PLAY PODCASTS
Learn Irish with daily podcasts

Learn Irish with daily podcasts

310 episodes — Page 5 of 7

20240505_IRISH_os_cionn_400_pairteach_i_ras_bothair_inis_’iron’_meain

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/3yoklgps Contact: [email protected] Over 400 participants in the Ennis road race Os cionn 400 páirteach i rás bóthair Inis 'Iron' Meáin. News Over 400 people took it from the tires today in Ennis Meáin in the Galway bay, in the road race known as Ennis Iron Meáin. Nuacht Thug os cionn 400 duine as na boinn é inniu in Inis Meáin i gcuan na Gaillimhe, sa rás bóthair ar a dtugtar Inis Iron Meáin. This is the twentieth year the race has been running and the twelve kilometer race course attracts runners from all over. Seo an fichiú bliain an rás ar bun agus meallann cúrsa an ráis dhá chiliméadar déag reathaithe as gach uile chearn. The race was originally organized to raise money for the island’s secondary school, Saint John’s College. Eagraíodh an rás ar dtús chun airgead a bhailiú do mheánscoil an oileáin, Coláiste Naomh Eoin. The organizers of the event claim that Inis Iron Meáin is the first ever road race of its kind on the Irish islands and that other communities have since emulated them with similar races. Maíonn lucht eagraithe na hócáide gurb é Inis Iron Meáin an chéad rás bóthair dá chineál ariamh ar oileáin na hÉireann agus go ndearna pobail eile aithris orthu ó shin le rásaí dá macasamhail. The organizing committee of the race always manages to attract well-known people to be at the head of the course. Éiríonn le coiste eagraithe an ráis daoine aitheanta a mhealladh i gcónaí le bheith ar cheann an chúrsa. Today it was Galway Mayor Eddie Hoare who hit the starting bell outside Naomh Eoin’s Secondary School on the island in the company of Galway Rose Deirdre Ní Cheoinín. Inniu ba é Méara Chathair na Gaillimhe Eddie Hoare a bhuail an bonnán tosaithe taobh amuigh de Mheánscoil Naomh Eoin ar an oileán i gcuideachta Rós na Gaillimhe Deirdre Ní Cheoinín. Connacht full-back Tiernan O’Halloran, who announced this week that he was retiring from the game professionally, was among the more than 400 runners who made it out. Bhí lánchúlaí fhoireann Chonnacht Tiernan O’Halloran, a d’fhógair an tseachtain seo go raibh sé ag éirí as an gcluiche go gairmiúil, i measc an bhreis is 400 reathaí a thug as na boinn é. People were present from as far afield as Sweden and Austria. Bhí daoine i láthair as áiteanna chomh fada i gcéin leis an tSualainn agus an Ostair. A number of Irish people returned from abroad for the Bank Holiday weekend to join their families. D’fhill roinnt Éireannach ó thar lear don deireadh seachtaine Saoire Bainc le bheith páirteach lena dteaghlach. Among them was Colin Frost from Castlebar but who lives in London and came back to Ennismean for the third year in a row. Orthu sin bhí Colin Frost as Caisleán an Bharraigh ach atá ina chónaí i Londain agus tháinig arais go hInis Meáin den triú bliain as a chéile. His father and brother were involved today as well. Bhí a athair agus dheartháir páirteach inniu chomh maith. Méabh Kealy, who is still in primary school, was one of the youngest competitors who took part in the 5 kilometer race today. Bhí Méabh Kealy, atá go fóill sa bhunscoil ar dhuine de na h- iomaitheoirí ab óige a ghlac páirt sa rás 5 ciliméadar inniu. Ennis Meáin is particularly important to her family because it is where her parents Eithne and Gerry met – at the Ennis Iron Meáin road race! Méabh told Nuacht RTÉ today that her parents return to the island every year since then to take part and that she loves that she can now run out with them! The brothers Ciarán, Colm and Alan Breathnach from Ballymun were in Dublin today as well. Tá tábhacht ar leith ag baint le hInis Meáin dá teaghlach mar gur ann a casadh a tuismitheoirí Eithne agus Gerry ar a chéile – ag rás bóthair Inis Iron Meáin! Dúirt Méabh le Nuacht RTÉ inniu go bhfilleann a tuismitheoirí ar an oileán gach bliain ó shin i leith le bheith páirteach agus gur breá léi go mbíonn sise anois ábalta rith amach ina dteannta! Bhí na deartháireacha Ciarán, Colm agus Alan Breathnach as Baile Munna i mBaile Átha Cliath ansin inniu chomh maith. They have been coming to Ennismean for a long time and this is the first race they run every year. Tá siad ag teacht go hInis Meáin le fada agus is é seo an chéad rás a ritheann siad gach bliain. Alan can claim to be the oldest of the three and despite that he managed to run a faster race time than his two brothers! Runners are very popular with the 10 kilometer and 12 kilometer races which take them through some of the most scenic and picturesque places on the island – from the uninhabited south of the island, through the area known as ‘Carcar’ ‘ and down a steep slope along the quay at An Chóra. Tá sé le maíomh ag Alan gurb é is sine den triúr agus ainneoin sin gur éirigh leis am rás a rith níos gaiste ná a bheirt dheartháir! Tá tóir mhór ag reathaithe ar na rásaí 10 ciliméadar agus 12 ciliméadar a thugann tríd c

May 5, 202420 min

20240502_IRISH_dideanaithe_shraid_an_mhota_bogtha,_campa_glanta_as_an_mbealach

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ykavbpbt Contact: [email protected] Mount Street refugees moved, camp cleared out of the way. Dídeanaithe Shráid an Mhóta bogtha, campa glanta as an mbealach. International asylum seekers who were living in small tents in the center of Dublin have been transferred to an indoor center in the West of the City and to specially equipped tents on a site in Knock Slinne in the south west of the county. Tá iarrthóirí tearmainn idirnáisiúnta a bhí ag cur fúthu i bpubaill bheaga i lár Bhaile Átha Cliath aistrithe go dtí ionad faoi dhíon in Iarthar na Cathrach agus go dtí pubaill shainchóirithe ar shuíomh i gCnoc Slinne in iardheisceart an chontae. The asylum seekers had set up a subcamp outside the International Protection Office on Lower Mount Street but they had no facilities at all. Bhí foschampa bunaithe ag na hiarrthóirí tearmainn taobh amuigh den Oifig um Chosaint Idirnáisiúnta ar Shráid an Mhóta Íochtarach ach ní raibh saoráidí dá laghad acu ann. The living conditions in the camp were getting worse all the time and all kinds of dirt was accumulating in the place. Bhí na coinníollacha maireachtála sa champa ag dul chun donachta an t-am ar fad agus bhí gach cineál salachair á charnadh san áit. On the path in front of the building, around it and behind it, the refugees had pitched their tents. Ar an gcosán os comhair an fhoirgnimh, thart timpeall air agus taobh thiar de a bhí na pubaill curtha suas ag na dídeanaithe. This morning, workers moved the tents out of the way, the street was cleared and the refugees were taken on buses to the residential centers in West City and Knock Slinne. Ar maidin inniu, chuir oibrithe na pubaill as an mbealach, glanadh an tsráid agus tugadh na dídeanaithe ar bhusanna go dtí na hionaid chónaithe in Iarthar na Cathrach agus i gCnoc Slinne. In that end, a temporary fence and plastic bollards were put up so that a camp cannot be established there again. Ina cheann sin, cuireadh fál sealadach agus mullaird phlaisteacha suas ionas nach féidir campa a bhunú ann arís. The Department of Integration, the Department of Justice, the Garda Síochána, Dublin City Council, the Office of Public Works and the Health Service Executive, these different agencies were responsible for the different parts of the work. An Roinn Lánpháirtíochta, an Roinn Dlí agus Cirt, an Garda Síochána, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Oifig na nOibreacha Poilbí agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, is iad na gníomhaireachtaí éagsúla sin a bhí freagrach as na codanna éagsúla den obair. The authorities have already tried to move asylum seekers from Mount Street. Rinne na húdaráis iarracht cheana iarrthóirí tearmainn a bhogadh ó Shráid an Mhóta. 150 of them were taken to the site in Knockslinne in March but some returned to the camp on Mount Street the same day. Tugadh 150 acu go dtí an suíomh i gCnoc Slinne i mí an Mhárta ach d’fhill cuid acu ar an gcampa ar Shráid an Mhóta an lá céanna. Despite all facilities being available there, they said that Slinne Hill was too remote. In ainneoin gach saoráid a bheith ar fáil ann, dúirt siad go raibh Cnoc Slinne ró-iargúlta. Integration Minister Roderic O’Gorman also confirmed today that asylum seekers are now living in the River Lodge, or Fighter’s House, in Ballykennedigh in Co Wicklow. Dhearbhaigh an tAire Lánpháirtíochta Roderic O’Gorman inniu freisin go bhfuil iarrthóirí tearmainn ina gcónaí anois i Lóiste na hAbhann, nó Teach Trodair, i mBaile an Chinnéidigh i gCo Chill Mhantáin. Clashes took place outside that center during a protest last week. Tharla scliúchais taobh amuigh den ionad sin le linn agóid a bhí ann an tseachtain seo caite. RTÉ News and Current Affairs Tents being cleared out of the way on Lower Mount Street this morning Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Pubaill á nglanadh as an mbealach ar Shráid an Mhóta Íochtarach ar maidin inniu

May 2, 202412 min

20240429_IRISH_cruinniu_idir_mcentee_agus_cleverley_curtha_ar_athla

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2dovgenf Contact: [email protected] Meeting between McEntee and Cleverley postponed. Cruinniú idir McEntee agus Cleverley curtha ar athlá. A planned meeting between Justice Minister Helen McEntee and British Home Affairs Secretary James Cleverly has been postponed. Tá cruinniú a bhí beartaithe idir an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee agus Rúnaí Gnóthaí Baile na Breataine James Cleverly curtha ar athlá. The two were to discuss the controversy about asylum seekers coming to Ireland from Britain but it is said that James Cleverly is busy with other affairs today. Bhí an bheirt leis an gconspóid faoi iarrthóirí tearmainn ag teacht go hÉirinn ón mBreatain a phlé ach deirtear go bhfuil James Cleverly gafa ag gnóthaí eile inniu. The Department of Justice has confirmed that the two will discuss the matter again soon. Tá sé dearbhaithe ag an an Roinn Dlí agus Cirt go bpléifidh an bheirt an scéal arís go luath. The story relates to the concern of the Irish Government that more immigrants have been coming into the State from Northern Ireland for some time because they fear that they will be deported from the United Kingdom. Baineann an scéal leis an imní atá ar Rialtas na hÉireann go bhfuil níos mó inimirceach ag teacht isteach sa Stát ó Thuaisceart Éireann le tamall mar go bhfuil faitíos orthu go ndíbreofar as an Ríocht Aontaithe iad. Legislation was passed in Britain last week under which asylum seekers can be deported from the country and sent to Rwanda in eastern Africa. Ritheadh reachtaíocht sa Bhreatain an tseachtain seo caite faoinar féidir iarrthóirí tearmainn a dhíbirt as an tír agus a gcur go Ruanda in oirthear na hAfraice. The aim of the legislation is to prevent migrants from arriving in Britain in small boats from France. Is é is aidhm don reachtaíocht imircigh a chur ó theacht chun na Breataine i mbáid bheaga ón bhFrainc. Minister McEntee revealed last week that there had been an increase of over 80% in the number of migrants coming into the State from Northern Ireland and the British Prime Minister claimed that this showed that the new legislation although it had not yet been implemented. Thug an tAire McEntee le fios an tseachtain seo caite go raibh ardú os cionn 80 faoin gcéad tagtha ar an líon imirceach a bhí ag teacht isteach sa Stát ó Thuaisceart Éireann agus mhaigh Príomh-Aire na Breataine gur léirigh sé sin go raibh rath cheana féin ar an reachtaíocht nua cé nach raibh sé curtha i bhfeidhm fós. In light of this crime in British immigration policy, the Irish Government is considering introducing legislation that would allow asylum seekers who have landed in Britain to be sent back there. I bhfianaise an choir seo i bpolasaí inimirce na Breataine, tá Rialtas na hÉireann ag breathnú ar reachtaíocht a thabhairt isteach faoina gceadófaí iarrthóirí tearmainn a tháinig i dtír sa Bhreatain a chur ar ais ann. Yesterday, Taoiseach Simon Harris said that Ireland would not provide a loophole for other countries struggling with the issue of immigration. Inné, dúirt an Taoiseach Simon Harris nach gcuirfeadh Éire bealach éalaithe ar fáil do thíortha eile atá ag streachailt le ceist na hinimirce. It is understood that Helen McEntee and James Cleverly are to discuss the Common Travel Area between Ireland and the United Kingdom with a view to “strengthening” it. Tuigtear go bhfuil Helen McEntee agus James Cleverly chun an Comhlimistéár Taistil idir Éire agus an Ríocht Aontaithe a phlé le súil é a “neartú”. According to that agreement, citizens of Ireland and the United Kingdom are allowed to travel without restriction between the two countries. De réir an chomhaontaithe sin, tá cead ag saoránaigh na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe taisteal gan srian idir an dá thír. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Apr 29, 202411 min

20240426_IRISH_imni_ar_an_eigipt_go_mbrufar_palaistinigh_trasna_na_teorann

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/26lsnkv7 Contact: [email protected] Egypt worries that Palestinians will be pushed across the border. Imní ar an Éigipt go mbrúfar Palaistínigh trasna na teorann. The Egyptian Government says it has no intention of allowing the Palestinian Israelis living in the southern Gaza city of Rafah to be pushed across the border when the Israeli Army makes a major invasion of the city as they have promised. Deir Rialtas na hÉigipte nach bhfuil aon rún acu ligean do na hIosraelaigh Palaistínigh atá ag cur fúthu i gcathair Rafah i ndeisceart Gaza a bhrú trasna na teorann nuair a dhéanfas Arm Iosrael mórionradh ar an gcathair mar atá geallta acu. The Israelis have said many times that they have vowed to launch an all-out invasion of Rafah and have been retaliating against it for several weeks. Tá sé ráite go minic ag na hIosraelaigh go bhfuil siad mionnaithe ionradh uileghabhálach a dhéanamh ar Rafah agus tá iad ag déanamh téisclime lena aghaidh sin le roinnt seachtainí. International leaders have asked the Israelis just as often not to go ahead with the invasion because of the damage that will certainly be done to the public. Tá iarrtha chomh minic céanna ag ceannairí idirnáisiúnta ar na hIosraelaigh gan dul ar aghaidh leis an ionradh mar gheall ar an ár is cinnte a thabharfar ar an bpobal ansin dá bhíthin. Not to mention the million people who lived in Rafah before the Israelis started waging war on Gaza last autumn, their refugee sauce has also been wedged into it since then. Gan trácht ar an milliún duine a bhí ina gcónaí in Rafah sular thosaigh na hIosraelaigh ag fearadh cogadh ar Gaza an fómhar seo caite, tá a n-anlann teifeach dingthe isteach ann ó shin freisin. Despite what the Egyptians said today, they also indicated that they would have to cooperate with the Israeli military forces in terms of security since Rafah is located on the border with Egypt. In ainneoin a ndúirt na hÉigiptigh inniu, thug siad le fios chomh maith go mbeadh orthu dul i gcomhar le fórsaí míleata Iosrael maidir le cúrsaí slándála ó tá Rafah suite ar an teorainn leis an Éigipt. It cannot be said, they said, that they will support the invasion. Ní hin le rá, a dúirt siad, go mbeidh siad ag tacú leis an ionradh. As per the Israeli plan to do so, it is reported that they have bought 40,000 tents with room for twelve in each, with the hope of housing civilians who will be evacuated from Rafah before the invasion. Mar leis an téisclim atá na hIosraelaigh a dhéanamh, tuairiscítear go bhfuil 40,000 puball a bhfuil áit i ngach ceann acu do dháréag ceannaithe acu le súil sibhialtaigh a aslonnófar ó Rafah roimh an ionradh a chur a chónaí iontu. It seems that some of the tents have already been erected in the city of Khan Younis, five kilometers north of Rafah. Is cosúil go bhfuil cuid de na pubaill curtha suas cheana féin i gcathair Khan Younis, cuig chiliméadar ó thuaidh ó Rafah. If this is the case, the Israelis are determined to get as many civilians as possible out of Rafah before the invasion, it is estimated that they will not have made all their preparations for at least a month. Más amhlaidh atá na hIosraelaigh meáite ar an oiread sibhialtach agus is féidir a thabhairt amach as Rafah roimh an ionradh, meastar nach mbeidh gach uile úmachan déanta acu go ceann míosa ar a laghad. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Apr 26, 202410 min

20240424_IRISH_iosraelaigh_tosaithe_ar_fheachtas_ur_fornirt_i_dtuaiscart_gaza

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/28hzobfb Contact: [email protected] Israelis have started a new campaign of force in northern Gaza. Iosraelaigh tosaithe ar fheachtas úr fornirt i dtuaiscart Gaza. It appears that Israeli military forces have begun a fresh campaign of violence in Gaza after they heavily bombarded various parts of the Palestinian enclave yesterday. Dealraíonn sé go bhfuil fórsaí míleata Iosrael tosaithe ar fheachtas úr foréigin in Gaza tar éis dóibh áiteanna éagsúla ar fud na hiamhchríche Palaistíní a bhombardú go trom inné. In that, the Israeli Army ordered civilians in four places in the city of Beit Lahiya in northern Gaza to leave their homes again because they were “in a dangerous war zone”. Ina cheann sin, d’ordaigh Arm Iosrael do shibhialtaigh i gceithre áit i gcathair Beit Lahiya i dtuaisceart Gaza imeacht as a n-áitribh an athuair mar go raibh siad “i gceantar cogaíochta contúirteach”. The Israelis had previously pulled troops out of northern Gaza after, they said, defeating Hamas militants. Bhí saighdiúirí tarraingthe amach as tuaisceart Gaza ag na hIosraelaigh roimhe seo tar éis dóibh, a dúirt siad, an ruaig a chur ar lucht airm Hamas. In a statement, the Israeli Army said it intended to “confront – with the utmost force – terrorist infrastructure and insurgent gangs” in the area. I ráiteas, dúirt Arm Iosrael go raibh rún acu “aghaidh a thabhairt – le teann fornirt – ar bhonneagar sceimhlitheoireachta agus ar bhuíonta ceannairceach” sa cheantar. The statement also claimed that “the Israeli Army abides by international law and does its best to mitigate the harm caused to civilians (in war)”. Maíodh sa ráiteas freisin “go gcloíonn Arm Iosrael leis an dlí idirnáisiúnta agus go ndéanann siad a ndícheall leis an díobháil a dhéantar do shibhialtaigh (i gcogadh) a mhaolú”. In addition to the fresh campaign in northern Gaza, Israeli forces reportedly fired missiles from jet planes and shells from tanks at centers in central and southern Gaza yesterday. Chomh maith leis an bhfeachtas úr i dtuaisceart Gaza, tuairiscítear gur scaoil fórsaí Iosrael diúracáin ó scairdeitleáin agus sliogáin ó thancanna le hionaid i lár agus i ndeisceart Gaza inné. According to people in those places the bombardment lasted almost twenty-four hours. Dar le daoine sna háiteanna sin gur mhair an bombardú beagnach ceithre huaire is fiche. It is also reported that no one was injured when the Palestinian Islamic Jihad group fired a rocket salvo from northern Gaza at two towns in southern Israel. Tuairiscítear freisin nár gortaíodh aon duine nuair a scaoil an grúpa Jiohád Ioslamach na Palaistíne sailbhe roicéad as tuaisceart Gaza le dhá bhaile i ndeisceart Iosrael. Since the failure of talks held by international diplomats in Qatar and Egypt there is no more talk of a ceasefire in Gaza. Ó theip ar chainteanna a reáchtáil taidhleoirí idirnáisiúinta i gCatar agus san Éigipt níl aon chaint níos mó ar shos comhraic in Gaza. It is indeed believed that the Israelis are preparing for a major invasion of the city of Rafah in the southern Gaza Strip after international leaders have asked them not to go ahead with it. Creidtear go deimhin go bhfuil na hIosraelaigh ag téisclim i gcomhair mórionradh a dhéanamh ar chathair Rafah i bhfíordheisceart Gaza tar éis go bhfuil iarrtha ag ceannairí idirnáisiúnta orthu gan dul ar aghaidh leis. Over 34,000 people have been killed and 77,000 people have been injured in Gaza since the Israelis started waging war on the place six and a half months ago. Áirítear os cionn 34,000 duine a bheith maraithe agus 77,000 duine a bheith gortaithe in Gaza ó thosaigh na hIosraelaigh ag cur cogadh ar an áit sé mhí go leith ó shin. That is without taking into account the bodies hidden by the debris of the buildings demolished by the bombing. É sin gan na coirp atá folaithe ag smionagar na bhfoirgneamh a leagadh de bharr na buamála a chur san áireamh. RTÉ News and Current Affairs Palestinian refugees being deported again by Israeli forces, Beit Lahiya, 20 April 2024 Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Dídeanaithe Palaistíneacha á ndíbirt an athuair ag fórsaí Iosrael, Beit Lahiya, 20 Aibreán 2024

Apr 24, 202413 min

20240420_IRISH_deanann_imeaglu_ar_pholaiteoiri_dochar_don_daonlathas

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2xjb8gg2 Contact: [email protected] “Intimidation of politicians harms democracy”. “Déanann imeaglú ar pholaiteoirí dochar don daonlathas”. Threats and intimidation aimed at elected representatives are damaging to democracy, said the Minister for Integration, Roderic O’Gorman today, after a group of protestors gathered outside his home last night. Déanann bagairtí agus imeaglú atá dírithe ar ionadaithe tofa dochar don daonlathas, a dúirt an tAire Lánpháirtíochta, Roderic O’Gorman inniu, i ndiaidh do ghrúpa daoine a bhí i mbun agóide a bhailiú taobh amuigh dá theach cónaithe aréir. They were wearing face coverings and carrying anti-immigration signs. Bhí clúdaigh aghaidhe á gcaitheamh acu agus bhí comharthaí frith- inimirce á n-iompar acu. The Gardaí from Blancheir attended the scene, of which no one was arrested. D’fhreastail na Gardaí ó Bhaile Bhlainséir ar an láthair, acu níor gabhadh aon duine. “I want to thank the Gardai”, Minister O’Gorman said today. “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Gardaí”, a dúirt an tAire O’Gorman inniu. “We have a strong tradition of democracy in this country. “Tá traidisiún láidir daonlathais againn sa tír seo. Representatives are accountable to the public they serve. Tá ionadaithe freagrach don phobal a bhfreastalaíonn siad air. It’s easy to contact us and give us feedback. Tá sé furasta teagmháil a dhéanamh linn agus tuairimí a chur in iúl dúinn. There are debates and disagreements between us, sometimes. Bíonn díospóireachtaí eadarainn agus easaontas, uaireanta. But respect is always shown. Ach léirítear meas i gcónaí. We place a high value on respect in this country; it is particularly valued by politicians. Tá luach ard againn ar mheas sa tír seo; tá luach ar leith ag polaiteoirí air. But intimidation of elected representatives will damage that relationship between representatives and their communities. Ach déanfaidh imeaglú ar ionadaithe tofa dochar don chaidreamh sin idir ionadaithe agus a bpobail. And democracy will be damaged as a result.” Agus déanfar dochar don daonlathas dá bharr.” The Taoiseach, Simon Harris, indicated earlier today that he feels “uneasy” about the incident in front of Roderic O’Gorman’s house yesterday. Thug an Taoiseach, Simon Harris, le fios níos luaithe inniu go mbraitheann sé “míshuaimneach” faoin eachtra os comhair theach Roderic O’Gorman inné. He said it was a frightening incident, one that would demoralize an elected representative. Dúirt sé gur eachtra scanrúil a bhí ann, a chuirfeadh drochmhisneach ar ionadaí tofa. Justice Minister Helen McEntee said she had spoken to the Garda Commissioner about the “appalling” incident. Dúirt an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee, gur labhair sí le Coimisinéir na nGardaí faoin eachtra “uafásach”. In a statement on social media, she said the minister’s “privacy and property rights” had been violated, “in a way that would shock anyone.” I ráiteas ar na meáin shóisialta, dúirt sí go ndearnadh “sárú ar chearta príobháideachais agus maoine” an aire, “ar shlí a gcuirfeadh samhnas ar dhuine.”

Apr 20, 20249 min

20240417_IRISH_os_cionn_200_gnothas_bia_dunta_o_thus_na_bliana_–_tuarascail_nua

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/29nmgwao Contact: [email protected] Over 200 food businesses closed since the start of the year – new report. Os cionn 200 gnóthas bia dúnta ó thús na bliana – tuarascáil nua. Over 200 restaurants, cafes and other food businesses have closed in the State since the start of the year, says a new report commissioned by the Irish Restaurant Association. Tá os cionn 200 bialann, caife agus gnóthas eile bia dúnta sa Stát ó thus na bliana, a deirtear i dtuarascáil nua a choimisiúnaigh Cumann Bhialanna na hÉireann. The report claims that the country’s economy could lose up to €288 million every year as a result of these businesses going out of business. Maítear sa tuarascáil go bhféadfadh geilleagar na tíre suas le €288 milliún a chailleadh gach bliain de bharr na gnóthais sin a bheith imithe i mbá. Every time a food business closes, the State loses up to €1.36 million a year when everything is taken into account, according to the report. Gach uair a dhúnann gnóthas bia, cailleann an Stát suas €1.36 milliún sa bhliain nuair a chuirtear gach rud san áireamh, de réir na tuarascála. In that one, it is said, 22 people lose their job on average. Ina cheann sin, a deirtear, cailleann 22 duine a bpost ar an meán. According to the analysis carried out by researchers, €576,554 in gross wages and €115,310 in tax are lost in each case on average. De réir na hanailíse a rinne lucht taighde, cailltear €576,554 in ollphá agus €115,310 i gcáin i ngach cás ar an meán. On top of that, it is said, €105,000 is lost in value added tax, €11,874 in commercial rates and €4,583 in water charges. Ar a mhuin sin, a deirtear, cailltear €105,000 i gcáin bhreisluacha, €11,874 i rátaí tráchtála agus €4,583 i dtáillí uisce. Around €440,000 in social welfare payments will also have to be paid to the former employees if they do not find another job in the meantime. Caithfear thart ar €440,000 in íocaíochtaí leasa shóisialta a íoc leis na hiarfhostaithe freisin mura bhfaighidh siad post eile idir dhá linn. In relation to that aspect of the story, the report also claims that civil servants in Dublin do not understand that it is not so easy to find another job outside the capital. I dtaca leis an ngné sin den scéal de, maítear sa tuarascáil chomh maith nach dtuigeann státseirbhísigh i mBaile Átha Cliath nach bhfuil sé chomh héasca sin post eile a fháil taobh amuigh den phríomhchathair. The Irish Restaurant Association is petitioning the Government to come to the aid of food businesses and lower value added tax to 9% again. Tá Cumann Bhialanna na hÉireann ag achainí ar an Rialtas teacht i gcabhair ar ghnóthais bhia agus cáin bhreisluacha a ísilú go dtí 9 faoin gcéad arís. However, according to the Department of Finance, that would cost the State €545 million a year. Dar leis an Roinn Airgeadais, áfach, go gcosnódh sé sin €545 milliún sa bhliain ar an Stát. On the contrary, the association believes that the Department of Finance’s saving approach makes no sense when everything is lost when a food business closes. Os a choinne sin, creideann an cumann nach bhfuil aon chiall le dearacadh coigilteach sin na Roinne Airgeadais nuair a chuirtear san áireamh gach rud a chailltear nuair a dhúnann gnóthas bia. The association is also unhappy with certain policies that have been introduced or are yet to be introduced by the Government regarding workers’ rights. Tá an cumann míshásta freisin le beartais áirithe atá tugtha isteach nó fós le tabhairt isteach ag an Rialtas maidir le cearta oibrithe. The newly elected Taoiseach Simon Harris has said that he is sympathetic to business people in that respect and it is understood that he intends to postpone changes to sick pay given the difficulty they are having to keep their businesses going . Tá sé ráite ag an Taoiseach nuathofa Simon Harris go bhfuil sé báúil le lucht gnó sa mhéid sin agus tuigtear go bhfuil sé ar intinn aige athruithe ar phá breoiteachta a chur ar atráth i bhfianaise a dheacra atá sé ag dul orthu a ngnóthais a choinneáil ag imeacht. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Apr 17, 202414 min

20240415_IRISH_iosrael_le_dioltas_a_agairt_as_ionsaithe_na_hiaraine

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2ar55r8m Contact: [email protected] Israel to sue for revenge for Iran’s attacks. Iosrael le díoltas a agairt as ionsaithe na hIaráine. Israel’s military leaders met last night after the attacks that came from Iran during the night. Tháinig ceannairí míleata Iosrael le chéile aréir i ndiaidh na n-ionsaithe a tháinig ón Iaráin i rith na hoíche. The Government of Israel has threatened to sue for retaliation for the missiles fired at the country. Tá sé bagartha ag Rialtas Iosrael go n- agrófar díoltas as na diúracáin a scaoileadh leis an tír. The defense equipment of the Israeli forces with the help of Britain and the United States succeeded in deflecting most of the missiles before they reached their targets. D’éirigh leis an trealamh cosanta atá ag fórsaí Iosrael le cúnamh ón Bhreatain agus na Stáit Aontaithe formhór na ndiúracán a chur ó mhaith sular bhain siad spriocanna amach. However, some managed to go head-to-head and cause damage. Mar sin féin d’éirigh le roinnt díobh dul go ceann cúrsa agus damáiste a dhéanamh. It is known that at least 30 people have been injured as a result of the attacks, including a 10-year-old girl. Tá a fhios go bhfuil suas le 30 duine ar a laghad a gortaíodh de bharr na n-ionsaithe, cailín 10 mbliana d’aois ina measc. Iran says any further attack on Israel will be much more severe if Israel or the United States act against it. Deir an Iaráin go mbeidh aon ionsaí eile a dhéanfar ar Iosrael i bhfad níos déine más rud é go ngníomhaíonn Iosrael nó na Stáit Aontaithe ina coinne. ‘Last night was revenge for an attack by Israel on the Iranian consulate in Damascus in Syria two weeks ago’ says the Leader of Iran, Ayatollah Ali Khamenei. ‘Díoltas a bhí san oíche aréir as ionsaí a rinne Iosrael ar chonsalacht na hIaráine i Damascus sa tSiria coicís ó shin’ a deir Ceannaire na hIaráine,Ayatollah Ali Khamenei. Israel has not officially claimed responsibility for the attack on April 1 but is strongly believed to be responsible. Níor ghlac Iosrael aon fhreagracht oifigiúil as an ionsaí sin ar an 1 Aibreán ach creidtear go láidir gurb é a bhí freagrach. The President of America, Joe Biden, says that that country is standing by its promise to Israel. Deir Uachtarán Mheiriceá,Joe Biden go bhfuil an tír sin ag seasamh lena geallúint d’Iosrael. The United Kingdom and France are also offering assistance to Israel to give it more protection against missile attacks. Tá cúnamh á thairiscint ag an Ríocht Aontaithe agus an Fhrainc d’Iosrael freisin le breis cosanta a thabhairt di ar ionsaithe diúracáin. The major countries of the world are meeting today and the United Nations Security Council will meet this afternoon to discuss the crisis. Tá tíortha móra an domhain i mbun cruinnithe inniu agus tiocfaidh Comhairle Shlándála na Náisiún Aontaithe le chéile tráthnóna leis an ghéarchéim a phlé.

Apr 15, 20249 min

20240412_IRISH_€3_bhilliun_sa_bhliain_a_chothu_ag_sli_an_atlantaigh_fhiain

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/29fafkmd Contact: [email protected] €3 billion a year supported by the Wild Atlantic Way. €3 bhilliún sa bhliain á chothú ag Slí an Atlantaigh Fhiáin. Over €3 billion is brought in a year between Donegal and Cork due to the Wild Atlantic Way, the major tourist route established ten years ago, according to a new report published by Fáilte Ireland. Tugtar isteach os cionn €3 bhilliún sa bhliain idir Dún na nGall agus Corcaigh mar gheall ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, an mhórchonair turasóireachta a bunaíodh deich mbliana ó shin, de réir tuarascáil nua atá foilsithe ag Fáilte Éireann. That is said to be a 60% increase in tourism arrivals in the west of the country since 2014. Deirtear gur méadú 60 faoin gcéad é sin ar an teacht isteach ón turasóireacht in iarthar na tíre ó 2014. As well as the additional influx, says Fáilte Ireland, 35,000 new jobs have been created in the west over the course of those ten years as a result of the project’s success so far. Chomh maith leis an teacht isteach breise, a deir Fáilte Éireann, cuireadh 35,000 post nua ar fáil san iarthar i gcaitheamh na ndeich mbliana sin de bharr chomh rathúil agus a bhí an tionscadal go dtí seo. The Wild Atlantic Way is 2,500 kilometers long and runs from Enniswein in Co. Donegal to Kinsale in Co. Cork. 2,500 ciliméadar ar a fhad atá Slí an Atlantaigh Fhiáin a théann ó Inis Eoghain i gCo Dhún na nGall go Cionn tSáile i gCo Chorcaí. Some of the country’s most important heritage sites are included along the way – including Grianán Ailigh, Achidhéde, Dún Angusa and Blascaod Mór. Áirítear cuid de na láithreáin oidhreachta is tábháchtaí sa tír feadh na slí – Grianán Ailigh, Achaidh Chéide, Dún Aonghasa agus an Blascaod Mór ina measc. The new report is being launched by Fáilte Ireland at the Meithal tourism ‘fair’ which is being held in Kilarne in Co Kerry today and tomorrow. Tá an tuarascáil nua á seoladh ag Fáilte Éireann ag ‘aonach’ turasóireachta Meitheal atá ar siúl i gCill Airne i gCo Chiarraí inniu agus amárach. Meithal is an annual event that gives tourism businesses the opportunity to present what they have to offer to international bodies. Mórócáid bhliantúil is ea Meitheal a thugann deis do ghnóthais turasóireachta a bhfuil á thairiscint acu a chur i láthair comhlachtaí idirnáisiúnta. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Apr 12, 20248 min

20240409_IRISH_simon_harris_le_toghadh_ina_thaoiseach_sa_dail_inniu

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2cvbjnhn Contact: [email protected] Simon Harris to be elected Taoiseach in the Dáil today. Simon Harris le toghadh ina Thaoiseach sa Dáil inniu. Fine Gael leader Simon Harris is to be elected Taoiseach in Dáil Éireann today. Tá ceannaire Fhine Gael Simon Harris le toghadh ina Thaoiseach i nDáil Éireann inniu. Simon Harris is 37 years old and will be the youngest ever Taoiseach. Tá Simon Harris 37 bliain d’aois agus beidh sé ar an Taoiseach is óige riamh. He will replace Leo Varadkar who unexpectedly announced his resignation three weeks ago. Tiocfaidh sé in áit Leo Varadkar a d’fhógair gan choinne trí seachtaine ó shin go raibh sé le n-éirí as. Yesterday evening, Leo Varadkar formally offered President Michael D Higgins to resign. Tráthnóna inné, thairg Leo Varadkar go foirimiúil don Uachtarán Michael D Higgins éirí as oifig. In the Dáil this morning, Minister for Social Protection and deputy leader of Fine Gael Heather Humphreys will recommend Simon Harris for the Taoiseach and Minister of State Peter Burke will support his motion. Sa Dáil ar maidin inniu, molfaidh an tAire Coimirce Sóisialaí agus leascheannaire Fhine Gael Heather Humphreys, molfaidh sí Simon Harris don Taoiseacht agus tacóidh an tAire Stáit Peter Burke lena rún. It is understood that up to 87 Dáil MPs will vote for Simon Harris, including a large number of Independent MPs. Tuigtear go vótálfaidh suas le 87 Teachta Dála ar son Simon Harris, cuid mhór Teachtaí Neamhspleácha ina measc. Independent Deputies Seán Canney, Cathal Berry, Peter Fitzpatrick, Noel Grealish, Denis Naughten, Michael Lowry and Marc MacSharry have already indicated that they will vote for him. Na Teachtaí Neamhspleácha Seán Canney, Cathal Berry, Peter Fitzpatrick, Noel Grealish, Denis Naughten, Michael Lowry agus Marc MacSharry, tá sé tugtha le fios acu cheana féin go vótálfaidh siad ar a shon. After the vote, Simon Harris will go to Áras an Uachtaráin, where he will be formally appointed Taoiseach. Tar éis an vóta, rachaidh Simon Harris go dtí Áras an Uachtaráin, áit a gceapfar go foirmiúil é ina Thaoiseach. It is expected that he will replace several Fine Gael Ministers in the Cabinet afterwards. Meastar go n-athróidh sé roinnt Airí Fhine Gael sa Chomhaireacht ina dhiaidh sin. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Apr 9, 20247 min

20240406_IRISH_meg_connery:_leacht_nochtaithe_ag_a_huaigh_i_gcnocan_iarom

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/25ghr2pc Contact: [email protected] Meg Connery: liquid revealed at her grave in Knocán Jaróm. Meg Connery: leacht nochtaithe ag a huaigh i gCnócán Iaróm. She lived poor at the end of her life. Bhí sí beo bocht ag deireadh a saoil. She had no children and her brothers and sisters left for America. Ní raibh leanaí aici agus d’imigh a deartháireacha agus deirfiúracha go Meirceá. Meg and her husband, Con, were buried in a grave without liquid in Cnoncán Iaróm Cemetery in Crois Araild in the fifties. Cuireadh Meg agus a fear céile, Con, in uaigh gan leacht i Reilg Chnoncán Iaróm i gCrois Araild sna caogaidí. But today, her name was up again. Ach inniu, bhí a hainm in airde arís. Her cousins and cousins came together from Meerceá in Knoncán Jaróm to reveal a liquid at her grave. Tháinig a garneachtanna agus garnianna tagtha le chéile ó Mheirceá i gCnoncán Iaróm chun leacht a nochtadh ag a huaigh. The money was collected by the Meg Connery Memorial Committee, which has been working for several years to draw attention to the important work she did. Bhí an t-airgead bailithe ag Coiste Cuimhneacháin Meg Connery, atá tar éis a bheith i mbun oibre le roinnt blianta anuas chun aird a tharraingt ar an obair thábhachtach a rinne sí. “She was a brave and courageous woman”, Micheál Casey from the Memorial Committee told us today. “Bean chróga mhisniúil a bhí inti”, a dúirt Micheál Casey ón gCoiste Cuimhneacháin linn inniu. “She was tiny. “Bhí sí beag bídeach. But she stood strong. Ach sheas sí an fód go láidir. She went on hunger strike twice. Chuaigh sí ar stailc ocrais faoi dhó. She spent many periods in prison. Chaith sí go leor tréimhsí sa phríosún. Reports from that period show that her nose was broken while in prison.” Léiríonn tuairiscí ón tréimhse sin gur briseadh a srón agus í istigh sa phríosún.” Micheline Sheehy Skeffington, granddaughter of Hanna Sheehy Skeffington, was present at the event today. Bhí Micheline Sheehy Skeffington, gariníon le Hanna Sheehy Skeffington, i láthair ag an ócáid inniu. Together with Meg Connery, Lisa Schneckenburger, composed a song specially to commemorate the occasion. Chum garneacht le Meg Connery, Lisa Schneckenburger, amhrán go speisialta chun comóradh a dhéanamh ar an ócáid.

Apr 6, 20247 min

20240403_IRISH_asti_le_cheile_i_loch_garman

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2b8gqr2e Contact: [email protected] ASTI meeting in Wexford. ASTI le chéile i Loch Garman. Artificial intelligence, online gravitas and teacher shortages; these are all being discussed and more at the Association of Middle Teachers Ireland (ASTI) trade union meeting which started in Wexford this morning. Intleacht shaorga,tromaíocht ar líne agus ganntan múinteoirí;tá siad sin uilig á bplé agus tuilleadh ag cruinniú cheardchumann Chumann na Meánmhúinteoirí Éire (ASTI) ar cuireadh tús leis i Loch Garman ar maidin inniu. Education Minister Norma Foley was present at the organization’s big annual event. Bhí an tAire Oideachais Norma Foley i láthair ag ócáid mhór bhliantúil na heagraíochta. She launched a new road safety scheme aimed at intermediate year students. Sheol sise scéim nua sábháilteachta bóithre a bheidh dírithe ar dhaltaí idirbhliana. This is a pilot scheme and will come into effect next school year. Scéim phíolótach í seo agus tiocfaidh sí i bhfeidhm an scoilbhliain seo chugainn. Minister Foley also addressed the scene promising to look into the teacher shortage crisis. Thug an tAire Foley aitheasc freisin ar an láthair ag gealladh go mbreathnófaí ar an ghéarchéim maidir le ganntan múinteoirí. It is said that more than 80 resolutions will be discussed at this conference which will last for another 2 days. Deirtear go bpléifear breis is 80 rún ag an gcomhdháil seo a mhairfidh 2 lá eile. As with the TUI union, the ASTI is not blind to the shortage of teachers and the large migration abroad in search of better remuneration. Ach an oiread le ceardchumann an TUI níl an ASTI dall ach oiread ar an ghanntan múinteoirí agus an imirce mhór thar lear ag lorg luach saothair níos fearr. Artificial intelligence and the impact it could have on the High Certificate in the case of proposals and other work related to specific subjects during the school year is also a big issue. Is mór i gceist freisin intleacht shaorga agus an tionchar a d’fhéadfadh sé imirt ar an Ardteistiméaracht i gcás thograí agus obair eile bainteach le cúrsaí ábhair ar leith i rith na scoilbhliana. Another resolution being discussed relates to online bullying and harassment and the need to introduce stricter legislation in this regard. Rún eile atá á phlé baineann sé le bulaíocht agus cur isteach ar líne agus an gá atá anois ann le reachtaíocht níos déine a thabhairt isteach ina thaobh. In a survey by the ASTI almost 20% of those questioned indicated that they had suffered from comments online. I suirbhé de chuid an ASTI léirigh beagnach 20 faoin gcéad díobh siúd a ceistíodh gur fhulaing siad ó ráitis ar líne. Of course, matters of pay, standards and working conditions in general were also dragged down. Ar ndóigh, tarraingíodh anuas freisin cúrsaí pá, caighdeáin agus coinníolacha oibre go ginearálta. Artificial intelligence is a subject of the ASTI in Wexford Intleacht shaorga ina hábhar don ASTI i Loch Garman

Apr 3, 20249 min

20240331_IRISH_gaza_agus_an_ucrain_ar_bharr_a_ghoib_ag_an_bpapa_san_urbi_et_orbi

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2bnr4n2e Contact: [email protected] Gaza and Ukraine on the tip of his beak by the Pope in the Urbi et Orbi. Gaza agus an Úcráin ar bharr a ghoib ag an bPápa san Urbi et Orbi. Pope Francis did not gloss over the Gaza and Ukraine crisis in his annual Urbi et Orbi Easter message today. Níor scaoil an Pápa Proinsias géarchéim Gaza ná na hÚcráine thairis ina theachtaireacht bhliantúil Cásca Urbi et Orbi inniu. In an address given by the Pope to thousands of people gathered in Peter’s Square in Rome and broadcast around the world, he asked for a ceasefire in Gaza and for Hamas to release all its hostages. In aitheasc a thug an Pápa do na mílte duine a bhí bailithe i gCearnóg Pheadair sa Róimh agus a craoladh ar fud an domhain d’iarr sé sos cogaidh i Gaza agus go scaoilfeadh Hamas saor na gialla ar fad atá aige. He also asked that Russia and Ukraine release any prisoners of war they have because of the war that has been going on there for over 2 years now. D’iarr sé freisin go scaoilfeadh an Rúis agus an Úcráin saor aon phríosúnach cogaidh atá acu a bhuíochas don chogadh atá ar bun ansin le breis is 2 bhliain anois. Before that the Pope celebrated Mass on Easter Sunday. Roimhe sin cheiliúraigh an Pápa Aifreann Dhomhnach Cásca. The Pope came to the event in a wheelchair. Is i gcathaoir rotha a tháinig an Pápa chuig an ócáid. He is now 87 years old. 87 bliain d’aois atá sé anois. Concerns have been expressed for some time about his health. Tá imní léirithe le tamall faoina shláinte. and how much longer he will be the main guide of the up to 1.3 billion Catholics in the world. agus cé chomh fada eile a bheidh sé ina phríomhthreoraí ag an suas le 1.3 billiún Caitliceach ar fud an domhain. Be that as it is reported that the Pope gave his 10 minute message in the Italian language without too much difficulty today. Bíodh sin mar atá tuairiscítear gur thug an Pápa a theachtaireacht 10 nóiméad uaidh i dteanga na hIodáilise gan aon ró- dheacracht inniu. It was shown that he was not sad either during the two hour ceremony or indeed afterwards when meeting people and blessing them. Léiríodh nach raibh mairg air ach oiread i gcaitheamh an tsearmanais dhá uair a chloig ná go deimhin ina dhiaidh sin ag casadh le daoine agus á mbeannú. It is said that he will also participate this evening in the Way of the Cross, an event that he was not present at on Good Friday thanks to health issues. Deirtear go mbeidh sé páirteach freisin tráthnóna i dTuras Bhealach na Croise,ócáid nach raibh sé i láthair aici ar Aoine an Chéasta a bhuíochas do chúrsaí sláinte. Pope Francis giving the Easter blessing An Pápa Proinsias ag tabhairt beannacht na Cásca

Mar 31, 20248 min

20240328_IRISH_ceathrar_a_gceistiu_faoi_dhoitean_in_ostan_i_gconamara

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/22k3vort Contact: [email protected] Four people are being questioned about a fire in a hotel in Connemara. Ceathrar á gceistiú faoi dhóiteán in óstán i gConamara. Gardaí have arrested four people in connection with a fire in a hotel in Co Galway a week before Christmas last year. Tá ceathrar gafa ag na Gardaí maidir le dóiteán a bhí in óstán i gCo na Gaillimhe seachtain roimh an Nollaig anuraidh. 70 asylum seekers were to be accommodated in the Loch An Ross House Hotel in Roscathill in north-east Connemara and the Gardai believe the place was set alight. Bhí 70 iarrthóir tearmainn le cur a chónaí in Óstán Theach Loch an Rois i Ros Cathail in oirthuaisceart Chonamara agus creideann na Gardaí gur lasadh an áit in aon turas. There are two men and two women in the four who are being questioned by the Gardaí about the situation. Beirt fhear agus bheirt bhan atá sa cheathrar atá á gceistiú ag na Gardaí faoin scéal. One of the men and one of the women are in their forties and the other two are in their fifties. Tá duine de na fir agus duine de na mná sna daichidí agus tá an bheirt eile sna caogaidí. Gardaí say the four are being held at a Garda station in the north west region. Deir na Gardaí go bhfuil an ceathrar á gcoinneáil i stáisiún Gardaí i réigiún an iarthuaiscirt. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Mar 28, 20244 min

20240326_IRISH_maigh_eo_buacach_go_dramatuil_i_sraith_allianz_na_peile

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2b787dm4 Contact: [email protected] Mayo triumphantly in the Allianz Football League. Maigh Eo buacach go drámatúil i Sraith Allianz na Peile. 4 minutes into injury time Mayo scored the winning point in this match tonight in the Allianz Football League in Castlebar. 4 nóiméad isteach in am cúitimh do ghortuithe a scóráil Maigh Eo pointe an bhua sa chluiche seo anocht i Sraith Allianz na Peile i gCaisleán an Bharraigh. The visitors were the All-Ireland champions, Dublin. B’iad seaimpiní Uile-Éireann,Baile Átha Cliath, na cuairteoirí. Fergal Boland’s name will be on the lips of the Mayo community for a while now; he was the one who scored the winning goal within 50 seconds of the end of the game. Beidh ainm Fergal Boland i mbéal phobal Mhaigh Eo go ceann tamaill anois;b’eisean a fuair cúilín an bhua i bhfoisceacht 50 soicind do dheireadh na himeartha. A pass crossed to him from a free-kick, Boland studied straight in front of goal just over 20 meters out and kicked the ball between the posts. Pas a cuireadh trasna chuige ó chic saor, rinne Boland staidéar díreach os comhair an chúil beagán le cois 20 méadar amach agus chiceáil an liathróid idir na cuaillí. Mayo 1-12, Dublin 0-14 the final score. Maigh Eo 1-12,Baile Átha Cliath 0-14 an scór deiridh. That leaves Mayo on full league points after 2 games, Dublin still with nothing. Fágann sin Maigh Eo ar lán phointí sraithe i ndiaidh 2 chluiche, gan tada go fóill ag Baile Átha Cliath.

Mar 26, 20245 min

20240323_IRISH_beirt_fhear_gafa_faoi_thragoid_an_chraoslaigh

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2dh83ehw Shop for Thai Pearls Contact: [email protected] Two men arrested in the Craoslaigh tragedy. Beirt fhear gafa faoi thragóid an Chraoslaigh. Two men in their fifties have been arrested in connection with the Garda Síochána’s investigation into the Craoslaigh tragedy in County Donegal almost a year and a half ago. Tá beirt fhear sna caogaidí gafa i dtaca le fiosrúchán an Gharda Síochána faoi thragóid an Chraoslaigh i gContaeDhún na nGall beagnach bliain go leith ó shin. The men were arrested this morning. Gabhadh na fir ar maidin inniu. They are being questioned in 2 separate garda barracks under Section 4 of the Criminal Justice Act 1984. Tá siad á gceistiú i 2 bheairic gardaí ar leith faoi Alt a 4 den Acht um Cheartas Coiriúil 1984. Guards can hold them 24 hours. Is féidir le gardaí iad a choinneáil 24 uair a chloig. Ten people died in an explosion that occurred at the Applegreen petrol station and in a flat next to it in Craoslach on 7 October 2022. Bhásaigh deichniúr i bpléasc a tharla i stáisiún peitril Applegreen agus in árasán taobh leis sa Chraoslach ar an 7Deireadh Fómhair 2022.

Mar 23, 20243 min

20240319_IRISH_ciaran_cannon_le_n-eiri_as_an_bpolaitiocht_’de_bharr_dhrochide’

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/22u2yjuk Contact: [email protected] Ciarán Cannon to retire from politics Ciarán Cannon le n-éirí as an bpolaitíocht 'de bharr dhrochíde'. Dáil Deputy Ciarán Cannon from Fine Gael has announced that he will not put his name forward in the next general election because of how harmful politics is to these lives, as he said. Tá sé fógartha ag an Teachta Dála Ciarán Cannon ó Fhine Gael nach gcuirfidh sé a ainm chun cinn sa chéad olltoghchán eile mar gheall ar chomh nimhneach agus atá an pholaitíocht ar na saolta seo, mar a dúirt sé. Ciarán Cannon is a Dála in East Galway and is Fine Gael’s media, arts and culture spokesperson. Teachta Dála i nGaillimh Thoir is ea Ciarán Cannon agus is é urlabhraí meán, ealaíon agus cultúir Fhine Gael é. In a statement, he said that there was a roughness and narcissism in politics today that did not exist decades ago. I ráiteas, dúirt sé go raibh gairbhe agus nimhneas sa pholaitíocht sa lá atá inniu ann nach mbíodh ann scór blianta ó shin. “None of us wants to be made a little god of us, we just want to be treated civilly and respectfully, just as people in other jobs are treated”, he said. “Níl aon duine dínn ag iarraidh go ndéanfaí dia beag dínn, ní theastaíonn uainn ach go gcaithfí linn go sibhialta agus go measúil, díreach mar a chaitear le daoine i bpoist eile”, arsa sé. He accepts, he said, that the public’s eyes are on politicians, but he thinks that it is a minor interference at the moment. Glacann sé leis, ar sé, go mbíonn súil ghéar an phobail ar pholaiteoirí ach dar leis gur cur isteach as miosúr atá ann i láthair na huaire. According to a recent survey carried out by 7LÁ, around 80% of Dála MPs have been consulted online in the past year. De réir suirbhé a rinne 7LÁ le gairid, tugadh íde ar líne do thart ar 80 faoin gcéad de Theachtaí Dála le bliain. The leader of Fine Gael, Taoiseach Leo Varadkar, indicated that Ciarán Cannon was one of the most enthusiastic Dáil Deputies in Dáil Éireann and said that his friends and colleagues would miss him. Thug ceannaire Fhine Gael, an Taoiseach Leo Varadkar, le fios go raibh Ciarán Cannon ar dhuine de na Teachtaí Dála ba dhíograisí i nDáil Éireann agus dúirt go n-aireodh a chairde agus a chomhghleacaithe uathu é. Nine other Fine Gael Deputies previously announced that they would not be contesting the next general election. D’fhógair naonúr Teachtaí Dála eile ó Fhine Gael roimhe seo nach mbeidís féin san iomaíocht sa chéad olltoghchán eile. They are Paul Kehoe, Richard Bruton, Fergus O’Dowd, Brendan Griffin, Charlie Flanagan, Joe McHugh, Michael Creed, David Stanton and John Paul Phelan. Sin iad Paul Kehoe, Richard Bruton, Fergus O’Dowd, Brendan Griffin, Charlie Flanagan, Joe McHugh, Michael Creed, David Stanton agus John Paul Phelan. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Mar 19, 20249 min

20240317_IRISH_an_fheile_mhor_a_ceiliuradh_anseo_agus_go_domhanda

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/235hepw8 Shop for Thai Pearls Contact: [email protected] The Great Festival being celebrated here and globally. An Fhéile Mhór á ceiliúradh anseo agus go domhanda. Thousands of people are taking to the streets across the country and around the world for parades and other events celebrating St. Patrick’s Day. Tá na mílte duine ag tabhairt sráideanna orthu féin ar fud na tíre agus ar fud an domhain do pharáideanna agus imeachtaí eile ag ceiliúradh Lá le Pádraig. Here in Ireland the biggest parade was held in Dublin. Anseo in Éirinn bhí an pharáid ba mhó á reachtáil i mBaile Átha Cliath. The schlep then began at noon. Cuireadh tús leis an scléip ansin ag meánlae. It is said to have been the biggest St. Patrick’s Day event ever in the capital. Deirtear go raibh sé ar an ócáid Lá le Pádraig ba mhó riamh sa phríomhchathair. The presenter of the ‘Late Late Show’ television program Patrick Kielty was the leader of the parade. Ba é láithreoir chlár teilifíse an ‘Late Late Show’ Patrick Kielty a bhí ina cheann feadhna ar an bparáid. The parade, in which over 4,000 participated, was broadcast live on the RTÉ One television station. Bhí an pharáid, ina raibh breis is 4,000 rannpháirteach, á craoladh beo ar stáisiún teilifíse RTÉ a hAon. The theme of the parade this year is ‘Spark’. ‘Spréach’ téama na paráide i mbliana. Up to 14 bands were seen in total, some of which came from the United States and France. Chonacthas suas le 14 banna ar fad, cuid díobh a tháinig óna Stáit Aontaithe agus ón Fhrainc. Public transport services operate on a Sunday timetable today. Is ar amchlár an Domhnaigh atá feidhm le seirbhís iompar phoiblí inniu. The big day of our patron saint is of course not only recognized in Ireland and the crowds will also be seen in cities around the world. Ní in Éirinn amháin a thugtar aitheantas do lá mór ár bpátrún naofa ar ndóigh agus feicfear na sluaite amuigh freisin i gcathracha ar fud na cruinne. It is also a day when government leaders from this country are seen in Washington meeting the American President. Is lá é freisin a bhfeictear ceannairí rialtais ón tír seo i Washington ag bualadh le Uachtarán Mheiriceá. That is the case this year as Taoiseach Leo Varadkar is to present President Joe Biden with a shamrock bowl at the White House later today. Tá sin amhlaidh i mbliana agus an Taoiseach Leo Varadkar le babhla seamróige a bhronnadh ar an Uachtarán Joe Biden sa Teach Bán níos deireanaí inniu. The crowds at the Great Parade in DAC Na sluaite ag an Pharáid Mhór i mBÁC

Mar 17, 20248 min

20240313_IRISH_bruitineach_ar_phaisineir_eitleain,_an_triu_cas_sa_stat

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/284uohsp Shop for Thai Pearls Contact: [email protected] Measles on an airplane passenger, the third case in the State. Bruitíneach ar phaisinéir eitleáin, an tríú cás sa Stát. The Health Service Executive has confirmed that there is a third case of measles in the State. Tá sé dearbhaithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil an tríú cás den bhruitíneach sa Stát. It was revealed this afternoon that one of the passengers on a plane that arrived at Dublin Airport last Saturday morning had the disease. Tugadh le fios tráthnóna go raibh an galar ar dhuine de na paisinéirí a bhí ar eitleán a tháinig go hAerfort Bhaile Átha Cliath ar maidin Dé Sathairn seo caite. It was an Etihad airline plane that came from Abu Dhabi. Eitleán le haerlíne Etihad a tháinig ó Abú Daibí a bhí i gceist. The Executive is now asking some of the passengers who were on that plane to contact the health authorities without delay. Tá an Fheidhmeannacht anois ag iarraidh ar roinnt de na paisinéirí a bhí ar an eitleán sin teagmháil a dhéanamh leis na húdaráis sláinte gan mhoill. Passengers who are expecting a child, who is under twelve months old or who have another serious illness are the most worried about them. Paisinéirí atá ag súil le páiste, atá faoi dhá mhí dhéag nó a bhfuil drochthinneas eile orthu is mó a a bhfuiltear buartha fúthu. It was announced at the beginning of this month that a measles vaccine was to be offered to more than 300,000 people in the State. Fógraíodh i dtús na míosa seo go rabhthas le vacsaín in aghaidh na bruitíní a thairiscint do bhreis agus 300,000 duine sa Stát. It is expected that there will be an outbreak of measles in the country, especially since it was confirmed at the beginning of February that an adult died of the disease in the province of Leinster. Táthar faiteach go mbeidh ráig bhruitiní sa tír, go háirithe ó deimhníodh i dtús mhí Feabhra gur bhásaigh duine fásta leis an ngalar i gCúige Laighean. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Mar 13, 20246 min

20240309_IRISH_leithsceal_gafa_ag_cead_aire_an_tuaiscirt_faoina_bhfuil_i_kenova

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2ad7cczw Contact: [email protected] The First Minister of the North has apologized for what is happening in Kenova. Leithscéal gafa ag Céad Aire an Tuaiscirt faoina bhfuil i Kenova. The First Minister of the North, Michelle O’Neill, has apologized to all the families whose family members were killed during the troubles because they were thought to be spies. Tá leithscéal gafa ag Céad Aire an Tuaiscirt,Michelle O’Neill leis na teaghlaigh ar fad ar maraíodh daoine muinteartha leo le linn na dtrioblóidí mar gur síleadh gur brathadóirí a bhí iontu. The IRA were responsible for these murders and Michelle O’Neill said today that she felt sorry for everyone who suffered from the troubles in the north. B’iad an tIRA a bhí freagrach as na dúnmharuithe seo agus dúirt Michelle O’Neill inniu go raibh aiféala uirthi faoi chuile dhuine a bhí thíos leis na trioblóidí ó thuaidh. Michelle O’Neill was speaking and the report of Operation Kenova was published. Bhí Michelle O’Neill ag labhairt agus tuairisc Oibríocht Kenova foilsithe. It told about the way the British Army used detectors at the time and the relationship the army had with the agent, Freddie Scappatacci. Insíodh ann faoin mbealach ar úsáid Arm na Breataine brathadóirí ag an am agus an caidreamh a bhí ag an arm leis an ghníomhaire,Freddie Scappatacci. She admitted that the way the IRA dealt with those they suspected of espionage was wrong. D’admhaigh sí go raibh sé mícheart an bealach a ndeachaigh an tIRA i ngleic leis an dream a raibh siad in amhras fúthu i dtaca le brathadóireacht. Michelle O’Neill said she was determined to heal all the wounds people had suffered as a result of the troubles. Dúirt Michelle O’Neill go raibh sí meáite ar na créachtaí ar fad a d’fhulaing daoine de bharr na dtrioblóidí a chneasú. The Tánaiste, Michael Martin, said that Sinn Féin should now say clearly that the war waged by the IRA in the North was wrong. Dúirt an Tánaiste,Micheál Martin gur cheart do Shinn Féin a rá amach go soiléir anois go raibh an cogadh a bhí ar bun ag an IRA sa Tuaisceart mí-cheart.

Mar 9, 20246 min

20240305_IRISH_gaza:_meiriceanaigh_ag_eileamh_sos_comhraic_laithreach

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); visit this site to buy some cheap pearls from the street markets of Thailand Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/ys3zlg8b Contact: [email protected] Gaza: Americans demand an immediate ceasefire. Gaza: Meiriceánaigh ag éileamh sos comhraic láithreach. US Vice President Kamala Harris has said that a cease-fire should be implemented in Gaza immediately and that the Israelis should allow more relief supplies into the Palestinian enclave without further delay. Tá sé ráite ag Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe Kamala Harris gur chóir sos comhraic a chur i bhfeidhm in Gaza láithreach agus gur chóir do na hIosraelaigh níos mó soláthairtí fóirithinte a ligean isteach san iamhchríoch Phalaistíneach gan a thuilleadh moille. Kamala Harris said that I agreed with the reason because people in Gaza were suffering from famine and the life of the community there was terribly hard. Dúirt Kamala Harris go raibh téirim leis an gcúis mar go raibh daoine in Gaza ar an ngorta agus go raibh saol an phobail ann uafásach crua. There was also a term, which did not exist before, to depend on the speech of the Vice-President and it is understood that the coming of Ramadan will calm him down. Bhí téirim freisin, nach raibh ann cheana, le brath ar chaint an Leas- Uachtaráin agus tuigtear gurb é teacht Ramadan is siocair leis. Ramadan is one of the most important rituals in the Islamic calendar, a time when Muslims fast from dawn to dusk and will begin at sundown next Sunday. Tá Ramadan ar cheann de na deasghnátha is tábhachtaí i bhféilire Ioslam, tráth a dhéanann Moslamaigh troscadh ó mhaidin go faoithin agus a gcuirfear tús leis le dul faoi na gréine Dé Domhnaigh seo chugainn. It is reported that representatives from the United States and Qatar are still trying to persuade Hamas to accept the ceasefire proposed by those countries. Tuairiscítear go bhfuil ionadaithe ó na Stáit Aontaithe agus ó Chatar fós ag iarraidh a chur i bhfáth ar Hamas glacadh le comha an tsosa comhraic atá molta ag na tíortha sin. It is understood that the Israelis have already accepted what the diplomats proposed, for the most part. Tuigtear go bhfuil glactha cheana féin ag na hIosraelaigh lenar chuir na taidhleoirí faoina mbráid, ar an gcuid is mó de. According to the deal that hasn’t been made yet, the Israelis would loosen their grip on Gaza a bit and let more relief supplies in. De réir a bhfuil sa mhargadh nach bhfuil déanta fós, bhogfadh na hIosraelaigh beagán an greim atá acu ar Gaza agus ligfidís tuilleadh soláthairtí fóirithinte isteach ann. In that case, Hamas would allow the withdrawal of the Israeli hostages they are holding in Gaza and the Israelis would free the Palestinian hostages they themselves are holding in various prisons. Ina cheann sin, ligfeadh Hamas an scoir leis na gialla Iosraelacha atá siad a choinneáil in Gaza agus shaorfadh na hIosraelaigh géibheannaigh Phalaistíneacha atá siad féin a choinneáil i bpríosúin éagsúla. It seems that this is not enough for Hamas since all the groundwork has been left to the Palestinians and it is reported that they are demanding that the Israelis withdraw completely from Gaza. Dealraíonn sé nach leor do Hamas an méid sin ó tá an treampán bunáite ar fad fágtha ar na Palaistínigh agus tuairiscítear go bhfuil siad ag éileamh ar na hIosraelaigh tarraingt amach go hiomlán as Gaza. The United States and other countries have been dropping food supplies from planes for the people of Gaza in recent days after what some aid organizations have called a weak and ineffective policy. Tá na Stáit Aontaithe agus tíortha eile ag ligean anuas soláthairtí bia as eitleáin le haghaidh mhuintir Gaza le cúpla lá tar éis go bhfuil sé ráite ag roinnt eagraíochtaí fóirithinte gur polasaí lag agus neamhéifeachtúil atá ann. It would be much better, according to those organizations, for the Israelis to fulfill their own duties towards the rioters. B’fhearr i bhfad, dar leis na heagraíochtaí sin, suíomh ar na hIosraelaigh a ndualgais féin i leith na n-ainniseoirí a chomhlíonadh. Not to mention the gunfire, and in contrast to what is being dropped from the sky by the Americans, Israeli warplanes are constantly dropping bombs on places in the center and south of Gaza. Gan trácht ar an ngearradh gionach, agus i gcontrárthacht lena bhfuil á ligean anuas ón spéir ag na Meiriceánaigh, tá scairdeitleáin chogaidh Iosrael ag scaoileadh buamaí i gcónaí le háiteanna i lár agus i ndeisceart Gaza. It is reported that more civilians were killed in bombing attacks carried out by the Israelis yesterday on the cities of Deir al-Balah, Khan Younis and Rafah. Tuairiscítear gur maraíodh tuilleadh sibhialtach in ionsaithe buamála a rinne na hIosraelaigh inné ar chathracha Deir al-Balah, Khan Younis agus Rafah. Among the dead were people who had gathered around a lorry full of lunch. I measc na marbh, bhí daoine a bhí bailithe timpeall ar leoraí a bhí lán de lón bia

Mar 5, 202414 min

20240303_IRISH_bru_ag_teacht_ar_iosrael_i_ndiaidh_eachtra_an_lae_inne

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); visit this site to buy some cheap pearls from the street markets of Thailand Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/yk93av9n Contact: [email protected] Pressure coming to Israel after yesterday’s incident. Brú ag teacht ar Iosrael i ndiaidh eachtra an lae inné. The Israeli government has come under particular pressure in connection with the death of more than a hundred Palestinians in Gaza City in the north of the strip yesterday. Tá brú ar leith tagtha ar rialtas Iosrael i dtaca le bás bhreis is céad Pailistíneach lámh le Cathair Gaza i dtuaisceart an stráice inné. It is reported that up to 112 Palestinians were killed and hundreds more injured when Israeli soldiers opened fire on a large crowd of people who had gathered around trucks full of aid lunches. Tuairiscítear gur maraíodh suas le 112 Palaistíneach agus gur gortaíodh na céadta eile nuair a scaoil saighdiúirí Iosraelacha a ngunnaí le slua mór daoine a bhí bailithe timpeall leoraithe lán de lón cabhrach. A number of countries have now demanded the United Nations to set up an inquiry into what happened. Tá éileamh déanta anois ag roinnt mhaith tíortha ar na Náisiúin Aontaithe fiosrúchán a chur ar bun faoinar tharla. It is because the soldiers believed that they were ‘in danger from the crowd’ that they began to release, said the Israelis. Is mar gheall gur chreid na saighdiúirí go raibh siad ‘i gcontúirt ón slua’ a thosaigh siad ag scaoileadh, arsa na hIosraelaigh. The Israelis had previously revealed that people were injured when they trampled on each other in the skid steer that was the subject of the lorries. Bhí sé tugtha le fios ag na hIosraelaigh roimhe sin gur gortaíodh daoine nuair a shatail siad ar a chéile sa sciob sceab a bhí ar an ábhar sna leoraithe. It was later that they admitted that soldiers fired bullets. Ba ina dhiaidh sin a d’admhaigh siad gur scaoil saighdiúirí piléir. Hamas has warned that the latest escalation could derail ceasefire talks in Gaza. Tá foláireamh tugtha ag Hamas go bhféadfadh an sléacht is deireanaí comhráite faoi shos comhraic in Gaza a chur ó mhaith. The President of America, Joe Biden, had every hope that a ceasefire would be in effect in Gaza by next Monday, but yesterday’s incident could change the situation. Bhí chuile shúil ag Uachtarán Mheiriceá,Joe Biden go mbeadh sos cogaidh i bhfeidhm i Gaza faoin Luan seo chugainn, ach d’fhéadfadh eachtra an lae inné cor nua a chur sa scéal. An author of hope, if you read in Gaza these days, is that the European Union will finance the United Nations Relief and Works Agency for the Palestinian Territories (UNRWA) again from the next year onwards. Údar dóchais, más ann dá léithid i Gaza na laethanta seo, is ea go maoineoidh an tAontas Eorpach Eagras Fóirithinte na Náisiún Aontaithe sna Críocha Pailistíneacha (UNRWA) arís ón tseachain seo chugainn amach. An arrangement has been made to keep extremists from the organization. Tá socrú déanta chun antoiscigh a choinneáil ón eagras. UNRWA drew a big controversy in January when the Government of Israel accused the organization of having some people working for it who participated in the attack by Hamas on the 7th of October. Tarraingíodh conspóid mhór faoi UNRWA i mí Eanáir nuair a chuir Rialtas Iosrael i leith na heagraíochta go raibh daoine áirithe ag obair dó a bhí rannpháirteach san ionsaí a rinne Hamas ar an 7ú Deireadh Fómhair. Funding from UNRWA has since been maintained. Coinníodh maoiniú ó UNRWA ó shin. A major crisis in the Gaza Strip Géarchéim mhór i Stráice Gaza

Mar 3, 202410 min

20240229_IRISH_john_o’shea_ina_bhainisteoir_eatramhach_ar_fhoireann_na_heireann

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/2d8qdsh7 Contact: [email protected] John O John O'Shea ina bhainisteoir eatramhach ar fhoireann na hÉireann. John O’Shea has been appointed as interim manager of the Republic of Ireland soccer team for the two challenge games against Belgium and Switzerland next month. Tá John O’Shea ceaptha mar bhainisteoir eatramhach ar fhoireann sacair Phoblacht na hÉireann don dá chluiche dúshláin in aghaidh na Beilge agus na hEilvéise an mhí seo chugainn. His official job title is interim head coach. Príomh-chóitseálaí eatramhach teideal oifigiúil a phoist. In a statement, the Football Association of Ireland (FAI) indicated that a permanent manager would be appointed in early April. I ráiteas, thug Cumann Peile na hÉireann (FAI) le fios go gceapfaí bainisteoir buan i dtús an Aibreáin. John O’Shea was one of the coaches who worked with the last manager Stephen Kenny who was sacked last November. Bhí John O’Shea ar dhuine de na cóitseálaithe a bhí ag obair leis an mbainisteoir deireanach Stephen Kenny a briseadh as a phost i mí na Samhna seo caite. He also recently spent a spell working as a coach with Birmingham City. Chaith sé seal le gairid freisin ag obair mar chóitseálaí le Birmingham City. Paddy McCarthy – coach at Crystal Palace – will be John O’Shea’s assistant manager. Is é Paddy McCarthy – cóitseálaí le Crystal Palace – a bheas mar leasbhainisteoir ag John O’Shea. John O’Shea is originally from Waterford. Is as Port Láirge John O’Shea ó dhúchas. He was a defender with Manchester United and Sunderland and played for Ireland 118 times. Cosantóir le Manchester United agus le Sunderland a bhí ann agus d’imir sé d’Éirinn 118 uair. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Feb 29, 20245 min

20240226_IRISH_agoid_mhor_i_tel_aviv,gorta_i_gaza

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/26ppqdop Contact: [email protected] Big protest in Tel Aviv, famine in Gaza. Agóid mhór i Tel Aviv,gorta i Gaza. In Israel 21 people were arrested during a protest in the city of Tel Aviv. In Iosrael gabhadh 21 duine le linn agóide i gcathair Tel Aviv. The police eventually managed to disperse the crowd by throwing water at them. D’éirigh leis na póilíní ar deiridh an slua a scaipeadh tré uisce a scaoileadh leo. The protesters were demanding that the Prime Minister of Israel, Benjamin Netanyahu, resign, that a general election be speeded up in the country and that the hostages held by the Hamas extremists in Gaza be freed. Bhí lucht na hagóide ag éileamh go n-éireodh Príomh Aire Iosrael,Benjamin Netanyahu as oifig, go gcuirfí dlús le olltoghchán sa tír agus go saorfaí na gialla atá á gcoinneáil ag treallchogaithe Hamas i Gaza. In the northern Gaza Strip, UNWRA, the United Nations agency that cares for Palestinian refugees, has indicated that it has temporarily halted the delivery of relief supplies to the region. I dtuaisceart Stráice Gaza, tá sé tugtha le fios ag UNWRA, an áisíneacht de chuid na Náisiún Aontaithe a dhéanann cúram do theifigh Pailistíneacha,go bhfuil stop curtha aige faoi láthair ar sheachadadh sholáthairtí fóirthinte chuig an réigiún. He claims that it is now very difficult for a truck to cross the border into it because they come under attack from people who rob the supplies. Maíonn sé go bhfuil sé an-deacair anois ag trucail dul thar teorainn isteach ann mar go dtagann siad faoi ionsaí ó dhaoine a robáileann na soláthairtí. It is reported that there is now a severe famine in the region thanks to the war between Israel and Hamas which has been going on for 4 and a half months. Tuairiscítear go bhfuil gorta mór sa réigiún anois a bhuíochas don chogadh idir Iosrael agus Hamas atá ar bun le 4 mhí go leith. Negotiators in Paris this weekend are making strenuous efforts to come up with a ceasefire plan that would be acceptable to both sides. Tá tréaniarrachtaí á ndéanamh ag lucht idirbheartaíochta i bPáras an deireadh seachtaine seo theacht ar phlean sos- comhraic a mbeadh glacadh ag an dá thaobh leis. Talks will continue in Qatar in the coming days. Leanfar le cainteanna sa Chatar sna laethanta romhainn.

Feb 26, 20247 min

20240221_IRISH_€800_milliun_le_cur_ar_fail_le_haghaidh_tograi_trasteorann

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/25cmbur5 Contact: [email protected] €800 million to be made available for cross-border projects. €800 milliún le cur ar fáil le haghaidh tograí trasteorann. The Government has announced that €800 million will be made available from the Exchequer for cross-border projects. Tá sé fógartha ag an Rialtas go gcuirfear €800 milliún ar fáil ón Státchiste le haghaidh tograí trasteorann. Taoiseach Leo Varadkar declared that this is the largest contribution the Irish Government has ever made to the development of cross-border enterprises. Dhearbhaigh an Taoiseach Leo Varadkar gurb é seo an méid is mó a chuir Rialtas na hÉireann ar fáil riamh le fiontair thrasteorann a fhorbairt. It is in view of the restoration of the political institutions in the North that the string is being pulled from the spag, he said. Is i bhfianaise athbhunú na bhforas polaitiúil sa Tuaisceart atá an tsreang á baint den spaga, arsa sé. Among the major projects that will be put on the road and will be given a tree, is the long-promised upgrade of the A5 road between Derry and Letterkenny. I measc na mórthograí a chuirfear sa siúl agus a thabharfar i gcrann, tá an t-uasghrádú atá geallta le fada ar bhóthar an A5 idir Doire agus Leitir Ceanainn. €600 million – a good share of the €800 million – has been set aside for the upgrade of that road which will start later in the year, it was said. €600 milliún – sciar maith den €800 milliún – atá curtha i leataobh i gcomhair uasghrádú an bhóthair sin a gcuirfear tús leis amach sa bhliain, a dúradh. In that regard, the bridge that is planned to be built between Co Louth and Co Down will go ahead. Ina cheann sin, rachfar chun cinn leis an droichead a bhfuil sé beartaithe a thógáil idir Co Lú agus Co an Dúin. The purpose of the bridge, which is called Caol Uisce Bridge, is to establish a new connection between Cuaille and the Beanna Boirche area and the Taoiseach said that it was dependent on the construction contract being signed next month. Is é is aidhm don droichead, dá ngairtear Droichead Chaol Uisce, nasc úr idir Cuaille agus ceantar Bheanna Boirche a bhunú agus dúirt an Taoiseach go rabhthas ag brath ar an gconradh tógála a shíniú an mhí seo chugainn. Another €12.5 million will be spent on improving the rail link between Dublin and Belfast. Caithfear €12.5 milliún eile ar an nasc iarnróid idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste a fheabhsú. €50 million will be made available for the renovation of McAsmaint Park in west Belfast, where several matches will be played in the European Soccer Championship in 2028. Cuirfear €50 milliún ar fáil i gcomhair athchóiriú Pháirc Mhic Asmaint in iarthar Bhéal Feirste, áit a n-imreofar roinnt cluichí i gCraobh Sacair na hEorpa in 2028. The Taoiseach also indicated that €10 million would be available to significantly restore and develop the site of the Battle of the Boyne in Co. Meath. Thug an Taoiseach le fios freisin go mbeadh €10 milliún ar fáil le láthair Chath na Bóinne i gCo na Mí a athchóiriú agus a fhorbairt go suntasach. Another €24 million will be spent on education projects, especially projects that tackle disadvantage in the sector. Caithfear €24 milliún eile ar thograí oideachais, go háirithe tograí a théann i ngleic le míbhuntáiste san earnáil. There is no funding for Irish language projects in the amount announced today. Níl aon mhaoiniú le haghaidh tograí Gaeilge sa mhéid a fógraíodh inniu. RTÉ News and Current Affairs Three Government leaders announcing new cross- border proposals today Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Triur ceannairí an Rialtais ag fógairt tograí nua trasteorann inniu

Feb 21, 202411 min

20240219_IRISH_iosrael_ag_bagairt_ionradh_a_dheanamh_ar_rafah_faoi_thus_ramadan

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/2856nhj2 Contact: [email protected] Israel threatens to invade Rafah at the start of Ramadan. Iosrael ag bagairt ionradh a dhéanamh ar Rafah faoi thús Ramadan. One of Israel’s three war ministers has warned that the country’s military forces will fully invade the southern Gaza city of Rafah by March 10 if the Israeli hostages held in the enclave are not released before then. Tá foláireamh tugtha ag duine de thriúr airí cogaidh Iosrael go déanfaidh fórsaí míleata na tíre ionradh iomlán ar chathair Rafah i ndeisceart Gaza faoin 10 Márta mura scaoilfear saor roimhe sin na gialla Iosraelacha atá á gcoinneáil san iamhchríoch. Benny Gantz, the former chief of staff of the Israeli Army, made the threat while speaking to the American Jewish conference in Jerusalem yesterday. Is é Benny Gantz, iarcheann foirne Arm Iosrael, a rinne an bhagairt agus ag labhairt le comhdháil Ghiúdaigh Mheiriceá in Iarúsailéim inné. Ramadan will begin around March 10, when Muslims fast between two darknesses for a month. Is thart ar an 10 Márta a chuirfear tús le Ramadan, tráth a dhéanann Moslamaigh troscadh idir dhá dhorcha ar feadh míosa. Ramadan is one of the most important rituals in the Islamic calendar and the vast majority of Palestinians in Gaza are Muslims. Tá Ramadan ar cheann de na deasghnátha is tábhachtaí i bhféilire Ioslam agus Moslamaigh is ea formhór mór Phalaistínigh Gaza. According to Benny Gantz, the invasion of Rafah will be carried out in collaboration with Israel’s allies – Egypt and the United States – in the hope of keeping the number of civilians killed as low as possible, as he said. Dar le Benny Gantz go ndéanfar an t-ionradh ar Rafah i gcomhar le comhghuaillithe Iosrael – an Éigipt agus na Stáit Aontaithe – le súil an líon sibhialtach a mharófar a choinneáil chomh híseal agus is féidir, mar a dúirt sé. Despite what Benny Gantz claimed, Egypt and the United States are among the many countries that are petitioning the Israelis not to invade Rafah in light of what the people there are currently suffering, not to mention the extreme suffering that it would be there if there was still more destruction. In ainneoin ar mhaígh Benny Gantz, tá an Éigipt agus na Stáit Aontaithe i measc an iliomad tíortha atá ag achainí ar na hIosraelaigh gan ionradh a dhéanamh ar Rafah i bhfianaise a bhfuil á fhulaingt ag an bpobal ann faoi láthair, gan trácht ar an tsárfhulaingt a bheadh ann dá ndéanfaí tuilleadh scriosta fós ann. Israelis say Rafah is the last stronghold of Hamas militants in Gaza. Deir na hIosraelaigh go bhfuil Rafah ar an dún daingean deireanach atá ag lucht airm Hamas in Gaza. The Israelis are sworn, they say, to eradicate Hamas in Rafah and everywhere else in the Palestinian territories. Tá na hIosraelaigh mionnaithe, a deir siad, Hamas a dhíothú in Rafah agus i ngach áit eile sna críocha Palaistíneacha. About 1.4 million people currently live in Rafah as refugees from their base, people who fled before the Israelis in other places in Gaza. Tá thart ar 1.4 milliún duine ina gcónaí in Rafah faoi láthair ar dídeanaithe a mbunáite, daoine a theith roimh na hIosraelaigh in aiteanna eile in Gaza. Most of them do not have enough food and it is becoming too difficult for relief agencies to provide the basic necessities of life to the troublemakers because of the obstacles that the Israeli forces put in their way. Níl riar a gcáis ag a bhformhór acu agus tá sé ag dul ródheacair ar ghníomhaireachtaí fóirithinte bunriachtanais na beatha a chur ar fáil do na hainniseoirí mar gheall ar na constaicí atá fórsaí Iosrael a chur sa bhealach orthu. It is indeed reported that some of the refugees live on animal food. Tuairiscítear go deimhin gur beo ar bhia ainmhithe atá cuid de na dídeanaithe. There has been no success so far, however, in the attempt by international diplomats to convince Israel on the one hand to implement a ceasefire in Gaza and to convince Hamas on the other hand to release the hostages. Níl aon rath go dtí seo, ámh, ar an iarracht atá taidhleoirí idirnáisiúnta a dhéanamh cur ina luí ar Iosrael ar thaobh amháin sos comhraic a chur i bhfeidhm in Gaza agus cur ina luí ar Hamas ar an taobh eile na gialla a scaoileadh saor. It is in revenge for the great attack by Hamas on the south of Israel on October 7 last year that the Israelis are making a move in Gaza. Is in éiric an ionsaithe mhóir a rinne Hamas ar dheisceart Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair anuraidh atá na hIosraelaigh ag déanamh slada in Gaza. It is estimated that 1,160 people were killed in that attack, the civilians of their base. Áirítear gur maraíodh 1,160 duine san ionsaí sin, sibhialtaigh a mbunáite. Since then, the Israelis have killed at least 30,000 Palestinians in Gaza, not to mention the bodies that have not yet been found. Ó shin, tá 30,000 Palaistíneach ar a laghad maraithe ag na hIosraelaigh in Gaza, gan na co

Feb 19, 202416 min

20240215_IRISH_iosraelaigh_fos_mionnaithe_ionradh_iomlan_a_dheanamh_ar_rafah

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/23k3tmdm Contact: [email protected] Israelis still vowed a full invasion of Rafah. Iosraelaigh fós mionnaithe ionradh iomlán a dhéanamh ar Rafah. Israeli Prime Minister Benjamin Netanyahu has once again declared that the country’s soldiers will completely invade the city of Rafah in the south of Gaza after more western countries asked him not to implement his resolution. Tá sé dearbhaithe arís eile ag Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu go ndéanfaidh saighdiúirí na tíre ionradh iomlán ar chathair Rafah i ndeisceart Gaza i ndiaidh gur iarr tuilleadh tíortha san iarthar air gan a rún a chur i ngníomh. French President Emmanuel Macron is one of the biggest allies of the Israelis but in a telephone conversation last night he pleaded with Benjamin Netanyahu not to send the foot soldiers and tanks into Rafah. Tá Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron ar dhuine de na comhghuaillithe is mó atá ag na hIosraelaigh ach i gcomhrá teileafóin aréir d’achainigh sé ar Benjamin Netanyahu gan an cos-slua agus na tancanna a chur isteach in Rafah. Not to mention the devastation and damage already done in that city by the Israeli forces, what is worrying Macron is that things will go from bad to worse and that his life there will be a disaster. Gan trácht ar an sléacht agus an lot atá déanta sa chathair sin cheana féin ag fórsaí Iosrael, is é atá ag déanamh scime do Macron gur ó mhaoil go mullóg a rachas cúrsaí agus gur léirscrios luanscrios a bheas ann. In light of what Netanyahu has said, however, he will not do anything to the Frenchman, as the Israelis have not yet responded to the advice that other allies have given them. I bhfianaise a bhfuil ráite ag Netanyahu, áfach, ní móide go ndéanfaidh sé rud ar fhear na Fraince, arae níl nath curtha ag na hIosraelaigh go dtí seo sa chomhairle atá curtha orthu ag comghuaillithe eile leo. In a joint statement issued by the Prime Ministers of Canada, Australia and New Zealand, the Israelis are requested not to invade Rafah. I gcomhráiteas a d’eisigh Príomh-Airí Cheanada, na hAstráile agus na Nua-Shéalainne, achainítear ar na hIosraelaigh gan ionradh a dhéanamh ar Rafah. The three leaders say in their statement that it would be a disaster and that Palestinian civilians would suffer greatly as a result. Deir an triúr ceannairí ina ráiteas gur tubaiste a bheadh ann agus go bhfulaingeodh sibhialtaigh Phalaistíneacha go mór dá dheasca. It is his manhood by the German Foreign Minister Annalena Baerbock. Is é a fhearacht é ag Aire Gnóthaí Eachtracha na Gearmáine Annalena Baerbock. While visiting Israel, she said that the people stuck in Rafah had nowhere else to go. Agus í ar cuairt ar Iosrael, dúirt sí nach raibh aon áit eile le dul ag na daoine atá sáinnithe in Rafah. Yesterday, Taoiseach Leo Varadkar and Spanish Prime Minister Pedro Sanchez both asked the European Commission to consider what is going on in Gaza in the light of the human rights obligations of the Israelis and act accordingly according to Inné, d’iarr an Taoiseach Leo Varadkar agus Príomh-Aire na Spáinne Pedro Sanchez araon, d’iarr siad ar an gCoimisiún Eorpach a bhfuil ar bun in Gaza a bhreithniú i bhfianaise na n-oibleagáidí cearta daonna atá ar na hIosraelaigh agus gníomhú dá réir. However, the Israeli military forces are swarming around Rafah and they are always making all preparations for the invasion they plan to do on the place. Ar a shon sin, tá fórsaí míleata Iosrael ag drundáil thart ar Rafah agus iad ag déanamh gach úmachan i gcónaí i gcomhair an ionraidh atá beartaithe acu a dhéanamh ar an áit. About 1.4 million people are currently living in Rafah who are refugees from their base, people who fled before the Israelis in other places in Gaza. Tá thart ar 1.4 milliún duine ag baint fúthu in Rafah faoi láthair ar dídeanaithe a mbunáite, daoine a theith roimh na hIosraelaigh in aiteanna eile in Gaza. It is the bet of a huge hog camp by this time and as well as being terrorized for their lives there are hundreds of thousands of people who live off the sale of wrens. Is geall le campa géibhinn ollmhór é faoin tráth seo agus chomh maith le bheith sceimhlithe ina mbeatha is beo ar an díol dreoilín atá na céadta míle duine ann. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Feb 15, 202413 min

20240213_IRISH_comhraite_i_gcaireo,_cinniuint_rafah_i_ngeall_orthu

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/26srxwg3 Contact: [email protected] Conversations in Cairo, the fate of Rafah depends on them. Comhráite i gCaireo, cinniúint Rafah i ngeall orthu. CIA director William Burns is to take part in joint talks in Cairo today regarding the crisis in Gaza. Tá stiúrthóir an CIA William Burns le páirt a ghlacadh i gcomhchainteanna i gCaireo inniu maidir leis an ngéarchéim in Gaza. Israel’s intelligence agency director David Barnea and Qatar’s Prime Minister Mohammed bin Abdulrahman Al-Thani will also participate in the talks. Stiúrthóir áisíneacht faisnéise Iosrael David Barnea agus Príomh-Aire Chatar Mohammed bin Abdulrahman Al-Thani, beidh siad páirteach sna cainteanna chomh maith. Israel’s intelligence agency – Mossad – is responsible for the Israeli secret military operations in Gaza. Is é áisíneacht faisnéise Iosrael – Mossad – atá freagrach as oibríochtaí mileata rúnda na nIosraelach in Gaza. The talks have been tense since the Israelis have vowed, they say, to launch an all-out invasion of the city of Rafah in southern Gaza, a ‘bottleneck’ where hundreds of thousands of people have been trapped since they fled the Israelis elsewhere in the country. Palestinian enclave. Tá téirim leis na comhráite ó tá na hIosraelaigh mionnaithe, a deir siad, ionradh iomlán a dhéanamh gan spás ar chathair Rafah i bhfíordheisceart Gaza, ‘scóig buidéil’ a bhfuil na céadta míle duine sáinnithe ann ó theith siad roimh na hIosraelaigh in áiteanna eile san iamhchríoch Phalaistíneach. What the Israelis are planning has been widely criticized, however. Tá a bhfuil beartaithe ag na hIosraelaigh cáinte go forleathan, áfach. Some want them not to go ahead with the invasion and others want them to protect civilians if they do go ahead. Tá roinnt daoine ag iarraidh orthu gan dul ar aghaidh leis an ionradh agus tá daoine eile ag iarraidh orthu sibhialtaigh a chosaint má théann siad ar aghaidh leis. It is said that the President of the United States Joe Biden is one of those who are urging the Israelis to cancel the invasion. Deirtear go bhfuil Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden ar dhuine den dream atá ag tathant ar na hIosraelaigh an t-ionradh a chur ar ceal. King Abdullah of Jordan discussed the situation with Joe Biden in the White House in Washington yesterday. Phléigh Rí Abdullah na hIordáine an scéal le Joe Biden sa Teach Bán in Washington inné. The king said there would be another major humanitarian disaster if Israeli forces invaded Rafah. Dúirt an rí go mbeadh tubaiste mhór dhaonnúil eile ann dá ndéanfadh fórsaí Iosrael ionradh ar Rafah. The war must end without further delay, he said. Ní mór deireadh a chur leis an gcogadh gan a thuilleadh moille, arsa sé. Israeli Prime Minister Benjamin Netanyahu seems to have no intention of backing down on his plans, however. Is cosúil nach bhfuil aon rún ag Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu dul siar ar a bhfuil beartaithe aige, ámh. He has only said that the Israelis would let civilians leave Rafah, but the United Nations says those people would have nowhere to go. Níl ráite aige ach go ligfeadh na hIosraelaigh do shibhialtaigh imeacht as Rafah, ach deir na Náisiúin Aontaithe nach mbeadh aon áit le dul ag na daoine sin. As with life in Rafah, there are over a million people in need and a large number of them live in tents and shacks of all kinds. Mar leis an saol in Rafah, tá os cionn milliún duine ar an ngannchuid ann agus cuid mhór acu ag baint fúthu i bpubaill agus i bprochóga den uile shórt. Diseases are spreading strongly in those places and many people, especially children, have hepatitis and diarrhoea. Tá galair á leathadh go tréan sna háiteanna sin agus tá heipitíteas agus buinneach ar a lán daoine, leanaí go háirithe. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Feb 13, 202412 min

20240210_IRISH_na_ceadta_ag_sochraid_stait_an_iarthaoisigh_john_bruton

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/2974bkbz Contact: [email protected] Hundreds at the State Funeral of former Pastor John Bruton. Na céadta ag Sochraid Stáit an iarThaoisigh John Bruton. An honest, honest man who had many victories was the description made by Father Bruce Bradley of the former Taoiseach John Bruton at his funeral mass in Co Na Meath this morning. Fear ionraic, macánta a raibh iliomad bua aige an cur síos a rinne an tAthair Bruce Bradley ar an iarThaoiseach John Bruton ag aifreann a shochraide i gCo na Mí ar maidin. Hundreds attended the State funeral in Peter and Paul’s Church in Dunboyne – among them were President Michael D Higgins, Taoiseach Leo Varadkar, as well as former dignitaries Enda Kenny, Brian Cowen and Bertie Ahern. Bhí na céadta i láthair ag an tsochraid Stáit i Séipéal Pheadair agus Phóil i nDún Búinne – ina measc bhí an tUachtarán Michael D Higgins, An Taoiseach Leo Varadkar, chomh maith leis na hiarthaoisigh Enda Kenny, Brian Cowen agus Bertie Ahern. Also present were Tánaiste Micheál Martin and Eamon Ryan, Leader of the Green Coalition. I láthair freisin bhí An Tánaiste Micheál Martin agus Eamon Ryan, Ceannaire An Chomhaontais Ghlais. Sinn Féin leader Mary Lou McDonald, Michelle O’Neill, First Minister of Northern Ireland and Deputy First Minister Emma Little-Pengelly were among the politicians at the funeral mass. Bhí ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald, Michelle O’Neill, Céad-Aire Thuaisceart Éireann agus an LeasChéad- Aire Emma Little-Pengelly i measc na bpolaiteoirí a bhí ag aifreann na sochraide. 180 members of the Defense Forces were involved in the funeral ceremony. Bhí 180 comhalta d’Óglaigh na hÉireann páirteach i searmanas na sochraide. John Bruton was a brave, committed man and the former Taoiseach often demonstrated first-class leadership when it was most needed, Father Bruce Bradley said in his sermon. Ba fear cróga, tiomanta é John Bruton agus ba mhinic leis an iarThaoiseach ceannaireacht den chéad scoth a léiriú nuair is mó a bhí gá leis a dúirt an tAthair Bruce Bradley ina sheanmóir. Tributes have been paid at home and abroad to John Bruton who was Taoiseach between 1994 and 1997. Tá ómós tugtha sa bhaile agus i gcéin do John Bruton a bhí ina Thaoiseach idir 1994 agus 1997. He was leader of Fine Gael between 1990 and 2001. Ceannaire Fhine Gael a bhí ann idir 1990 agus 2001. Before that, he spent two terms as Minister for Finance between 1981-1982 and between 1986-1987, and was Minister for Industry, Trade, Commerce and Tourism between 1983 and 1986. Roimhe sin, chaith sé dhá thréimhse mar Aire Airgeadais idir 1981-1982 agus idir 1986-1987, agus bhí sé ina Aire Tionscail, Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta idir 1983 agus 1986. He was elected to the Dáil for the first time in the Meath constituency in 1969. Toghadh chun na Dála den chéad uair é i ndáilcheantar na Mí i 1969.

Feb 10, 202410 min

20240209_IRISH_duine_fasta_tar_eis_bhais_le_bruitineach_i_gcuige_laighean

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/28x524k9 Contact: [email protected] An adult has died of measles in Leinster. Duine fásta tar éis bháis le bruitíneach i gCúige Laighean. The Health Service Executive has confirmed that an adult has died of measles in Leinster. Tá sé deimhnithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil duine fásta tar éis bháis le bruitíneach i gCúige Laighean. It was revealed that the person died in the hospital but it was not said where exactly. Tugadh le fios gur san ospidéal a bhásaigh an duine ach ní dúradh cén áit go baileach. This is the first case of measles recorded in the State so far this year. Is é seo an chéad chás bruitíní a taifeadadh sa Stát go dtí seo i mbliana. A special medical team that was recently established is on standby in light of the person’s death and people with symptoms of the disease are being appealed to consult a doctor. Tá foireann speisialta leighis a bunaíodh le gairid ar fuireachas i bhfianaise bhás an duine agus táthar ag achainí ar dhaoine a bhfuil airíonna an ghalair orthu dul i gcomhairle dochtúra. Health Minister Stephen Donnelly indicated yesterday that there was likely to be a measles outbreak shortly among groups that have not received the MMR vaccine. Thug an tAire Sláinte Stephen Donnelly le fios arú inné gur dhóichí go mbeadh ráig bhruitíní go gairid i measc grúpaí nach bhfuil an vacsaín MMR faighte acu. The Chief Medical Officer in the Department of Health, Professor Breda Smyth, has since said that she is very concerned that there will soon be an outbreak of smallpox in Ireland. An Príomhoifigeach Leighis sa Roinn Sláinte, an tOllamh Breda Smyth, tá sé ráite aicise ó shin go bhfuil an-imní uirthi go mbeidh ráig bhruitíní in Éirinn gan mhoill. She confirmed that at least 95% of the population would have to have received the MMR vaccine to prevent an outbreak. Dhearbhaigh sí nár mhór an vacsaín MMR a bheith faighte ag 95 faoin gcéad den phobal ar a laghad le ráig a chosc. Unfortunately, says Professor Smyth, only about 90% of children nationally have received the vaccine in two years and the rate is as low as 80%, or below that again, in some counties. Ar an drochuair, arsa an tOllamh Smyth, níl an vacsaín faighte ach ag thart ar 90 faoin gcéad de leanaí ar bhonn náisiúnta le dhá bhliain agus tá an ráta chomh híseal le 80 faoin gcéad , nó faoina bhun sin arís, i gcontaetha áirithe. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Feb 9, 20247 min

20240207_IRISH_maigh_eo_buacach_go_dramatuil_i_sraith_allianz_na_peile

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/28wzn4fc Contact: [email protected] Mayo triumphantly in the Allianz Football League. Maigh Eo buacach go drámatúil i Sraith Allianz na Peile. 4 minutes into injury time Mayo scored the winning point in this match tonight in the Allianz Football League in Castlebar. 4 nóiméad isteach in am cúitimh do ghortuithe a scóráil Maigh Eo pointe an bhua sa chluiche seo anocht i Sraith Allianz na Peile i gCaisleán an Bharraigh. The visitors were the All-Ireland champions, Dublin. B’iad seaimpiní Uile-Éireann,Baile Átha Cliath, na cuairteoirí. Fergal Boland’s name will be on the lips of the Mayo community for a while now; he was the one who scored the winning goal within 50 seconds of the end of the game. Beidh ainm Fergal Boland i mbéal phobal Mhaigh Eo go ceann tamaill anois;b’eisean a fuair cúilín an bhua i bhfoisceacht 50 soicind do dheireadh na himeartha. A pass crossed to him from a free-kick, Boland studied straight in front of goal just over 20 meters out and kicked the ball between the posts. Pas a cuireadh trasna chuige ó chic saor, rinne Boland staidéar díreach os comhair an chúil beagán le cois 20 méadar amach agus chiceáil an liathróid idir na cuaillí. Mayo 1-12, Dublin 0-14 the final score. Maigh Eo 1-12,Baile Átha Cliath 0-14 an scór deiridh. That leaves Mayo on full league points after 2 games, Dublin still with nothing. Fágann sin Maigh Eo ar lán phointí sraithe i ndiaidh 2 chluiche, gan tada go fóill ag Baile Átha Cliath.

Feb 7, 20245 min

20240206_IRISH_neart_le_deanamh_ag_an_bhfeidhmeannas_on_luan_ar_aghaidh

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/2xlyr87g Contact: [email protected] The Executive has plenty to do from Monday onwards. Neart le déanamh ag an bhFeidhmeannas ón Luan ar aghaidh. The new executive in the Stormont Assembly will start work next Monday (5 February). Is ar an Luan seo chugainn (5Feabhra) a rachaidh an feidhmeannas nua i dTionól Stormont i mbun oibre. Strength has been laid out for the people of the assembly in light of what has gone down the drain on the community of the North for 2 years. Tá neart leagtha amach do lucht an tionóil i bhfianaise a bhfuil imithe le sruth ar phobal an Tuaiscirt le 2 bhliain. The deputy leader of Sinn Féin, Michelle O’Neill is the First Minister of the Stormont Assembly. Is í leascheannaire Shinn Féin, Michelle O’Neill atá mar Chéad-Aire ar Chomhthionól Stormont. She was accepted as First Minister c.02:15 pm today. Glacadh léi mar Chéad-Aire c.02:15 i.n inniu. She is the first Catholic and the first Nationalist-Republican in that important position which came about with the signing of the Good Friday Agreement almost 26 years ago. Is í an chéad Chaitliceach agus an chéad Náisiúnach-Poblachtach í sa phost tábhachtach sin a tháinig in inmhe le síniú Chomhaontú Aoine an Chéasta beagnach 26 bliain ó shin. In her address, she said that there was a lot to be done in the Assembly now for the benefit of the Northern community as a whole. Ina haitheasc, dúírt sí go raibh go leor le déanamh sa Tionól anois ar mhaithe le pobal an Tuaiscirt tré chéile. ‘We are now better in the North in terms of equality and I am here for the benefit of the Unionist community as well’ she said. ‘Is fearrde muid sa Tuaisceart anois ó thaobh an chomhionannais de agus táimse anseo ar mhaithe leis an bpobal Aontachtach freisin’ a dúirt sí. It is a great honor for this woman who was born in County Cork but was raised in the village of Cloyne in the Dungannon area, County Tyrone. Onóir mhór í don bhean seo a rugadh i gContaeChorcaí ach a tógadh i sráidbhaile Chluain Eo i gceantar Dhún Geanainn,ContaeThír Eoghain. Her family before her were involved in the republican movement, her father Brendan Doris was active in the IRA and spent time in prison before being elected as a councilor for Sinn Féin in Dungannon. Bhí a muintir roimpi sáite sa ghluaiseacht phoblachtach, a hathair Brendan Doris gníomhach san IRA agus a chaith seal sa phríosún sular toghadh é ina chomhairleoir do Shinn Féin i nDún Geanainn. The Stormont Assembly met this afternoon at 1 o’clock. Tháinig Tionól Stormont le chéile tráthnóna inniu ag a 1 a chlog. Edwin Poots (DUP) was elected speaker, head of the assembly council. Toghadh Edwin Poots (DUP) mar spéicéir, ceann comhairle an chomhthionóil. Emma Little-Pengelly from the DUP was elected Deputy First Minister. Ba í Emma Little- Pengelly ón DUP a toghadh mar Leas Chéad-Aire. She admitted that she and Michelle O’Neill come from different backgrounds. D’admhaigh sise gur ó chúlra difriúil í féin agus Michelle O’Neill. ‘But that doesn’t matter to the person suffering from cancer, to parents who can’t pay for childcare, to teachers with shortages of money as well as other workers in the public service’ she said. ‘Ach is cuma sin don té atá ag fulaingt le hailse, do thuismitheoirí nach bhfuil in ann íoc as cúram leanaí, do mhúínteoirí le ganntan airgid ach an oiread le hoibrithe eile sa tseirbhís phoiblí’ a dúirt sí. ‘I will work tirelessly for the benefit of the people of Northern Ireland’ she said. ‘Oibreoidh mé gan stad gan staonadh ar mhaithe le pobal Thuaisceart Éireann’ a dúirt sí. The DUP is returning to Stormont, according to themselves, in light of the promises they received from the British Government regarding trade matters and regarding the status of the North in the United Kingdom. Ag filleadh ar Stormont atá an DUP, dar leo féin, i bhfianaise na ngealltanas a fuair siad ó Rialtas na Breataine maidir le cúrsaí trádála agus maidir le stádas an Tuaiscirt sa Ríocht Aontaithe. The leader of that party, Jeffrey Donaldson, said that he intended to annoy and torment the British Government to ensure that the promises he had received from them were implemented. Dúirt ceannaire an pháirtí sin Jeffrey Donaldson go raibh rún aige Rialtas na Breataine a bhodhrú agus a chrá lena chinntiú go gcuirfí i ngníomh na gealltanais a bhí faighte aige uathu. Of course, Jeffrey Donaldson himself is not an assembly member because he has chosen to keep his parliamentary seat in Westminster. Ar ndóigh, níl Jeffrey Donaldson féin mar fheisire tionóil mar gur roghnaigh sé an suíochán parlaiminte atá aige i Westminster a choinneáil.

Feb 6, 202414 min

20240203_IRISH_tus_maith,pointe_bonais_ach_ga_le_feabhas_sa_chlibirt

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/2altz7bg Contact: [email protected] Good start, bonus point but need improvement in the clubbing. Tús maith,pointe bónais ach gá le feabhas sa chlibirt. The Irish rugby team had a tidy away win tonight as they kicked off the Six Nations. Bhí bua slachtmhar as baile ag foireann rugbaí na hÉireann anocht agus tús á chur acu le Comórtas na Sé Náisiún. Andy Farrell’s players edged France by 14 points at the ‘Orange Vélodrome’ Stadium over in Marseille. Chloígh imreoirí Andy Farrell an Fhrainc le farasbarr 14 pointe i Staid an ‘Orange Vélodrome’ thall i Marseille. 4 minutes to half time in this clash the Irish fans were singing ‘Fields of Athenry’ at the top of their voices. 4 nóiméad go leath-am sa choimhlint seo bhí lucht leanúna na hÉireann ag canadh ‘Fields of Athenry’ in ard a ngutha. They were fully optimistic by then that they would be the ones celebrating when the whistle blew for the final hour of the game. Bhí siad iomlán dóchasach faoin tráth sin gur iadsan a bheadh ag ceiliúradh nuair a shéidfí an fheadóig den uair dheiridh sa chluiche. And although Les Bleus drew closer to the champions of this competition after 40 minutes of play, Ireland were well ahead of their opponents in the second half. Agus cé gur tharraing Les Bleus níos gaire do sheaimpíní an chomórtais seo i ndiaidh 40 nóiméad imeartha, bhí Éirinn i bhfad chun cinn ar a gcéillí comhraic sa dara leath. The great radio commentator Michael Corcoran made his own summary of the exhibition saying that it was a game that saw ‘the big beef knife in the heart of the French’. Is é an tráchtaire mór raidió sin Michael Corcoran a rinne a choimre fhéin ar an taispeántas ag rá gur cluiche é a chonaic ‘scian mhór na mairteola i gcroí na bhFrancach’. In the end, the Irish scored 5 goals, which ensured them a bonus point and France got nothing out of this game worth talking about. Ar deiridh, scóráil na hÉireannaigh 5 úd, chinntigh sin pointe bónais dóibh agus ní bhfuair an Fhrainc tada as an gcluiche seo arbh fhiú caint air. Leinster man Joe McCarthy was awarded the player of the match award. Bronnadh gradam imreoir an chluiche ar fhear Chúige Laighean, Joe McCarthy. Calvin Nash will have a special memory of this night, his first senior game in the Ireland jersey for him as he got it in the second half. Beidh cuimhne ar leith ag Calvin Nash ar an oíche seo, a chéad chluiche sinsir i ngeansaí na hÉireann dósan agus é ag fáil úd sa dara leath. Jack Crowley would like to put penalty kicks and saves between the posts and there was also fine work from Jamison Gibson-Park, Tadgh Beirne, Dan Sheehan and Ronan Kelleher The Irish can be proud of their play in the back line, and there was mastery of them in the stretch out during the night. Ba mhaith ó Jack Crowley ciceanna píonóis agus slánaithe a chur idir na postaí agus chonacthas úid bhreátha freisin ó Jamison Gibson-Park, Tadgh Beirne,Dan Sheehan agus Ronan Kelleher Féadfaidh na hÉireannaigh a bheith mórtasach as a gcuid imeartha sa líne cúil, agus bhí máistreacht acu sa síneadh amach i gcaitheamh na hoíche. The only concern according to the experts of the game was that the Irish team was not more than a recommendation of two in the club, and that ‘that must improve if we are to see Caithréim Mór again in this competition’. An t-aon ábhar imní dar le saineolaithe an chluiche nach raibh foireann na hÉireann thar mholadh beirte sa chlibirt, agus ‘go gcaithfidh sin feabhsú má táimíd leis an gCaithréim Mhór a fheiceáil arís sa chomórtas seo’. Ireland’s Dan Sheehan hiding nothing in this mischievous smile Dan Sheehan na hÉireann gan tada á cheilt aige sa gháire mioscaiseach seo

Feb 3, 202411 min

20240130_IRISH_fainic_as_gaoth_dobhair_faoi_chraoladh_aifrinn_ar_an_idirlion

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/yw9yqte2 Contact: [email protected] Beware of Gaoth Dobhair about broadcasting mass on the internet. Fainic as Gaoth Dobhair faoi chraoladh aifrinn ar an idirlíon. An undertaker in Gaoth Dobhair is appealing to the public to be careful about the sites they use to view funeral and memorial masses on the internet. Tá adhlacóir i nGaoth Dobhair ag achainí ar an bpobal a bheith cúramach faoi na suíomhanna a úsáideann siad le féachaint ar aifrinn sochraide agus aifrinn cuimhneacháin ar an idirlíon. Last weekend fraudsters created a fake link on the undertaker’s website and people had to pay money to watch a mass in memory of a local man who was tragically killed in Gaoth Dobhair in 2019. An deireadh seachtaine seo caite chruthaigh caimiléirí nasc bréige ar leathanach idirlín an adhlacóra agus bhí ar dhaoine airgead a íoc le féachaint ar aifreann i gcuimhne ar fhear áitiúil a maraíodh go tubaisteach i nGaoth Dobhair i 2019. Kieran Roarty has a very busy funeral company in that town. Cuideachta adhlacóireachta an-ghnóthach atá ag Kieran Roarty ar an mbaile sin. Due to Covid-19, the company’s live broadcast of funerals and memorial masses has become very popular. De bharr Chovid a 19 tá ráchairt mhór ar an gcraoladh beo a dhéanann an chuideachta ar thórraimh agus ar aifrinn cuimhneacháin. But over the weekend schemers created a fake link on the undertaker’s Facebook page asking people to open an account and pay money to view a mass in memory of the young man who was tragically killed 5 years ago. Ach i rith an deireadh seachtain chruthaigh lucht scéiméireachta nasc bréige ar leathanach Facebook an adhlacóra ag iarraidh ar dhaoine cuntas a oscailt agus airgead a íoc le hamharc ar aifreann i gcuimhne ar an ógfhear a maraíodh go tubaisteach 5 bhliana ó shin. Kieran Roarty says he reported the fake link called recostv.live to Meta, the global conglomerate that owns Facebook. Deir Kieran Roarty gur thug sé tuairisc faoin nasc bréige darbh ainm recostv.live do Meta, an ollchuideachta dhomhanda ar leo Facebook. Kieran is asking people to report suspicious links to his short immediately. Tá Kieran ag iarraidh ar dhaoine nascanna amhrasacha dá short a thuairisciú láithreach. Yesterday’s mass was in memory of Micheál Roarty from Gaoth Dobhair. Ba i gcuimhne ar Mhicheál Roarty as Gaoth Dobhair a bhí aifreann an lae inné. Micheal was one of four young men who were killed in a road accident, today in 2019 – an accident that shocked the whole community. Bhí Micheal ar dhuine de cheathrar fear óg a maraíodh i dtubaiste bóthair, cothrom an lae inniu i 2019 – timpiste a chuaigh go smior sa bpobal uilig. Meta tells the Evening Newsroom that they take down scams as soon as they are reported. Deir Meta le Seomra na Nuachta tráthnóna go mbaineann siad anuas camscéimeanna chomh luath is a thuairiscítear iad. Ailbhe Ó Monacháin will have more about that story on Nuacht TG4 at 1900. Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Ailbhe Ó Monacháin ar Nuacht TG4 ag 1900.

Jan 30, 20249 min

20240127_IRISH_plean_bitheagsulachta_athnuaite_le_duil_tuilleadh_meatha_a_chosc

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/yvzxvcba Contact: [email protected] A renewed Biodiversity Plan with a view to preventing further decline. Plean Bithéagsúlachta athnuaite le dúil tuilleadh meatha a chosc. RTÉ News and Current Affairs The National Biodiversity Plan has been renewed and updated for the third time from 2022 in view of the continued decline of the country’s wildlife. Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Tá an Plean Náisiúnta Bithéagsúlachta athnuaite agus nuashonraithe den tríú huair ó 2022 i bhfianaise fiadhúlra na tíre a bheith ag meath go tréan i gcónaí. In this fourth attempt, unlike the three previous attempts, there is a legislative basis for the updated action plan. Sa cheathrú hiarracht seo, murab ionann agus na trí iarracht roimhe, tá bonn reachtaíochta faoin bplean gníomhaíochta nuashonraithe. On top of that, fresh funding has been promised – up to €3 billion in fact – to better protect protected areas and to foster local wildlife enterprises, as well as other measures. Ar a mhuin sin, tá maoiniú úr geallta – barr ar €3 bhilliún go deimhin – le fonn limistéir shainchosanta a chosaint níos fearr agus le súil fiontair áitiúla fiadhúlra a chothú, chomh maith le bearta eile. If it’s good it’s not, however, and the habitats of native flowers and herbs are being steadily destroyed – the dunes, the fens, the marshes, the meadows, the bogs, the turles and so on. Más maith is mithid, ámh, agus gnáthóga bláthanna agus luibheanna dúchasacha á scriosadh go seasta – na dumhcha, na heanaigh, na léanta, na móinéir, na portaigh, na turlaigh agus mar sin díobh. All that without mentioning the deterioration of the woods, shores, rivers and lakes, and the birds, fish, shellfish and plants that live on them. É sin ar fad gan trácht ar an meath atá ar na coillte, na cladaí, na haibhneacha agus na lochanna, agus ar na héin, na héisc, na sliogéisc agus na plandaí atá beo orthu. In fact, the plan states that 85% of the State’s specially protected habitats are in poor condition and that 46% of them are actually deteriorating. Deirtear sa phlean go deimhin go bhfuil drochbhail ar 85 faoin gcéad de ghnáthóga sainchosanta an Stáit agus go bhfuil 46 faoin gcéad díobh ag meath d’acht is d’áirithe. It is said that the decline is largely due to disorganized farming methods – industrial waste, land clearing and water pollution, for example. Modhanna míchóiriúla feirmeoireachta is siocair leis an meath den chuid is mó, a deirtear – iníor tionslcaíoch, bánú talaimh agus truailliú uisce, cuiream i gcás. The new plan was published under the Wildlife (Amendment) Act 2023 and there are new duties on every public institution in the State to act accordingly, including Bord Iascaigh Mara, Bord na Móna and the local authorities. Is faoin Acht um Fhiadhúlra (Leasú) 2023 a foilsíodh an plean úr agus tá dualgais nua ar gach aon fhoras poiblí sa Stát gníomhú dá réir, lena n-áirítear Bord Iascaigh Mhara, Bord na Móna agus na húdaráis áitiúla. Each local authority will have to draw up, update and implement their own biodiversity plan. Beidh ar gach údarás áitiúil plean bithéagsúlachta dá gcuid féin a chur i dtoll a chéile, a nuashonrú agus a chur i ngníomh. In this regard, more national parks will be defined and existing special protected areas will be added to. Ina cheann sin, saineofar tuilleadh páirceanna náisiúnta agus cuirfear leis na sainlimistéir chosanta atá ann cheana féin. The National Parks and Wildlife Service will be provided with additional resources, according to the plan, to deal with people and organizations that break the law. Cuirfear acmhainn bhreise ar fáil don tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, de réir an phlean, le dul i ngleic le daoine agus le heagraíochtaí a sháraíonn an dlí. Some of the recommendations made by the Citizens’ Assembly for Biodiversity last year are also promised to be implemented. Gealltar freisin roinnt de na moltaí a rinne an Tionól Saoránach um Bithéagsúlacht anuraidh a chur i gcion. Indeed, it is said that a referendum could be called to establish a constitutional basis for wildlife rights. Deirtear go deimhin go bhféadfaí reifreann a ghairm le bonn bunreachtúil a chur faoi chearta fiadhúlra. In addition to all this, money will be made available to local communities to implement biodiversity plans in their own areas. Ina theannta sin ar fad, cuirfear airgead ar fáil do phobail áitiúla le pleananna bithéagsúlachta ina gceantair féin a chur i bhfeidhm. Launching the updated action plan, Minister of State Malcolm Noonan from the Green Party said he believes wildlife can be regenerated and conserved in the long term, but insisted it is in a bad state. . Agus an plean gníomhaíochta nuashonraithe á sheoladh aige, dúirt an tAire Stáit Malcolm Noonan ón gComhaontas Glas go gcreideann sé gur féidir an fiadhúlra a athchothú agus a chaomhnú i bhfad na haimsire, ac

Jan 27, 202416 min

20240125_IRISH_654_othar_ag_fanacht_le_leaba_a_fhail_i_mbarda

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/ylgt9bwr Contact: [email protected] 654 patients waiting to get a bed in a ward. 654 othar ag fanacht le leaba a fháil i mbarda. According to the Irish Nurses and Midwives Association, there were 654 patients waiting for a bed in a ward in the country’s hospitals this morning, which is fourteen people more than yesterday. Dar le Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann go raibh 654 othar ag fanacht le leaba a fháil i mbarda in ospidéil na tíre ar maidin inniu, sin ceithre dhuine dhéag níos mó ná inné. 446 of the patients were in emergency departments, and the other 208 were on trolleys or in chairs in wards. Is i rannóga éigeandála a bhí 446 de na hothair, agus is ar thralaithe nó i gcathaoireacha i mbardaí a bhí an 208 eile. The situation was worst in Limerick University Hospital this morning, where 110 people were waiting for a bed. Is in Ospidéal Ollscoile Luimnigh is measa a bhí an scéal ar maidin, áit a raibh 110 duine ag fanacht le leaba. Subsequently, 88 people were waiting for a bed in University Hospital, Cork; 65 people in University Hospital, Galway; and half a century at the University Hospital, Letterkenny. Ina dhiaidh sin, bhí 88 duine ag fanacht le leaba in Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh; 65 duine in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh; agus leathchéad in Ospidéal na Ollscoile, Leitir Ceannain. In addition to that, eleven children between the three children’s hospitals in Dublin were waiting for a bed. I dteannta an mhéid sin, bhí aon leanbh déag idir na trí ospidéal leanaí i mBaile Átha Cliath ag fanacht le leaba. As bad as that was, it was even worse yesterday, when 27 children were involved. Dá dhonacht sin, ba mheasa fós inné é, tráth a bhí 27 leanbh i gceist. The nurses are demanding that non-urgent elective operations be postponed in light of the crisis and priority given to the patients arriving at the emergency departments. Tá na haltraí ag éileamh obráidí roghnacha neamhphráinneacha a chur ar atráth i bhfianaise na géarchéime agus tús áite a thabhairt do na hothair atá ag teacht chuig na rannóga éigeandála. Damien McCallion from the Health Service Executive said that the prevalence of respiratory diseases is at this time of year every year, which is the calmest of the crisis. Dúirt Damien McCallion ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte gurb é leitheadúlacht na ngalar riospráide a bhíonn ann an tráth seo bliana gach uile bhliain, gurb é is siocair leis an ngéarchéim. Taoiseach Leo Varadkar accepted this afternoon that far too many people were waiting too long to get a bed in a ward. Ghlac an Taoiseach Leo Varadkar leis tráthnóna go raibh i bhfad an iomarca daoine ag fanacht rófhada le leaba a fháil i mbarda. On the contrary, he claimed that great progress had been made in several years and drew attention to the additional 20,000 people who had been recruited by the health services from 2020. Os a choinne sin, mhaígh sé go raibh an-dul chun cinn déanta le roinnt blianta agus tharraing sé aird ar an 20,000 duine breise a bhí earcaithe ag na seirbhísí sláinte ó 2020. The Taoiseach also said that Ireland is among the five countries with the highest number of nurses per person in the population. Dúirt an Taoiseach freisin go bhfuil Éire i measc na gcúig thír ina bhfuil an líon is mó altraí in aghaidh gach duine sa daonra. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Jan 25, 202411 min

20240123_IRISH_diobhail_na_doininne_a_leasu,_ach_stoirm_eile_geallta

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/yqnd24jq Contact: [email protected] The damage of the hurricane is being repaired, but another storm is promised. Díobháil na doininne á leasú, ach stoirm eile geallta. About 57,000 premises in the State are still without power due to the damage caused by the storm to parts of the electricity supply network for two days. Tá thart ar 57,000 áitreabh sa Stát fós gan chumhacht de bhíthin an damáiste a rinne an stoirm do chodanna den líonra soláthair leictreachais le dhá lá. Homes, farms and businesses in the north-west of the country are the most affected. Tithe, feirmeacha agus gnóthais in iarthuaisceart na tíre is mó atá thíos leis. Donegal, Leitrim, Cavan, Sligo and Mayo, it is on those five counties that the Electricity Supply Board teams are currently focusing as they do their best to rectify the damage and make power available again to people who have been missing since last night. Dún na nGall, Liatroim, an Cabhán, Sligeach agus Maigh Eo, is ar na cúig chontae sin atá meithleacha Bhord Soláthair an Leictreachais ag díriú faoi láthair agus iad ag déanamh a míle dícheall an díobháil a leasú agus an chumhacht a chur ar fáil arís do dhaoine atá dá huireasa ó arú aréir. There is an end to the work, however, since the situation is going to get worse in the afternoon and another big wind storm is promised. Tá téirim leis an obair, ámh, ó tá an scéal le dul in aimhréidh tráthnóna agus anfa mór gaoithe eile geallta. In fact, the next storm is expected to cut power again in some of the same places and in other places. Go deimhin, meastar go ngearrfar an chumhacht arís i roinnt de na háiteanna céanna agus in áiteanna eile de bharr na chéad stoirme eile. Met Éireann has issued an orange warning for Donegal which will apply from 6 o’clock in the evening until 2 o’clock tomorrow morning. Tá foláireamh flannbhuí eisithe ag Met Éireann i leith Dhún na nGall a mbeidh feidhm leis óna 6 a chlog tráthnóna go dtí 2 a chlog ar maidin amárach. The orange warning also applies to two other counties – Galway and Mayo – but it is expected that the wind will ease in those two places by midnight. Baineann an foláireamh flannbhuí le dhá chontae eile freisin – Gaillimh agus Maigh Eo – ach meastar go mbeidh an ghaoth maolaithe sa dá áit sin faoin meán oíche. In that regard, a yellow wind warning has been issued for the whole country which will apply until 5 o’clock tomorrow morning. Ina cheann sin, tá foláireamh buí gaoithe eisithe i leith na tíre ar fad a mbeidh feidhm leis go dtí 5 a chlog ar maidin amárach. People are being advised to stay at home during the storm and not to hit the road unless their journey is absolutely necessary. Táthar ag comhairliú do dhaoine fanacht sa bhaile le linn na doininne agus gan cur chun bóthair mura bhfuil géarghá lena n-aistear. Since some structures and trees have already been weakened by the strong wind that has been there for a few days, the meteorologists say, the next storm could knock them down and fall on top of people and cars unexpectedly. Ó tá struchtúir áirithe agus crainn lagtha cheana féin ag an ngaoth láidir a bhí ann le cúpla lá, a deir na meitéareolaithe, d’fhéadfadh an chéad stoirm eile iad a leagan scun scan agus titim i mullach ar dhaoine agus ar ghluaisteáin gan choinne. RTÉ News and Current Affairs A team from the Electricity Supply Board at work in Carnmore, Co Galway Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Meitheal ó Bhord Soláthair an Leictreachais i mbun oibre sa Charn Mór, Co na Gaillimhe

Jan 23, 202410 min

20240120_IRISH_fiosruchan_coiriuil_faoi_phleasc_i_mbru_do_dhaoine_gan_didean

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/yugnojdk Contact: [email protected] Criminal investigation into explosion in homeless hostel. Fiosrúchán coiriúil faoi phléasc i mbrú do dhaoine gan dídean. Gardai have launched a criminal investigation into an explosion in a homeless hostel in Dublin yesterday which killed a man. Tá fiosrúchán coiriúil curtha sa siúl ag na Gardaí i dtaca le pléasc a bhí i mbrú do dhaoine gan dídean i mBaile Átha Cliath inné ar maraíodh fear dá bharr. It is understood that a device of some kind exploded in the room where the man was staying. Tuigtear gur phléasc gaireas de shaghas éigin sa seomra a raibh an fear ag fanacht ann. The man was of Lithuanian origin and was in his thirties. Ba de bhunadh na Liotuáine an fear agus bhí sé sna tríochaidí. Gardai believe that the device was not thrown into the room from outside and that it had been there for some time before that. Measann na Gardaí nár caitheadh an gaireas isteach sa seomra ón taobh amuigh agus gurbh amhlaidh a bhí sé ann ar feadh tamaill roimhe sin. No one else was injured in the explosion at the Depaul clubhouse on Wales Street in the north of the city. Níor gortaíodh aon duine eile de bharr na pléisce a bhí sa bhrú leis an gcatharnas Depaul ar Shráid na Breataine Bheag i dtuaisceart na cathrach. In addition to the person who was killed, there were 73 other people in the hostel at the time and accommodation had to be provided for them in other places in the city last night. Chomh maith leis an té a maraíodh, bhí 73 duine eile sa bhrú ag an am agus b’éigean lóistín a chur ar fáil dóibh in ionaid eile sa chathair aréir. After Army explosives experts examined the scene last night, they ruled out an unspecified substance in the chamber. Tar éis do shaineolaithe pléascán ón Arm an láthair a scrúdú aréir, chuir siad ábhar neamhshonraithe a bhí sa seomra as feidhm. They have not yet said, however, whether it was an explosive material. Níl sé ráite acu fós, ámh, ar ábhar pléascach a bhí ann. A post-mortem examination is to be carried out tomorrow on the body of the man who was killed. Tá scrúdú iarbháis le déanamh amárach ar chorp an fhir a maraíodh. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Jan 20, 20242 min

20240118_IRISH_bord_gais_le_tailli_gais,_leictreachais_a_isliu_tuilleadh

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/yto6ysn2 Contact: [email protected] Bord Gáis to further lower gas, electricity charges. Bord Gáis le táillí gáis, leictreachais a ísliú tuilleadh. Bord Gáis has announced that the company is to lower gas and electricity charges charged to domestic customers from the beginning of March. Tá sé fógartha ag Bord Gáis go bhfuil an comhlacht le táillí gáis agus leictreachais a ghearrtar ar chustaiméirí baile a ísliú ó thús mhí an Mhárta. There will be a 9.5% reduction in gas charges and a 10% reduction in electricity charges. Ísliú 9.5 faoin gcéad a bheas i gceist i gcás táillí gáis agus ísliú 10 faoin gcéad i gcás táillí leictreachais. In that case, the fixed charge will be reduced by 8%. Ina cheann sin, ísleofar an buanmhuirear 8 faoin gcéad . It is estimated that all these reductions will benefit around 600,000 customers and save them an average of €141 a year on gas charges and €190 a year on electricity charges. Meastar go rachaidh na híslithe seo ar fad chun leasa thart ar 600,000 custaiméir agus go sábhálfaidh siad €141 sa bhliain ar tháillí gáis agus €190 sa bhliain ar tháillí leictreachais ar an meán. This is the second windfall that Bord Gáis has recently granted to the company’s customers. Seo an dara hamhantar atá lamháilte ag Bord Gáis do chustaiméirí an chomhlachta le gairid. Both gas and electricity charges were lowered by 15.5% in November. Íslíodh táilli gáis agus leictreachais araon 15.5 faoin gcéad i mí na Samhna. According to the company, this means that those to whom they supply both gas and electricity are better off than customers of other companies. Dar leis an gcomhlacht go bhfágann sin go bhfuil an dream a soláthraíonn siad gás agus leictreachas araon dóibh, go bhfuil an dream sin níos fearr as ná custaiméirí comhlachtaí eile. O wholesale prices have fallen significantly for a year, energy suppliers in this country are being urged to reduce customer charges accordingly. O tá praghsanna mórdhíola tite go mór le bliain, táthar ag tathant ar sholáthraithe fuinnimh sa tír seo táillí custaiméirí a laghdú dá réir. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Jan 18, 20247 min

20240116_IRISH_bua_rabach_ag_donald_trump_i_gcacas_iowa

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/ymm7tmet Contact: [email protected] Donald Trump’s landslide victory in the Iowa caucuses. Bua rábach ag Donald Trump i gcácas Iowa. The former President of the United States Donald Trump had a landslide victory in the Republican Party’s caucus in the state of Iowa last night, according to what pollsters are predicting. Is bua rábach a bhí ag iar-Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump i gcácas an Pháirtí Phoblachtaigh i stát Iowa aréir, de réir a bhfuil á thuar ag lucht pobalbhreithe. There will be a presidential election in the United States next November and members of the Republican Party were voting for their own candidate. Beidh toghchán uachtaránachta sna Stáit Aonaithe mí na Samhna seo chugainn agus bhí baill den Pháirtí Poblachtach ag vótáil ar son a rogha iarrthóra féin. With 95% of the votes unofficially seen by the tally keepers, Donald Trump is currently estimated to have received 51% of the votes. Agus 95 faoin gcéad de na vótaí feicthe go neamhoifgiúil ag lucht coinneála scóir, meastar faoi láthair gur 51 faoin gcéad de na vótaí a fuair Donald Trump. After that, it is estimated that 21% of the votes were received by Ron DeSantis; Nikki Haley received 19%; and about 8% received by Vivek Ramaswamy. Ina dhiaidh sin, meastar gur 21 faoin gcéad de na vótaí a fuair Ron DeSantis; 19 faoin gcéad a fuair Nikki Haley; agus thart ar 8 faoin gcéad a fuair Vivek Ramaswamy. Vivek Ramaswamy announced that he would not be a candidate in the next caucus in view of the result in Iowa and asked his supporters to vote for Donald Trump in the future. D’fhógair Vivek Ramaswamy nach mbeadh sé ina iarrthóir sa chéad chácas eile i bhfianaise an toraidh in Iowa agus d’iarr sé ar a lucht tacaíochta vótáil ar son Donald Trump feasta. No Republican candidate has ever had as big a victory in the Iowa caucus as Donald Trump and he is considered to be well ahead of the other candidates nationally as well. Ní raibh bua chomh mór riamh ag aon iarrthóir Poblachtach i gcácas Iowa agus a bhí ag Donald Trump agus meastar go bhfuil sé go mór chun cinn ar na hiarrthóirí eile go náisiúnta freisin. That makes it as certain as Easter is on Sunday – and all other things being the same – that Donald Trump will be the candidate of the Republicans on November 5. Fágann sin go bhfuil sé chomh cinnte agus atá an Cháisc ar an Domhnach – agus gach ní eile mar a chéile – gurb é Donald Trump a bheas mar iarrthóir ag na Poblachtaigh ar an 5 Samhain. All this despite the various legal cases he is fighting, not to mention the controversy that attracts almost every political statement he makes. É sin ar fad ainneoin na gcásanna éagsúla dlí a bhfuil sé ag dul i ngleic leo, gan trácht ar an gconspóid a tharraingíonn beagnach gach ráiteas polaitiúil a dhéanann sé. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Jan 16, 20249 min

20240114_IRISH_ni_stopfaidh_aon_duine_muid_i_ngaza_-_benjamin_netanyahu

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/yu8mg9az Contact: [email protected] “No one will stop us in Gaza” – Benjamin Netanyahu. “Ní stopfaidh aon duine muid i nGaza” – Benjamin Netanyahu. Israeli Prime Minister Benjamin Netanyahu has said that the International Court of Justice will not stop Israel from achieving a complete victory in its war on Gaza, despite South Africa’s case of genocide against Palestinians. Tá sé ráite ag Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu nach stopfaidh an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta Iosrael bua iomlán a bhaint amach ina gcogadh ar Gaza, ainneoin chás na hAfraice Theas cinedhíothú ar Phalaistínigh a chur i leith na tíre sin. “No one will stop us – The Hague, Axis of Evil or anyone else. “Ní stopfaidh aon duine muid – an Hág, Ais an Oilc ná aon duine eile. We can and must continue to win and we will,” Netanyahu said at a press event broadcast across Israel today and the first day of the war there tomorrow (Sunday). Is féidir agus is gá leanacht go mbeidh an bua againn agus déanfaidh muid sin,” a dúirt Netanyahu ag preas ócáid a craoladh ar fud Iosrael inniu agus an céadú lá den chogaíocht ann amárach (Dé Domhnaigh). Netanyahu was referring to a case that South Africa brought to the International Court of Justice, the highest court of the United Nations in The Hague, in which South Africa claims that Israel has violated the United Nations Genocide Convention. Is ag tagairt a bhí Netanyahu do chás a thug an Afraic Theas chuig an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta, an chúirt is airde de chuid na Náisiúin Aontaithe sa Hág, ina maíonn an Afraic Theas go bhfuil Coinbhinsiún Cinedhíothaithe na Náisiún Aontaithe sáraithe ag Iosrael. Axis of Evil is a reference to a nickname given to an alliance of armed groups in the Middle East supported by Iran. Is tagairt í Ais an Oilc de leasainm atá tugtha ar chomhghuaillíocht de ghrúpa armtha sa Mheán Oirthear a bhfuil tacaíocht na hIaráine acu. Netanyahu said that “most of the Hamas battalions have been eliminated” in the Gaza strip, but that thousands of people who had to flee from northern Gaza will not be able to return to their home area for the foreseeable future. Dúirt Netanyahy go bhfuil “formhór chathláin Hamas sriosta” i stráice Gaza, ach nach mbeidh ar chumas na mílte duine arbh éigean dóibh teitheadh as tuaisceart Gaza, filleadh ar a gceantar dúchais go ceann i bhfad. “There is an international law that says you move a community out of an area and you don’t allow them to return as long as the danger is still there,” Netanyahu said. “Tá dlí idirnáisiúnta ann a deir go mbogann tú pobal amach as ceantar agus nach gceadaíonn tú dóibh filleadh an fhad is gur ann fós don chontúirt,” a dúirt Netanyahu. “And there is the danger. “Agus is ann don chontúirt. The fighting is still going on (in northern Gaza).” Tá an trodaíocht fós ar bun (i dtuaisceart Gaza).” Netanyahu also said that a decision has yet to be made regarding military capture of the “Philadelphia Corridor” that runs along the Gaza border with Egypt. Dúirt Netanyahu chomh maith go bhfuil cinneadh fós le déanamh maidir le gabháil mhíleata ar “Chonair Philadelphi” a ritheann feadh theorainn Gaza leis an Éigipt. “The area could be closed in an attempt to trap Hamas there, according to Israel’s campaign plan,” but Netanyahu said “there are several options,” including sending Israeli forces into the Philadelphia Corridor. “D’fhéadfaí an ceantar a dhúnadh in iarracht Hamas a sháinniú ann, de réir phlean fheachtas Iosrael,” ach dúirt Netanyahu “go bhfuil roinnt roghanna ann,” ina measc sin tá fórsaí Iosrael a chur isteach i gConair Philadelphi. Israel in Gaza fighting for “their right to live in safety” – Netanyahu In a televised address, Israeli Army chief Herzi Halevi said that Israeli soldiers are in Gaza for “their right to live in safety” and they will not forget ever since the Hamas attack on Israel on October 7th. Iosrael i nGaza ag troid ar mhaithe “lena gceart maireachtáil go sábháilte” – Netanyahu In aitheasc a craoladh ar an teilifís, dúirt ceannasaí Arm Iosrael Herzi Halevi go bhfuil saighdiúirí Iosrael i nGaza ar mhaithe “lena gceart maireachtáil go sábháilte” agus nach ndéanfaidh siad dearmad go deo de ionsaí Hamas ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair. “We do not and will never forget it and we will continue to remind those who try to deny it even,” said Herzi Halevi. “Ní dhéanann agus ní dhéanfaidh muid dearmad go deor de agus leanfaidh muid ar aghaidh á chuir i gcuimhne dóibh siúd a dhéanfaidh iarracht é a shéanadh fiú amháin,” a dúirt Herzi Halevi. It will be six hundred days t

Jan 14, 202414 min

20240112_IRISH_taoiseach_ar_cuairt_dha_la_chuig_iarthar_na_mbalcan

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/yvk3uw3q Contact: [email protected] Taoiseach on a two-day visit to the Western Balkans. Taoiseach ar cuairt dhá lá chuig Iarthar na mBalcán. Taoiseach Leo Varadkar is in Kosovo today for talks about that country’s application for membership in the European Union. Tá an Taoiseach Leo Varadkar sa Chosaiv inniu le haghaidh comhráite faoin iarratas atá déanta ag an tír sin ar bhallraíocht san Aontas Eorpach. The Taoiseach is discussing the issue with Kosovo’s political leaders in the capital Pristina as part of a two-day visit to three countries in the Western Balkans. Tá an Taoiseach ag plé na ceiste le ceannairí polaitiúla na Cosaive sa phríomhchathair Pristine mar chuid de chuairt dhá lá atá sé a thabhairt ar thrí thír in Iarthar na mBalcán. Tomorrow, the Taoiseach will go to Podgairítse, the capital of Montenegro, and after that to Skopje, the capital of North Macedonia, where he will have conversations with politicians in those two countries about their application for membership in the European Union. Amárach, rachaidh an Taoiseach go dtí Podgairítse, príomhchathair Mhontainéagró, agus ina dhiaidh sin go dtí Scóipé, príomhchathair na Macadóine Thuaidh, mar a mbeidh comhráite aige le polaiteoirí sa dá thír sin faoin iarratas atá déanta acu féin ar bhallraíocht san Aontas Eorpach. Matters of peace and security in the region will also be discussed in the joint talks, especially in light of the war in Ukraine. Beidh cúrsaí síochána agus slándála sa réigiún faoi chaibidil sna comhchainteanna freisin, go háirithe i bhfianaise an chogaidh san Úcráin. This afternoon, the Taoiseach will visit the thirteen members of the Defense Forces who are stationed in Pristina as part of an international peacekeeping mission in Kosovo led by the North Atlantic Treaty Organization. Tráthnóna inniu, rachaidh an Taoiseach ar cuairt chuig na trí chomhalta dhéag d’Óglaigh na hÉireann atá ar fiannas i bPristine mar chuid de mhisean idirnáisiúnta síochánaíochta sa Chosaiv a bhfuil Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh ina cheann. Leo Varadkar will also speak to members of the Garda Síochána who are on duty in Kosovo as part of the European Union’s ‘rule of law’ mission. Labhróidh Leo Varadkar freisin le comhaltaí den Gharda Síochána atá ar fiannas sa Chosaiv mar chuid de mhisean ‘riail an dlí’ an Aontais Eorpaigh. The Irish Government is in favor of granting membership of the European Union to Kosovo, Montenegro and North Macedonia, and the Taoiseach will be advising the politicians of those countries on the best way to speed up the process. Tá Rialtas na hÉireann i bhfabhar ballraíocht san Aontas Eorpach a lamháil don Chosaiv, do Mhontainéagró agus don Mhacadóin Thuaidh, agus beidh an Taoiseach ag cur comhairle ar pholaiteoirí na dtíortha sin faoin dóigh is fearr le dlús a chur leis an bpróiseas. He will be recommending them, above all, to amend and improve their governance policies. Beidh sé ag moladh dóibh, thar aon ní eile, a gcuid polasaithe rialachais a leasú agus a fheabhsú. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Jan 12, 20249 min

20240111_IRISH_cruinniu_ag_blinken_agus_abbas_sa_bhruach_thiar

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/yudjvq5l Contact: [email protected] Meeting at Blinken and Abbas in the West Bank. Cruinniú ag Blinken agus Abbas sa Bhruach Thiar. American Secretary of State Antony Blinken and Palestinian Authority President Mahmud Abbas had a meeting in Ramallah in the West Bank today to discuss the crisis in Gaza. Bhí cruinniú in Ramallah sa Bhruach Thiar inniu ag Rúnaí Stáit Mheiriceá Antony Blinken agus Uachtarán Údarás na Palaistíne Mahmud Abbas chun an ghéarchéim in Gaza a phlé. The Israelis say they killed “dozens of terrorists” and raided 150 locations since yesterday in Al-Maghazi in central Gaza and Khan Younis in the south of the enclave. Deir na hIosraelaigh gur mharaigh siad “na dosaein sceimhlitheoirí” agus gur thug siad faoi 150 ionad ó inné in Al-Maghazi i lár Gaza agus in Khan Younis i ndeisceart na hiamhchríche. According to the Palestinians, 70 people were killed and another 130 were injured as a result of attacks carried out by Israeli forces on different parts of Gaza during the night. Dar leis na Palaistínigh gur maraíodh 70 duine agus gur gortaíodh 130 eile de bharr ionsaithe a rinne fórsaí Iosrael ar áiteanna éagsúla in Gaza i gcaitheamh na hoíche. The Israelis have killed at least 23,000 people in Gaza since the beginning of October, not to mention the tens of thousands they have injured. Tá 23,000 duine ar a laghad maraithe ag na hIosraelaigh in Gaza ó thús Dheireadh Fómhair, gan trácht ar na scórtha míle atá leonta acu. In that amount, the bodies of another 8,000 people are included being hidden by the debris of the buildings that have been destroyed by Israeli bombs. I gceann an mhéid sin, áirítear coirp 8,000 duine eile a bheith folaithe ag smionagar na bhfoirgneamh atá leagtha go lár ag buamaí na nIosraelach. Despite this, Antony Blinken said before the meeting with Mahmud Abbas that he believed that the Government of Israel and certain Palestinian leaders had to join forces and reach a peace agreement. Ainneoin an áir, dúirt Antony Blinken roimh an gcruinniú le Mahmud Abbas gur chreid sé go gcaithfeadh Rialtas Iosrael agus ceannairí áirithe na bPalaistíneach dul i gcomhar le chéile agus teacht ar chomhaontú síochána. He added that the Palestinian Authority had an obligation to reform itself and improve its governance approach. Dúirt sé freisin go raibh dualgas ar Údarás na Palaistíne é féin a leasú agus a chur chuige rialachais a fheabhsú. Antony Blinken also drew attention to the attacks by Israeli settlers on places in the West Bank and the illegal settlements that the Israeli Government has built in Palestinian territories. Tharraing Antony Blinken aird chomh maith ar na hionsaithe atá lonnaitheoirí Iosraelacha a dhéanamh ar áiteanna sa Bhruach Thiar agus ar na lonnaíochtaí mídhleathacha atá Rialtas Iosrael a thogáil i gcríocha Palaistíneacha. He claimed that actions like these would make it more difficult for Israelis to live peacefully. Mhaígh sé go mbeadh sé níos deacra ag na hIosraelaigh maireachtáil go síochánta de dheasca gníomhartha mar iad. At a press event he had with Israeli Prime Minister Benjamin Netanyahu in Tel Aviv yesterday, Antony Blinken said that the suffering of the people of Gaza – especially the children – is too severe due to the place being besieged by the Israelis. Ag preasócáid a bhí aige le Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu in Tel Aviv inné, dúirt Antony Blinken gur róghéar atá fulaingt mhuintir Gaza – go háirithe na leanaí – de bharr an áit a bheith faoi léigear ag na hIosraelaigh. The United Nations estimates that around 1.9 million people have been displaced from their homes in Gaza, and without their needs met, since the Israelis began shelling the area three months ago. Measann na Náisiúin Aontaithe go bhfuil thart ar 1.9 milliún duine curtha as a mbailte in Gaza, agus gan riar a riachtanais acu, ó thosaigh na hIosraelaigh ag tuairgneáil na háite trí mhí ó shin. RTÉ News and Current Affairs Antony Blinken and Mahmud Abbas in conversation in the West Bank today Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Antony Blinken agus Mahmud Abbas i mbun comhrá sa Bhruach Thiar inniu

Jan 11, 202412 min

20240106_IRISH_an_fheile_cheoil_traidisiunta_is_mo_sa_tir.seolta

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/ykc2u773 Contact: [email protected] The biggest traditional music festival in the country. launched. An fhéile cheoil traidisiúnta is mó sa tír.seolta. Trad Fest 2024 was launched on O’Connell Street in the center of Ballyclaith City this morning. Ar Shráid Uí Chonaill i lár Chathair Bhaile Átha Claith ar maidin a seoladh Trad Fest 2024. This is the biggest traditional music festival in the country. Is í seo an fhéile cheoil traidisiúnta is mó sa tír. The festival will take place between 24-28 January. Beidh an fhéile ar siúl idir 24-28Eanáir. Singer Aoife Scott began her career as a singer at the festival 10 years ago. Chuir an t-amhránaí Aoife Scott tús lena gairm beatha mar amhránaí ag an bhféile 10 mbliana ó shin. Although young musicians are leaving the city without accommodation, she says that the festival is particularly important because traditional musicians take center stage on the city’s main platforms. Cé go bhfuil ceoltóirí óga ag fágáil na cathrach ceal lóistín deir sí go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an bhféile mar go mbíonn ceoltóirí traidisiúnta i lár an aonaigh ar phríomh ardáin na cathrach. Acclaimed musician Mairéad Ní Mhaonaigh says she hopes to present the music session ‘Transatlantic Women’ with singers Aoife O’Donovan, Alison Brown and Edwina Guckian and other prominent musicians. Deir an ceoltóir cliútach Mairéad Ní Mhaonaigh go bhfuil sí ag súil leis an seisiún ceoil ‘Transatlantic Women’ a chur i láthair leis na hamhránaithe Aoife O’Donovan, Alison Brown agus Edwina Guckian agus ceoltóirí eile mór le rá. 100 concerts will be held in various venues in Dublin during the festival. Beidh 100 ceolchoirm á reachtáil in ionaid éagsúla i mBaile Átha Cliath i gcaitheamh na féile. More information is available on tradfest’s social media accounts: Instagram @tradfestdublin, X @trad_fest, TikTok @tradfest and Facebook Tradfest. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar chuntais mheáin shóisialta tradfest: Instagram @tradfestdublin, X @trad_fest, TikTok @tradfest agus facebook Tradfest.

Jan 6, 20241 min

20240103_IRISH_doitean_i_bhfoirgneamh_a_raibh_teaghlaigh_gan_didean_le_lonnu_ann

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/ysmyz273 Contact: [email protected] A fire in a building that housed homeless families. Dóiteán i bhfoirgneamh a raibh teaghlaigh gan dídean le lonnú ann. Gardaí are investigating a major fire that broke out in a derelict building in Dublin overnight. Tá dóiteán mór a bhí i bhfoirgneamh díomhaoin i mBaile Átha Cliath i gcaitheamh na hoíche á fhiosrú ag na Gardaí. No one was injured as a result of the fire in the rear of the Shipwright’s Inn (Sally’s Bar) on Long Clare Street in the Cape in the south of the city. Níor gortaíodh aon duine de bharr an dóiteáin a bhí in iartheach ósta an Shipwright (Sally’s Bar) ar Shráid Chláir Fhada sa Rinn i ndeisceart na cathrach. The Fire Brigade was called at around 2 o’clock in the morning and six engines were sent to the scene. Cuireadh fios ar an mBriogáid Dóiteáin ag thart ar 2 a chlog ar maidin agus cuireadh sé inneall chuig an láthair. A turntable forard ladder was used to spray water over the fire and the last flames were extinguished by 5 o’clock. Baineadh leas as dréimire forard caschláir le uisce a scairdeadh anuas ar an dóiteán agus bhí na lasracha deiridh múchta faoina 5 a chlog. Anti-immigration protesters demonstrated outside the building two weeks ago amid rumors that foreign refugees were to be housed there. Léirsigh lucht frith-inimirce taobh amuigh den fhoirgneamh coicís ó shin i bhfianaise ráflaí go rabhthas le dídeanaithe ón iasacht a lonnú ann. The Department of Integration has indicated, however, that there was no truth in those rumours. Tá sé tugtha le fios ag an Roinn Lánpháirtíochta, ámh, nach raibh aon fhírinne sna ráflaí sin. However, city councilor Claire Byrne from the Green Alliance said that she was told that it was planned to use the building as emergency accommodation for families. Ar a shon sin, dúirt an comhairleoir cathrach Claire Byrne ón gComhaontas Glas go ndúradh léise go raibh sé beartaithe leas a bhaint as an bhfoirgneamh mar lóistín éigeandála do theaghlaigh. The Gardaí are due to carry out a technical and forensic examination of the building over the next few days. Tá scrúdú teicniúil agus dlí-eolaíochta le déanamh ag na Gardaí ar an bhfoirgneamh as seo go ceann cúpla lá. RTÉ News and Current Affairs A major fire in the rear of an inn in the Rinn in south Dublin Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Dóiteán mór in iartheach ósta sa Rinn i ndeisceart Bhaile Átha Cliath

Jan 3, 20247 min

20240102_IRISH_doitean_i_bhfoirgneamh_a_raibh_teaghlaigh_gan_didean_le_lonnu_ann

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/yuvvhgf5 Contact: [email protected] A fire in a building that housed homeless families. Dóiteán i bhfoirgneamh a raibh teaghlaigh gan dídean le lonnú ann. Gardaí are investigating a major fire that broke out in a derelict building in Dublin overnight. Tá dóiteán mór a bhí i bhfoirgneamh díomhaoin i mBaile Átha Cliath i gcaitheamh na hoíche á fhiosrú ag na Gardaí. No one was injured as a result of the fire in the rear of the Shipwright’s Inn (Sally’s Bar) on Long Clare Street in the Cape in the south of the city. Níor gortaíodh aon duine de bharr an dóiteáin a bhí in iartheach ósta an Shipwright (Sally’s Bar) ar Shráid Chláir Fhada sa Rinn i ndeisceart na cathrach. The Fire Brigade was called at around 2 o’clock in the morning and six engines were sent to the scene. Cuireadh fios ar an mBriogáid Dóiteáin ag thart ar 2 a chlog ar maidin agus cuireadh sé inneall chuig an láthair. A turntable forard ladder was used to spray water over the fire and the last flames were extinguished by 5 o’clock. Baineadh leas as dréimire forard caschláir le uisce a scairdeadh anuas ar an dóiteán agus bhí na lasracha deiridh múchta faoina 5 a chlog. Anti-immigration protesters demonstrated outside the building two weeks ago amid rumors that foreign refugees were to be housed there. Léirsigh lucht frith-inimirce taobh amuigh den fhoirgneamh coicís ó shin i bhfianaise ráflaí go rabhthas le dídeanaithe ón iasacht a lonnú ann. The Department of Integration has indicated, however, that there was no truth in those rumours. Tá sé tugtha le fios ag an Roinn Lánpháirtíochta, ámh, nach raibh aon fhírinne sna ráflaí sin. However, city councilor Claire Byrne from the Green Alliance said that she was told that it was planned to use the building as emergency accommodation for families. Ar a shon sin, dúirt an comhairleoir cathrach Claire Byrne ón gComhaontas Glas go ndúradh léise go raibh sé beartaithe leas a bhaint as an bhfoirgneamh mar lóistín éigeandála do theaghlaigh. The Gardaí are due to carry out a technical and forensic examination of the building over the next few days. Tá scrúdú teicniúil agus dlí-eolaíochta le déanamh ag na Gardaí ar an bhfoirgneamh as seo go ceann cúpla lá. RTÉ News and Current Affairs A major fire in the rear of an inn in the Rinn in south Dublin Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Dóiteán mór in iartheach ósta sa Rinn i ndeisceart Bhaile Átha Cliath

Jan 2, 20247 min

20231231_IRISH_imni_ar_an_aire_slainte_faoin_lion_othar_i_rannoga_eigeandala

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/yn5vz9n4 Contact: [email protected] The Minister of Health is concerned about the number of patients in emergency departments. Imní ar an Aire Sláinte faoin líon othar i rannóga éigeandála. Health Minister Stephen Donnelly is appealing to people who have or will have a respiratory illness to consult a GP or pharmacist in the first instance before going as far as a hospital emergency department. Tá an tAire Sláinte Stephen Donnelly ag achainí ar dhaoine a bhfuil nó a mbeidh galar riospráide orthu dul i gcomhairle le dochtúir teaghlaigh nó le cógaiseoir ar an gcéad dul síos sula dtéann siad chomh fada leis an rannóg éigeandála in ospidéal. There was an increase this week in the number of people with respiratory disease who went to the emergency department and the Minister is concerned that the country’s hospitals will be too busy for the next few weeks if there is an outbreak of flu, not to mention Covid- 19. Bhí ardú an tseachtain seo ar an líon daoine a raibh galar riospráide orthu a chuaigh go dtí rannóg éigeandála agus tá imní ar an Aire go mbeidh ospidéil na tíre róghnóthach as seo go ceann roinnt seachtainí má bhíonn ráig den fhliú ann, gan trácht ar covid 19. People with respiratory disease have many options, said Stephen Donnelly. Is iomaí rogha atá ag daoine a bhfuil galar riospráide orthu, a dúirt Stephen Donnelly. In addition to a family doctor and a pharmacist, he said, there is the Local Injuries Unit and it is also possible to contact the medical services that are available outside normal hours. Chomh maith le dochtúir teaghlaigh agus cógaiseoir, arsa sé, tá an tAonad Gortuithe Áitiúil ann agus is féidir freisin teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí leighis a bhíonn ar fáil lasmuigh de ghnáthuaireanta. He highly praised how the hospitals dealt with matters during Christmas so far and said that there was an 80% reduction in the number of patients on trolleys this year compared to this time last year. Mhol sé go hard mar a chuaigh na hospidéil i ngleic le cúrsaí i gcaitheamh na Nollag go nuige seo agus dúirt go raibh laghdú 80 faoin gcéad ar an líon othar a bhí ar thralaithe i mbliana ná mar a bhí an t-am seo anuraidh. Minister Donnelly also indicated that there was a 7.5% reduction on average in the number of patients on trolleys throughout 2023 compared to 2022. Thug an tAire Donnelly le fios chomh maith go raibh laghdú 7.5 faoin gcéad ar an meán ar an líon othar a bhí ar thralaithe i gcaitheamh 2023 ar fad ná mar a bhí in 2022. Another thing, he said, was a 20% reduction in the last six months of the year. Rud eile de, arsa sé, is laghdú 20 faoin gcéad a bhí ann sna sé mhí dheireanacha den bhliain. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Dec 31, 20238 min

20231227_IRISH_la_naisiunta_dobroin_i_bpoblacht_na_seice

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/ywbz4fdk Contact: [email protected] National Dobroin Day in the Czech Republic. Lá Náisiúnta Dobróin i bPoblacht na Seice. Flags are at half mast in the Czech Republic today following the attack in which 14 people were killed at a University in Prague two days ago. Tá bratacha ar leathchrann i bPoblacht na Seice inniu i ndiaidh an ionsaithe inar maraíodh 14 duine ag Ollscoil i bPrág dhá lá ó shin. A 24-year-old student shot 14 people before taking his own life. Lámhaigh mac léinn a bhí 24 bliain d’aois, 14 duine sula chuir sé lámh ina bhás féin. Another 25 people were injured in the attack that took place on Thursday. Gortaíodh 25 duine eile san ionsaí a tharla Déardaoin. Today is a national day of mourning in the country. Tá lá náisiúnta dobróin sa tír inniu. A minute’s silence was held at noon in memory of all those killed in the gun attack two days ago at Charles University in the capital Prague. Reachtáladh nóiméad ciúnais ag meán lae i gcuimhne na ndaoine ar fad a maraíodh san ionsaí gunna dhá lá ó shin ag Ollscoil Charles sa phríomhchathair Prág. Mass was read in St Vitus Cathedral and prayers were said for the dead, the injured and their families. Léadh Aifreann in Ardeaglais Naomh Vitus agus dúradh paidreacha ar son na marbh, na ndaoine a gortaíodh agus a dteaghlaigh. Candles and flowers were left outside the Faculty of Arts building, in the center of the capital. Fágadh coinnle agus bláthanna taobh amuigh de fhoirgneamh Dhámh na nDán, i lár na príomhchathrach. In the meantime, the authorities are trying to find out the motive behind the attack, one of the worst attacks in Europe for years. Idir an dá linn tá na hudaráis ag iarraidh a dhéanamh amach cén údar a bhí leis an ionsaí, ceann do na hionsaithe is measa san Eoraip le blianta. National Dobroin Day in the Czech Republic Lá Náisiúnta Dobróin i bPoblacht na Seice

Dec 27, 20236 min

20231223_IRISH_dlithe_nua_inimirce_le_cur_i_bhfeidhm_san_aontas_eorpach_in_2024

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/yw6md5tm Contact: [email protected] New immigration laws to be implemented in the European Union in 2024. Dlíthe nua inimirce le cur i bhfeidhm san Aontas Eorpach in 2024. The member states of the European Union have reached an agreement on new immigration laws. Tá ballstáit an Aontais Eorpaigh tagtha ar chomhaontú maidir le dlíthe nua inimirce. In the wee hours of the morning, after a long wait, executives from the member states and the European Parliament made the deal. I dtráthanna beaga na maidine, tar éis dóibh suiochán fada a dhéanamh, a rinne feidhmeannaigh ó na ballstáit agus ó Pharlaimint na hEorpa an margadh. According to the new laws, the various tasks related to bringing immigrants into the European Union will be shared more evenly between all the member states. De réir na ndlíthe nua, roinnfear níos cothroime feasta idir na ballstáit uile na cúraimí éagsula a bhaineann le hinmircigh a thabhairt isteach san Aontas Eorpach. The new laws relate first of all to the care that will be given to immigrants on their arrival; secondly with residence permit applications; and thirdly which member states will have those duties from case to case. Baineann na dlíthe nua ar an gcéad dul síos leis an aire a thabharfar d’inimircigh ar theacht dóibh; ar an dara dul síos le hiarratais ar chead cónaithe; agus ar an tríú dul síos le cé na ballstáit a mbeidh na curaimí sin orthu ó chás go cás. One of the proposed aims is to limit the number of immigrants who will be admitted to the European Union. Teorainn a chur leis an líon inimirceach a ligfear isteach san Aontas Eorpach is ea ceann d’aidhmeanna a bhfuil beartaithe. In fact, people in need of international asylum will be screened in more detail from other migrants who are not in such great need and from migrants who are believed to endanger the security of the Union. Go deimhin, scagfar níos mine feasta daoine a bhfuil tearmann idirnáisiunta de dhíth orthu ó imircigh eile nach bhfuil i ngátar chomh mór sin agus ó imircigh a chreidtear a d’fheadfadh slándáil an Aontais a chur i gcontúirt. That provision has been criticized by migrant rights groups, however, who say that many refugees will be stranded and left on the empty beach along the borders of the European Union as a result. Tá an fhoráil sin cáinte ag grúpaí cearta imirceach, ámh, a deir go mbeidh go leor teifeach sáinnithe agus fágtha ar an trá fholamh taobh le teorainneacha an Aontais Eorpaigh dá bhíthin. About 255,000 immigrants have come to the Union so far this year; that’s a big drop from 2015, when it topped a million. Thart ar 255,000 inimirceach atá tagtha chun an Aontais go dtí seo i mbliana; sin laghdú mór ó 2015, tráth a tháinig barr ar mhilliún. They arrive in small boats from Africa, and they first visit Malta and Italy. Is i mbáid bheaga ón Afraic a thagann a mbunáite, agus is ar Mhálta agus ar an Iodáil a thugann siad aghaidh ar an gcéad dul síos. Although it was tried to divide the various tasks between all the member states before, no good was done because countries in Eastern Europe were not willing to accept people who had landed in the Mediterranean countries. Cé gur féachadh leis na cúraimí éagsúla a roinnt idir na ballstáit ar fad roimhe seo, ní dhearnadh aon mhaith mar nach raibh tíortha in Oirthear na hEorpa sásta glacadh le daoine a bhí tagtha i dtír i dtíortha na Meánmhara. However, according to the new system, if immigrants are rejected before they must be compensated. De réir an chórais nua, áfach, má dhiúltaítear roimh inimircigh caithfear a chúiteamh. Member States that are not on the edge of the European Union will now have the option of accepting immigrants from other member states or putting money into a special fund. Ballstáit nach bhfuil ar imeall an Aontais Eorpaigh, beidh rogha acu feasta glacadh le hinimircigh ó bhallstáit eile nó airgead a chur i gciste speisialta. The new laws are expected to be implemented next year. Tá súil na dlíthe nua a chur i bhfeidhm an chéad bhliain eile. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Dec 23, 202312 min

20231222_IRISH_daonaireamh_2022:_’gaeilge_an-mhaith_ag_10%_de_ghaeilgeoiri’

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words http://tinyurl.com/ymsf3tlb Contact: [email protected] Census 2022: Daonáireamh 2022: 'Gaeilge an-mhaith ag 10 faoin gcéad de Ghaeilgeoirí'. According to new figures released by the Central Statistics Office, it was revealed in the 2022 Census that 195,029 people spoke Irish very well, which is 10% of Irish speakers. De réir figiuirí nua atá eisithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh, tugadh le fios i nDaonáireamh 2022 go raibh ‘Gaeilge an-mhaith’ ag 195,029 duine, sin 10 faoin gcéad de chainteoirí Gaeilge. 593,898 people said they had ‘good Irish’, that’s 32% of Irish speakers. Dúirt 593,898 duine go raibh ‘Gaeilge mhaith’ acu, sin 32 faoin gcéad de chainteoirí Gaeilge. In that head, 1,034,132 people said they did not speak ‘good Irish’, that is 55% of Irish speakers. Ina cheann sin, dúirt 1,034,132 duine nach ‘Gaeilge mhaith’ a bhí acu, sin 55 faoin gcéad de chainteoirí Gaeilge. Almost 1.9 million people indicated in the 2022 Census that they spoke Irish, which is an increase of 112,500 people (6%) from the 2016 Census. Thug beagnach 1.9 milliún duine le fios i nDaonáireamh 2022 go raibh Gaeilge acu, sin méadú 112,500 duine (6 faoin gcéad ) ó Dhaonáireamh 2016. The share of Irish speakers in the Gaeltacht continued to decrease, however, from 69% in 2011 to 66% in 2022, it was said. Lean sciar na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht ag laghdú, áfach, ó 69 faoin gcéad in 2011 go dtí 66 faoin gcéad in 2022, a dúradh. Australians above all other foreigners in Ireland speak Irish the most – in percentage terms anyway – according to the new figures. Is iad na hAstrálaigh thar aon eachtrannaigh eile in Éirinn is mó a bhfuil Gaeilge acu – go céatadánach ar aon chuma – de réir na bhfigiuirí nua. Irish is spoken by 15% of Australian citizens living in the State, that’s 501 people. Tá Gaeilge ag 15 faoin gcéad de shaoránaigh na hAstráile atá ina gcónaí sa Stát, sin 501 duine. After that, 13% of Poles and 13% of Latvians speak Irish, that’s 10,838 people and 2,114 people respectively. Ina ndiaidh sin, tá Gaeilge ag 13 faoin gcéad de Pholannaigh agus ag 13 faoin gcéad de Laitviaigh, sin 10,838 duine agus 2,114 duine faoi seach. 6,685 number of households that completed the Irish version of the census form. 6,685 líon tí a chomhlánaigh an leagan Gaeilge d’fhoirm an daonáirimh. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ

Dec 22, 202310 min