PLAY PODCASTS
Learn Irish with daily podcasts

Learn Irish with daily podcasts

310 episodes — Page 6 of 7

20231221_IRISH_lear_mor_cocaoin_faighte_ar_lastlong_i_gcalafort_fhainge

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/ywxdm3ha Contact: [email protected] A large haul of cocaine found on a cargo ship in the port of Fainge. Lear mór cócaoin faighte ar lastlong i gcalafort Fhainge. Customs officers have found a large quantity of cocaine on a cargo ship which had arrived at the port of Fainge in Co Limerick. Tá lear mór cócaoin faighte ag oifigigh chustaim ar lastlong a bhí tagtha le cé i gcalafort Fhainge i gCo Luimnigh. The 300 kilograms of the drug contained in one bale and to which a buoy and beacon were attached are estimated to be worth €20 million. Meastar luach €20 milliún a bheith sna 300 cileagram den druga a bhí in aon bhurla amháin agus a raibh baoi agus rabhchán ceangailte de. It is thought that the cargo was going to be thrown overboard somewhere and that someone was going to come in front of it and take it out of the water. Ceaptar go rabhthas leis an lasta a chaitheamh thar bord in áit éigin agus go raibh dream éigin le teacht faoina chomhair agus a thógáil as an uisce. The ship has been impounded in Faing and is still to be combed in detail for fear that more drugs may be hidden in quagmires throughout. Tá an long gaibhnithe i bhFaing agus tá sí lena cíoradh go mion fós ar fhaitíos go mbeadh tuilleadh drugaí i bhfolach i gcaochóga ar a fud. Both local Gardaí and Gardaí from national units are now involved in the investigation. Tá idir Ghardaí áitiúla agus Ghardaí ó aonaid náisiúnta páirteach san fhiosrúchán anois. They are questioning the ship’s crew but so far no one has been arrested. Tá criú na loinge le ceistiú acu ach níl aon duine gafa go dtí seo. Last September, 2.2 tonnes of cocoon worth €157 million was found on the cargo ship MV Matthew off the coast of Cork. Meán Fómhair seo caite, fuarthas 2.2 tonna de chócaon a raibh luach €157 milliún ann ar lastlong an MV Matthew amach ó chósta Chorcaí. It was the largest haul of drugs by weight ever found in the State. B’in an lear drugaí ba mhó de réir meáchain a fuarthas riamh sa Stát. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Dec 21, 20236 min

20231219_IRISH_gaza:_na_milte_dideanai_idir_bas_is_beatha

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ylj7npcm Contact: [email protected] Gaza: thousands of refugees between life and death. Gaza: na mílte dídeanaí idir bás is beatha. Gaza’s health ministry says at least a score of people were killed when the Israeli air force fired missiles at houses in the southern Palestinian enclave city of Rafah this morning. Deir aireacht sláinte Gaza gur maraíodh scór daoine ar a laghad nuair a scaoil aerfhórsa Iosrael diúracáin le tithe i gcathair Rafah i ndeisceart na hiamhchríche Palaistíní ar maidin inniu. Thousands of Palestinian refugees are stranded and crushed in Rafah after they fled there in their droves from other areas at the behest of the Israelis. Tá na mílte dídeanaí Palaistíneach sáinnithe agus brúite in Rafah tar éis dóibh teitheadh ann ina dtáinte ó cheantair eile ar ordú na nIosraelach. The refugees hope to find relief and shelter in Rafah, that or take the opportunity to enter Egypt on the other side of the border. Tá súil ag na dídeanaithe fóirithint agus foscadh a fháil in Rafah, é sin nó breith ar an bhfaill dul isteach san Éigipt ar an taobh thall den teorainn. In terms of relief and shelter, however, it is barely there for them and the shadow of death constantly threatens them – in the form of a bomb, hunger or disease. Maidir le fóirithint agus foscadh, áfach, ní ann dóibh é ach ar éigean agus scáil an bháis ag bagairt orthu go seasta – i gcló buama, ocrais nó galair. In the city of Khan Younis, which is a little north of Rafah, Israeli soldiers are reported to be clashing with Hamas militants in a fierce battle. I gcathair Khan Younis, atá beagán ó thuaidh ó Rafah, tuairiscítear saighdiúirí Iosraelacha ag dul chun spairne le treallchogaithe Hamas agus é a bheith ina chath craorag ansin. In that one, the Israelis are releasing artillery in the center of the city and bombing it from the air, according to local people. Ina cheann sin, tá na hIosraelaigh ag scaoileadh airtléire le lár na cathrach agus á bhuamáil ón aer, dar le daoine áitiúla. The World Health Organization (WHO) says 4,000 people are sheltering in the grounds of the Nasser Hospital in the city and are at risk from the explosion. Deir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) go bhfuil 4,000 duine ar foscadh i bhfearann Ospidéal Nasser sa chathair agus go bhfuil siad i mbaol de bharr na tuairgneála. WHO also says that the Kamal Adwan Hospital in the city of Beit Lahiya in northern Gaza has been destroyed by the Israelis and that the children there have been taken out. Deir EDS freisin go bhfuil Ospidéal Kamal Adwan i gcathair Beit Lahiya i dtuaisceart Gaza curtha ó mhaith ag na hIosraelaigh agus go bhfuil na leanaí a bhí ann tugtha amach as. It is also reported that at least thirteen people were killed and forty wounded when the Israelis fired missiles at the Jabalia refugee camp near Gaza City. Tuairiscítear chomh maith gur maraíodh trí dhuine dhéag ar a laghad agus gur leonadh ceithre scór nuair a scaoil na hIosraelaigh diúracáin le campa teifeach Jabalia in aice le cathair Gaza. Various countries and humanitarian organizations are petitioning the Israelis to stop the violence but they have been turned on deaf ears. Tá tíortha éagsúla agus eagraíochtaí daonnúlachta ag achainí ar na hIosraelaigh stad den fhoréigean ach is cluas bhodhar atá tugtha dóibh go trásta. The Security Council of the United Nations is to discuss the emergency today, but how do we know what the conversation will be in the session or if anything concrete will come out of it. Tá Comhairle Slándála na Náisiún Aonaithe leis an éigeandáil a phlé inniu ach cá bhfios an comhrá na colpaí a bheas sa seisiún nó an dtiocfaidh dada nithiúil as. It is too slow, however, for the 20,000 people the Israelis have killed in Gaza since the beginning of October, not to mention the 53,000 they have injured. Tá sé rómhall, ámh, don 20,000 duine atá maraithe ag na hIosraelaigh in Gaza ó thús Dheireadh Fómhair, gan trácht ar an 53,000 atá leonta acu. The Israelis are taking revenge on the Palestinians of Gaza for the massacre by Hamas militants in the south of Israel on October 7, when they killed around 1,200 people. Tá na hIosraelaigh ag imirt díoltas ar Phalaistínigh Gaza as an sléacht a rinne lucht airm Hamas i ndeisceart Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair, tráth a mharaigh siad thart ar 1,200 duine. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Dec 19, 202313 min

20231218_IRISH_an_tollan_is_mo_fos_aimsithe_ag_arm_iosrael_i_ngaza

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2xxpe2ov Contact: [email protected] The “biggest yet” tunnel discovered by the Israeli army in Gaza. An tollán “is mó fós” aimsithe ag arm Iosrael i nGaza. The Israeli army says it has discovered Hamas’ largest tunnel yet in Gaza, within a few hundred meters of a key border crossing. Deir arm Iosrael gur tháinig siad ar an tollán is mó fós de chuid Hamas i nGaza, fá roinnt céad méadar de thrasnú teorann tábhachtach. An AFP photographer who was allowed inside says the tunnel is so large that small vehicles could be driven through it. Deir grianghrafadóir AFP ar tugadh cead isteach dó ann, go bhfuil an tollán chomh mór sin go bhféadfaí feithiclí beaga a thiomáint tríd. The tunnel is part of a wider network that stretches over 4 kilometers and goes under 400 meters of the Erez border crossing, the Israeli army said. They believe the tunnel cost millions of dollars and took many years to build. Is cuid é an tollán de ghréasán níos leithne a shíneann thar 4 chiliméadar agus a chuaigh fá 400 méadar de thrasnú teorann Erez, a dúirt arm Iosrael Creideann siad gur chosain an tollán na miliúin dollar agus gur bhain sé na blianta fada é a thógáil. They say Mohamed Yahya was in charge of its construction. Deir siad gurb é Mohamed Yahya a bhí i gceannas ar a thógáil. He is the brother of Hamas leader Yahya Sinwar who is believed to be responsible for the Hamas attack on Israel on 7 October. Is deartháir eisean le ceannaire Hamas Yahya Sinwar a mheastar a bheith freagrach as ionsaí Hamas ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair.

Dec 18, 20235 min

20231216_IRISH_triur_giall_maraithe_ag_iosrael_-_fiosruchan_tosaithe_ag_an_arm

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yuek8e38 Contact: [email protected] Three hostages killed by Israel – investigation started by the army. Triúr giall maraithe ag Iosrael – fiosrúchán tosaithe ag an arm. The Israeli Armed Forces have launched an investigation since their soldiers accidentally killed three Israeli hostages in Gaza. Tá fiosrúchán bunaithe ag Fórsaí Armtha Iosrael ó mharaigh a gcuid saighdiúirí triúr gialla Iosraelacha de thimpist i nGaza. The Israeli Army says they killed the three hostages by accident when they thought they were Hamas fighters. Deir Arm Iosrael gur mharaigh siad an triúr giall de thimpist nuair a cheap siad gur trodaithe de chuid Hamas a bhí iontu. Army spokesman Daniel Hagari said Israeli soldiers came upon the three men during combat in Shejaiya in northern Gaza and shot them because they thought they were a threat. Dúirt urlabhraí an airm Daniel Hagari go dtáinig saighdiúirí Iosrael ar an triúr fear le linn comhraic i Shejaiya i dtuaisceart Gaza agus gur chaith siad iad mar gheall gur cheap siad gur bagairt a bhí iontu. He said the three men were thought to have escaped from their captors or were abandoned at the scene. Dúirt sé gur ceapadh gur éalaigh an triúr fear ó lucht a gcoinneála nó gur tréigeadh iad ar an láthair. The army has expressed its condolences to the relatives of the hostages and says the investigation will not reveal any information about the killing. Tá a gcomhbhrón curtha in iúl ag an arm do ghaolta na ngialla agus deir siad nach gceilfidh an fiosrúchán aon eolas maidir leis an mharú. The Army says it has learned lessons from this incident and has given clear guidance to its soldiers in Gaza. Deir an tArm go bhfuil ceachtanna foghlamtha acu ón eachtra seo agus go bhfuil treoir shoiléir tugtha acu dá saighdiúirí i nGaza. The Army says it has found the bodies of three more hostages in Gaza, who it says were killed by Hamas. Deir an tArm gur aimsigh siad corp triúr giall eile i nGaza, a deir siad a mharaigh Hamas. Among them is Elia Toledano, a 28-year-old Israeli-Frenchman, who was kidnapped by Hamas from the Nova music festival as part of their attack on Israel on 7 October. Orthu sin tá Elia Toledano, Iosraelach-Francach 28 bliain d’aois, a d’fhuadaigh Hamas ón fhéile ceoil Nova mar chuid dá n-ionsaí ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair. The three are among eight hostages who have been brought back to Israel by the army for several days. Tá an triúr i measc ochtar giall atá tugtha arais go hIosrael ag an arm le roinnt laetha. The Israeli Army believes that about 20 of the 130 hostages still in Gaza are dead. Creideann Arm Iosrael go bhfuil thart ar 20 den 130 giall atá fós i nGaza, marbh. 110 captives have been released so far as part of a seven-day ceasefire in November in which Israel agreed to free Palestinian prisoners from prisons in Israel. Scaoileadh saor 110 braighdeanach go dtí seo mar chuid de shos cogaidh seacht lá i mí na Samhna inár aontaigh Iosrael cimí Palaistíneacha a shaoradh as príosúin in Iosrael. The United States is trying to get Israel to tone down its military campaign and specifically target Hamas leaders in the strip. Tá na Stáit Aontaithe ag iarraidh tabhairt ar Iosrael maolú ar a bhfeachtas míleata agus díriú go sonrach ar cheannairí Hamas sa stráice. Jake Sullivan, Joe Biden’s security adviser to Benjamin Netanyahu’s Government, has said that Israel risks losing the support of the international community if they continue their air attacks against civilians. 19,000 people have been killed in Gaza since Israel began the unrest. on their campaign following the Hamas attack on Israel on 7 October. Tá sé ráite ag Jake Sullivan, comhairleoir slándála Joe Biden le Rialtas Benjamin Netanyahu go bhfuil an baol ann go gcaillfidh Iosrael tacaíocht an phobail idirnáisiúnta má leanann siad dá n-ionsaithe aeir as éadan ar shibhialtaigh Tá corradh le 19,000 duine maraithe i nGaza ó thosaigh Iosrael ar a bhfeachtas i ndiaidh ionsaí Hamas ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair.

Dec 16, 202312 min

20231214_IRISH_an_ucrain,_gaza_le_ple_ag_ceannairi_an_aontais_eorpaigh

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/yrnpa2dt Contact: [email protected] Ukraine, Gaza to be discussed by the leaders of the European Union. An Úcráin, Gaza le plé ag ceannairí an Aontais Eorpaigh. Taoiseach Leo Varadkar will participate in a summit meeting of the leaders of the European Union in Brussels today and tomorrow where financial support for Ukraine and the crisis in Gaza will be among the major issues that will be discussed there. Beidh an Taoiseach Leo Varadkar rannpháirteach i gcruinniú mullaigh de cheannairí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil inniu agus amárach a mbeidh tacaíocht airgeadais don Úcráin agus an ghéarchéim in Gaza i measc na mórcheisteanna a bheas faoi chaibidil ann. The leaders intended to allocate €50 billion in financial aid to Ukraine in order to keep essential services and the economy of that country going for the next four years. Bhí sé i gceist ag na ceannairí cabhair airgeadais €50 billiún a lamháil don Úcráin le rún seirbhísí riachtanacha agus geilleagar na tíre sin a choinneáil ag imeacht as seo go ceann ceithre bliana. It was also to be confirmed that the negotiations on the introduction of Ukraine into the European Union would begin soon. Bhíothas lena dhearbhú freisin go gcuirfí tús gan mhoill leis an idirbheartaíocht faoin Úcráin a thabhairt isteach san Aontas Eorpach. Hungarian Prime Minister Viktor Orban has indicated, however, that he will veto those two resolutions of the other leaders. Tá sé tugtha le fios ag Príomh-Aire na hUngáire Viktor Orban, áfach, go gcuirfidh sé cros in aghaidh dhá rún sin na gceannairí eile. Viktor Orban doesn’t often pull a team and other European Union leaders view him as a loner. Ní tharraingíonn Viktor Orban le foireann go minic agus breathnaíonn ceannairí eile an Aontais Eorpaigh air mar sheargánach. In fact, the European Commission is withholding €30 billion in funding going to Hungary because of the ‘sovereign’ policies of that country’s government, if any. Go deimhin, tá an Coimisiún Eorpach ag coinneáil siar maoiniú €30 billiún atá ag dul don Ungáir mar gheall ar na polasaithe ‘tiarnúla’ atá ag rialtas na tíre sin, má tá. Even so, as part of the political back and forth before the summit, the European Commission last night approved €10 billion of those €30 billion to be made available to Hungary immediately. Ina dhiaidh sin féin, mar chuid den anonn is anall polaitiúil roimh an gcruinniú mullaigh, cheadaigh an Coimisiún Eorpach aréir €10 mbilliún de na €30 biilliún sin a chur ar fáil don Ungáir láithreach. Viktor Orban has been accused by some of the other leaders, however, of blackmailing him. Tá sé curtha i leith Viktor Orban ag cuid de na ceannairí eile, ámh, gur dúmhál atá ar bun aige. In relation to Gaza, the Taoiseach and several other leaders will ask for a ceasefire to be implemented there for the sake of humanity. I dtaca le Gaza, iarrfaidh an Taoiseach agus roinnt ceannairí eile sos comhraic a chur i bhfeidhm ann de ghrá na daonnúlachta. It is unlikely that this request will be successful, however, since the most powerful member states voted against the same resolution in the United Nations General Assembly last night. Ní dóichí go mbeidh aon rath ar an iarratas sin, áfach, ó vótáil na ballstáit is cumhachtaí in aghaidh an rúin chéanna i gComhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe arú aréir. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Dec 14, 202310 min

20231213_IRISH_margadh_deanta_ag_comhdhail_aeraide_cop28

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/yn62ls2f Contact: [email protected] A deal made at the COP28 climate conference. Margadh déanta ag comhdháil aeráide COP28. At the COP28 conference in Dubai, a deal has finally been made on fossil fuels in a bid to alleviate the global climate crisis. Ag comhdháil COP28 in Dubai, tá margadh déanta faoi bhreoslaí iontaise ar deireadh le dúil an ghéarchéim aeráide dhomhanda a mhaolú. It is not yet clear, however, what the wording of the agreement actually means. Níl sé soiléir fós, áfach, cad is brí go baileach le foclaíocht an chomhaontaithe. According to the content of the agreement, it seems that the 200 countries that have accepted have the intention to gradually reduce the amount of fossil fuels they burn, that is, or to give up burning fossil fuels gradually, that again or something in between. De réir a bhfuil sa chomhaontú, dealraíonn sé go bhfuil rún ag an 200 tír a ghlac leis an méid breoslaí iontaise a dhónn siad a laghdú de réir a chéile, é sin nó éirí as as breoslaí iontaise a dhó de réir a chéile, é sin arís nó rud éigin idir eatarthu. Nor is it certain what exactly is meant by ‘gradually’. Níltear cinnte ach an oiread cad is brí go baileach le ‘de réir a chéile’. However, the Irish delegate, Environment Minister Éamon Ryan, said that he himself believes that ‘gradual reduction’ is the same as ‘gradual withdrawal’. Ar a shon sin, dúirt toscaire na hÉireann, an tAire Comhshaoil Éamon Ryan, go gcreideann sé féin gurb ionann ‘laghdú de réir a chéile’ agus ‘éirí as de réir a chéile’. In spite of the ambiguity or ambiguity, it is a new situation to have made such a commitment by the countries of the world. In ainneoin na débhríochta nó na trébhríochta, is cor nua atá ann gealltanas mar é a bheith tugtha ag tíortha an domhain. Éamon Ryan indeed said that it is a historic situation since this is the first time in thirty years that the heart of the question has been addressed according to what science has proven. Dúirt Éamon Ryan go deimhin gur cor stairiúil é ós é seo an chéad uair le tríocha bliain gur tugadh aghaidh ar chroí na ceiste de réir a bhfuil cruthaithe ag an eolaíocht. According to the COP28 journalist, Sultan Al Jaber, the agreement “lays the foundation for the big change” that is needed. Dar le huarachtán COP28, Sultan Al Jaber, go gcuireann an comhaontú “bonn faoin athrú mór” a theastaíonn. What is needed, and urgently needed according to the experts, is that the temperature of the world will not be more than 1.5 degrees Celsius higher than it was before the Industrial Revolution in the eighteenth century. Is é a theastaíonn, agus a theastaíonn go géar de réir na saineolaithe, nach mbeidh teocht an domhain níos mó ná 1.5 céim Celsius níos airde ná mar a bhí sé roimh an Réabhlóid Thionsclaíoch san ochtú haois déag. The agreement has been welcomed by various delegates. Is fáilte áirithe atá curtha roimh an gcomhaontú ag toscairí éagsúla. According to the delegation of the European Union – of which Éamon Ryan is one – the agreement may be the beginning, the beginning of the end that must be put to the burning of fossil fuels. Dar le toscaireacht an Aontais Eorpaigh – a bhfuil Éamon Ryan ar dhuine acu – go mb’fhéidir gur tús atá sa chomhaontú, tús an deiridh a chaithfear a chur le breoslaí iontaise a dhó. The delegate of the United States of America, John Kerry, said that everyone involved in the conference should be happy with the deal that was made, although, in his opinion, it is not without fault. Dúirt toscaire Stáit Aontaithe Mheiriceá John Kerry gur cheart do gach duine a bhí páirteach sa chomhdháil a bheith sásta leis an margadh a rinneadh, cé nach bhfuil sé gan locht, dar leis. The alliance of small islands, islands that are at risk of drowning due to climate change, has a great voice on the issue, those who do not have the strongest voice at the conference. Tá guthaíocht mhór ar an gceist ag comhghuaillíocht na n-oileán beag, oileáin atá i mbaol a mbáite mar gheall ar an athrú aeráide, siúd is nach acu atá an guth is láidre ag an gcomhdháil. They were deeply afraid that the market would decline and the alliance said that although the final agreement is an improvement on the first draft, they are disappointed, they said, that it promises a gradual change rather than the transformation that is urgently needed. Bhí faitíos an domhain orthu gur orthu a rachadh meath an mhargaidh agus dúirt an chomhghuaillíocht cé gur feabhas ar an gcéad dréacht atá sa chomhaontú deiridh tá siad díomách, arsa siad, gur athrú de réir a chéile a ghealltar ann seachas an claochlú a ghéartheastaíonn. Bangladesh is one of the most vulnerable countries in the world due to climate change as almost 75% of the country is below sea level. Tá an Bhanglaidéis ar cheann de na tíortha is mó

Dec 13, 202316 min

20231212_IRISH_athbhreithniu_ar_thacaiochtai_d’ucranaigh_a_theith_go_heirinn

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/yv6vhvzr Contact: [email protected] Review of supports d Athbhreithniú ar thacaíochtaí d'Úcránaigh a theith go hÉirinn. The Taoiseach says that the Government must reform the support given to refugees from the war in Ukraine due to the pressure on it from accommodation issues. Deir an Taoiseach nach mór don Rialtas an tacaíocht a thugtar do theifigh ó chogadh na hÚcráine a leasú de bharr an bhrú atá air ó chúrsaí lóistín. A committee of Government ministers will discuss a proposal to reduce the financial support given to refugees from Ukraine. Pléifidh coiste airí Rialtais moladh faoi na tacaíochtaí airgidis a thugtar do theifigh ón Úcráin a laghdú. It appears that the refugees would only receive accommodation from the State for 90 days in the future, if the resolution being promoted by the Minister for Integration Roderic O’Gorman succeeds. Tá an chuma ar an scéal nach bhfaighfeadh na teifigh lóistín ón Stát ach ar feadh 90 lá amach anseo, má eiríonn leis an rún atá á chur chun cinn ag an Aire Lánpháirtíochta Roderic O’Gorman. It is expected that Social Welfare payments would also be reduced from the €220 they currently receive to €38.80, the same amount that people in the Direct Provision system receive. Táthar ag súil go laghdófaí íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh chomh maith ó €220 atá á fháil acu faoi láthair go €38.80, an méid céanna a fhaigheann daoine sa chóras Sholáthair Dhírigh. Leo Varadkar says that the Government supports will be in line with similar ones in other countries in western Europe, and that the 90 day limit on accommodation is not the same as people being thrown out of an asylum provided by the State. Deir Leo Varadkar go mbeidh na tacaíochtaí Rialtais ar aon dul lena leithéidí i dtíortha eile in iarthar na hEorpa, agus nach nach ionann an teorainn 90 lá ar lóistín agus daoine a bheith á gcaitheamh amach as tearmann a chuir an Stát ar fáil. It is expected that the leaders of the coalition will be able to give their blessing to the plan tonight, even though Tánaiste Mícheál Martin is in Brussels at the Meeting of Ministers of Foreign Affairs. Táthar ag súil go mbeidh ceannairí an chomhrialtais in ann a mbeannacht a thabhairt don phlean anocht, cé go bhfuil an Táinaiste Mícheál Martin sa Bhruiséal ag an gCruinniú Airí Gnóthaí Eachtracha. Green Party leader Eamon Ryan is one of the EU’s main negotiators at the COP28 climate talks. Tá ceannaire Chomhaontas Glas, Eamon Ryan, ar dhuine de na phríomh- idirbheartaithe ag an AE ag cainteanna aeráide COP28. Speaking on the program The Week in Politics yesterday on RTÉ, Minister of State James Browne said that it is expected that the matter will be completed this week. Ag labhairt ar an gclár The Week in Politics inné ar RTÉ, dúirt an tAire Stáit James Browne go bhfuiltear ag súil go gcuirfear an rud i gcrích an tseachtain seo. He said that the measures were implemented during the emergency, but that a ‘medium term’ approach is now needed. Dúirt sé gur cuireadh na bearta i bhfeidhm le linn na héigeandála, ach go bhfuil gá le cur chuige ‘meántéarmach’ anois. Sinn Féin’s Dála Deputy, Mairéad Farrell, said on the same program that it was time to review the supports but that there should be care about the issue of accommodation. Dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Mairéad Farrell, ar an gclár céanna go raibh sé in am athbhreithniú a dhéanamh ar na tacaíochtaí ach gur cheart a bheith cáiréiseach faoi cheist an lóistín. “We have a housing crisis”, she said, “and we have to make sure that we are not pushing people into the rental market, which could increase rental prices even more.” “Tá géarchéim tithíochta againn”, a dúirt sí, “agus caithfimid cinntiú nach bhfuil daoine á mbrú againn isteach sa mhargadh cíosa, rud a d’fhéadfadh praghsanna cíosa a mhéadú níos mó fós.” The issue of support provided to refugees from Ukraine was discussed at a Government meeting at the end of October. Pléadh ceist na dtacaíochtaí a chuirtear ar fáil do theifigh ón Úcráin ag cruinniú Rialtais ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair.

Dec 12, 202312 min

20231209_IRISH_molly_martens_corbett,_tom_martens_le_fanacht_i_bpriosun

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ywvltwb5 Contact: [email protected] Molly Martens Corbett, Tom Martens to remain in prison. Molly Martens Corbett, Tom Martens le fanacht i bpríosún. The prison service in North Carolina in the United States has admitted that a mistake was made when calculating how long Molly Martens Corbett and her father Tom Martens were to spend in prison. Tá sé admhaithe ag an tseirbhís phríosúin in North Carolina sna Stáit Aontaithe go ndearnadh dearmad nuair a bhíothas ag ríomh cén fad a bhí le caitheamh i bpríosún ag Molly Martens Corbett agus ag a hathair Tom Martens. It was revealed yesterday that the two were to be released this week but it was later announced that they would be kept in prison until next June. Tugadh le fios inné go raibh an bheirt le scaoileadh saor an tseachtain seo ach fógraíodh ina dhiaidh sin go gcoinneofaí i bpríosún iad go dtí mí an Mheithimh seo chugainn. Molly Martens Corbett and Tom Martens were convicted in the murder of Jason Corbett, a 39-year-old man from Limerick who was beaten and killed in his home in North Carolina eight years ago. Ciontaíodh Molly Martens Corbett agus Tom Martens i ndúnorgain Jason Corbett, fear 39 bliain d’aois as Luimneach a bascadh agus a maraíodh ina theach in North Carolina ocht mbliana ó shin. Before it was confirmed last night that they were to be kept in prison, the family of Jason Corbett in Limerick indicated that the report about the release of the two had hurt them greatly and said that the authorities in North Carolina had wronged them. Sular deimhníodh aréir go raibh siad le coinneáil i bpríosún, thug teaghlach Jason Corbett i Luimneach le fios gur ghoill an tuairisc faoi shaoradh na beirte go mór orthu agus dúirt go raibh loicthe ag na húdaráis in North Carolina orthu. Molly Martens Corbett was married to Jason Corbett, a business manager whose body was found in the master bedroom of the couple’s home in Wallburg, North Carolina in August 2015. Bhí Molly Martens Corbett pósta ar Jason Corbett, bainisteoir gnó a bhfuarthas a chorp sa phríomhsheomra codlata i dteach cónaithe na lánúine in Wallburg, North Carolina i mí Lúnasa 2015. Jason Corbett’s two young children – Sarah and Jack – were in the house at the time. Bhí beirt pháistí óga Jason Corbett – Sarah agus Jack – sa teach ag an am. The children’s mother died in 2006 and Jason Corbett married Molly Martens in Limerick in 2011 before the family moved to America. Cailleadh máthair na bpáistí in 2006 agus phós Jason Corbett Molly Martens i Luimneach in 2011 sular bhog an teaghlach go Meiriceá. In 2017, Molly Martens Corbett and Tom Martens were convicted of Jason Corbett’s murder and sentenced to 20 years and 25 years in prison respectively. In 2017, ciontaíodh Molly Martens Corbett agus Tom Martens i ndúnmharú Jason Corbett agus gearradh príosún 20 bliain agus 25 bliain ar an dís faoi seach. That conviction was overturned in 2020 on the grounds, it was said, that important evidence was withheld from the jury at trial. Cuireadh an ciontú sin ar neamhní in 2020 ar an mbonn, a dúradh, gur coinníodh fianaise thábhachtach ón ngiúiré sa triail. Last October, however, they pleaded guilty to voluntary manslaughter. I mí Dheireadh Fómhair seo caite, áfach, phléadáil siad ciontach i ndúnorgain thoilteanach. RTÉ News and Current Affairs Molly Martens Corbett and Tom Martens Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Molly Martens Corbett agus Tom Martens

Dec 9, 202311 min

20231208_IRISH_imni_i_gciarrai_faoina_thuilleadh_teifeach_a_bheith_a_gcur_ann

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yqqcvvob Contact: [email protected] Concern in Kerry about more refugees being sent there. Imní i gCiarraí faoina thuilleadh teifeach a bheith á gcur ann. An additional 100 refugees from Ukraine have been ordered to live in Kilarne, Co Kerry, from now until the end of the year. Tá bordaithe ar 100 dídeanaí breise ón Úcráin le dul chun cónaithe i gCill Airne, Co Chiarraí, as seo go deireadh na bliana. The Integration Department indicated yesterday that they have made an arrangement with the company Millstreet Equestrian Services, owned by the Dúgan family from Mill Street, to provide accommodation for the refugees. Thug an Roinn Lánpháirtíochta le fios inné go bhfuil socrú déanta acu leis an gcomhlacht Millstreet Equestrian Services, ar le muintir Dhúgáin ó Shráid an Mhuilinn é, chun cóiríocht a chur ar fáil do na dídeanaithe. It is where the Convent of Torvirte used to be on New Street in Killarney that the refugees settled. Is san áit a mbíodh Clochar na Toirbhirte ar an tSráid Nua i gCill Airne a bheas na dídeanaithe ag cur fúthu. The Dúgáin family bought the convent last summer for €3 million, twice the asking price in the first place. Cheannaigh muintir Dhúgáin an clochar an samhradh seo caite ar €3 mhilliún dhá oiread an mhéid a hiarradh air ar an gcéad dul síos. The place has since been renovated and has 26 rooms and a chapel. Tá an áit athchóirithe ó shin agus tá 26 seomra agus séipéilín ann. It is reported that the Dúgan family are determined to open a hotel on the site in the long run. Tuairiscítear go bhfuil muintir Dhúgáin meáite ar óstán a oscailt ar an suíomh i bhfad na haimsire. Millstreet Equestrian Services is one of the largest companies in the country that provides accommodation services to the State, including Dresen Castle in Mill Street. Ta Millstreet Equestrian Services ar cheann de na comhlachtaí is mó sa tír a chuireann seirbhísí cóiríochta ar fáil don Stát, lena n-áirítear Caisleán an Driseáin i Sráid an Mhuilinn. Last month, Kerry County Council wrote to the Department of Integration asking not to send any more refugees or asylum seekers to Kerry because, they say, 10% of all Ukrainians in the country are already in Kerry and not services can only be provided to a certain amount of people. An mhí seo caite, scríobh Comhairle Contae Chiarraí chuig an Roinn Lánpháirtíochta ag iarraidh gan tuilleadh teifeach ná iarrthóirí tearmainn a chur go Ciarraí ar an gcúis, a deir siad, go bhfuil 10 faoin gcéad d’Úcránaigh na tíre go léir i gCiarraí cheana féin agus nach bhfuiltear in acmhainn seirbhísí a chur ar fáil ach do mhéid áirithe daoine. According to official figures obtained by RTÉ News, 3,760 refugees from Ukraine are currently located in the town of Killarney, compared to around 2,000 in Cork city. De réir figiúirí oifigúla atá faighte ag Nuacht RTÉ, tá 3,760 teifeach ón Úcráin lonnaithe i mbaile Chill Airne faoi láthair, ar ghualainn thart ar 2,000 i gcathair Chorcaí. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Dec 8, 20239 min

20231207_IRISH_gaza:_forsai_iosrael_i_lar_khan_younis,_sibhialtaigh_ar_an_bhfan

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yowplydd Contact: [email protected] Gaza: Israeli forces in the center of Khan Younis, civilians on the ground. Gaza: fórsaí Iosrael i lár Khan Younis, sibhialtaigh ar an bhfán. The United Nations says 600,000 people in southern Gaza who have been ordered by Israeli forces to leave their towns soon have nowhere to go. Deir na Náisiúin Aontaithe nach bhfuil aon áit le dul ag 600,000 duine i ndeisceart Gaza ar ordaigh fórsaí Iosrael dóibh a mbailte a thréigean gan mhoill. According to the senior executive of the United Nations in the Palestinian territories, Philippe Lazzarini, half of those people have already left their burned-out towns but they are on the way since all the shelters have been full to the brim for a long time. Dar le feidhmeannach sinsearach na Náisiún Aontaithe sna críocha Palaistíneacha, Philippe Lazzarini, go bhfuil leath na ndaoine sin tar éis a mbailte a fhágáil ina dtáinte cheana féin ach gur ar an bhfán atá siad ó tá na hionaid dídine ar fad lán go boimbéal le fada. Although the Israelis have given instructions to the pilgrims to go to specific ‘safe areas’, the United Nations says that nowhere in Gaza is safe and that the Israelis are pretending. Cé go bhfuil treoracha tugtha ag na hIosraelaigh do na fánaithe dul chuig ‘ceantair shábháilte’ faoi leith, deir na Náisiúin Aontaithe nach bhfuil aon áit in Gaza sábháilte agus gur ag cur i gcéill atá na hIosraelaigh. Another thing is that these ‘safe areas’ are barren areas of land that have no resources or human resources at all, according to a local official from the United Nations. Rud eile de, is geadáin talún aimride atá sna ‘ceantair shábháilte’ seo nach bhfuil acmhainn ná áiseanna daonna dá laghad iontu, dar le hoifigeach áitiúil ó na Náisiúin Aontaithe. It is estimated that over 80% of the people of Gaza – both north and south – have been driven from their towns by this. Meastar go bhfuil os cionn 80 faoin gcéad de mhuintir Gaza – idir thuaidh agus theas – ruaigthe as a mbailte faoi seo. In this persecution, blood is constantly being shed. I gceann na géarleanúna seo, tá an fhuil á doirteadh i gcónaí. The Israelis have declared that their soldiers have reached the center of the city of Khan Younis in the south of Gaza and that they are going to fight with the Hamas forces there. Tá sé dearbhaithe ag na hIosraelaigh go bhfuil lár chathair Khan Younis i ndeisceart Gaza bainte amach ag a gcuid saighdiúirí agus go bhfuil siad ag dul i gcomhrac le lucht airm Hamas ann. The Israelis say they are determined to kill the Hamas leaders they believe are hiding in Khan Younis. Deir na hIosraelaigh go bhfuil rún daingean acu ceannairí Hamas a chreideann siad atá ina bhfolach in Khan Younis a bhású. In northern Gaza, Israeli forces are targeting specific areas in Gaza City, especially Jabalia. I dtuaisceart Gaza, is ag díriú ar cheantair faoi leith i gCathair Gaza, go háirithe Jabalia, atá fórsaí Iosrael. Of course, hundreds of thousands of civilians live in those places, many of them in the rubble of buildings flattened by Israeli bombs. Dar ndóigh, tá na céadta míle sibhialtach ina gcónaí sna háiteanna sin, cuid mhór acu i smionagar na bhfoirgneamh atá leacaithe ag buamaí na nIosraelach. Almost 16,000 people have been killed by the Israelis in Gaza in two months – 7,000 children among them – in the raids carried out by armed groups of Hamas on the south of Israel on October 7. Nach mór 16,000 duine atá maraithe ag na hIosraelaigh in Gaza le dhá mhí – 7,000 leanbh ina measc – i ndíol an ruathair a thug buíonta armtha Hamas ar dheisceart Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair. Hamas killed 1,200 people that day, including civilians and children. Mharaigh lucht Hamas 1,200 duine an lá sin, sibhialtaigh a mbunáite agus leanaí ina measc. RTÉ News and Current Affairs Homeless people on the side of the road in Khan Younis, Gaza, 5 December 2023 Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Daoine gan dídean ar thaobh an bhóthair in Khan Younis, Gaza, 5 Nollaig 2023

Dec 7, 202312 min

20231204_IRISH_an_trodaiocht_atosaithe_ag_iosrael_i_ngaza

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ys9ez5e9 Contact: [email protected] Israel’s renewed fighting in Gaza. An trodaíocht atosaithe ag Iosrael i nGaza. Israel announced this morning that it is resuming hostilities in Gaza, and carried out several airstrikes on the enclave after accusing Hamas of firing bullets into Israel while a ceasefire was in effect. D’fhógair Iosrael ar maidin go bhfuil sí ag dul i mbun na cogaíochta arís i nGaza, agus rinne roinnt aer-ruathair ar an iamhchríoch tar éis a chur i leith Hamas gur scaoil siad urchair i dtreo Iosrael fad a bhí sos comhraic i bhfeidhm. The Israeli army, and IDF, say that military jets were carrying out attacks on ‘Hamas terrorist’ centers in Gaza. Deir arm Iosrael, and IDF, go raibh scairdeitleáin míleata i mbun ionsaithe ar ar ionaid ‘sceimhlitheoireachta Hamas’ i nGaza. Gaza’s health ministry confirmed that three people were killed in Rafah, where many Palestinians fled after an Israeli order to leave the north of the territory. Dheimhnigh aireacht sláinte Gaza gur maraíodh triúr i Rafah, áit ar theith go leor Pailistíneach chuige tar éis ordú ó Iosrael tuaisceart na críche a fhágáil. Hamas militias are understood to have been ordered to resume fighting, and are reported to be fighting heavily in several areas of Gaza city. Tuigtear gur tugadh ordú do mhílistigh Hamas dul i mbun na trodaíochta arís, agus tuaisicítear é bheith ag go tréan i roinnt ceantar i gcathair Gaza. There is now little hope of any further extension to the seven-day pause that saw hostages exchanged and bailouts arrive in Gaza. Is beag dóchas atá anois ann go gcuirfear síneadh ar bith eile leis an sos seacht lá a chonaic gialla á malartú agus fóirithint ag teacht i nGaza. The American Secretary of State Anthony Blinken, who was in the region yesterday, had requested an extension of the cease-fire yesterday, and he also warned about protecting civilians in Palestine from further fighting. Bhí síneadh leis an sos comhraic iarrtha inné ag Stát-Rúnaí Mheiriceá Anthony Blinken a bhí sa réigiún inné, agus chuir sé fainic freisin faoi shibhialtaigh sa Phailistin a chosaint óna thuilleadh trodaíochta. Blinken said that Israel must clearly assign areas in central and southern Gaza where civilians can find shelter from the fighting. Dúirt Blinken go gcaithfeadh Iosrael limisitéir i lár agus i ndeisceart Ghaza a shannadh go ríshoiléir mar ar féidir le sibhialtaigh foscadh a fháíl on gcogaíocht. Those 7 days were the only break in the fighting since October 7 when Hamas broke through the Israeli border. Ba iad na 7 lá sin an t-aon bhriseadh a bhí sa chogaíocht ón 7 Deireadh Fómhair nuair a bhris Hamas thar teorainn Iosrael isteach. Israel says Hamas killed 1,200 people in the attack, most of them civilians, and kidnapped about 240 In response to the attack, Israel vowed to eliminate Hamas and launched a ground and air military campaign against Gaza. Deir Iosrael gur mharaigh Hamas 1,200 duine san ionsaí, sibhialtaigh a bhformhór, agus d’fhuadaigh tuairim is 240 Mar fhreagra ar an ionsaí, gheall Iosrael go gcuirfí deireadh le Hamas agus chuaigh i mbun fheachtas mhíleata talún agus aeir in aghaigh Gaza. The Hamas government says over 15,000 people have been killed, and the enclave’s infrastructure has been destroyed. Deir rialtas Hamas go bhfuil os cionn 15,000 duine maraithe, agus rinneadh scrios ar infrastruchtúr na hiamhchríche. A hostage exchange took place during the ceasefire, 80 Israeli hostages against 240 Palestinian hostages. Rinneadh malartú giall i rith an tsosa comhraic, 80 giall Iosraelach in aghaidh 240 giall Pailistíneach.

Dec 4, 202311 min

20231201_IRISH_an_t-amhranai_mor_le_ra_shane_macgowan_tar_eis_bhais

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yqcwf9nc Contact: [email protected] Legendary singer Shane MacGowan has died. An t-amhránaí mór le rá Shane MacGowan tar éis bháis. Legendary singer Shane MacGowan has died. Tá an t-amhránaí mór le rá Shane MacGowan tar éis bháis. He was 65 years old and had been ill for a long time. Bhí sé 65 bliain d’aois agus bhí sé tinn le hatha fhada. Shane MacGowan rose to fame in the 1980s as the lead singer of the band The Pogues. Bhain Shane MacGowan cáil amach sna 1980í mar phríomhamhránaí an bhanna ceoil The Pogues. He also wrote most of the songs recorded by the Pogues in that era and one of his essays, Fairytale of New York, is one of the best known Christmas songs in pop music. Ba é freisin a scríobh an chuid is mó de na hamhráin a thaifead na Pogues sa ré sin agus ceann dá aistí, Fairytale of New York, tá sé ar cheann de na hamhráin Nollag is aitheanta sa phopcheol. In a statement posted on social media, the Pogues said they were saddened to announce that Shane MacGowan had passed away. I ráiteas a postáladh ar na meáin shóisialta, dúirt na Pogues gur dhoiligh leo a fhógairt go raibh Shane MacGowan éagtha. The statement said that he passed away at 3 o’clock this morning, and that his wife Victoria Mary Clarke and his family were by his side when he passed away. Dúradh sa ráiteas gur bás le hadhairt a fuair sé ag 3 a chlog ar maidin inniu, agus go raibh a bhean chéile Victoria Mary Clarke agus a theaghlach lena thaobh nuair a shíothlaigh sé. In a post she posted on Instagram, Victoria said she was deeply saddened by Shane’s death and that her grief is beyond words. I bpostáil a chuir sí ar Instagram, dúirt Victoria gur méala mór di bás Shane agus go bhfuil an brón atá uirthi thar insint. Shane MacGowan had recently spent a few months in St Vincent’s Hospital in Dublin and it has only been a week since he was released from hospital. Bhí cúpla mí caite ag Shane MacGowan in Ospidéal Naomh Uinseann i mBaile Átha Cliath le gairid agus níl ach seachtain caite ó scaoileadh amach as an ospidéal é. Shane McGowan was born on Christmas Day 1957 in Kent, England. Is in Kent i Sasana a rugadh Shane McGowan Lá Nollag 1957. His father was from Dublin and his mother from Tipperary. Ba as Baile Átha Cliath a athair agus Tiobradach a bhí ina mháthair. It was indeed in Tipperary that he spent a good part of his childhood, where he was greatly influenced by the local traditional and country music. Ba i dTiobraid Árann go deimhin a chaith sé cuid mhaith dá óige, mar a ndeachaigh ceol traidisiúnta agus ceol tíre na háite go mór i gcion air. In 1977, Shane MacGowan formed the punk band The Nips out of nowhere with his girlfriend Shanne Bradley. I 1977, bhunaigh Shane MacGowan an banna ceoil punc The Nips in éindí lena chailín Shanne Bradley. When the Nips disbanded he formed Pogue Mahone in 1982 and the group’s name was changed to The Pogues two years later. Nuair a scoir na Nips bhunaigh sé Pogue Mahone i 1982 agus athraíodh ainm an ghrúpa go dtí The Pogues dhá bhliain ina dhiaidh sin. Red Roses for Me is the first album released by the Pogues and songs such as Dark Streets of London, Waxie’s Dargle and Boys from the County Hell were among the songs that pricked ears and attracted fans, especially young Irish people in England. Is é Red Roses for Me an chéad albam a chuir na Pogues amach agus bhí amhráin mar Dark Streets of London, Waxie’s Dargle agus Boys from the County Hell i measc na n-amhrán a bhioraigh cluasa agus a mheall lucht leanúna, go háirithe Éireannaigh óga i Sasana. There were more songs with him on the second album Rum Sodomy Bhí tuilleadh amhrán leis ar an dara halbam Rum Sodomy & the Lash, a raibh an-tóir air ar fud an domhain, go háirithe ar an leagan de Dirty Old Town a eisíodh mar shingil. The public was also very impressed with the Irish ballad The Irish Rover which he recorded with the Dubliners in 1987. Bhí an pobal an- tógtha freisin leis an mbailéad Raibiléiseach The Irish Rover a thaifead sé leis na Dubliners i 1987. In the same year, he was bet that he could not write a Christmas song and he answered the challenge with ease with Fairytale of New York which he recorded with Kirsty MacColl – daughter of Ewan MacColl, who wrote Dirty Old Town. An bhliain chéanna, cuireadh geall leis nach bhféadfadh sé amhrán Nollag a scríobh agus d’fhreagair sé an dúshlán gan stró le Fairytale of New York a thaifead sé i gcomhghléas le Kirsty MacColl – íníon le Ewan MacColl, an té a scríobh Dirty Old Town. In a statement, the President of Ireland Michael D Higgins paid tribute to Shane MacGowan, saying he was one of the best songwriters in the world. I ráiteas, thug Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins adhmholadh céadach do Shane MacGowan, á rá go raibh sé ar dhuine de na scríbhneoirí amhrán ab fhearr ar domhan. Those songs, said the President, connected

Dec 1, 202316 min

20231130_IRISH_gunnai_taser,_dha_chanoin_uisce_le_cur_ar_fail_do_na_gardai

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yvbbosyn Contact: [email protected] Taser guns, two water cannons to be provided to the Gardai. Gunnaí taser, dhá chanóin uisce le cur ar fáil do na Gardaí. The Commissioner of the Garda Síochána Drew Harris has confirmed that taser guns are to be made available to all members of the Public Order Unit of the Gardaí in view of the riots that were in the center of Dublin a week ago. Tá sé dearbhaithe ag Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris go bhfuil gunnaí taser le cur ar fáil do gach comhalta d’Aonad Oird Phoiblí na nGardaí i bhfianaise na gcíréibeacha a bhí i lár Bhaile Átha Cliath seachtain ó shin. Two water canons are also to be purchased. Táthar le dhá chanóin uisce a cheannach freisin. In that regard, according to Commissioner Harris, Gardai will start using body cameras from the middle of next year and will be provided with more safety equipment, including stronger protective spray. Ina cheann sin, de réir an Choimisinéara Harris, tosóidh Gardaí ag baint leas as ceamaraí colainne ó lár na bliana seo chugainn agus cuirfear tuilleadh fearas sábháilteachta ar fáil dóibh, sprae cosanta níos láidre ina measc. Speaking at a hearing of the Oireachtas Law and Justice Committee, Commissioner Harris indicated that the Gardaí had already been making changes to their operations since the riots. Ag labhairt dó ag éisteacht de Choiste Dlí agus Cirt an Oireachtais, thug an Coimisinéir Harris le fios go raibh athruithe á ndéanamh cheana féin ag na Gardaí ar a gcuid oibríochtaí ó bhí na círéibeacha ann. He also said that more Gardaí would be trained in matters of public order and promised that Gardaí would be seen and visible in the capital during Christmas. Dúirt sé freisin go mbeadh tuilleadh Gardaí á n- oiliúint i gcúrsaí oird phoiblí agus gheall sé go mbeadh Gardaí le feiceáil agus le sofheiceáil sa phríomhchathair i gcaitheamh na Nollag. That is on the back of the Police Authority’s review of the resources currently available to the Gardai, as announced by the Minister for Justice Helen McEntee yesterday. É sin ar mhuin an athbreithnithe atá an tÚdarás Póilíneachta a dhéanamh ar na hachmainní atá ag na Gardaí faoi láthair, mar a d’fhógair an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee inné. According to Drew Harris, those who were rioting in Dublin last week are a minority and he claimed that those people misused the suffering of others for their own narrow and ugly cause. Dar le Drew Harris gur mionlach atá sa dream a bhí ag réabadh i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite agus mhaígh sé gur bhain na daoine sin mí- úsáid as fulaingt dhaoine eile ar son a gcúise cúngaigeanta agus gránna féin. While defending the way the Garda Síochána worked during the riots, Commissioner Harris said that as bad as the disorder in Dublin was that night, it did not last as long as the disorder in other capitals (in Europe). before this. Agus é ag cosaint mhodh oibre an Gharda Síochána le linn na gcíréibeacha, dúirt an Coimisinéir Harris dá dhonacht an mí-ord i mBaile Átha Cliath an oíche sin nár mhair sé chomh fada leis an mí-ord a bhí i bpríomhchathracha eile (san Eoraip) roimhe seo. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Nov 30, 20239 min

20231129_IRISH_beirt_os_comhair_cuirte_faoi_ionsai_a_rinne_madra_ar_bhuachaill

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ylcmrgr4 Contact: [email protected] Two in court for an attack by a dog on a boy. Beirt os comhair cúirte faoi ionsaí a rinne madra ar bhuachaill. A woman and a man who pleaded guilty to charges related to the attack of a nine-year-old boy by a dog that left him with serious facial injuries are due to be sentenced next January. Tá pianbhreith le gearradh i mí Eanáir seo chugainn ar bhean agus ar fhear a phléadáil ciontach i gcúisimh a bhaineann le hionsaí a rinne madra ar bhuachaill naoi mbliana d’aois agus ar bhain drochghortuithe san éadan dó dá bharr. Both were before Wexford Circuit Court this morning. Bhí an bheirt os comhair Chúirt Chuarda Loch Garman ar maidin inniu. They are Karen Miller and Niall Byrne from Fernanna Cearta, Enniscorthy, Co Wexford. Sin iad Karen Miller agus Niall Byrne as Fearann na Ceárta, Inis Córthaidh, Co Loch Garman. Karen Miller pleaded guilty to two counts of endangering a person when a pit bull attacked Alejandro Mizsan on November 23, 2022 and another boy four days earlier. Phléadáil Karen Miller ciontach in dhá chúis a bhaineann le duine a chur i gcontúirt nuair a rinne tarbh-bhrocaire ionsaí ar Alejandro Mizsan ar an 23 Samhain 2022 agus ar bhuachaill eile ceithre lá roimhe sin. Niall Byrne pleaded guilty to inhumanely destroying a dog and is also accused of making threats to kill a person or people. Phléadáil Niall Byrne ciontach i madra a dhíothú go mídhaonnachtúil agus tá sé cúisithe freisin i mbagairtí a dhéanamh duine nó daoine a mharú. Niall Byrne was remanded in custody and Karen Miller was released on bail until 11 January 2024. Cuireadh Niall Byrne siar faoi choinneáil agus scaoileadh saor ar bannaí Karen Miller go dtí 11 Eanáir 2024. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Nov 29, 20236 min

20231127_IRISH_daithi_mac_gabhann_ag_fanacht_2,000_la_le_croi_nua

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ys3z9eh8 Contact: [email protected] Dáíth MacGaphann waiting 2,000 days for a new heart. Dáithí Mac Gabhann ag fanacht 2,000 lá le croí nua. Dáithí Mac Gabhann, a seven-year-old boy from Belfast, has been waiting for a new heart for 2,000 days now. Is le 2,000 lá anois atá Dáithí Mac Gabhann, buachaill seacht mbliana d’aois as Béal Feirste, ag fanacht le croí nua. It is an unwanted milestone, but Dáíthí’s father has seized the opportunity to draw public attention to his son’s situation. Cloch mhíle nár theastaigh atá ann ach tá an deis tapaithe ag athair Dháithí le aird an phobail a tharraingt ar chás a mhic. It is not the first time that Dáíthí’s case has been in the limelight. Ní hé an chéad uair é ag cás Dháithí a bheith faoi iomrá. In the beginning of the summer – as a result of a long campaign by his family – a new law was introduced in the North under which almost every adult who has died is now considered an organ donor. I dtús an tsamhraidh – de thoradh fheachtas fada a mhuintire – tugadh isteach dlí nua sa Tuaisceart faoin mbreathnaítear anois ar bheagnach gach duine fásta atá tar éis bháis mar dheontóir orgán. It is assumed that people would not mind their organs being used unless they had specifically indicated during their lifetime that they did not wish to donate them. Glactar leis nár mhiste le daoine go mbainfí leas as a gcuid orgán mura raibh sé tugtha le fios go sonrach acu agus iad ina mbeatha nár mhian leo iad a dheonú. The law was called ‘Dlí Dáithí’ in honor of the murderer. ‘Dlí Dháithí’ a tugadh ar an dlí in onóir an mhalraigh. A week after the law was implemented, however, the MacGiffin family were informed that doctors were no longer to be included among the people they were prioritizing. Seachtain i ndiaidh don dlí a bheith curtha i bhfeidhm, áfach, cuireadh in iúl do mhuintir Mhic Gabhann nach raibh dochtúirí le Dáithí a áireamh níos mó i measc na ndaoine a raibh siad ag tabhairt tús áite dóibh. Fortunately, he has since been given priority again but he has withdrawn from his family how things could change so suddenly. Ar ámharaí an tsaoil, tá tús áite tugtha dó an athuair ó shin ach bhain sé siar as a mhuintir an chaoi a bhféadfadh cúrsaí athrú chomh tobann. In fact, Máirtín MacGaffann said today that Dáithí will not live long if he does not find a new heart. Go deimhin, dúirt Máirtín Mac Gabhann inniu nach mairfidh Dáithí i bhfad mura bhfaighidh sé croí nua. Dáithí is in a stable condition at the moment but things can change at a moment’s notice, he said. Tá bail sheasmhach ar Dháithí faoi láthair ach is feidir le cúrsaí athrú ar iompú boise, arsa sé. Despite the new law, Máirtín MacGaffann appealed to people to register as organ donors and to discuss the situation openly with others in order to improve public awareness of the issue. Ainneoin an dlí nua, d’achainigh Máirtín Mac Gabhann ar dhaoine clárú mar dheontóirí orgán agus an scéal a phlé go hoscailte le daoine eile d’fhonn feasacht an phobail trí chéile ar an gceist a fheabhsú. In addition to Dáíth, up to 150 people in the North are waiting for a new organ. Chomh maith le Dáithí, tá suas le 150 duine sa Tuaisceart ag fanacht le horgán nua. Last year, 96 people in the north received new organs from donors who had died. Anuraidh, fuair 96 duine ó thuaidh orgán nua ó dheontóirí a bhí básaithe. Unfortunately, around fifteen people are lost each year in the North while waiting for a new organ. Ar an drochuair, cailltear thart ar chúig dhuine dhéag gach bliain sa Tuaisceart agus iad ag fanacht le horgán nua. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Nov 27, 202311 min

20231125_IRISH_cireibeacha_sa_phriomhchathair:_os_cionn_30_duine_gafa

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yrocayda Contact: [email protected] Riots in the capital: over 30 people arrested. Círéibeacha sa phríomhchathair: os cionn 30 duine gafa. The Commissioner of the Garda Síochána Drew Harris has revealed that 34 people have been arrested so far in connection with the riots in the center of Dublin last night. Tá sé tugtha le fios ag Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris go bhfuil 34 duine gafa go dtí seo faoi na círéibeacha a bhí i lár Bhaile Átha Cliath aréir. Commissioner Harris confirmed that eleven Garda squad cars, two public transport buses and a Luas tram were burnt in the blaze. Dhearbhaigh an Coimisinéir Harris gur dódh aon scuadcharr déag de chuid na nGardaí, dhá bhus iompair phoiblí agus tram Luas sa choinscleo. A number of Gardai were also beaten, one of them badly, he said. Leonadh roinnt Gardaí freisin, duine acu go dona, a dúirt sé. Fireworks, bottles and other material were thrown by Gardaí around the crossroads between O’Connell Street and East Parnell Square near where a man with a knife attacked children and a woman with a knife at lunchtime yesterday. Caitheadh tinte ealaíne, buidéil agus ábhar eile le Gardaí thart ar an gcrosbhóthar idir Sráid Uí Chonaill agus Cearnóg Parnell Thoir in aice leis an áit ar ionsaigh fear dreabhlán páistí agus bean le scian ag am lóin inné. People were outraged by the attack and it is believed that right-wing extremists incited them to surrender to the Gardai. Bhí daoine corraithe faoin ionsaí agus táthar den bharúil gur ghríosaigh antoiscigh ón eite dheis iad le séirse a thabhairt faoi na Gardaí. The Gardaí also say that others took the opportunity to go wild, and commit vandalism and robbery. Deir na Gardaí freisin gur thapaigh daoine eile an deis le dul i bhfiáin, agus loitiméireacht agus robáil a dhéanamh. According to Chief Superintendent Patrick McMenamin it was “a livelihood for a livelihood”. Dar leis an Ard-Cheannfort Patrick McMenamin gur “bithiúntas ar son an bhithiúntais” a bhí ann. Condemning the disorder, Taoiseach Leo Varadkar said that it is estimated that around 500 people were involved in the riots. Agus an mí-ord á cháineadh aige, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go meastar gur thart ar 500 duine a bhí páirteach sna scliúchais. Many Gardai are on duty in the city center today, including members of the Public Order Unit. Tá go leor Gardaí ar dualgas i lár na cathrach inniu, comhaltaí den Aonad Oird Phoiblí ina measc. Gardai are carrying out forensic examinations at various locations in the city and road traffic is still prohibited on O’Connell Street and in the Parnell Square area. Tá scrúdúithe dlí-eolaíochta á ndéanamh ag na Gardaí ar ionaid éagsúla sa chathair agus tá cosc go fóill ar thrácht bóthair ar Shráid Uí Chonaill agus i gceantar Chearnóg Parnell. The General Secretary of the Garda Síochána Association of Sergeants and Inspectors, Antoinette Cunningham, has condemned the riots. Tá na círéibeacha cáinte ag Ard-Rúnaí Chumann Sháirsintí agus Chigirí an Gharda Síochána, Antoinette Cunningham. She said Gardai were shocked by the violence in the capital last night and claimed they were under-resourced to deal with it. Dúirt sí go raibh Gardaí suaite ag an bhforéigean a bhí sa phríomhchathair aréir agus mhaígh sí nach raibh dóthain acmhainní acu le dul i ngleic lena leithéid. It is not good enough for Justice Minister Helen McEntee to continue to claim that there are enough Gardai in Dublin, says Antoinette Cunningham, when every Garda knows that is not true. Níl sé sách maith ag an Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee coinneáil uirthi ag maíomh go bhfuil dóthain Gardaí i mBaile Átha Cliath, arsa Antoinette Cunningham, nuair atá a fhios ag gach uile Gharda nach bhfuil sé sin fíor. Gardaí are regularly brought in from other divisions to assist their colleagues in the capital, she said. Caitear Gardaí a thabhairt isteach ó rannáin eile go rialta le cuidiú lena gcomhghleacaithe sa phríomhchathair, a dúirt sí. News and Current Affairs RTÉ Luas Tram burnt in the riots last night Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Tram Luas a dódh sna círéibecha aréir

Nov 25, 202312 min

20231123_IRISH_sos_comhraic_in_gaza:_bailchrioch_fos_a_cur_ar_mhionsonrai

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yknkt8hc Contact: [email protected] Gaza ceasefire: details still being finalized. Sos comhraic in Gaza: bailchríoch fós á cur ar mhionsonraí. Israeli military forces have revealed that they have hit 300 targets they say were linked to Hamas in Gaza since yesterday. Tá sé tugtha le fios ag fórsaí míleata Iosrael gur bhuail siad 300 targaid a deir siad a bhí bainteach le Hamas in Gaza ó inné. The Israelis say they fired missiles from warplanes at the targets and destroyed Hamas operational centers, bomb-making centers and underground tunnels in Jabalia and Beit Hanoun in northern Gaza. Deir na hIosraelaigh gur scaoil siad diúracáin ó eitleáin chogaidh leis na targaidí agus gur scrios siad ionaid oibríochta de chuid Hamas, ionaid déanta buamaí agus tolláin faoi thalamh in Jabalia agus in Beit Hanoun i dtuaisceart Gaza. They did not say how many people were killed in the raids, however. Ní dúirt siad cé mhéad duine a maraíodh sna ruathair, ámh. It is also reported that the Israelis fired missile barrages with targets in the towns of Rafah and Khan Younis this morning. Tuairiscítear freisin gur scaoil na hIosraelaigh baráistí diúracán le hionaid i mbailte Rafah agus Khan Younis ar maidin. The Israelis are still carrying out airstrikes on targets in southern Lebanon as well. Tá na hIosraelaigh fós ag déanamh ionsaithe ón aer ar thargaidí i ndeisceart na Liobáine freisin. It is assumed that these are targets that may be associated with Hezbollah. Glactar leis gur targaidí a d’fhéadfadh a bheith bainteach le Hezbollah atá i gceist. The Israelis say they destroyed a “squad” capable of attacking tanks and also destroyed a missile launcher. Deir na hIosraelaigh gur dhíothaigh siad “scuad” a raibh sé d’acmhainn aige tancanna a ionsaí agus gur scrios siad teilgeoir diúracán chomh maith. Although the four-day ceasefire announced yesterday was supposed to start today, it is now expected that it will not be implemented until tomorrow at the earliest. Cé gur ceapadh go gcuirfí tús inniu leis an sos comhraic ceithre lá a fógraíodh inné, meastar anois nach gcuirfear i bhfeidhm é go dtí amárach ar a thúisce. In addition to what was decided about the hostilities, it was promised that Hamas would release half a hundred hostages they are holding in Gaza in exchange for 150 Palestinians who are being held by the Israelis. Chomh maith lenar socraíodh faoi chúrsaí cogaíochta, gealladh go scaoilfeadh Hamas saor leathchéad giall atá siad a choinneáil in Gaza mar mhalairt ar 150 Palaistíneach atá faoi choinneáil ag na hIosraelaigh. However, it seems that the details are being finalized – such as which hostages will be released and to whom they will be handed over. Dealraíonn sé, áfach, go bhfuiltear ag cur bailchríoch ar na mionsonraí – leithéidí cé na gialla a ligfear saor agus cé dó a dtabharfar ar láimh iad. Regarding the ceasefire, the main mediator, Qatari diplomat Mohammed al- Khulaifi, said there was still work to be done. Maidir leis an sos comhraic, dúirt an príomh-idirghabhálaí, an taidhleoir as Catar Mohammed al-Khulaifi, dúirt sé go raibh obair fós le déanamh. There will be further talks in the hope of extending the ceasefire, he said. Beidh tuilleadh comhráite ann le súil síneadh a chur leis an sos comhraic, arsa sé. He also indicated that he was hopeful that this would be achieved. Thug sé le fios freisin go raibh sé dóchasach go mbainfí é sin amach. As part of the deal between Israel and Hamas, hundreds of lorries full of relief supplies – food, water, medicine, fuel and so on – are expected to be allowed into Gaza. Mar chuid dá bhfuil socraithe idir Iosrael agus Hamas, tá súil go ligfear isteach in Gaza na céadta leoraí lán le soláthairtí fóirithinte – bia, uisce, cógais leighis, breosla agus mar sin díobh. Since the Israelis began bombing Gaza and besieged the enclave last month, millions of Palestinians have been left without their needs met, or they just have to eat and drink. Ó thosaigh na hIosraelaigh ag buamáil Gaza agus ó chuir siad an iamhchríoch faoi léigear an mhí seo caite, tá na milliúin Palaistíneach fágtha gan riar a riachtanais, é sin nó níl acu ach fáil agus caitheamh. The Israelis have killed over 14,000 people in Gaza in the past month and a half – including about 5,300 children – in retaliation for the major attack by Hamas militants on southern Israel on October 7, when they killed 1,200. Tá os cionn 14,000 duine maraithe ag na hIosraelaigh in Gaza le mí go leith – thart ar 5,300 leanbh ina measc – mar dhíoltas as mórionsaí lucht airm Hamas ar dheisceart Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair, tráth a mharaigh siad 1,200. According to Catherine Russell, head of the United Nations International Children’s Emergency Fund, Gaza is the most dangerous place in the world for children. Dar le Catherine Russell, ceannasaí Chist

Nov 23, 202316 min

20231122_IRISH_an_dara_ceant_fogartha_do_thuirbini_leictreachais_ar_muir

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ywg2pasg Contact: [email protected] Second auction announced for offshore electricity turbines. An dara ceant fógartha do thuirbíní leictreachais ar muir. The Government has announced plans for another auction of offshore power generation rights. Tá an Rialtas tar éis plean a fhógairt do cheant eile ar chearta ginte cumhachta amach ón gcósta. The first auction was organized at the beginning of the year under which 4 licenses were awarded, 3 on the east coast and one off Connemara. Tús na bliana a heagraíodh an chéad cheant faoinar bronnadh 4 cheadúnas, 3 cinn ar an gcósta thoir agus ceann amháin amach ó Chonamara. The German company RWE and their partner in this country Saorgus Energy have been granted permission to generate 824 MegaWatts in the Dublin Area on the Irish Sea. Bronnadh cead ar an gcuideachta as an nGearmáin RWE agus ar a bpáirtí sa tír seo Saorgus Energy 824 MegaWatt a ghineadh i Réimse Átha Cliath ar Mhuir Éireann. The French EDF in partnership with Fred Olsen – a company from Norway – was granted permission to generate 1,300 MW east of Wicklow. Bronnadh cead ar na Francaigh EDF i bpáirt le Fred Olsen – cuideachta as an Iorua – 1,300 MW a ghineadh soir as Cill Mhantáin. Norway’s Statkraft was granted permission to generate 500 MW north of Dublin. Bronnadh cead ar na hIoruaigh Statkraft 500 MW a ghineadh amach ó thuaidh de Bhaile Átha Cliath. And 450 MW was approved for the company Fuinneamh Sceirde Teo west of Charna in Co Galway. Agus ceadaíodh 450 MW don chuideachta Fuinneamh Sceirde Teo siar amach ó Charna i gCo na Gaillimhe. The new auction is focused on the south coast. Ar an gcósta ó dheas atá an ceant úr dírithe. Environment Minister Eamon Ryan announced this this afternoon in The Hague in the Netherlands at a meeting of 9 member states in the EU about the generation of energy at sea in northern Europe from now to 2030. An tAire Comhshaoil Eamon Ryan a d’fhógair an méid sin tráthnóna san Háig san Ísiltír ag cruinniú de 9 gcinn de bhallstáit san AE faoi ghineadh fuinnimh ar muir i dtuaisceart na hEorpa as seo go 2030. Ireland aims to generate 5 GigaWatt (5,000 MW) from offshore wind by then, and quadruple that to 20 GW (20,000 MW) by 2040. Tá rún ag Éirinn 5 GigaWatt (5,000 MW) a bheith á ghineadh ón ngaoth amach ón gcósta faoin tráth sin, agus a cheithre oiread, sin 20 GW (20,000 MW) a bheith á chruthú i 2040. 3 MW planned to come from the 4 approved proposals, enough electricity to support 2.5 million households. 3 MW atá beartaithe a theacht ón 4 thogra atá ceadaithe, dóthain leictreachais a choinneodh 2.5 milliún teaghlach. The auction will start in March next year when a map of the areas where turbines will be allowed to be built on the sea in proposals that could provide 900 MW will be published. Mí an Mhárta na bliana seo chugainn a thosóidh an ceant nuair a fhoilseofar léarscáil de na limistéir ina mbeidh cead tuirbíní ar an bhfarraige a thógáil i dtograí a bheadh in ann 900 MW a sholáthar. The licenses are intended to be awarded between February and October 2025. Tá sé i gceist na ceadúnais a bhronnadh idir mí Feabhra agus mí Dheireadh Fómhair 2025.

Nov 22, 202310 min

20231121_IRISH_fss_ag_moladh_vacsaini_covid-19,_fliu_a_fhail_gan_mhoill

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yu8n3qu9 Contact: [email protected] HSE recommending Covid-19 vaccines, get flu soon. FSS ag moladh vacsaíní covid 19, fliú a fháil gan mhoill. The Health Service Executive is appealing for people to get Covid-19 and flu vaccines without delay in anticipation of an outbreak of both diseases this winter. Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag achainí ar dhaoine vacsaíní covid 19 agus fliú a fháil gan mhoill ar ionchas go mbeidh ráig den dá ghalar ann an geimhreadh seo. The HSE is concerned that not enough people have received the vaccines yet. Tá imní ar FSS nach bhfuil na vacsaíní faighte ag dóthain daoine fós. It is said that the hospitals are already very crowded with many people with respiratory diseases coming to them, especially children. Deirtear go bhfuil na hospidéil an-bhroidiúil cheana féin agus go leor daoine le galair riospráide ag teacht chucu, go háirithe leanaí. In that regard, it seems that the number of cases of influenza was very high in the southern hemisphere during the winter itself this year. Ina cheann sin, is cosúil go raibh an líon cásanna den fhliú an-ard sa leathsféar theas i gcaitheamh an gheimhridh s’acu féin i mbliana. People with poor health and people working in the health sector, the HSE recommends that they above all receive both vaccines. Daoine a bhfuil drochshláinte acu agus daoine atá ag obair san earnáil sláinte, molann FSS dóibhsean thar aon dream eile an dá vacsaín a fháil. After that, everyone over the age of 50 is recommended to get them. Ina dhiaidh sin, moltar do gach uile dhuine atá os cionn 50 bliain iad a fháil. Both vaccines can be received at the same time and it takes about two weeks for them to affect a person. Is féidir an dá vacsaín a fháil ag an am céanna agus baineann sé tuairim is coicís astu dul i gcion ar dhuine. Dr Éamonn O’Moore from the HSE said that people should not be complacent about the situation. Dúirt an Dr Éamonn O’Moore ó FSS nár chóir do dhaoine a bheith réchúiseach faoin scéal. Already, he said, and with the winter just beginning, people with Covid-19 have been hospitalized. Cheana féin, arsa sé, agus gan an geimhreadh ach ina thús, tá daoine a bhfuil covid 19 orthu curtha in ospidéil. Some of them are seriously ill and some are in intensive care, he said. Tá cuid acu go dona tinn agus tá cuid acusan faoi dhianchúram, a dúirt sé. Dr O’Moore also pointed out that approximately half of those patients had not received the vaccine. Thug an Dr O’Moore le fios freisin nach raibh an vacsaín faighte ag tuairim is leath de na hothair sin. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Nov 21, 20238 min

20231120_IRISH_naionain_nuabheirthe_aistrithe_amach_as_ospideal_al-shifa

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yulbt2v5 Contact: [email protected] Newborn babies transferred out of Al-Shifa hospital. Naíonáin nuabheirthe aistrithe amach as ospidéal Al-Shifa. 31 infants in “very serious condition” have been transferred out of Al-Shifa hospital in Gaza and are on their way to Egypt. Tá 31 naíonán a bhfuil “fíor dhroch bhail” orthu aistrithe amach as ospidéal Al-Shifa i nGaza agus ar a mbealach chuig an Éigipt. The director of all hospitals in Gaza, Mohammed Zaqut, told the AFP news agency that all 31 infants had been transferred out of Al-Shifa, along with three doctors and two nurses, and that arrangements were now being made to brought across the border into Egypt through the Rafah crossing. Dúirt stiúrthóir na n- osipdéal uilig i nGaza, Mohammed Zaqut, leis an áisíneacht nuachta AFP gur aistríodh gach ceann de na 31 naíonán amach as Al-Shifa, chomh maith le triúr dochtúir agus beirt altra, agus go bhfuiltear anois ag déanamh socruithe chun iad thabhairt thar teorainn chuig an Éigipt tríd thrasnú Rafah. The largest hospital in Gaza is a “death zone”, the United Nations says of the Al-Shifa hospital which is now under the control of the Israeli army. Is “crios báis” é an t-ospidéal is mó i nGaza, a deir na Náisiúin Aontaithe faoi ospidéal Al- Shifa atá anois faoi smacht arm Iosrael. The United Nations and the World Health Organization have started moving patients out of the hospital since their safety can no longer be guaranteed, since the Israeli army entered it this week. Tá na Náisiúin Aontaithe agus an Eagraíocht Sláinte Domhanda tosaithe ag bogadh othair amach as an ospidéal ós rud é nach féidir a sábháilteacht a chinntiú níos mó, ó tháinig arm Iosrael isteach ann an tseachtain seo. The Israeli army says they believe Hamas has a base in the basement of the hospital and that is why they are trying to take over the building. Deir arm Iosrael go gcreideann siad go bhfuil bunáit ag Hamas in íoslach an ospidéil agus gurb é sin an chúis a bhfuil siad ag iarraidh seilbh a ghlacadh ar an fhoirgneamh. Hamas and Al-Shifa staff deny that fighters are hiding in the hospital and it is not clear that the Israeli army has found any fighters yet. Séanann Hamas agus foireann Al-Shifa go bhfuil trodaithe i bhfolach san ospidéal agus ní léir gur aimsigh arm Iosrael aon trodaí go fóill. Earlier this week people who died at the hospital had to be buried in a mass grave near the entrance. Níos luaithe an tseachtain seo b’éigean daoine a bhásaigh san ospidéal a chur in uaigh ollmhór in aice leis an mbealach isteach. The Israeli army cut off electricity and fuel to the building. Cheil arm Iosrael leictreachas agus breosla ar an fhoirgneamh. The staff had to turn off the incubators for newborn babies because there was no oxygen supply to operate the equipment. B’éigean don fhoireann na goradáin do leanaí nuabheirthe a mhúchadh de bharr nach raibh soláthar ocsaigine ann leis an trealamh a fheidhmiú. Yesterday hundreds of people fled the hospital on orders from the Israeli army – some of them patients and others who were sheltering from the fighting around them. Inné theith na céadta duine as an ospidéal ar ordú ó arm Iosrael – cuid acu ar othair iad agus cuid eile a bhí ar foscadh ón chogaíocht thart timpeall orthu. The organization Médecins Sans Frontières says that a convoy of vehicles carrying hospital staff and their families was attacked as they were leaving Al-Shifa, despite the fact that an arrangement had been made with both sides. Deir an eagraíocht Médecins Sans Frontières gur ionsaíodh slógadh feithiclí a bhí ag iompar baill foirne an osipidéil agus a dteaghlaigh, le linn dóibh a bheith ag imeacht as Al-Shifa, ainneoin go raibh socrú déanta leis an dá thaobh. One person was killed in the attack. Maraíodh duine amháin san ionsaí. It is estimated that there are now 300 patients and 25 staff members left at the hospital. Meastar go bhfuil 300 othar agus 25 ball foirne fágtha san ospidéal anois. The World Health Organization says there are 29 patients with back injuries who cannot move without assistance, as well as others with serious wounds due to a lack of antibiotics. Deir an Eagraíocht Sláinte Domhanda go bhfuil 29 othar a bhfuil gortuithe droma orthu agus nach féidir leo bogadh gan cúnamh, ina measc siúd, chomh maith le daoine eile a bhfuil cneácha tromchúiseacha orthu de bharr easpa antaibheathaigh.

Nov 20, 202313 min

20231116_IRISH_sonrai_othar_o_sheanospideal_i_ndun_na_ngall_foilsithe_ar_line

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yl94zya2 Contact: [email protected] Patient details from an old hospital in Donegal published online. Sonraí othar ó sheanospidéal i nDún na nGall foilsithe ar líne. The Saolta hospital group says it has sent a report to the Gardaí about medical records from an old hospital in Co Donegal being illegally published on the digital platform TikTok. Deir an grúpa ospidéal Saolta go bhfuil tuairisc curtha acu chuig na Gardaí faoi thaifid leighis ó sheanospidéal i gCo Dhún na nGall a bheith foilsithe go neamhdhleathach ar an ardán digiteach TikTok. Historical records from a psychiatric hospital in Letterkenny – St Connell’s Hospital – which go back more than two decades. Taifid stairiúla ó ospidéal síciatrach i Leitir Ceanainn – Ospidéal Naomh Conall – a théann siar breis agis scór bliain atá i gceist. A video has been posted online showing boxes containing details of patients under the hospital’s care. Cuireadh físeán ar líne a thaispeáineann boscaí ina bhfuil sonraí othar a bhí faoi chúram an ospidéil. St Conall’s Hospital closed in 2010. Dúnadh Ospidéal Naomh Conall in 2010. The Health Service Executive examined the building yesterday and was told afterwards that the records were being kept in a locked warehouse. Rinne Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte scrúdú ar an bhfoirgneamh inné agus dúradh ina dhiaidh go raibh na taifid á gcoinneáil i stóras a bhí faoi ghlas. The Executive promised that additional policies would be implemented to make the place safer. Gheall an Fheidhmeannacht go gcuirfí beartais bhreise i bhfeidhm leis an áit a dhéanamh níos sábháilte. It was also said that a report had been sent about the matter to the Data Protection Commissioner. Dúradh freisin go raibh tuairisc curtha faoin scéal chuig an gCoimisineir um Chosaint Sonraí. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Nov 16, 20236 min

20231115_IRISH_12,000_aitreabh_fos_gan_chumhacht_tar_eis_na_stoirme

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yvvth2qp Contact: [email protected] 12,000 properties still without power after the storm. 12,000 áitreabh fós gan chumhacht tar éis na stoirme. About 12,000 homes and businesses are still without power due to damage to electricity networks during the latest storm. Tá thart ar 12,000 teach agus gnóthas fós gan chumhacht mar gheall ar an damáiste a rinneadh do líonraí leictreachais le linn na stoirme is deireanaí. According to the Electricity Supply Board, Roscommon, Longford and North Westmeath are the areas where the power is always cut the most. Dar le Bord Soláthair an Leictreachais gurb iad Ros Comáin, an Longfort agus an Iarmhí Thuaidh, gurb iadsan na ceantair is mó a bhfuil an chumhacht gearrtha iontu i gcónaí. The company says that teams of technicians, in collaboration with their colleagues from the North, have been doing their best since early morning to restore the power in those places. Deir an comhlacht go bhfuil meithleacha teicneoirí, i gcomhar lena gcomhghleacaithe ón Tuaisceart, ag déanamh a seacht ndícheall ó mhoch maidine an chumhacht a thabhairt ar ais sna háiteanna sin. It is estimated that approximately 100,000 properties were left without power at the worst of the storm called ‘Debi’. Áirítear go raibh tuairim is 100,000 áitreabh fágtha gan chumhacht an tráth ba mheasa a bhí cúrsaí le linn na stoirme ar gaireadh ‘Debi’ di. The chairman of the National Emergency Coordination Group, Keith Leonard, said that the worst floods were in Galway city. Dúirt cathaoirleach an Ghrúpa Comhordaithe Éigeandála Náisiúnta, Keith Leonard, gur i gcathair na Gaillimhe a bhí na tuilte ba mheasa. He also indicated that ‘Debi’ appeared to be the strongest of the four storms since the beginning of autumn and said that more storms were still promised. Thug sé le fios freisin gur cosúil go raibh ‘Debi’ ar an stoirm ba láidre de na ceithre cinn a bhí ann ó thús an fhómhair agus dúirt go raibh tuilleadh stoirmeacha fós geallta. The Mayor of Galway Eddie Hoare said that the floods were worst in the historic area of the city, where they often occur when there is a storm. Dúirt Méara na Gaillimhe Eddie Hoare gur mheasa na tuilte i gceantar stairiúil na cathrach, áit a mbíonn siad go minic nuair a bhíonn stoirm ann. To top it all off, he said, people in that area can’t get insurance. Mar bharr ar an donas, arsa sé, ní féidir le daoine sa cheantar sin árachas a fháil. Support schemes established by the Government last month are to be made available to people in Galway city and Oranmore, where the storm also caused a lot of damage. Tá scéimeanna tacaíochta a bhunaigh an Rialtas an mhí seo caite le cur ar fáil do dhaoine i gcathair na Gaillimhe agus in Óran Mór, áit a ndearna an stoirm go leor damáiste chomh maith. According to the first scheme, €5,000 can be claimed on the first occasion followed by an inspection payment of €20,000. De réir na chéad scéime, is féidir €5,000 a éileamh ar an gcéad ásc agus íocaíocht iniúchta €20,000 ina dhiaidh sin. According to the second scheme, which relates to the most urgent cases, a payment of €10,000 can be claimed immediately followed by an audit payment of €100,000. De réir an dara scéim, a bhaineann leis na cásanna is práinní, is féidir íocaíocht €10,000 a éileamh láithreach agus íocaíocht iniúchta €100,000 ina dhiaidh sin. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Nov 15, 202311 min

20231113_IRISH_sos_earcaiochta_ffs_le_leathnu_amach

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yoymtft9 Contact: [email protected] FFS recruitment break to expand. Sos earcaíochta FFS le leathnú amach. The Health Service Executive is to extend the recruitment freeze they announced last month to all types of workers, except medical consultants, trainee doctors and nurses and midwives who qualified in 2023. Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun an sos earcaíochta a d’fhógair siad an mhí seo caite a leathnú amach do gach saghas oibrí, seachas comhairleoirí leighis, dochtúirí faoi oiliúint agus altraí agus mná cabhrach a bhain a gcáilíocht amach i 2023. Last month FFS announced that they would be putting a temporary pause on the recruitment of managers, administrators, domestic helpers and trainee doctors. An mhí seo caite d’fhógair FFS go gcuirfídís sos sealadach i bhfeidhm ar earcú bainisteoirí, riarthóirí, cúntóirí baile agus dochtúirí faoi oiliúint. There will be exemptions in specific areas, however, the memo said, especially in the case of services aimed at people with disabilities. Beidh díolúintí i gceist i réimsí ar leith, áfach, a dúradh sa mheamram, go háirithe i gcás seirbhísí atá dírithe ar dhaoine faoi mhíchumas. However, Bernard Gloster indicated that it would be a temporary break and recruitment would resume in 2024. Thug Bernard Gloster le fios, áfach, gur sos sealadach a bheadh ann agus go rachfaí i mbun earcaíochta arís i 2024.

Nov 13, 20234 min

20231111_IRISH_glas_fraincin_ar_dhoirse_stardust_nuair_a_chuaigh_se_tri_thine

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2x9xph85 Contact: [email protected] “Stardust’s doors were locked when it caught fire”. “Glas fraincín ar dhoirse Stardust nuair a chuaigh sé trí thine”. Evidence was given today at Dublin District Coroner’s Court that the doors of Stardust were locked when the nightclub caught fire in 1981. Tugadh fianaise inniu i gCúirt Chróinéara Dhúiche Bhaile Átha Cliath go raibh doirse Stardust faoi ghlas nuair a chuaigh an club oíche trí thine sa mbliain 1981. 48 people were killed in the tragedy. Maraíodh 48 duine sa tragóid. An inquest into the death of the deceased is currently underway at the Rotunda Hospital. Tá ionchoise maidir le bás na marbh ar siúl faoi láthair, in Ospidéal an Rotunda. Michael O’Toole, who was 20 at the time, testified that a Stardust security man told him the doors were padlocked when the club caught fire. Thug Michael O’Toole, a bhí 20 bliain d’aois ag an am, fianaise go ndúirt fear slándála de chuid Stardust leis go raibh glas fraincín ar na doirse nuair a chuaigh an club trí thine. Michael O’Toole testified that the security man – Michael Kavanagh – told him after the incident that he intended to bring a lawsuit: “I’ll get everything ‘he’s got”. Thug Michael O’Toole fianaise go ndúirt an fear slándála – Michael Kavanagh – leis i ndiaidh na heachtra go raibh sé i gceist aige cás dlí a thabhairt: “gheobhaidh mé gach a bhfuil ‘aige’. They were unable to escape. Ní rabhadar in ann éalú. There was a french lock on the doors”, said Michael Kavanagh, according to Michael O’Toole. Bhí glas fraincín ar na doirse”, a dúirt Michael Kavanagh, dar le Michael O’Toole. Michael O’Toole was asked if he thought who Michael Kavanagh was referring to when he made that statement. Cuireadh ceist ar Michael O’Toole an raibh barúil aige cén duine a raibh Michael Kavanagh ag tagairt dó nuair a rinne sé an ráiteas sin. Michael O’Toole replied that he was talking about Éamon Butterly, Stardust’s manager at the time. D’fhreagair Michael O’Toole gur ar Éamon Butterly, bainisteoir Stardust, a raibh sé ag caint ag an am. Michael O’Toole also testified that Michael Kavanagh told him that he was ashamed that he was working there as a security man. Thug Michael O’Toole fianaise freisin go ndúirt Michael Kavanagh leis go raibh náire air go raibh sé ag obair ansin mar fhear slándála. “We were always told to lock the doors”, Michael Kavanagh told Michael O’Toole, he said in his evidence today. “Dúradh linn i gcónaí na doirse a chur faoi ghlas”, a dúirt Michael Kavanagh le Michael O’Toole, a dúirt se ina chuid fianaise inniu. Michael Kavanagh told gardai and the media in 1981 that the emergency exits were open when the club caught fire. Dúirt Michael Kavanagh leis na Gardaí agus leis na meáin i 1981 go raibh na bealaí éalaithe éigeandála ar oscailt nuair a chuaigh an club trí thine. But he later retracted the statement. Ach tharraing sé an ráiteas siar ina dhiaidh. Last September, Michael Kavanagh gave evidence directly to the inquest himself. Mí Mheán Fómhair seo caite, thug Michael Kavanagh fianaise go díreach don ionchoise é fhéin. He said that when the tragedy happened, he felt that he was being blamed. Dúirt sé gur nuair a tharla an tragóid, gur bhraith sé go ndearnadh ceap milleáin dó. He testified that after speaking to his father and sister, he went to the Gardaí to change his statement. Thug sé fianaise gur i ndiaidh dó labhairt lena athair agus a dheirfiúr, go ndeachaigh sé chuig na Gardaí lena ráiteas a athrú. An inquest is currently underway into the deaths of those killed in the 1981 Stardust Tragedy. Tá ionchoise ar siúl faoi láthair maidir le bás na ndaoine a maraíodh i dTragóid Stardust i 1981. 48 people lost in the night club fire 48 duine a cailleadh sa tine sa chlub oíche

Nov 11, 202312 min

20231110_IRISH_dochas_ag_an_taoiseach_faoi_eireannaigh_i_ngaza

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yn9llfv9 Contact: [email protected] The Taoiseach is optimistic about Irish people in Gaza. Dóchas ag an Taoiseach faoi Éireannaigh i nGaza. The Taoiseach has said that he had “sound talks” today that Irish citizens would be allowed to leave Gaza, and that the little Irish-Israeli girl who is being held hostage by Hamas would be released. Tá an Taoiseach tar éis a rá go raibh “cainteanna fóinteacha” inniu aige go mbeadh cead ag saoránaigh de chuid na hÉireann Gaza a fhágáil, agus go scaoilfí saor an cailín beag Gael-Iosraelach atá á coinneáil ina giall creidtear ag Hamas. Leo Varadkar spoke today with Egypt’s Foreign Minister, the Prince of Jordan and the Prime Minister of the Palestinian Authority at the ongoing Gaza disaster conference in Paris. Labhair Leo Varadkar inniu leis an Aire Gnóthaí Eachtracha atá ag an Éigipt, le Prionsa na hIordáine agus le Príomhaire Údarás na Palaistíne ag an gcomhdháil faoi thubaiste Ghaza atá ar bun i bPáras. The Taoiseach said that reports were given to the conference from people struggling with the land comb in the narrow region that the water system and the sewage system are giving away, and that there is a great danger that thousands will soon be lost a day. Dúirt an Taoiseach gur tugadh tuairiscí don chomhdháil ó dhaoine ag streachailt leis an gcíor thuathail san réigiún cúng go bhfuil an córas uisce agus an córas séarachais ag tabhairt uaidh, agus go bhfuil contúirt mhór ann gur gearr go gcaillfear na mílte sa ló. He also said there were fears that the fighting would spread to the West Bank and Lebanon. Dúirt sé freisin go raibh faitíos ann go scaipfeadh an chogaíocht go dtí an Bruach Thiar agus an Liobáin. Most of the heads of government and state from Europe and the Middle East were at the conference. Bhí mórchuid ceann rialtais agus ceann stáit as an Eoraip agus an MeánOirthear ag an gcomhdháil. Israel did not exist. Ní raibh Iosrael ann. After the Conference the Taoiseach requested that roadways be opened in the border between Gaza and Israel so that relief material could be brought into the besieged area. Tar éis na Comhdhála d’iarr an Taoiseach go n-osclófaí slite bóthair sa teorainn idir Gaza agus Iosrael le go mbeadh ábhar fóirithinte in ann a ghabháil isteach sa gceantar faoi léigear. There are the routes that the Taoiseach said “and some of them have 8 travel lanes, but to open them, which should be done immediately.” Tá na bealaigh ann a dúirt an Taoiseach “agus 8 lána taistil ag cuid acu, ach iad a oscailt, rud ba chóir a dhéanamh láithreach.” French President Macron has organized the International Conference on Relief Assistance for the Civilian Population in Gaza. Uachtarán Macron na Fraince atá tar éis an Chomhdháil Idirnáisiúnta ar Chuidiú Fóirithinte don Phobal Sibhialtach i nGaza a eagrú. The Taoiseach said that everyone must accept that the lives of Palestinians and the lives of Israelis are equal. Dúirt an Taoiseach go gcaithfeadh cách glacadh leis gur comhchéim atá saol Palaistínigh agus saol Iosraelaigh. The Taoiseach called the war a crisis so bad that it is hard to imagine and he said that Israel would not have peace or tranquility without the Palestinian People having a fair play. Géarchéim atá chomh dona gur deacair é a shamhlú a thug an Taoiseach ar an gcogaíocht agus dúirt sé nach mbeadh síocháin ná suaimhneas ag Iosrael gan cothrom na féinne a bheith ag Muintir na Palaistíne. The case of Ireland, he said, shows that the conversation is valid and that two parties can come to a solution even after the centuries of conflict. Léiríonn cás na hÉireann a dúirt sé go bhfuil feidhm leis an gcomhrá agus gur féidir le dhá dhream a theacht ar réiteach fiú tar éis na gcianta achrainn. The International Relief Conference in Paris An Chomhdháil Idirináisiúnta Fóirithinte i bPáras

Nov 10, 202311 min

20231109_IRISH_priosun_ar_molly_agus_tom_martens_as_dunorgain_jason_corbett

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2x878dsx Contact: [email protected] Molly and Tom Martens jailed for Jason Corbett’s murder. Príosún ar Molly agus Tom Martens as dúnorgain Jason Corbett. Molly Martens Corbett and her father Tom Martens have been given an additional prison term of between 7 and 23 months in relation to Jason Corbett’s murder. Tá téarma breise príosúin de idir 7 mí agus 23 mí gearrtha ar Molly Martens Cortbett agus ar a hathair Tom Martens maidir le dúnorgain Jason Corbett. This term is in addition to the 44 months they have already spent in prison. Is sa bhreis ar an tréimhse 44 mí atá caite acu i bpríosún cheana féin atá an téarma seo. The Court in the State of Carolina ordered that Molly Martens Corbett undergo a psychiatric evaluation and that she be monitored in case she tries to take her own life. D’ordaigh an Chúirt i Stát Charolina go ndéanfaí measúnú síciatrach ar Molly Martens Corbett agus go gcoinneofaí súil uirthi ar eagla go ndéanfadh sí iarracht lámh a chur ina bás féin. Limerick native Jason Corbett’s two children said Molly Martens Corbett abused them when they were children and molded them to tell lies as part of her plan to get them into her legal care and -she would escape from the crime she was accused of. Dúirt beirt pháistí Jason Corbett, arbh as Luimneach ó dhúchas dó, gur bhain Molly Martens Corbett mí-úsáid astu nuair a bhí siad ina bpáistí agus gur mhúnlaigh sí iad le bréaga a insint mar chuid dá plean go gcuirfí faoina cúram dlithiúil iad agus go n-éalódh sí ón gcoir a bhí curtha ina leith. Molly Martens Corbett was brought to tears several times when the children criticized her in court. Bhis na deora ar Molly Martens Corbett roinnt mhaith uaireanta nuair a cháin na páistí í sa chúirt. Jason Corbett died in August 2015 of a stroke at his home in North Carolina. Bhásaigh Jason Corbett i mí Lúnasa 2015 nuair a tugadh bascadh dó ina theach cónaí i gCarolina Thuaidh. Molly Martens Corbett and Tom Martens were given terms of 20 and 25 years respectively for Jason Corbett’s murder. Gearradh téarmaí de 20 agus 25 bliain faoi seach ar Molly Martens Corbett agus Tom Martens as dúnmharú Jason Corbett. The pair never denied killing Jason Corbett but claimed they were acting in self-defense when they killed him. Níor shéan an bheirt ariamh gur mharaigh siad Jason Corbett ach mhaígh siad gur á gcosaint féin air a bhí siad nuair a mharaigh siad é. An appeals court overturned the convictions in 2020 and ordered a retrial because the court ruled that some of the evidence withheld from the first trial should have been presented to the jury. Chuir cúirt achomhairc na ciontú ar neamhní i 2020 agus d’ordaigh atriail de bharr gur rialaigh an chúirt gur cheart go gcuirfí cuid den bhfianaise a coinníodh as an chéad triail faoi bhráid an ghiúiré. The North Carolina Supreme Court agreed with that ruling in 2021. D’aontaigh Cúirt Uachtarach Carolina Thuaidh leis an bhreithiúnas sin i 2021. In closing arguments earlier today and yesterday, the Prosecution team said there were aggravating circumstances to the case – that Jason Corbett’s two children were in the house at the time of the attack. In argóintí clabhsúir níos luaithe inniu is inné, dúirt an fhoireann Ionchúisimh gur bhain cúinsí géaraithe leis an chás – sé sin go raibh beirt pháistí Jason Corbett sa teach le linn an ionsaithe. The Prosecutor said that the defendants should be sentenced to an additional prison term on this matter. Dúirt an tIonchúisitheoir gur cheart téarma príosúin breise a ghearradh ar na cosantóirí ar an ábhar seo. Lawyers for Molly Martens Corbett and her father Tom Martens argued that there were mitigating factors which meant the judge should not impose any prison term. Mhaígh dlíodóirí Molly Martens Corbett agus a hathar Tom Martens go raibh cúiseanna maolaitheacha i gceist a chiallaigh nár cheart don bhreitheamh aon téarma príosúin a ghearradh. Molly Martens reported that Jason Corbett was violent with her but evidence was given in court that she told a series of lies about many things in her life – including her marriage to Jason Corbett. Chuir Molly Martens in iúl go raibh Jason Corbett foréigneach léi ach tugadh fianaise sa chúirt gur inis sise sraith bréaga faoi an iliomad rudaí ina saol – a saol pósta le Jason Corbett ina measc. This term is in addition to the 44 months they have spent in prison Is sa bhreis ar an tréimhse 44 mí atá caite acu i bpríosún é an téarma seo

Nov 9, 202314 min

20231108_IRISH_onnmhairiu_mairteola_chun_na_sine_ar_fionrai_de_bharr_cas_bse

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ywzvwwpn Contact: [email protected] Beef export to China suspended due to BSE case. Onnmhairiú mairteola chun na Síne ar fionraí de bharr cás BSE. The export of beef from Ireland to China has been stopped due to an “atypical case” of BSE – Bovine Spongiform Encephalopathy, or mad cow disease – being found in livestock in this country. Tá stad curtha le onnmhairiú mairteola as Éirinn anonn go dtí an tSín de bharr “cás aitíopúil” den aicíd BSE – Einceifealapaite Spúinseach Bólachta, nó galar na bó buile – a bheith aimsithe i mbeithíoch sa tír seo. It is a heavy blow, without the Chinese market only reopening since April, after a stop of almost 3 years due to a case of the same disease in 2020. Buille trom é, gan margadh na Síne ach athoscailte ó mhí an Aibreáin, tar éis stad beagnach 3 bliana de bharr cás den ghalar céanna i 2020. The case was recently discovered when the Department of Agriculture tested a 10-year-old cow that had been lost and was about to be put to good use. Le gairid a haimsíodh an cás nuair a rinne lucht na Roinne Talmhaíochta tástáil ar bhó 10 mbliana d’aois a bhí caillte agus le cur ó mhaith. Under the rules agreed with China there is no arrest but the suspension of trade as soon as a case of BSE is detected. Faoi na rialacha atá aontaithe leis an tSín níl aon ghabháil as ach an tráchtáil a chur ar fionraí chomh luath is a aimsítear cás BSE. It is up to the Chinese authorities to decide when the suspension can be lifted. Is faoi údaráis na Síne cinneadh a dhéanamh cén uair ar féidir an fhionraíocht a chur go leataobh. In the Spring when Irish beef was allowed back, Bord Bia organized a major promotional campaign to promote the country’s meat in a country with 1.4 billion consumers. San Earrach nuair a ceadaíodh ar ais mairteoil na hÉireann d’eagraigh an Bord Bia mórfheachtas bolscaireachta le feoil na tíre a chur chun cinn i dtír ina bhfuil 1.4 billiún tomhaltóir. But the sale was rather weak from the beginning. Ach sách lag a bhí an díol ón tús. It was worth €96 million in 2019. Luach €96 milliún a bhí ann i 2019. Atypical BSE which can occur in an older cow is not the same as typical BSE which animals contract from contaminated food. Ní hionann BSE-aitíopúil atá in ann a theacht ar bhó a bhfuil aois mhór aici, agus BSE tipiciúil a tholgaíonn beithí ó bhia truaillithe. The Department of Agriculture says that there was not the least risk that the animal could catch the acid in the human food chain. Deir an Roinn Talmhaíochta nach raibh baol dá laghad ann gur i mbiashlabhra an duine a d’fhéadfadh an t- ainmhí a raibh an aicíd uirthi a ghabháil.

Nov 8, 20238 min

20231105_IRISH_fear_on_tra_bhain_i_gconamara_ag_crochadh_leis_corn_ui_riada

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ykt7562s Contact: [email protected] A man from White Beach in Connemara hanging out with Corn Uí Riada. Fear ón Trá Bháin i gConamara ag crochadh leis Corn Uí Riada. Colm ‘Jimí’ Ó Curraoin from the Connemara Gaeltacht is the winner of this year’s main Oireachtas singing competition. Is é Colm ‘Jimí’ Ó Curraoin as ceartlár Ghaeltacht Chonamara buaiteoir phríomh- chomórtas amhránaíochta an Oireachtais i mbliana. The White Beach man in the Islands District brought the ‘sway’ with him in the Sean Uí Riada Memorial Cup in Kilarn tonight. Thug fear an Trá Bháin i gCeantar na nOileán an ‘sway’ leis i gCorn Chuimhneacháin Sheáin Uí Riada i gCill Airne anocht. Colm Corn Uí Riada hangs with him north to the Minna area in Indrebhán, where he has lived for several years now, along with a Gold Medal and a check for €1,500. Crochann Colm Corn Uí Riada ó thuaidh leis go ceantar na Minna in Indreabhán,áit a bhfuil cónaí air le roinnt blianta anois, chomh maith le Bonn Óir agus seic €1,500. This is the first time he has ever read of an achievement. Seo í an chéad uair riamh aige a léithid d’éacht a dhéanamh. More than a score of competitors took part in this competition which was broadcast live on RTÉ Raidió na Gaeltachta from the Glenn Iolair Hotel. Breis is scór iomaitheoir a bhí páirteach sa chomórtas seo a craoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta as Óstán Ghleann an Iolair. The woman of the house was the well-known broadcaster Neansai Ní Choistealbha. Ba í an craoltóir aitheanta Neansaí Ní Choistealbha bean an tí. She presented the program patently as is her wont and during it she referred to another historic achievement in the life of this great competition. Chuir sí an clár i láthair go paiteanta mar is dual di agus lena linn thagair sí do éacht stairiúil eile i saol an chomórtais mhóir seo. She said that she felt it was the first time ever that four people from the same family had been involved in the Corn Uí Riada. Dúírt sí gur bhraith sí gurb í an chéad uair riamh ag ceathrar ón teaghlach céanna a bheith páirteach i gCorn Uí Riada. Caitlín Ní Chualáin, her brother Mícheál, as well as two of Caitlín’s children; Domhnall Ó Braonáin and Anna Ní Bhraonáin came on stage tonight. Cinnte dearfa tháinig Caitlín Ní Chualáin, a deartháir Mícheál, chomh maith le beirt de chlann Chaitlín;Domhnall Ó Braonáin agus Anna Ní Bhraonáin ar stáitse anocht. I would agree with Nancey that it is more likely than not that this will happen for the first time in the history of the competition and a source of pride and pride for the late Máirtín Peaits Ó Cualáin. Thiocfainn le Neansaí gur dócha ná a mhalairt a léithid seo tarlú den chéad uair i stair an chomórtais agus údar bróid agus mórtais do Mháirtín Pheaits Ó Cualáin nach maireann. Máirtín himself often moved audiences to tears by presenting oral sweetness and soulfulness. Ba mhinic le Máirtín féin deora a bhaint as lucht éisteachta le binneas béil agus anamúlacht a chur i láthair. It was Caitlín herself who came in third place and her colleague from RTÉ Raidió na Gaeltachta, Sláine Ní Chathalláin who hung with her the Silver Medal after finishing in second place. Ba í Caitlín fhéin a tháinig sa triú háit ar deiridh agus a comhleacaí as RTÉ Raidió na Gaeltachta, Sláine Ní Chathalláin a chroch léi an Bonn Airgid i ndiaidh dise críochnú sa dara háit. High quality competition was seen and heard tonight and the event’s three judges had enough to separate the singers on the night in order of merit. Chonacthas agus chualathas iomaíocht d’ardchaighdeán anocht agus bhí dóthain le déanamh ag triúr moltóirí na hócáide na hamhránaithe a scaradh ar an oíche in ord fiúntais. But regardless of that I am sure of Colm ‘Jimí’ Ó Curraoin who closed the night’s radio program with another beautiful and heartfelt song. Ach is cuma sin táim cinnte le Colm ‘Jimí’ Ó Curraoin a chuir clabhsúr le clár raidió na hoíche le hamhrán breá croíúil eile. Congratulations to him. Comhghairdeachas leis. These people can be proud of Oireachtas 2023 Féadfaidh an dream seo a bheith bródúil as OIreachtas 2023

Nov 5, 202312 min

20231104_IRISH_bearta_iosrael_’nios_cosula_le_dioltas_na_le_feinchosaint

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ythsftet Contact: [email protected] “Measures of Israel “Bearta Iosrael 'níos cosúla le díoltas ná le féinchosaint”. The Taoiseach says that Israel’s self-defense is not the only thing going on in Gaza at the moment, but that it is like taking revenge. Deir an Taoiseach nach féinchosaint Iosrael amháin atá ar bun i nGaza faoi láthair, ach gur cosúla é le díoltas bheith á bhaint amach. Leo Varadkar made this speech as Israeli ground troops surrounded Gaza City this morning. Rinne Leo Varadkar an chaint seo tráth a bhí trúpaí talún de chuid Iosrael ag timpeallú chathair Gaza ar maidin. He believes, the Taoiseach said, that Israel, like any other state, has the right to defend itself and that they have the right to go after Hamas so that they cannot do this again. Creideann sé, a dúirt An Taoiseach go bhfuil cead ag Iosreal, fearacht stát ar bith eile, í féin a chosaint agus an ceart acu dul i ndiaidh Hamas le nach féidir leo é seo a dhéanamh arís. “People should never forget”, he added, “that this started with the Hamas attack on Israel in which 1,400 people were killed”. “Níor cheart do dhaoine dearmad a dhéanamh go brách”, a dúirt sé freisin, “gur le hionsaí Hamas ar Iosrael inar maraíodh 1,400 duine a thosaigh sé seo”. “But it’s not just self-defense that I’m seeing right now”, said Leo Varardkar,” but something that is going towards revenge, and that’s not where we should be now, and that’s not the way that Israel will maintain its freedom and security for the future”. “Ach ní hí an fhéinchosaint amháin atá á fheiceáil agam faoi láthair”, a dúirt Leo Varardkar,” ach rud éigin atá ag dul i dtreo an díoltais, agus ní hé sin an áit ar cheart dúinn bheith anois, agus ní hé sin an bealach a mbuanóidh Iosrael a saoirse agus a slándáil don todhchaí”. “Israel listens to the countries it considers to be its friends and allies, such as the United States”, he said, “but I’m not sure, frankly, that they listen carefully to what we tell them.” “Éisteann Iosrael leis na tíortha a mheasann sí atá ina gcairde agus ina gcomhghuaillithe lei, ar nós na Stát Aontaithe”, a dúirt é,”ach nílim cinnte, le fírinne, go n-éisteann siad go cúramach lena ndeir muid leo.” He said despite this that this would not stop this State from taking a position as members of the United Nations and the European Union. Dúirt sé ina ainneoin sin nach stopfadh sé sin an Stát seo ó sheasamh a ghlacadh mar bhaill de na Náisiúin Aontaithe agus den Aontas Eorpach. Leo Varadkar admitted that Israel would not regard Ireland as close friends like the likes of the United States and Germany. D’admhaigh Leo Varadkar nach mbreathnódh Iosrael ar Éirinn mar dhlúthchairde ar nós leithéidí na Stát Aontaithe agus na Gearmáine. He also promised that the State would increase the humanitarian relief for Palestine. Gheall sé freisin go méadódh an Stát an fhóirithint dhaonnúil don Phailistín. The Taoiseach was speaking to reporters in South Korea this morning. Bhí an Taoiseach ag labhairt le tuairisceoirí sa Choiré Theas ar maidin. The Israeli Embassy in Dublin later said in a statement that Israel is ‘acting within international law’ and that they are ‘taking drastic measures to avoid killing civilians’ The Embassy admitted that there has been strong criticism by the Taoiseach and the Tánaiste on Hamas ‘since the beginning of the war’. Dúirt Ambasáid Iosrael i mBaile Átha Cliath i ráiteas ina dhiaidh sin go bhfuil Iosrael ‘ag gníomhú taobh istigh den dlí idirnáisiúnta’ agus go bhfuil ‘bearta as cuimse á nglacadh acu chun marú sibhialtach a sheachaint’ D’admhaigh an Ambasáid go bhfuil cáineadh láidir déanta ag An Taoiseach agus ag An Tánaiste ar Hamas ‘ó thús an chogaidh’. The statement said that Hamas must release all 242 Israeli hostages, and that it should always be ‘remembered that it was Hamas that started all this’ and that ‘rockets have been launched against Israel every day since the 7 October’ The leader of Sinn Féin, Mary Lou McDonald said that the Taoiseach was right that Israel’s current actions are not self-defence, but that Israel’s actions are aggressive measures and a punitive measure against the Palestinian people. Dúirt an ráiteas go gcaithfidh Hamas na 242 giall Iosraelach ar fad a scaoileadh saor, agus gur cheart i gcónaí ‘cuimhneamh air gurbh iad Hamas a chuir tús leis seo ar fad’ agus go bhfuil ‘roicéid á láinseáil in aghaidh Iosrael gach lá ó shléacht an 7 Deireadh Fómhair’ Dúirt ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald go raibh an ceart ag an Taoiseach faoi nach é feinchosaint atá ar bun ag I

Nov 4, 202314 min

20231103_IRISH_sineadh_ama_curtha_le_sceimeanna_tacaiochta_tuilte

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yn5k6x65 Contact: [email protected] Time extension added to flood support schemes. Síneadh ama curtha le scéimeanna tacaíochta tuilte. The Government has extended the time for two support schemes established last month for businessmen and community organizations whose homes were severely damaged by floods. Tá síneadh ama curtha ag an Rialtas le dhá scéim tacaíochta a bunaíodh an mhí seo caite ar son lucht gnó agus eagraíochtaí pobail a ndearna tuilte damáiste mór dá n-áitribh. In a virtual meeting this morning, the Cabinet decided to keep both schemes open until next Sunday. I gcruinniú fíorúil ar maidin inniu, shocraigh an Chomhaireacht ar an dá scéim a choinneáil oscailte go dtí Dé Domhnaigh seo chugainn. According to the first scheme, €5,000 can be claimed on the first occasion followed by an inspection payment of €20,000. De réir na chéad scéime, is féidir €5,000 a éileamh ar an gcéad ásc agus íocaíocht iniúchta €20,000 ina dhiaidh sin. According to the second scheme, which relates to the most urgent cases, a payment of €10,000 can be claimed immediately followed by an audit payment of €100,000. De réir an dara scéim, a bhaineann leis na cásanna is práinní, is féidir íocaíocht €10,000 a éileamh láithreach agus íocaíocht iniúchta €100,000 ina dhiaidh sin. It is estimated that around 190 businesses and organizations will benefit from the schemes which were proposed to be extended by Enterprise Minister Simon Coveney. Meastar go mbainfidh thart ar 190 gnóthas agus eagraíocht sochar as na scéimeanna arbh é an tAire Fiontar Simon Coveney a mhol síneadh ama a chur leo. The Department of Enterprise and the Irish Red Cross Society are responsible for administering the schemes. Is iad an Roinn Fiontar agus Cumann Croise Deirge na hÉireann atá freagrach as na scéimeanna a riar. Corran Abbey in east Cork is one of the places most damaged by last month’s deluge of rain. Tá Mainistir na Corann in oirthear Chorcaí ar cheann de na háiteanna is mó a ndearna an díle bháistí a bhí ann an mhí seo caite damáiste dóibh. There was a month’s sale in the rain that fell in torrents in twenty-four hours then two weeks ago. Bhí díol míosa sa bháisteach a thit ina tulcaí in imeacht ceithre huaire fichead ansin coicís ó shin. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Nov 3, 20238 min

20231102_IRISH_iosrael_cainte_go_laidir_ag_an_tanaiste_faoi_ollmharu_leanai

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yrdxvvrx Contact: [email protected] Israel strongly criticized by the Tánaiste for mass killing of children. Iosrael cáinte go láidir ag an Tánaiste faoi ollmharú leanaí. The Minister of Foreign Affairs, Tánaiste Micheál Martin, has said that he is horrified by the high number of people killed in the bombing attack carried out by Israeli forces on the Jabalia refugee camp in northern Gaza yesterday. Tá sé ráite ag an Aire Gnóthaí Eachtracha, an Tánaiste Micheál Martin, go bhfuil uafás air faoin líon ard daoine a maraíodh san ionsaí buamála a rinne fórsaí Iosrael ar champa teifeach Jabalia i dtuaisceart Gaza inné. In a statement, Micheál Martin said that the Irish Government had said frankly and often that although the Israelis have the right to defend themselves they must comply with International Humanitarian Law. I ráiteas, dúirt Micheál Martin go raibh sé ráite go neamhbhalbh agus go minic ag Rialtas na hÉireann cé go bhfuil sé de cheart ag na hIosraelaigh iad féin a chosaint nach mór dóibh cloí leis an Dlí Daonnúil Idirnáisiúnta. That means, he said, that a distinction must be made (between military and civilians), and that action must be taken according to needs, proportionately and carefully. Ciallaíonn sé sin, arsa sé, go gcaithfear idirdhealú a dhéanamh (idir lucht airm agus sibhialtaigh), agus go gcaithfear gníomhú de réir riachtanais, go comhréireach agus go cúramach. Civilians must also be protected, he said. Caithfear sibhialtaigh a chosaint freisin, a dúirt sé. As the Secretary General of the United Nations, António Guterres, said Micheál Martin, International Humanitarian Law cannot be applied on a selective basis. Mar a dúirt Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe António Guterres, arsa Micheál Martin, ní féidir an Dlí Daonnúil Idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm ar bhonn roghnach. He also said in his statement that the United Nations revealed yesterday that more children have been killed in Gaza since October 7 than have been killed in conflicts around the world combined since 2019. Dúirt sé ina ráiteas chomh maith gur thug na Náisiúin Aontaithe le fios inné gur maraíodh níos mó páistí in Gaza ón 7 Deireadh Fómhair ná mar a maraíodh i gcoimhlintí ar fud an domhain le chéile ó 2019. We cannot allow this to continue, it must be stopped, he said. Ní féidir linn ligean dó seo leanúint ar aghaidh, caithfear deireadh a chur leis, arsa sé. The Tánaiste said that ceasefires should be implemented, humanitarian aid allowed into Gaza and exit routes opened, as recommended by the European Union. Dúirt an Tánaiste gur cheart sosanna comhraic a chur i bhfeidhm, cabhair dhaonnúil a ligean isteach in Gaza agus bealaí amach as a oscailt, mar atá á mholadh ag an Aontas Eorpach. We can’t wait any longer, he said. Ní féidir linn fanacht níos faide, arsa sé. RTÉ News and Current Affairs Palestinian girl injured in a bombing attack by Israeli forces on Khan Younis, Gaza, 30 October 2023 Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Cailín Palaistíneach a gortaíodh in ionsaí buamála a rinne fórsaí Iosrael ar Khan Younis, Gaza, 30 Deireadh Fómhair 2023

Nov 2, 202310 min

20231030_IRISH_is_leis_na_springboks_an_la….agus_an_oiche_i_bparas

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ys998a9o Contact: [email protected] The Springboks own the day…and the night in Paris. Is leis na Springboks an lá….agus an oíche i bPáras. The South African team has won the Rugby World Cup again. Tá Corn Rugbaí an Domhain buaite arís ag foireann na hAfraice Theas. The Springboks, the 2019 champions, managed to hang on to Webb Ellis again after a dramatic game in Paris tonight. D’éirigh leis na Springboks,seaimpíní na bliana 2019 Webb Ellis a chrochadh leo arís i ndiaidh chluiche drámatúil i bPáras anocht. The Boks took on the New Zealand All Blacks at the Stade de France. Chloígh na Boks foireann All Blacks na Nua Shéalainne sa Stade de France. South Africa had a one-point advantage 12-11 in the final, the same gap between themselves and their opponents in the semi-final and quarter-final. Farasbarr aon phointe amháin 12-11 a bhí ag an Afraic Theas ar deiridh, an bhearna chéanna a bhí idir iad féin agus a gcéillí comhraic sa chluiche leathcheannais agus ceathrú ceannais. New Zealand looked good when they got the only chance of the game 14 minutes into the second half, Beaudon Barrett throwing himself over the line in the corner with the oval ball under his belt. Bhí cuma na maitheasa ar an Nua Shéalainn nuair a fuair siad an t-aon úd den chluiche 14 nóiméad isteach sa dara leath, Beaudon Barrett á chaitheamh féin thar an líne sa choirnéal agus an liathróid ubhchruthach faoina ascail aige. But that was the final score of the game as the All Blacks failed to convert. Ach ba é sin an scór deiridh den chluiche mar gur theip ar an All Blacks an t-úd a shlánú. The Boks kept their nerve and held off New Zealand in the final 20 minutes. Choinnigh na Boks a misneach agus choinnigh siad amach an Nua Shéalainn sna 20 nóiméad deiridh. South Africa are therefore world rugby champions for the 4th time ever; surprise. Siad an Afraic Theas mar sin seaimpíní rugbaí an domhain don 4ú huair riamh;curiarracht. It will be their celebration tonight on the streets of Paris and in other cities further from home. Beidh sé ina cheilúradh anocht acu ar shráideanna Pháras agus i gcathracha eile níos faide ó bhaile. The victorious Boks in the World Cup Na Boks buacach i gCorn an Domhain

Oct 30, 20237 min

20231027_IRISH_leath_den_bhfuiolluisce_faoi_bhun_chaighdeain_an_aontais_eorpaigh

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ytg5bpya Contact: [email protected] Half of the waste water below the standards of the European Union. Leath den bhfuíolluisce faoi bhun chaighdeáin an Aontais Eorpaigh. Irish Water has been criticized by the Environmental Protection Agency (EPA) for the standards of waste water being pumped into the State’s water systems. Tá Uisce Éireann cáinte ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA)faoi chaighdeáin an fhuíolluice atá á scoileadh isteach i gcórais uisce an Stáit. In the annual report for 2022 on the coral on urban wastewater, the EPA says that over half of the wastewater is below the environmental protection standards of the European Union. Sa tuarascáíl bhliantúil do 2022 ar an gcóiréail ar fhuíolluice uirbeach, deir an EPA go bhfuil os cionn a leath den fhuíolluisce faoi bhun chaighdeáin chosanta chomhshaoil an Aontais Eorpaigh. In addition, the report states that 3 olympic swimming pools of untreated sewage are being released into water systems every day, thanks to water treatment plants. Ina theannta sin, deir an tuarascáil go bhfuil díol 3 línn snámha oilimpeach de shéarachas abh gan chóireáil á scaoileadh isteach i gcórais uise gach lá, de cheal ionaid cóireála uisce. Although 6 villages have been connected to water treatment systems in the past year, 26 towns and villages are still without their own treatment system. Cé gur ceanglaíodh 6 shráidbhaile de chórais cóireála uisce le bliain anuas, tá 26 bhaile agus shráidbhaile fós gan a gcóras cóireála féin. 54,000 people live in these places, the majority of them in coastal towns. 54,000 duine atá ag cónaí sna háiteanna seo, agus a bhfórmór mór acu ina mbailte cois cósta. The last of these towns will not have a treatment system until the end of 2028. Ní bheidh córas cóireála ag an gceann deireanach de na bailte seo go dtí deireadh 2028. The EPA says the sewage is a threat to the environment and public health and recommends that this work be completed as soon as possible. Deir an EPA gur bagairt do chomhshaol agus don tsláinte phoiblí é an séarachas abh agus molann sé an obair seo a chur i gcrích a luaithe is féidir. The report said that 55% of urban waste water is coming from the 15 areas that have failed EU standards, and that new infrastructure is needed for this. Dúirt an tuarascáil go bhfuil 55 faoin gcéad den fhuíolluisce uirbeach ag teachtf ó na 15 cheantar ar theip orthu sna caighdeáin AE, agus go bhfuil infrastruchtúr nua ag teastáil chuige seo. For the areas that have infrastructure that does not meet the EU standards, the EPA says that significant and continuous investment will be required for the next 20 years to bring the now deficient system above the standard. Maidir leis na ceantair a bhfuil infrastruchtúr acu nach bhfuil an baint chaighdeáin an AE amach, deir an EPA go mbeidh infheistíocht shunastach agus leanúnach ag teastáil go ceann 20 bliain leis an córais atá anois easnamhach a thabhairt os cionn an chaighdeáin. Irish Water should have a long-term plan for this work, but there is no plan to come before the pollution of some of the worst affected bodies of water. Ba cheart go mbeadh plean fadtéarmach ag Uisce Éireann don obair seo, ach níl aon phlean ann le teacht roimh an truailliú ag roinnt de na dobharlaigh is measa atá buailte. Author of concern, said the Director of the Environmental Protection Agency, Dr. Údar imní, a dúirt Stiúrthóir na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil, an Dr. Tom Ryan, that less than half of the waste water is reaching EU standards, thirty years after the State was supposed to do so. Tom Ryan, go bhfuil níós lú ná leath den bhfuíolluisce ag baint chaighdeáin an AE amach, tríocha bliaina tar éis don Stát bheith ceaptha sin a dhéanamh.

Oct 27, 202312 min

20231025_IRISH_tuilte_sa_deisceart:_cabhair_€100,000_le_ceadu_ag_an_rialtas

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yljyxo5r Contact: [email protected] Flooding in the south: €100,000 aid to be approved by the Government. Tuilte sa deisceart: cabhair €100,000 le ceadú ag an Rialtas. Up to €100,000 could be made available to businesses and other organizations whose premises were severely damaged by floods last week, particularly in the south of the country, according to what is being proposed by the Minister for Enterprise Simon Coveney. D’fhéadfaí suas le €100,000 a chur ar fáil do ghnóthais agus d’eagraíochtaí eile a ndearna tuilte damáiste mór dá n-áitribh an tseachtain seo caite, go háirithe i ndeisceart na tíre, de réir a bhfuil á mholadh ag an Aire Fiontar Simon Coveney. There will be an exceptional support scheme, if accepted, which the Department of Enterprise and the Irish Red Cross Society will be responsible for administering. Scéim tacaíochta eisceachtúil a bheas ann, má ghlactar leis, a mbeidh an Roinn Fiontar agus Cumann Croise Deirge na hÉireann freagrach as a riar. It is estimated that around 150 people in Corran, Co Cork, will apply for the scheme – both businesses and community organisations, including a sports association. Meastar go gcuirfidh thart ar 150 dream i Mainistir na Corann, Co Chorcaí, isteach ar an scéim – idir ghnóthais agus eagraíochtaí pobail, cumann spóirt ina measc. Payments of €10,000 will be processed promptly but higher payments will need to be fully audited and assessed. Próiseálfar íocaíochtaí de €10,000 go pras ach caithfear iniúchadh agus measúnú iomlán a dhéanamh ar na híocaíochtaí is airde. According to the current scheme, support of up to €20,000 can only be given to people. De réir na scéime atá ann faoi láthair, ní féidir ach tacaíocht suas le €20,000 a thabhairt do dhaoine. That scheme will not be abolished – it is just that the exceptional scheme is being introduced, it is said, due to the exceptional circumstances that exist. Ní chuirfear deireadh leis an scéim sin – níl ann ach go bhfuil an scéim eisceachtúil á thabhairt isteach, a deirtear, de bharr na gcúinsí eisceachtúla atá ann. Before the Cabinet meeting this morning, Environment Minister Éamon Ryan said that the floods in east Cork last week were not unexpected. Roimh chruinniú na Comhaireachta ar maidin inniu, dúirt an tAire Comhshaoil Éamon Ryan nach raibh aon choinne leis na tuilte a bhí in oirthear Chorcaí an tseachtain seo caite. Climate change is affecting us now and we have to be prepared for it, he said. Tá an t-athrú aeráide ag dul i gcion orainn anois agus caithfimid a bheith ullamh faoina chomhair, arsa sé. For example, he said, the amount of rain that fell in Ireland in July was 200% higher than usual. Cuir i gcás, a dúirt sé, bhí an méid fearthainne a thit in Éirinn i mí Iúil 200 faoin gcéad níos airde ná mar is gnách. In light of this, as well as monetary compensation, flood protection schemes must be implemented without delay and a fresh look at the management of the country’s rivers, said Minister Ryan. Ina fhianaise sin, chomh maith le cúiteamh airgid, ní mór scéimeanna cosanta tuilte a chur i bhfeidhm gan mhoill agus breathnú as an nua ar bhainistiú aibhneacha na tíre, a dúirt an tAire Ryan. He also asked the local authorities to be very vigilant this winter. D’iarr sé freisin ar na húdaráis áitiúla a bheith fíorairdealleach an geimhreadh seo. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Oct 25, 202311 min

20231024_IRISH_100_tiomanai_nua_a_lorg_ag_iarnrod_eireann

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2xdz9tha Contact: [email protected] Iarnród Éireann is looking for 100 new drivers. 100 tiománaí nua á lorg ag Iarnród Éireann. Iarnród Éireann is to recruit 100 train drivers from here for the next 2 years. Tá Iarnród Éireann le 100 tiománaí traenach a earcú as seo go ceann 2 bhliain. The new employees will be based in various stations across the country – in Dublin, Waterford, Cork, Limerick, Galway, Mayo and Westmeath. I stáisiúin éagsúla ar fud na tíre a bheidh na fostaithe nua á mbunú – i mBaile Átha Cliath, Port Láirge, Corcaigh, Luimneach, Gaillimh, Maigh Eo agus san Iarmhí. The company says it wants to recruit more women to drive and says the number of women on its training courses is rising. Tá an chuideachta ag sonrú gur mhaith leo breis ban a earcú le tabhairt faoin tiomáint agus deir siad go bhfuil líon na mban ar a gcuid cúrsaí oiliúna ag ardú. It is intended to increase the network of train rails from now on for several years under the National Development Plan 2021-2030. Tá sé i gceist gréasán na ráillí traenach a mhéadú as seo go ceann roinnt blianta faoin bPlean Forbartha Náisiúnta 2021-2030. Under the Plan it is planned to carry twice as many passengers on the DART system of the high city. Faoin bPlean tá sé beartaithe a dhá oiread paisinéirí a iompar ar chóras DART na h-ardcathrach.

Oct 24, 20234 min

20231022_IRISH_nua_shealainn_v_afraic_theas_sa_chluiche_ceannais

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ypajv2y3 Contact: [email protected] New Zealand v South Africa in the final. Nua Shéalainn v Afraic Theas sa chluiche ceannais. The Springbok of South Africa managed to get the upper hand over their opponents, England in the evening. The gap between the teams was the smallest at the end, 16 for South Africa, 15 for England. D’éirigh le Springbok na hAfraice Theas an lámh in uachtar a fháil ar a gcéillí comhraic, Sasana tráthnóné Bhí an bhearna ba lú ar deiridh idir na fóirne, 16 ag an Afraic Theas,15 ag Sasana. The game was played in the Stade de France in Saint Denis in Paris. Sa Stade de France i Saint Denis i bPáras a himríodh an cluiche. Penalty kicks being influential on the scoring is the story you would mention with the first half. Ciceanna píonóis a bhi tioncharach ar an scóráil an scéal a luafá leis an gcéad leath. England led 12-6 at half-time, then escaped with another 3 points. Bhí Sasana 12-6 chun cinn ag leath-am, ansin d’éalaigh siad 3 phointe eile. The score then was 15-6 in favor of England. An scór ansin ab ea 15-6 i bhfábhar Shasana. But then the Springboks woke up, a save from RG Snyman and the game was now only 2 points 15-13. Ach dhúisigh na Springboks ansin, úd ó RG Snyman a slánaíodh agus ní raibh sa chluiche anois ach 2 phointe 15-13. 2 minutes from the end Handre Pollard scored a penalty kick for South Africa and they won by one point. 2 nóiméad ón deiridh scóráil Handre Pollard cic píonóis don Afraic Theas agus bhí bua aon phointe acu.

Oct 22, 20235 min

20231020_IRISH_daoine_sa_deisceart_ag_dul_i_ngleic_le_lorg_na_stoirme

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ylg6rm2t Contact: [email protected] People in the south tackling the storm track. Daoine sa deisceart ag dul i ngleic le lorg na stoirme. People in east Cork and west Waterford are today dealing with the aftermath of the storm that hit the region yesterday and left many towns and villages under water. Tá daoine in oirthear Chorcaí agus in iarthar Phort Láirge ag dul i ngleic inniu le lorg na stoirme a bhuail an réigiún inné agus a d’fhág neart bailte agus sráidbhailte faoi uisce. Although Met Éireann had issued an orange warning yesterday and promised heavy rain, people did not expect the intensity of it. Cé go raibh fógra flannbhuí eisithe ag Met Éireann inné agus báisteach throm geallta acu, ní raibh aon choinne ag daoine leis an tréine a bhí inti. It is estimated, in fact, that a month’s rain fell in the course of a day. Meastar, go deimhin, gur thit báisteach míosa in imeacht lae. Cork County Council has revealed that over 100 homes and businesses in the east of the county were flooded. Tá sé tugtha le fios ag Comhairle Contae Chorcaí gur thuil uisce isteach i mbarr ar 100 teach agus gnóthas in oirthear an chontae. The worst affected areas are Glenmaighir/Bailerosin, Minster Na Corran, White Gate, Clon, Ballyna Martra and Killay. Is iad na háiteanna is measa a buaileadh Gleann Maighir/Baile Roisín, Mainistir na Corann, an Geata Bán, Cluain, Baile na Martra agus Cill Ia. The Abbey Community Hospital was badly damaged and there is talk of evacuating patients from the place as a result. Rinneadh an- damáiste d’Ospidéal Pobail Mhainistir na Corann agus tá caint ar othair a aslonnú ón áit dá dheasca. There was also flooding in Linn Dubh and the Common Road area of Cork city. Bhí tuilte freisin sa Linn Dubh agus i gceantar Bhóthar an Choimín i gcathair Chorcaí. Tánaiste Micheál Martin and Minister Simon Coveney, who are both from Cork, said support would be provided to people in the region under the Government’s Humanitarian Aid Scheme. Dúirt an Tánaiste Micheál Martin agus an tAire Simon Coveney, arb as Corcaigh iad beirt, go gcuirfí tacaíocht ar fáil do dhaoine sa réigiún faoi Scéim Chúnaimh Dhaonnachta an Rialtais. Met Éireann has issued a yellow warning regarding the rain that is expected in Co Kerry today. Tá fógra buí eisithe ag Met Éireann maidir leis an mbáisteach atá geallta i gCo Chiarraí inniu. It is estimated that there will be cold weather in parts of the county and people are being asked to be very careful when they are driving. Meastar go mbeidh fuarlaigh in áiteanna sa chontae agus táthar ag achainí ar dhaoine a bheith an-chúramach nuair atá siad ag tiomáint. The yellow notice will apply between 6 o’clock this evening and 6 o’clock tomorrow evening. Beidh feidhm leis an bhfógra buí idir 6 a chlog tráthnóna inniu agus 6 a chlog tráthnóna amárach. A yellow notice has also been issued in the north regarding the rain that is promised in Armagh, Derry, Dun, Fermanagh and Tyrone. Tá fógra buí eisithe ó thuaidh chomh maith maidir leis an mbáisteach atá geallta in Ard Mhacha, i nDoire, sa Dún, i bhFear Manach agus i dTír Eoghain. The situation is more serious in parts of Scotland, however. Is tromchúisí a bheas an scéal in áiteanna in Albain, áfach. The meteorologists have predicted high wind and “exceptional” rain and believe that life could be at risk as a result, especially in Aberdeenshire and Angus in the east of Scotland. Tá gaoth mhór agus báisteach “eisceachtúil” tuartha ag na meitéareolaithe thall agus dar leo go bhféadfadh beatha a bheiith i mbaol dá bharr, go háirithe i Siorrachd Obar Dheathain agus in Aonghas in oirthear na hAlban. People in those places are being advised to stay at home. Táthar ag comhairliú do dhaoine sna háiteanna sin fanacht sa bhaile. RTÉ News and Current Affairs Corinth Abbey under water (Pic: Damien Rytel) Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Mainistir na Corann faoi uisce (Pic: Damien Rytel)

Oct 20, 202312 min

20231018_IRISH_idir_200-300_dideanai_maraithe_i_gclos_ospideil_in_gaza

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yrsn6el4 Contact: [email protected] “Between 200-300 refugees killed” in hospital yard in Gaza. “Idir 200-300 dídeanaí maraithe” i gclós ospidéil in Gaza. It is reported that between 200 and 300 people were killed when Israeli forces fired missiles at a hospital yard in central Gaza this afternoon. Tuairiscítear gur maraíodh idir 200 agus 300 duine nuair a scaoil fórsaí Iosrael diúracáin le clós ospidéil i lár Gaza tráthnóna inniu. The dead were evacuees who were sheltering in the yard, according to the Gaza Ministry of Health. Daoine a bhí aslonnaithe agus a bhí ar foscadh sa chlós ab ea na mairbh, de réir Aireacht Sláinte Gaza. It was also said that people are still trapped under the debris, dead or alive. Dúradh freisin go bhfuil daoine sáinnithe faoin smionagar fós, beo nó marbh iad. Earlier today it was reported that six people were killed when an Israeli missile hit a school in a refugee camp in central Gaza. Tuairiscíodh níos túisce inniu gur maraíodh seisear nuair a bhuail diúracán Iosraelach scoil i gcampa teifeach i lár Gaza. In a statement from the United Nations Relief and Works Agency for Palestinian Refugees, it was said that it was a terrible act and that it showed that those responsible did not care about civilians. I ráiteas ó Eagraíocht Fóirithinte na Náisiún Aontaithe do Dhídeanaithe Palaistíneacha, dúradh gur gníomh uafásach a bhí ann agus gur léirigh sé gur cuma leis na daoine a bhí freagrach as faoi shibhialtaigh. The Israelis have killed over 3,000 Palestinians in Gaza in ten days, a quarter of them children. Tá ballaíocht ar 3,000 Palaistíneach maraithe ag na hIosraelaigh in Gaza le deich lá, ar leanaí iad an ceathrú cuid díobh. Another 2.3 million people have been evacuated due to the constant bombing that is being done on the place. Tá 2.3 milliún duine eile aslonnaithe de bharr na tuairgneála seasta atáthar a dhéanamh ar an áit. As a result, the enclave is firmly under siege by the Israelis and they have prevented food, water, fuel and medical supplies from being brought into it. Ar a dhroim sin, tá an iamhchríoch faoi léigear diongbháilte ag na hIosraelaigh agus cosc curtha acu ar bhia, ar uisce, ar bhreosla agus ar sholáthairtí leighis a thabhairt isteach ann. Yesterday, an Israeli missile hit a United Nations warehouse in Gaza City containing relief supplies. Inné, bhuail diúracán Iosraelach ionad stórais leis na Náisiúin Aontaithe i gCathair Gaza a raibh soláthairtí fóirithinte ann. The center caught fire and was destroyed. Chuaigh an t-ionad trí thine agus scriosadh é. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Oct 18, 20239 min

20231017_IRISH_luach_€3.9_milliun_de_channabas_faighte_ag_gardai

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ysq6ocrx Contact: [email protected] Gardai found €3.9 million worth of cannabis. Luach €3.9 milliún de channabas faighte ag Gardaí. Gardaí have found caches of cannabis with a total value of €3.9 million in two different locations in north Dublin. Tá taiscí cannabais a bhfuil luach €3.9 milliún san iomlán iontu faighte ag na Gardaí in dhá áit éagsúla i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. A man was arrested when 21 kilograms of the drug was found in a vehicle in Drumcondra yesterday. Gabhadh fear nuair a fuarthas 21 cileagram den druga i bhfeithicil i nDroim Conrach arú inné. It is estimated to be worth around €420,000 abroad. Meastar luach thart ar €420,000 a bheith sa lear úd. Yesterday, gardaí found 174 kilograms of cannabis when they searched an industrial site in Finnardhark. Inné, fuair na Gardaí 174 cileagram de channabas nuair a chuardaigh siad ionad tionsclaíochta i bhFionnradharc. That arrest is thought to be worth €3.5 million. Ceaptar luach €3.5 milliún a bheith sa ghabháil sin. The drugs are to be sent to the Drug Section of the Forensic Laboratory, where they will be analysed. Táthar leis na drugaí a sheoladh chuig Rannóg Drugaí na Saotharlainne Fóiréinseolaíochta, mar a ndéanfar anailís orthu. The man who was arrested is still being questioned by Gardai. Tá an fear a gabhadh fós á cheistiú ag na Gardaí. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Oct 17, 20235 min

20231016_IRISH_an_fhrainc_amuigh_as_comortas_webb_ellis

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yrjh3wfa Contact: [email protected] France out of the Webb Ellis Tournament. An Fhrainc amuigh as Comórtas Webb Ellis. South Africa are the fourth country to reach a Rugby World Cup Semi-Final. Is iad an Afraic Theas an ceathrú tír i le háit a bhaint amach i gCluiche Leathcheannnais de Chraobh Rugbaí an Domhain. They beat the home team in Paris tonight by the narrowest of margins. Chloígh siad an fhoireann baile i bPáras anocht leis an bhearna ba lú. England also qualified for the semi-finals this afternoon when they beat Fiji earlier today. Cháiligh Sasana freisin tráthnóna don leathchraobh nuair a bhuail siadsan Fij níos túisce inniu. South Africa will face England in one of the quarter-finals. Casfaidh an Afraic Theas ar Shasana i gceann de na cluichí ceathrú ceannais. New Zealand and Argentina are the other two teams in this count as we approach the end of the tournament. An Nua Shéalainn agus an Airgintín an dá fhoireann eile atá sa chomhaireamh seo agus muid ag teannadh le deireadh an chomórtais. The Irish were heartbroken last night as they lost against the All Blacks. Bhí crá-croí ag na hÉireannaigh aréir agus iad ag cailleadh i gcoinne na All Blacks. Despite their efforts they decided to score that fateful final. Ainneoin a gcuid iarrachtaí chinn orthu úd cinniúnach a scóráil ar deiridh. And Argentina beat Wales in the other game. Agus choígh An Airgintín an Bhreatain Bheag sa chluiche eile. Argentina will now face New Zealand in the other semi-final. Casfaidh An Airgintín anois ar an Nua Shéalainn sa chluiche eile leathchraoibhe.

Oct 16, 20235 min

20231013_IRISH_iosrael_le_gaza_a_chur_i_ngorta_no_go_saorfar_gialla

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ykfgjlbl Contact: [email protected] Israel to starve Gaza or hostages will be released. Iosrael le Gaza a chur i ngorta nó go saorfar gialla. The Israelis have indicated that they will not allow any water, food or humanitarian aid into Gaza or that the Israeli hostages held captive by Hamas in the enclave will be released. Tá sé tugtha le fios ag na hIosraelaigh nach ligfidh siad isteach in Gaza uisce, bia ná cabhair dhaonnúil ar bith nó go scaoilfear saor na gialla Iosraelacha atá i mbraighdeanas ag Hamas san iamhchríoch. There are about 2.4 million Palestinians living in Gaza and they are in the loop of the Israelis now more than ever since they have been under siege for a few days. Tá thart ar 2.4 milllún Palaistíneach ina gcónaí in Gaza agus tá siad i lúba na nIosraelach anois níos mó ná riamh ó tá an áit faoi dhochtléigear acu le cúpla lá. Already, the Palestinians of Gaza are in the loop of anger and what is there to meet their needs is becoming increasingly scarce. Cheana féin, tá Palaistínigh Gaza i lúb an angair agus a bhfuil ann de riar a riachtanais ag dul i dteirce go tréan. It is estimated that Hamas is holding around 100 hostages in Gaza, both civilians and soldiers. Meastar go bhfuil thart ar 100 giall á gcoinneáil in Gaza ag Hamas, idir shibhialtaigh agus shaighdiúirí. They were abducted when hundreds of members of Hamas carried out a brutal raid in southern Israel last weekend. Fuadaíodh iad nuair a thug na céadta comhalta de Hamas mór-ruathar brúidiúil faoi dheisceart Iosrael an deireadh seachtaine seo caite. Hamas killed people indiscriminately – the civilians of their base – when they went on a killing spree in Israeli settlements after breaching the barriers between Gaza and Israel. Mharaigh lucht Hamas daoine as éadan – sibhialtaigh a mbunáite – nuair a chuaigh siad ar mire mharfach i lonnaíochtaí Iosraelacha tar éis dóibh na bacainní idir Gaza agus Iosrael a bhearnú. It is currently estimated that over 1,300 people were killed in the incident and another 2,700 were injured. Áirítear faoi láthair gur maraíodh os cionn 1,300 duine sa sléacht agus gur gortaíodh 2,700 eile. Kim Damti, a 22-year-old Irish-Israeli, was among the dead. Bhí Kim Damti, Éireannach-Iosraelach 22 blain d’aois, i measc na marbh. The young woman was present at a music festival in southern Israel when a group of Hamas attacked the crowd and unleashed a bloody massacre. Bhí an bhean óg i láthair ag féile cheoil i ndeisceart Iosrael nuair a tháinig buíon Hamas aniar aduaidh ar an slua agus thug fogha fuilteach fúthu. 250 people were killed with Kim that year. Maraíodh 250 duine in éineacht le Kim san ár. It was reported this evening that another young woman of Irish origin, Emily Hand, was killed while visiting a friend in a kibbutz near the border. Tuairiscíodh tráthnóna gur maraíodh bean óg eile de bhunadh na hÉireann, Emily Hand, agus í ar cuairt ag cara léi in kibbutz in aice na teorann. In revenge for the horror and in the body of their own race, the Israelis have since killed their Palestinian children in Gaza, without stopping the 5,600 who have been injured. Mar dhíoltas as an uafás agus i gcorpéiric a gcine féin, tá a n-anlann Palaistíneach maraithe ag na hIosraelaigh in Gaza ó shin, gan an 5,600 atá leonta a bhac. In that end, a large part of the enclave has been flattened by the barrage of missiles that the Israelis have fired at the place since the weekend. Ina cheann sin, tá cuid mhór den iamhchríoch leacaithe ag na frasa diúracán atá scaoilte ag na hIosraelaigh leis an áit ón deireadh seachtaine. This morning, fifteen people were killed when the Israelis bombed a refugee camp in northern Gaza. Ar maidin inniu, maraíodh cúig dhuine dhéag nuair a bhuamáil na hIosraelaigh campa teifeach i dtuaisceart Gaza. The Israelis have promised, however, that they will not stop sea or live until their thirst for revenge cools, if it cools. Tá sé geallta ag na hIosraelaigh, áfach, nach ndéanfaidh siad stad mara ná cónaí go bhfuaróidh a bhfonn díoltais, má fhuaróidh. To that end, the Israel Army infantry is making every effort for a massive offensive that will result in bloodshed without delay. Chuige sin, tá gach uile úmachan á dhéanamh ag cos-slua Arm Iosrael i gcomhair ollionraidh a mbeidh na sruthanna fola mar thoradh air gan aon agó. As a result of the suffering that is in store for the Palestinians of Gaza, the German Government has announced that the development aid they give them – and for all the Palestinian territories – has been suspended. Mar bharr ar an bhfulaingt atá i ndán do Phalaistínigh Gaza, tá sé fógartha ag Rialtas na Gearmáine go bhfuil an cúnamh forbartha a thugann siad dóibh – agus do na críocha Palaistíneacha ar fad – go bhfuil sin curtha ar fionraí acu. German Chancellor Olaf Scholz admitted that the Palestinians would suffer as a result of his decisi

Oct 13, 202316 min

20231012_IRISH_buisead_2024:_roinnt_beartas_i_bhfeidhm_on_mean_oiche

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ykfy9lm3 Contact: [email protected] Budget 2024: some policies in place from midnight. Buiséad 2024: roinnt beartas i bhfeidhm ón meán oíche. Some of the policies of Budget 2024 came into effect from midnight last night after the Dáil voted in favor of raising the duty on tobacco and keeping the Value Added Tax on energy charges as it was. Tháinig cuid de bheartais Bhuiséad 2024 i bhfeidhm ón meán oíche aréir tar éis don Dáil vótáil i bhfabhar an dleacht ar thobac a ardú agus an Cháin Bhreisluacha ar tháillí fuinnimh a choinneáil mar a bhí. Petrol and diesel prices rose from midnight because the carbon tax was raised in the Budget from €48.50 to €56 per tonne. D’ardaigh praghsanna peitril agus díosail ón meán oíche mar gheall gur ardaíodh an cháin charbóin sa Bhuiséad ó €48.50 go dtí €56 in aghaidh an tonna. This means that €1.28 and €1.48 were added to every 60 liters of petrol and diesel respectively. Fágann sin gur cuireadh €1.28 agus €1.48 le gach 60 lítear peitril agus díosail faoi seach. On the contrary, it was announced yesterday that the carbon tax on other fuels and the duties on petrol and diesel would not be increased until next year. Os a choinne sin, fógraíodh inné nach n-ardófaí an cháin charbóin ar bhreoslaí eile ná na dleachta ar pheitreal agus ar dhíosal go dtí an bhliain seo chugainn. At the beginning of next May, 90 cents will be added to a 40 kilogram bag of coal and 20 cents to a normal pile of peat briquettes and it will cost people almost €20 more to fill a 900 liter kerosene tank. I dtús na Bealtaine seo chugainn, cuirfear 90 cent le mála guail 40 cileagram agus 20 cent le gnáthcharn brícíní móna agus cosnóidh sé beagnach €20 breise ar dhaoine tanc 900 lítear ceirisín a líonadh. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Oct 12, 20236 min

20231011_IRISH_treanbhuamail_gaza:_260,000_duine_aslonnaithe

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yno7g92a Contact: [email protected] Heavy bombing of Gaza: 260,000 people evacuated. Tréanbhuamáil Gaza: 260,000 duine aslonnaithe. The United Nations says that over 260,000 people have been evacuated in Gaza due to the heavy Israeli bombardment of the place for four days. Deir na Náisiúin Aontaithe go bhfuil os cionn 260,000 duine aslonnaithe in Gaza mar gheall ar an mbuamáil thréan atá na hIosraelaigh a dhéanamh ar an áit le ceithre lá. The United Nations believes that thousands more will still be evacuated and the Israelis are determined to exact revenge on the Palestinians of Gaza for the destructive attack by Hamas in Israel last weekend. Creideann na Náisiúin Aontaithe go n-aslonnófar na mílte eile fós agus rún daingean ag na hIosraelaigh díoltas a agairt ar Phalaistínigh Gaza as an sléacht millteach a rinne Hamas in Iosrael an deireadh seachtaine seo caite. Over 1,000 people were killed in Israel – the vast majority of them civilians – when members of Hamas carried out a major raid in the south of the country on Saturday. Maraíodh os cionn 1,000 duine in Iosrael – sibhialtaigh a bhformhór mór – nuair a thug comhaltaí Hamas mór-ruathar faoi dheisceart na tíre ar an Satharn. Young children are reported to be among the dead in kibbutz Kfar Aza, one of the first places Hamas attacked. Tuairiscítear leanaí óga a bheith i measc na marbh in kibbutz Kfar Aza, ceann de na chéad áiteanna a d’ionsaigh Hamas. 900 Palestinians have been killed and thousands more injured by the Israelis in Gaza since then. Áirítear 900 Palaisínteach a bheith maraithe agus na mílte eile a bheith gortaithe ag na hIosraelaigh in Gaza ó shin. It is reported that 175,500 people have sought shelter in 88 schools with the United Nations, that 14,500 people are sheltered in twelve other schools and that another 74,000 people are still living in various buildings throughout Gaza. Tuairiscítear go bhfuil dídean lorgtha ag 175,500 duine in 88 scoil leis na Náisiúin Aonaithe, go bhfuil 14,500 duine ar foscadh in dhá scoil déag eile agus go bhfuil 74,000 duine eile fós ag cur fúthu i bhfoirgnimh éagsúla ar fud Gaza. The United Nations also says that it is a big challenge to provide food for the general population in Gaza, not to mention all the refugees, since the Israelis have implemented a blockade around the area. Deir na Náisiúin Aontaithe freisin gur mór an dúshlán riar a gcáis a chur ar fáil don phobal trí chéile in Gaza, gan trácht ar na dídeanaithe ar fad, ó tá imshuí curtha i bhfeidhm timpeall an limistéir ag na hIosraelaigh. The Israelis are not allowing food, water or any other supplies into Gaza as they face an all-out invasion of the enclave. Níl bia, uisce ná aon soláthairtí eile á ligean isteach in Gaza ag na hIosraelaigh agus iad ag fáil faoi réir le hionradh uileghabhálach a dhéanamh ar an iamhchríoch. The representative of the Palestinian Authority in the United Nations has accused the Israelis of genocide and war crimes. Tá cinedhíothú agus coireanna cogaidh curtha i leith na nIosraelach ag toscaire Údarás na Palaistíne sna Náisiúin Aontaithe. RTÉ News and Current Affairs Gaza City, 11 October 2023 Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Cathair Gaza, 11 Deireadh Fómhair 2023

Oct 11, 202311 min

20231007_IRISH_an_bhfeadfadh_se_tarlu?_an_mi-adh_mor

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yovsbd3d Contact: [email protected] Could it happen? An bhféadfadh sé tarlú? The bad luck. An mí-ádh mór. There is a song, I think by the well-known musician from Connemara, John Beag Ó Flatharta, in which verses end with the line: ‘I don’t know which way the bad luck will come from’. Tá amhrán,sílim leis an gceoltóir aitheanta ó Chonamara,John Beag Ó Flatharta ina gcríochnaítear véarsaí leis an líne: ‘Ní fios cén tslí as a dtiocfaidh an mí-ádh mór’. Andy Farrell will be hoping that is not the case for his team tonight. Beidh Andy Farrell ag súil nach fearacht sin scéil é dá fhoireann anocht. It’s another big and decisive night for Ireland in the 2023 Rugby World Cup competition. Oíche mhór chinniúnach eile atá ann go Éirinn i gcomórtas Chorn Rugbaí an Domhain 2023. We thought that there would only be one occasion to read in Pool B, the one two weeks ago in which the players sent this coach from Wigan, Manchester, South Africa to God’s back. Cheap muid nach mbeadh ann ach ocáid amháin dá léithid i bPúl B, an ceann coicís ó shin inar chuir imreoirí an chóitseálaí seo as Wigan,Manchain, An Afraic Theas ar éigin Dé de dhroim seoil. But look how it is, there is no relief for the Irish despite having 3 games and 2 bonus points hanging with them since the 10th series of the Webb Ellis Cup started more than a month ago now. Ach féach mar atá, níl aon fhaoiseamh le fáil ag na hÉireannaigh ainneoin 3 chluiche agus 2 phointe bónais a bheith crochta leo acu ó cuireadh tús leis an 10ú sraith de Chorn Webb Ellis breis is mí ó shin anois. That’s because South Africa have won 3 games, are currently on 15 league points and top of this group, the Group of Death. Sin toisc go bhfuil 3 chluiche buaite ag an Afraic Theas, iad ar 15 pointe sraithe faoi láthair agus ar bharr an ghrúpa seo,Grúpa an bháis. But South Africa have now played all their games in the group, they are one point ahead of Ireland and 5 ahead of Scotland. Ach tá a gcuid cluichí ar fad sa ghrúpa imeartha anois ag An Afraic Theas, iad pointe chun cinn ar Éirinn agus 5 cinn chun tosaigh ar Albain. If Scotland beat the Irish team tonight by more than 7 points, and if Ireland does not manage to get a bonus point, then believe it or not we will be leaving the competition despite our status among the rugby nations of the world. Má bhuaileann Albain foireann na hÉireann anocht le níos mó ná 7 bpointe, agus mura n-éiríonn le hÉirinn pointe bónais a ghnóthú,bhuel creid é nó ná creid beidh muide ag fágáil slán leis an gcomórtas ainneoin ár stádas i measc thíortha rugbaí an domhain. If Scotland beats us with 21 points, but the green team scores 4 and secures a bonus point, then you have the almost unbelievable story: Scotland qualifying in first place from the group, Ireland in second place and South Africa packing their their bags home to Cape Town. Má bhuaileann Albain muid le 21 pointe, ach an fhoireann ghlas ag scóráil 4 úd ag cinntiú pointe bónais, ansin tá an scéal dochreidte nach mór agat:Albain ag cáiliú sa chéad áit ón ghrúpa, Éirinn sa dara háit agus An Afraic Theas ag pacáil a gcuid málaí abhaile go Cape Town. The result of reading it would attract a lot of discussion and controversy and a good basis for it I imagine. Tharraingeodh toradh dá léithid neart cainte is conspóide agus bunús maith leis shamhlóinn. Ireland’s rugby team say there is no way a game would be fixed if they read it and to be fair to South Africa they don’t think that their reading of nonsense could happen either. Deir foireann rugair na hÉireann nach bhfuil bealach ar bith go socrófaí cluiche dá léithid agus le bheith cóir ar An Afraic Theas ní dóigh leosan ach oiread go bhféadfadh a léithid sin de chneamhaireacht tarlú. If Ireland beat Scotland, which many think is likely to happen, they will clinch top spot in the table and face the All Blacks next weekend. Má bhuaileann Éirinn Albain, an rud is dócha a tharlóidh dar le cuid mhór, cinneoidh siad an spota is airde sa tábla agus is in aghaidh na All Blacks a bheidh siad an deireadh seachtaine seo chugainn. The situation will be the same for Ireland in the event of a tie and even if they lose as long as there are not 8 points or more between the last teams and no bonus points have been gained by Ireland. Beidh an scéal amhlaidh d’Éirinn i gcás comhscóir agus fiú má chailleann siad fad is nach mbíonn 8 bpointe nó níos mó idir na fóirne ar deiridh agus gan aon phointe bónais gnóthaithe ag Éirinn. South Africa can now only finish second or exit the competition altogether but that is unlikely to happen. Ní féidir leis an Afraic Theas anois ach críochnú sa dara háit, sin nó imeacht as an gcomórtas ar fad ach is caolseans go dtarlóidh sin. Irish hearts will be in their mouths by the time this game starts tonight at 8 o’clock Irish time and the situation will r

Oct 7, 202316 min

20231006_IRISH_51_duine_maraithe_de_bharr_ionsai_diuracain_san_ucrain

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yvp5w5ts Contact: [email protected] 51 people killed by missile attack in Ukraine. 51 duine maraithe de bharr ionsaí diúracáin san Úcráin. It is reported that at least half a hundred people were killed – including a six-year-old child – when a huge missile fired by Russian forces exploded near a village in eastern Ukraine this morning. Tuairiscítear gur maraíodh leathchéad duine ar a laghad – páiste sé bliana d’aois ina measc – nuair a phléasc diúracán ollmhór a bhí scaoilte ag fórsaí Rúiseacha le sráidbhaile in oirthear na hÚcráine ar maidin inniu. The people had gathered for a rally that was taking place in a cafe in the village of Hroza when the missile exploded without any warning. Bhí na daoine tagtha le chéile le haghaidh tórraimh a bhí ar siúl i gcaife i sráidbhaile Hroza nuair a phléasc an diúracán gan aon fhógra. The village is in Kharkiv Oblast close to the border with Russia and has around 300 people living there. Is in Oblast Kharkiv gar don teorainn leis an Rúis atá an sráidbhaile a bhfuil thart ar 300 duine ina gcónaí ann. It is a raging war between the Ukrainians and the Russians in that region and Hroza is only 30 kilometers from the battlefield. Tá sé ina chogadh craorag idir na hÚcránaigh agus na Rúisigh sa réigiún sin agus níl Hroza ach 30 ciliméadar ó bhrollach an chatha. It is believed to be an Iskander missile that was fired by the Russians at the site. Meastar gur diúracán den déanamh Iskander a scaoil na Rúisigh leis an áit. That’s a high-explosive ballistic missile that’s 7.3 meters long. Sin diúracán balaistíoch tréanphléascach atá 7.3 méadar ar a fhad. It is also reported that two people were killed due to an artillery attack by the Russians on the city of Kherson in southern Ukraine. Tuairiscítear freisin gur maraíodh beirt mar gheall ar ionsaí airtléire a rinne na Rúisigh ar chathair Kherson i ndeisceart na hÚcráine. On the other side of the border, the Russians are reporting that Ukrainian forces have dropped cluster bombs on a large town in Russia. Ar an taobh eile den teorainn, tá sé á thuairisciú ag na Rúisigh go bhfuil cnuasbhuamaí scaoilte ag fórsaí na hÚcráine le baile mór sa Rúis. One person was injured and buildings were damaged in the attack on the town of Rylsk, which is 30 kilometers from the border between the two countries, the Russians say. Gortaíodh duine amháin agus rinneadh damáiste d’fhoirgnimh san ionsaí a rinneadh ar bhaile Rylsk atá 30 ciliméadar ón teorainn idir an dá thír, a deir na Rúisigh. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Oct 6, 20238 min

20231005_IRISH_falscai_mhor_eile_in_tenerife,_a_mbailte_treigthe_ag_3,000_duine

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ytxvgkha Contact: [email protected] Another big disaster in Tenerife, their towns abandoned by 3,000 people. Falscaí mhór eile in Tenerife, a mbailte tréigthe ag 3,000 duine. About 3,000 people have abandoned their towns in Tenerife in the Canary Islands because of a large fire that has been burning there since yesterday. Tá a mbailte tréigthe ag thart ar 3,000 duine in Tenerife sna hOileáin Chanáracha mar gheall ar fhalscaí mhór atá ag dó ann ó inné. The blaze is burning in a wooded area in the north-east of the island and it is becoming difficult for firefighters to put it out because the ground is so rough. Is i gceantar foraoise lán ailteanna in oirthuaisceart an oileáin atá an fhalscaí ag dó agus tá sé ag dul dian ar chomhraiceoirí dóiteáin í a mhúchadh de bhrí go bhfuil an talamh chomh haimhréidh. The authorities say that 2,400 people in the town of Santa Úrsula and 600 people in the town of La Orotava had to be evacuated while the surrounding area was devastated. Deir na húdaráis go mb’éigean 2,400 duine i mbaile Santa Úrsula agus 600 duine i mbaile La Orotava a aslonnú agus an ceantar máguaird ina chaor. However, firefighters appear to have pushed back the initial line of the fire after pouring thousands of liters of water onto the flames from dedicated helicopters. Mar sin féin, is cosúil go bhfuil líne thosaigh an dóiteáin brúite siar ag na comhraiceoirí dóiteáin tar éis dóibh na mílte lítear uisce a dhoirteadh anuas ar na lasracha ó héileacaptair shainfheistithe. There was a major flood in the same region in August and thousands of hectares of crops were destroyed. Bhí falscaí mhór sa réigiún céanna i mí Lúnasa agus lomscriosadh na mílte heictéar dá barr. It was said at the time that it was the most intense fire in Tenerife for forty years. Dúradh ag an am gurbh é an dóiteán ab aimpléisí a ndeachthas i dtreis leis in Tenerife le daichead bliain. The temperature in Tenerife is currently around 30 degrees. Thart ar 30 céim atá an teocht in Tenerife faoi láthair. It is in the middle of summer, however, that the temperature is usually so high in the island. Is i lár an tsamhraidh, áfach, is iondúil a bhíonn an teocht chomh hard sin san oileán. No flights from or to the island are reported to have been canceled due to the emergency. Ní thuairiscítear eitiltí as an oileán ná chun an oileáin a bheith curtha ar ceal de bharr na héigeandála. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Oct 5, 20238 min

20231004_IRISH_meadu_25%_ar_an_lion_inimirceach_ata_ag_lorg_tearmainn_in_eirinn

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ypnrvvzx Contact: [email protected] A 25% increase in the number of immigrants seeking asylum in Ireland. Méadú 25 faoin gcéad ar an líon inimirceach atá ag lorg tearmainn in Éirinn. There has been a 25% increase since the beginning of the year in the number of immigrants living in direct provision centers and centers for people seeking international protection status, according to new figures from the Department of Integration. Tá méadú 25 faoin gcéad tagtha ó thús na bliana ar an líon inimirceach atá ag cur fúthu in ionaid soláthair dhírigh agus in ionaid le haghaidh daoine a bhfuil stádas cosanta idirnáisiúnta á lorg acu, de réir figiúirí nua ón Roinn Lánpháirtíochta. Accommodation was being made available to 19,104 people by the International Protection Accommodation Services last January compared to the 23,983 people officially recorded eleven days ago, 24 September. Bhí lóistín á chur ar fáil do 19,104 duine ag na Seirbhísí Lóistín um Chosaint Idirnáisiúnta i mí Eanáir seo caite le hais an 23,983 duine a taifeadadh go hoifigiúil aon lá dhéag ó shin, 24 Meán Fómhair. 350 people of the 23,983 were living temporarily in tents. Bhí 350 duine den 23,983 ina gcónaí go sealadach i bpubaill. On September 24, it was also counted that an average of 39 asylum seekers were coming into the country every single day. Áiríodh ar an 24 Meán Fómhair freisin go raibh 39 iarrthóir ar thearmann ar an meán ag teacht isteach sa tír gach uile lá. Accommodation was provided for 51 people from Russia last month but that country was not included in the figures recorded in January. Cuireadh lóistín ar fáil do 51 duine ón Rúis an mhí seo caite ach ní raibh an tír sin san áireamh sna figiúirí a taifeadadh i mí Eanáir. In that regard, accommodation was provided to 35 people from the United States last month compared to 25 in January. Ina cheann sin, cuireadh lóistín ar fáil do 35 duine ó na Stáit Aontaithe an mhí seo caite le hais 25 i mí Eanáir. There has also been a large increase in the number of people from Algeria, Georgia and Nigeria seeking asylum in Ireland. Tá méadú mór tagtha chomh maith ar an líon daoine ón Ailgéir, ón tSeoirsia agus ón Nigéir atá ag lorg tearmainn in Éirinn. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Oct 4, 20238 min

20231003_IRISH_an_praghas_atathar_a_iarraidh_ar_thithe_tar_eis_ardu_an_athuair

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ywsssl8a Contact: [email protected] The asking price of houses after the rise again. An praghas atáthar a iarraidh ar thithe tar éis ardú an athuair. Despite house prices falling in the first two quarters of the year, they started to rise again in the third quarter, according to the latest bulletin from MyHome.ie. In ainneoin gur thit praghsanna tithe sa chéad dá ráithe den bhliain, thosaigh siad ag ardú arís sa tríú ráithe, de réir an fheasacháin is deireanaí ó lucht MyHome.ie. It was an increase of almost 4% between July and September. Ardú beagán le cois 4 faoin gcéad a bhí ann idir Iúil agus Meán Fómhair. MyHome.ie has calculated the asking price rather than the final price received. Is é an praghas a hiarradh seachas an praghas a fuarthas ar deireadh atá ríofa ag MyHome.ie. In Dublin, the asking price in the third quarter was 3% more expensive on average than in the same quarter last year. I mBaile Átha Cliath, bhí an praghas a hiarradh sa tríú ráithe 3 faoin gcéad níos daoire ar an meán ná sa ráithe chéanna anuraidh. It was almost 5% in the rest of the country. Beagnach 5 faoin gcéad a bhí i gceist sa chuid eile den tír. The contents of the MyHome.ie bulletin are more or less consistent with the report published by daft.ie last week. Tá a bhfuil i bhfeasachán MyHome.ie ag teacht a bheag nó a mhór leis an tuairisc a d’fhoilsigh lucht daft.ie an tseachtain seo caite. According to daft.ie the asking price nationally in the third quarter of the year was 3.7% more expensive on average than in the same quarter last year. Dar le daft.ie go raibh an praghas a hiarradh go náisiúnta sa tríú ráithe den bhliain 3.7 faoin gcéad níos daoire ar an meán ná sa ráithe chéanna anuraidh. Official figures from the Central Statistics Office published last week revealed that there was an average rise of 1.5% in house prices nationally over the year between July 2022 and July 2023. Tugadh le fios i bhfigiúirí oifigiúla ón bPríomh-Oifig Staidrimh a foilsíodh an tseachtain seo caite go raibh ardú 1.5 faoin gcéad ar an meán ar phraghsanna tithe go náisiúnta i gcaitheamh na bliana idir Iúil 2022 agus Iúil 2023. The Central Statistics Office calculates the price that was finally received rather than the price that was originally asked for. Is é an praghas a fuarthas ar deireadh seachas an praghas a bhí iarrtha ar an gcéad dul síos a ríomh an Phríomh-Oifig Staidrimh. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Oct 3, 20238 min

20230930_IRISH_beirt_le_tabhairt_os_comhair_cuirte_faoi_lear_mor_cocaoin

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yo9sj77t Contact: [email protected] Two to be brought before a court in a big country of cocaine. Beirt le tabhairt os comhair cúirte faoi lear mór cócaoin. Gardaí have charged two men in connection with the large haul of cocaine found on a cargo ship off the Cork coast last Tuesday. Tá beirt fhear cúisithe ag na Gardaí maidir leis an lear mór cócaoin a fuarthas ar lastlong amach ó chósta Chorcaí Dé Máirt seo caite. The men have been charged with drug importing offenses and are due to appear at Wexford District Court this afternoon. Cionta a bhaineann le drugaí a iompórtáil atá curtha i leith na bhfear agus tá siad le tabhairt os comhair Chúirt Dúiche Loch Garman tráthnóna. The two were on a trawler that sailed off the Wexford coast last Sunday and were arrested after the rescue services brought them ashore. Bhí an bheirt ar thrálaer a chuaigh ar oitir amach ó chósta Loch Garman Dé Domhnaigh seo caite agus gabhadh iad tar éis do na seirbhísí tarrthála a dtabhairt i dtír. One of them is from Britain and the other is from Ukraine. Is ón mBreatain duine acu agus is ón Úcráin an duine eile. Over 2.2 tonnes of cocaine were found on the cargo ship – the MV Matthew – after the authorities took possession of it with a strong hand. Fuarthas os cionn 2.2 tonna cócaoin ar an lastlong – an MV Matthew – tar éis do na húdaráis seilbh a ghabháil uirthi le lámh láidir. Five men who were on board the ship were arrested and are still being questioned by Gardai. Gabhadh cúigear fear a bhí ar bord na loinge agus tá siad á gceistiú ag na Gardaí i gcónaí. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Sep 30, 20235 min

20230929_IRISH_greasan_griosaitheach_mailiseach_dunta_ag_tiktok

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/26s9hffw Contact: [email protected] TikTok shuts down “inciting malicious network”. “Gréasán gríosaitheach mailíseach” dúnta ag TikTok. Social media platform TikTok has revealed that it has shut down a “malicious network that was spreading poisonous content”. Tá sé tugtha le fios ag an meán sóisialta TikTok go bhfuil “gréasán mailíseach a raibh ábhar nimhiúil á scaipeadh air” dúnta acu. The network reportedly had 72 accounts and over 94,000 followers. Bhí 72 cuntas agus os cionn 94,000 leantóir ag an ngréasán, a dúradh. According to TikTok, extremist comments were being posted by the administrators of the web with a desire to foster conflict between people. Dar le TikTok go raibh tuairimí antoisceacha á bpostáil ag riarthóirí an ghréasáin le fonn coimhlint idir dhaoine a chothú. Some of the content posted on the web related to this country, as well as Japan, Russia and Taiwan. Bhain cuid den ábhar a postáladh ar an ngréasan leis an tír seo, chomh maith leis an tSeapáin, an Rúis agus an Téaváin. It appears that the network was operational during the first two quarters of this year. Is cosúil gur i gcaitheamh an chéad dá ráithe den bhliain seo a bhí an gréasán ag feidhmiú. The details of the story have been published in a report that TikTok has submitted to the European Commission as part of the medium’s duty under the European Union’s Code of Practice on Biography. Tá sonraí an scéil foilsithe i dtuarascáil atá curtha faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh ag TikTok mar chuid den dualgas atá ar an meán faoi Chód Cleachtais an Aontais Eorpaigh maidir le Bréagaisnéis. In addition to TikTok, Google, Microsoft, Facebook and Instagram are involved in that code of practice. Chomh maith le TikTok, tá Google, Microsoft, Facebook agus Instagram bainteach leis an gcód cleachtais sin. Twitter – or X, as it is now called – used to be involved as well but they pulled out after Elon Musk bought the company. Bhíodh Twittter – nó X, mar a thugtar air anois – bainteach leis freisin ach tharraing siad amach as tar éis do Elon Musk an comhlacht a cheannach. Very timely, the European Union revealed yesterday that on X – above any other medium in Europe – biography is posted the most. Tráthúil go maith, thug an tAontas Eorpach le fios arú inné gur ar X – thar aon mheán eile san Eoraip – is mó a phostáiltear bréagaisnéis. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Sep 29, 20237 min