27, 202312 min

20230926_IRISH_dushlan_roimh_an_rialtas_i_mbuisead_2024

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/22xe7adc Contact: [email protected] Challenge before the Government in the 2024 Budget. Dúshlán roimh an Rialtas i mBuiséad 2024. ‘The Government faces a major challenge in relation to the 2024 Budget’ says Finance Minister Michael McGrath. ‘Tá dúshlán mór roimh an Rialtas maidir le Buiséad 2024’ a deir an tAire Airgeadais Michael McGrath. The minister pointed out that it is not easy on the one hand to give the appropriate support to the people of the country and to the economy, but on the other hand to ensure that inflation does not worsen. Thug an t-aire le fios nach bhfuil sé éasca ar lámh amháin an tacaíocht chuí a thabhairt do phobal na tíre agus don eacnamíocht, ach a chinntiú ar an lámha eile nach dtéann an boilsciú in olcas. Michael McGrath was speaking at the annual Dublin Chamber of Commerce dinner last night. Bhí Michael McGrath ag labhairt ag dinnéar bliantúil Chumann Tráchtála Bhaile Átha Cliath aréir. He said that the economy of the country was generally strong and stable against anything that has gone out of order in the international markets. Dúirt sé go raibh eacnamaíocht na tíre go ginearálta láidir agus seasmhach i gcoinne aon ní atá imithe as cor ar na margaí idirnáisiúnta. The minister also referred to the strength of the labor market here. Thagair an t-aire freisin do láidreacht an mhargaidh saothair anseo. ‘The corporate tax that has been given to the state has grown dramatically over the past few years’ he says ‘but this will not last forever’. ‘Tá fás as cuimse tagtha ar an gcáin chorparáideach atá tugtha don stát le roinnt blianta’ a deir sé ‘ach ní mhairfidh sé seo i gcónaí’. ‘To that end we cannot use that money to put towards permanent expenditure’ he says. ‘CHuige sin ní féidir linn an t- airgead sin a úsáid le cur i dtreo an chaiteachais bhuan’ a deir sé. ‘The government has also set aside money which it says is for capital projects’ says Michael McGrath. ‘Tá airgead curtha i leataobh ag an rialtas freisin a deir sé ar mhaithe le tograi caipitiúla’ a deir Michael McGrath. Two weeks from next Tuesday (October 10) the budget will be presented to the Dáil. Coicís ón Mháirt seo chugainn (10Deireadh Fómhair) a chuirfear an buiséad faoi bhráid na Dála.

Sep 26, 20237 min

20230925_IRISH_15_la_anois_go_buisead_2024

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/29j42hcr Contact: [email protected] 15 days now to Budget 2024. 15 lá anois go Buiséad 2024. The leaders of the three Government parties will have a final meeting today at which the Minister for Finance Michael McGrath and the Minister for Public Expenditure, Paschal Donohue will also be present. Beidh cruinniú nios deireanaí inniu ag ceannairí na dtrí pháirtithe Rialtais ag a mbeidh an tAire Airgeadais Michael McGrath agus an tAire Caiteachais Phoiblí,Paschal Donohue i láthair freisin. Two weeks from tomorrow the Government will present Budget 2024 to the Dáil. Coicís ón lá amárach a chuirfidh an Rialtas Buiséad 2024 i láthair na Dála. To that end, great concern has now been expressed about overspending in the Department of Health, currently drawing €1bn it is understood. Chuige sin, tá an-imní léirithe anois faoin ró-chaiteachas sa Roinn Sláinte, ag tarraingt ar €1bn anois tuigtear. As a result, there may not be the same amount of money to spend publicly. D’fhéadfadh sé nach mbeidh an méid céanna airgid ann le caitheamh go poiblí dá bharr. This is said to be due to the public’s excessive demand for medical services as well as the increase in inflation. Ró-éileamh an phobail ar na seirbhísí leighis chomh maith leis an ardú ar bhoilsciú faoi ndear é seo, deirtear. In addition, the discussions regarding the best way to meet the demands of the various ministers in relation to expenditure will be intensified. Chomh maith leis sin géarófar ar na cainteanna maidir leis an mbealach is fearr freastal ar éileamh na n-airí éagsúla i dtaca le caiteachas dhe. It is understood that a policy worth €1bn is being prepared for the budget under which income tax will be reduced in the budget to be announced on 10 October. Tuigtear go bhfuil beartas ar fiú €1bn é á réiteach don bhuiséad ar an faoina laghdófar cáin ioncaim sa bhuiséad a fhógrófar ar an 10 Deireadh Fómhair. This afternoon, Ministers McGrath and Donohue will have a meeting with the heads of Government who will have their own different priorities regarding what should be focused on in the budget. Tráthnóna inniu beidh cruinniú ag na hAirí McGrath agus Donohue leis na ceannairí Rialtais a mbeidh a gcuid tosaíochtaí éagsúla féin acu maidir leis an nithe ar chóir díriú orthu sa bhuiséad. Among these will of course be one-off policies related to the cost of living which cost the Government €4bn last year. Ina measc sin ar ndóigh beidh beartais aon-uaire bainteach leis an gcostas maireachtála a chosain €4bn ar an Rialtas anuraidh. It is strongly thought that at least one energy credit will be available, but again that this will not be available for 3 payments of €200 each as was the case last year. Ceaptar go láidir go mbeidh ar a laghad creidmheas amháin fuinnimh ar fáil, ach arís nach mbeidh fáil an geábh seo ar 3 íocaíocht de €200 an ceann mar a bhí anuraidh.

Sep 25, 20239 min

20230924_IRISH_na_heireannaigh_ag_ceiluradh_i_bparas

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/27b9pvat Contact: [email protected] The Irish celebrating in Paris. Na hÉireannaigh ag ceilúradh i bPáras. Fans of the Irish rugby team are celebrating tonight after Andy Farrell’s players got the better of the world champions in Paris. Tá údar ceiliúrtha ag lucht leanúna fhoireann rugbaí na hÉireann anocht i ndiaidh d’imreoirí Andy Farrell an ceann is fearr a fháil ar churaithe an domhain i bPáras. They had 5 points to spare over South Africa in a hard fought game at the Stade de France. Bhí 5 phointe le spáráil acu ar an Afraic Theas i gcluiche crua teann sa Stade de France. The final score in this game in Pool B was 13-8. 13-8 an scór deiridh sa gcluiche seo i bPúl B. There may not have been many points on the scoreboard but Ireland won a game that was not easy for them. B’fhéidir nach bhfacthas mórán pointí ar chlár na scór ach bhuaigh Éirinn cluiche nach raibh éasca dóibh. These players have now taken a big step forward and have a good chance of going all the way to the final. Tá céim mhór tógtha anois ag na himreoirí seo agus cosúlacht mhaith orthu go ngabhfaidh siad an bealach ar fad chuig an chluiche ceannais. Only one to score either side, Mack Hansen one of Ireland’s heroes on the night. Úd amháin a scóráil ceachtar taobh,Mack Hansen duine de laochra na hÉireann ar an oíche. who laid the ball down behind the Springbok back line. a leag an liathróid anuas laistiar de líne cúil an Springbok. Jack Crowley secured victory for the Irish with a penalty kick but their defenders then had to do their best to keep the Boks out of their back line. Ba é Jack Crowley a chinntigh an bua do na hÉireannaigh le cic píonóis ach bhí ar a gcuid cosantóirí ansin éacht a dhéanamh leis na Boks a choinneáil amach óna líne cúil. But they did so securing an important psychological victory for Ireland, their third victory in a row in this competition and they now aim for another in two weeks’ time against Scotland. Ach rinne siad sin ag cinntiú bua tábhachtach siceolaíoch d’Éirinn, a dtriú bua as a chéile sa chomórtas seo agus iad ag dréim anois le ceann eile faoi cheann coicíse in aghaidh na hAlban. It is very likely that the All Blacks will face Ireland in the quarter-final, unless the Italians manage to bring the legs with them and qualify in second place from Pool A. Is mór an seans gurb iad na All Blacks a bheidh in aghaidh na hÉireann sa chluiche ceathrú ceannais, mura n-éiríonn leis na hIodálaigh na cosa a thabhairt leo agus cáiliú sa dara háit as Púl A. Whatever happens, a big threat has come from the Irish team tonight and it is unlikely that they will be too concerned about who they will face in the knockout rounds of this competition which is taking place in France. Pé ní a tharlaíonn ta bagairt mhór tagtha ó fhoireann na hÉireann anocht agus ní dócha go mbeidh aon ró-imní orthu maidir le cé a chasfaidh orthu sna babhtaí díbeartha den chomórtas seo atá ar siúl sa Fhrainc. As for South Africa, their head coach, Jacques Nienaber, says that he still believes that this result does not change anything and that the Springbok will once again own the World Cup this round. Maidir leis an Afraic Theas dhe, deir a bpríomh-chóitseálai,Jacques Nienaber go gcreideann sé i gcónaí nach n-athraíonn an toradh seo faic agus gur leis an Springbok Corn an Domhain arís an babhta seo. He praised the Irish team for their win and although South Africa missed a number of chances, Nienaber said he could not side with excuses because Ireland proved themselves to be the best team on the night. Mhol sé foireann na hÉireann as a mbua agus cé gur chaill an Afraic Theas roinnt seansanna dúirt Nienaber nár fhéad sé a bheith taobh le leithscéalta mar gur chruthaigh Éirinn iad féin mar an fhoireann ab fhearr ar an oíche. It certainly didn’t help South Africa that they missed 3-point chances on the night, especially from the boots of Manie Libbok and Faf de Klerk. Níorbh aon chabhair é don Afraic Theas cinnte gur chaill siad seansanna 3phointe ar an oíche, go háirithe ó bhróga Manie Libbok agus Faf de Klerk. ‘But we now have Tonga ahead of us in 8 days’ Nienaber says, ‘our attention will be focused on them to get out of the group and go as far as the quarter finals. ‘Ach tá Tonga romhainn anois faoi cheann 8 lá’ a deir Nienaber, ‘is orthu sin a bheidh ár n-aird dírithe chun teacht amach as an ghrúpa agus dul chomh fada le staid na gcluichí ceathrú ceannais. The captain of South Africa, Siya Kolisi largely agrees with the words of the coach saying that the Boks lost the game thanks to their resilience. The loss of this game for South Africa was the first time they failed at the World Cup since 21 September 2019 who were beaten by New Zealand in the first match of the Webb Ellis Tournament in Yokohama in Japan. Aontaíonn captaein na hAfraice Theas,Siya Kolisi

Sep 24, 202317 min

20230922_IRISH_dushlan_roimh_an_rialtas_i_mbuisead_2024

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2dlsje4n Contact: [email protected] Challenge before the Government in the 2024 Budget. Dúshlán roimh an Rialtas i mBuiséad 2024. ‘The Government faces a major challenge in relation to the 2024 Budget’ says Finance Minister Michael McGrath. ‘Tá dúshlán mór roimh an Rialtas maidir le Buiséad 2024’ a deir an tAire Airgeadais Michael McGrath. The minister pointed out that it is not easy on one hand to give the appropriate support to the people of the country and to the economy, but on the other hand to ensure that inflation does not get worse. Thug an t-aire le fios nach bhfuil sé éasca ar lámh amháin an tacaíocht chuí a thabhairt do phobal na tíre agus don eacnamíocht, ach a chinntiú ar an lámha eile nach dtéann an boilsciú in olcas. Michael McGrath was speaking at the annual Dublin Chamber of Commerce dinner last night. Bhí Michael McGrath ag labhairt ag dinnéar bliantúil Chumann Tráchtála Bhaile Átha Cliath aréir. He said that the economy of the country was generally strong and stable against anything that has gone out of order in the international markets. Dúirt sé go raibh eacnamaíocht na tíre go ginearálta láidir agus seasmhach i gcoinne aon ní atá imithe as cor ar na margaí idirnáisiúnta. The minister also referred to the strength of the labor market here. Thagair an t-aire freisin do láidreacht an mhargaidh saothair anseo. ‘The corporate tax that has been given to the state has grown dramatically for several years’ he says ‘but this will not last forever’. ‘Tá fás as cuimse tagtha ar an gcáin chorparáideach atá tugtha don stát le roinnt blianta’ a deir sé ‘ach ní mhairfidh sé seo i gcónaí’. ‘To that end we cannot use that money to put towards permanent expenditure’ he says. ‘CHuige sin ní féidir linn an t- airgead sin a úsáid le cur i dtreo an chaiteachais bhuan’ a deir sé. ‘The government has also set aside money which it says is for capital projects’ says Michael McGrath. ‘Tá airgead curtha i leataobh ag an rialtas freisin a deir sé ar mhaithe le tograi caipitiúla’ a deir Michael McGrath. Two weeks from next Tuesday (October 10) the budget will be presented to the Dáil. Coicís ón Mháirt seo chugainn (10Deireadh Fómhair) a chuirfear an buiséad faoi bhráid na Dála.

Sep 22, 20237 min

20230920_IRISH_an_borradh_faoin_ngeilleagar_nios_isle_na_mar_a_tuaradh

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/27xfufj4 Contact: [email protected] The boom in the economy “lower than predicted”. An borradh faoin ngeilleagar “níos ísle ná mar a tuaradh”. The boom in the economy will not be as high this year as predicted three months ago, according to the latest periodical from the Central Bank of Ireland. Ní bheidh an borradh faoin ngeilleagar chomh hard i mbliana agus a tuaradh trí mhí ó shin, de réir a bhfuil sa tréimhseachán is deireanaí ó Bhanc Ceannais na hÉireann. The Central Bank estimated last June that economic growth would be 3.7% in 2023 but it is now estimated that it will eventually be 2.9%. Mheas an Banc Ceannais i mí an Mheithimh seo caite gur 3.7 faoin gcéad a bheadh san fhás eacnamaíoch in 2023 ach meastar anois gur 2.9 faoin gcéad a bheas ann ar deireadh. The main reason for this is that multinational companies are not exporting as many goods and services as predicted, says the Central Bank. An chúis is mó atá leis sin nach bhfuil comhlachtaí ilnáisiúnta ag easpórtáil an oiread earraí agus seirbhísí agus a tuaradh, a deir an Banc Ceannais. The exports of these companies grew by 13.9% last year but there is a big gap between that and the 0.2% growth that is expected to occur this year. Tháinig fás 13.9 faoin gcéad ar easpórtálacha na gcomhlachtaí sin anuraidh ach is mór idir é sin agus an fás 0.2 faoin gcéad a cheaptar a bheas ann i mbliana. 80% of the income from the export sector as a whole is earned from sending medicines and machinery abroad. Is ó chógais leighis agus innealra a chur thar tír amach a shaothraítear 80 faoin gcéad den ioncam a thagann ón earnáil easpórtála trí chéile. However, there has recently been a significant reduction in the amount of vaccines and semiconductors being exported. Tá laghdú suntasach tagtha le gairid, áfach, ar an méid vacsaíní agus leathsheoltóirí atáthar a easpórtáil. This is due to the fact that the demand for vaccines has been significantly reduced since the end of the Covid-19 pandemic, apparently, and due to the fact that the semiconductor market has been narrowed in light of the bleakness of the trade relationship between the United States China at the moment. Sin mar gheall ar an éileamh ar vacsaíní a bheith laghdaithe go mór ó tháinig deireadh leis an bpaindéim covid 19, de réir dealraimh, agus mar gheall ar an margadh leathsheoltóirí a bheith cúngaithe i bhfianaise chomh guagach agus atá an caidreamh trádála idir na Stáit Aontaithe an tSín faoi láthair. The Central Bank also estimates that the rate of inflation will be 5.4% this year, rather than 5.3% as predicted in June. Measann an Banc Ceannais chomh maith gur 5.4 faoin gcéad a bheas i ráta an bhoilscithe i mbliana, seachas 5.3 faoin gcéad mar a tuaradh i mí an Mheithimh. The Bank advises the Government not to restrict spending in the Budget next month for fear that the rate of inflation would rise further. Molann an Banc don Rialtas gan srian a ligean le caiteachas sa Bhuiséad an mhí seo chugainn ar fhaitíos go n-ardódh ráta an bhoilscithe tuilleadh. Instead, it is recommended to give specific financial support to the families most in need. Ina áit sin, moltar tacaíocht shonrach airgeadais a thabhairt do na teaghlaigh is mó atá ina ghátar. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Sep 20, 202310 min

20230917_IRISH_inmo_ag_aiteamh_ar_an_hse_an_ro-phlodu_a_reiteach

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yt2quncy Contact: [email protected] INMO urging the HSE to resolve overcrowding. INMO ag áiteamh ar an HSE an ró-phlódú a réiteach. The INMO wants the HSE to put forward new proposals for dealing with overcrowding in hospitals. Teastaíonn ón INMO go gcuirfeadh an HSE moltaí nua chun cinn maidir le déileáil le ró-phlódú sna hospidéil. Today is World Patient Safety Day. Is é inniu Lá Domhanda Shábháilteacht na n-Othar. The INMO says up to 366 patients had a long wait for a bed according to Friday’s figures. Deir an INMO go raibh fanacht fada ar leaba ag suas le 366 othar de réir fhigiúirí na hAoine. The INMO also showed that 252 patients were waiting in the emergency departments and another 114 in other wards in the hospitals. Léirigh an INMO freisin go raibh 252 othar ag fanacht sna ranna éigeandála agus 114 eile i bhárdaí eile sna hospidéil. The association says this wait often has a negative impact on the patient’s long-term health. Deir an cumann go mbíonn droch-thionchar go minic ag an bhfanacht seo ar shláinte fhadtéarmach an othair.

Sep 17, 20233 min

20230916_IRISH_cluiche_mor_eile_roimh_imreoiri_rugbai_na_tire_seo

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ysbegapj Contact: [email protected] Another big game before the rugby players of this country. Cluiche mór eile roimh imreoirí rugbaí na tíre seo. This evening Ireland will face Tonga in the Rugby World Cup which is taking place in France. Tráthnóna inniu a thabharfaidh Éirinn aghaidh ar Tonga i gCorn Rugbaí an Domhain atá ar siúl sa Fhrainc. Andy Farrell’s team is in pool B, this is Ireland’s second game in this competition after they comprehensively dispatched Romania (82-8) last week. I bpúl B atá foireann Andy Farrell, seo é an dara cluiche ag Éirinn sa chomórtas seo i ndiaidh dóibh an Rómáin a chur de dhroim seoil go cuimsitheach (82-8) an tseachtain seo caite. However, it is understood that this game will be more difficult for them, some players at Tonga who played for New Zealand (All Blacks) in the past. Tuigtear áfach go mbeidh an cluiche seo níos déine orthu, roinnt imreoirí ag Tonga a d’imir don Nua Shéalainn (All Blacks) sa bhfad a caitheadh. But Ireland had a good and strong start last Saturday and there was little to notice, although many would say that Romania was not of the same standard or risk. Ach bhí tús maith láidir ag Éirinn Dé Sathairn seo caite agus is beag lúb ar lár a bhí le tabhairt faoi deara cé go ndéarfadh cuid mhaith nach raibh an Rómáin ar an gcaighdeán céanna ná baol air. There are no injuries worth talking about in the Irish team and they deserve a lot too. Níl aon ghortuithe gur fiú caint orthu ar fhoireann na hÉireann agus is mór is fiú dóibh sin freisin. This is the 3rd time Ireland has played against this country, an island located in the Pacific Ocean. Seo an 3ú huair ag Éirinn ag imirt in aghaidh na tíre seo, oileán atá suite san Aigéan Ciúin. The Irish have beaten them twice already. Bhuail na hÉireannaigh iad faoi dhó cheana. Andy Farrell’s boys will be hoping for another win tonight. Beidh súil ag buachaillí Andy Farrell bua eile a bheith acu anocht. They will need it all as they still have Australia and Scotland to play in this group and hope to progress to the quarter finals. Teastóidh sé uilig uathu mar go bhfuil An Astráil agus Albain fós le n-imirt acu sa ghrúpa seo agus súil ansin acu dul chun cinn chuig na cluichí ceathrú ceannais. Then they will look to make their own history there and make their way as far as the semi-final for the first time in a competition that started in 1987. Ansin féachfaidh siad lena stair féin a dhéanamh ansin agus a mbealach a dhéanamh chomh fada leis an gcluiche leathcheannais den chéad uair riamh i gcomórtas ar cuireadh tús leis i 1987. At 8 o’clock Irish time that game will start in the city of Nantes. Ag a 8 a’chlog am na hÉireann a thosóidh an cluiche sin i gcathair Nantes. Ireland head coach Andy Farrell Príomhchóitseálaí na hÉireann Andy Farrell

Sep 16, 20239 min

20230915_IRISH_rabhadh_eisithe_ag_banc_na_heireann_faoi_chamsceim_nua

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yuy5a4zn Contact: [email protected] Bank of Ireland has issued a warning about a new scam. Rabhadh eisithe ag Banc na hÉireann faoi chamscéim nua. The Bank of Ireland has issued a warning regarding a new scam in which fraudsters lure customers into giving them remote access to their bank accounts. Tá rabhadh eisithe ag Banc na hÉireann maidir le camscéim nua ina meallann caimiléirí custaiméirí le cianrochtain a thabhairt dóibh ar a gcuntais bainc. The scam begins when a customer receives a call from someone claiming to be working for Bank of Ireland, who asks the customer to log into their online account. Tosaíonn an chamscéim nuair a fhaigheann custaiméir glaoch ó dhuine a mhaíonn gur le Banc na hÉireann atá sé ag obair, agus iarrann sé ar an chustaiméir logáil isteach ina gcuntas ar líne. The scammer then asks the customer to go to a new website address, either to start a text conversation or to check their computer’s security, but it turns out that the scammer gains remote access to the customer’s bank account. Iarrann an caimiléir ar an chustaiméir ansin dul chuig seoladh nua suímh idirlín, mar dhea le comhrá téacs a thosú nó le slándáil a ríomhaire a sheiceáil, ach tarlaíonn sé go bhfaigheann an caimiléir cianrochtain ar chuntas bainc an chustaiméara. Bank of Ireland is advising customers to end the call if someone asks them to go to a website or click on a link sent to them. Tá Banc na hÉireann ag comhairliú do chustaiméirí deireadh a chur leis an ghlao má iarrann duine orthu dul chuig suíomh idirlín nó cliceáil ar nasc a sheoltar chucu. The fraudsters are mainly targeting the Bank’s business customers and the number of reports of scams seems to be increasing every day. Is ar chustaiméirí gnó is mó de chuid an Bhainc atá na caimiléirí ag díriú agus is cosúil go bhfuil méadú in aghaidh an lae ag teacht ar an líon tuairiscí faoi chamscéimeanna.

Sep 15, 20235 min

20230913_IRISH_faitios_ar_dhaoine_-_comhairleoir_i_ngaillimh

Sep 13, 202310 min