PLAY PODCASTS
Learn Irish with daily podcasts

Learn Irish with daily podcasts

V H

316 episodesEN-US

Show overview

Learn Irish with daily podcasts has been publishing since 2023, and across the 3 years since has built a catalogue of 316 episodes. That works out to roughly 50 hours of audio in total. Releases follow a several-times-a-week cadence.

Episodes typically run under ten minutes — most land between 7 min and 12 min — though episode length varies meaningfully from one episode to the next. None of the episodes are flagged explicit by the publisher. It is catalogued as a EN-US-language Education show.

The show is actively publishing — the most recent episode landed 2 weeks ago, with 26 episodes already out so far this year. The busiest year was 2024, with 132 episodes published. Published by V H.

Episodes
316
Running
2023–2026 · 3y
Median length
9 min
Cadence
Several per week

From the publisher

Short sentences with English translations

Latest Episodes

View all 316 episodes

20260915_IRISH__taoiseach,_tionscal_uisce_beatha_an-sasta_faoi_chinneadh_trump

Sep 15, 202611 min

20260914_IRISH__an_taoiseach_agus_uachtaran_mheiricea_i_gco.an_chlair

Sep 14, 20267 min

20260907_IRISH__katie_buacach_go_glormhar_i_mbac

Sep 7, 20269 min

20260831_IRISH__600_duine_maraithe,_2,500_ar_iarraidh_i_neipeal_agus_sa_tibeid

Aug 31, 202610 min

20260808_IRISH__seisear_clarcheasloiri_tugtha_slan_i_ndun_na_ngall

Aug 8, 20266 min

20260807_IRISH__dha_scaglann_ola_sa_ruis_ionsaithe_ag_an_ucrain

Aug 7, 20266 min

20260531_IRISH__dochas_go_mbeidh_sineadh_leis_an_sos_lamhaigh_sa_mheanoirthear

May 31, 20263 min

20260530_IRISH__ionsai_ar_ionad_stiurtha_dron_i_ndeisceart_na_hiaraine

May 30, 20266 min

20260522_IRISH__ardu_14%_ar_an_lion_daoine_difhostaithe_o_thus_na_bliana

May 22, 20267 min

20260520_IRISH__gan_aon_sceala_fos_o_ghniomhaithe_ata_togtha_ag_forsai_iosrael

May 20, 20268 min

20260512_IRISH__hantaivireas:_saineolaithe_dochasach_nach_mbeidh_raig_eile_ann

May 12, 20268 min

20260429_IRISH__athru_aeraide:_an_eoraip_is_treine_ata_ag_teamh

Apr 29, 20269 min

20260417_IRISH__an_t-amhranai_mor_le_ra_moya_brennan_tar_eis_bhais

Apr 17, 202614 min

20260411_IRISH__imhsuite,_scuaini,_tranglam_trachta_ar_an_4u_la_den_agoid_breosla

Apr 11, 202614 min

20260406_IRISH__an_file_gabriel_rosenstock_basaithe

Apr 7, 202610 min

20260404_IRISH__trump_ag_bagairt_an_iarain_a_chlochaoisiu_le_buamai

Apr 4, 202611 min

20260317_IRISH__an_iarain_a_slacairt_an_athuair_ag_forsai_iosrael

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/27q6mz22 Contact: [email protected] Iran is being crushed again by Israeli forces. An Iaráin á slacairt an athuair ag fórsaí Iosrael. Israeli military forces are clearly not resting on their laurels, as they are carrying out another massive raid this morning on the Iranian capital, Tehran, after suffocating the place overnight. Níl suí ná foras ar fhórsaí míleata Iosrael, is léir, agus iad ag tabhairt ollruathair arís ar maidin ar phríomhchathair na hIaráine, Tehran, tar éis dóibh an áit a shlacairt i gcaitheamh na hoíche. There is no word yet on the dead but it is assumed that scores of them are there. Níl aon chaint fós ar na mairbh ach glactar leis go bhfuil na scórtha acu ann. Two other cities – Shiraz in southern Iran and Tabriz in the northwest – have also been bombarded by the Israelis since morning. Dhá chathair eile – Shiraz i ndeisceart na hIaráine agus Tabriz san iarthuaisceart – tá siad á dtuairgneáil ag na hIosraelaigh ó mhaidin chomh maith. It is not a time of neglect or delay for the Israelis in Lebanon either, and it is reported that they are once again bombing villages in the south of that country. Ní tráth faillí ná moille ag na hIosraelaigh é sa Liobáin ach an oiread, agus tuairiscítear go bhfuil sráidbhailte i ndeisceart na tíre sin á mbuamáil acu arís. The Israeli army says it is also fighting Hezbollah on the ground. Deir arm Iosrael go bhfuil siad ag dul i ngleic le Hezbollah ar an talamh freisin. It appears that Iranian military forces fired an explosive drone at Dubai airport this morning, hitting a large fuel tank. Is cosúil gur scaoil fórsaí míleata na hIaráine drón pléascach le haerfort Dubai ar maidin agus gur buaileadh mórumar breosla ann. Smoke is rising from the tank but it doesn’t appear to be affecting flights at the airport much. Tá deatach ag éirí as an umar ach dealraíonn sé nach bhfuil sé ag cur isteach mórán ar eitiltí san aerfort. Military authorities in the United Arab Emirates say they have been diverting or shooting down dozens of Iranian drones since morning. Deir na húdaráis mhíleata in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha go bhfuil na scórtha drón ón Iaráin á gcur malairt riain acu nó á séideadh san aer acu ó mhaidin. Not to mention the destruction and killing, the economic toll of unrest is affecting countries around the world, including, what else, the countries that are waging war on Iran. Gan trácht ar an scrios agus an marú, tá deasca eacnamaíochta na corraíola ag cur isteach ar thíortha an domhain, lena n-áirítear, cad eile, na tíortha atá ag cur an chogaidh ar an Iaráin. The most pressing issue for them at the moment is the unhindered passage of oil and gas tankers through the Strait of Hamuz in southern Iran, while the Iranians still have some control over that neck of water. Tancaeir ola agus gáis a sheoladh saor ó bhuaireamh trí Chaolas Hamuz i ndeisceart na hIaráine is mó atá ag déanamh scime dóibh i láthair na huaire agus smacht áirithe go fóill ag na hIaránaigh ar an muinceann uisce sin. The European Union’s foreign affairs and security chief, Kaja Kallas of Estonia, indicated that EU naval ships might be sent to the region to pressure the Iranians to allow fuel tankers through. Ceannasaí gnóthaí eachtracha agus slándála an Aontais Eorpaigh, Kaja Kallas as an Eastóin, thug sí le fios go mb’fhéidir go seolfaí longa cabhlaigh ón Aontas chuig an réigiún chun brú a chur ar na hIaránaigh tancaeir bhreosla a ligean tríd. It seems that Denmark is in favor of that. Dealraíonn sé go bhfuil an Danmhairg ina fhabhar sin. Yes, and Britain – a former member state – but Germany is adamant about it. Tá, agus an Bhreatain – iar–bhallstát – ach tá an Ghearmáin patuar ina leith. The foreign ministers of the member states will discuss the matter today, Kallas said. Pléifidh airí gnóthaí eachtracha na mballstát an scéal inniu, a dúirt Kallas. It is unclear what exactly the European naval ships would do in that part of the Persian Gulf, but British Prime Minister Keir Starmer suggested that a threatening nod to the Iranians might be enough. Níl sé soiléir cad go baileach a dhéanfadh na longa cabhlaigh ón Eoraip sa chuid sin de Mhurascaill na Peirse ach thug Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer le tuiscint go mb’fhéidir go mba leor nod bagrach do na heolaigh san Iaráin. All this in light of demands from US President Donald Trump that other countries come to the aid of the Americans in the Strait of Hormuz to ensure that tankers are allowed to enter and exit again. É sin ar fad i bhfianaise éileamh ó Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump go dtiocfadh tíortha eile i gcabhair ar na Meiriceánaigh i gCaolas Hormuz chun a chinntiú go mbeadh cead isteach ann agus cead amach as an athuair ag tancaeir. It is through this strait that a fifth of the world’s oil supplies and a fifth of the world’s liquefied gas are delivered e

Mar 17, 202615 min

20260305_IRISH__an_liobain_agus_an_iarain_a_dtuairgneail_tuilleadh

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/28u74oax Contact: [email protected] Lebanon and Iran are being further threatened. An Liobáin agus an Iaráin á dtuairgneáil tuilleadh. Israeli military forces are reportedly carrying out a massive raid on Iranian infrastructure again today, for the fifth day in a row. Tuairiscítear go bhfuil ruathar ollmhór á thabhairt ag fórsaí míleata Iosrael ar bhonneagar na hIaráine arís inniu, an cúigiú lá as a chéile. In a statement, the Israelis claimed that their bombs were aimed at Iranian military infrastructure – including missile launch sites and air defense systems – but made no mention of the civilian infrastructure they were also targeting. I ráiteas, mhaigh na hIosraelaigh gur ar bhonneagar míleata na hIaráine atá a gcuid buamaí dírithe – lena n-áirítear ionaid lainseála diúracán agus córais chosanta aeir – ach níl aon lua ar an mbonneagar sibhialta atá á rúscadh acu freisin. This is the case in Lebanon, where Israeli missiles destroyed a hotel in the capital, Beirut, and residential buildings in the Lebanon Valley in the east of the country. Is amhlaidh atá an scéal sa Liobáin, mar ar scrios diúracáin na nIosraelach óstán sa phríomhchathair, Béiriút, agus árais chónaithe i nGleann na Liobáine in oirthear na tíre. Several people are reported to have been killed in those two attacks, it was not said how many. Tuairiscítear roinnt daoine a bheith maraithe sa dá ionsaí sin, ní dúradh cé mhéad. The Israeli army has ordered the population of sixteen villages in southern Lebanon to gather because, they say, they will soon begin bombarding those areas. Tá ordú tugtha ag arm Iosrael don phobal i sé shráidbhaile dhéag i ndeisceart na Liobáine bailiú leo mar gur gearr, a deir siad, go dtósóidh siad ag tuairgneáil na n-áiteanna sin. The Israelis say they are wreaking havoc there in order to suppress Hezbollah, an organization supported by Iran. Is le dúil Hezbollah, eagraíocht a dtacaíonn an Iaráin leis, a chur faoi chois a deir na hIosraelaigh atá siad ag déanamh lot tíre ann. Hezbollah has been firing rockets into northern Israel for several days. Tá Hezbollah ag scaoileadh roicéad uathu le tuaisceart Iosrael le roinnt laethanta. Irish soldiers are among the international troops on peacekeeping duty with the United Nations in southern Lebanon. Tá saighdiúirí na hÉireann i measc na saighdiúirí idirnáisiúnta atá ar dualgas síochána leis na Náisiúin Aontaithe i ndeisceart na Liobáine. As with Iran, the commander of American forces in the Middle East is boasting about how well his soldiers – 50,000 of them – are carrying out orders. Mar leis an Iaráin, tá ceannasaí fhórsaí Mheiriceá sa Mhéanoirthear ag déanamh gaisce faoina fheabhas atá a chuid saighdiúirí – 50,000 acu – ag cur orduithe i bhfeidhm. Admiral Brad Cooper claimed that Iran’s military capability is being gradually depleted and that American combat capabilities in the region are growing stronger. Mhaígh an tAimiréal Brad Cooper go bhfuil cumas míleata na hIaráine á spíonadh diaidh ar ndiaidh agus gur ag dul i neart atá cumas comhraic na Meiriceánach sa réigiún. More soldiers and equipment are on the way, he said. Tá tuilleadh saighdiúirí agus trealaimh ar an mbealach, a dúirt sé. Iran’s air defense systems are on the verge of being destroyed, the admiral said, and the country’s navy has been unable to put a single ship to sea since seventeen of its vessels were sunk in four days. Tá córais chosanta aeir na hIaráine i ndáil le bheith scriosta, arsa an tAimiréal, agus níl cabhlach na tíre in ann aon long a chur faoi sheol ó cuireadh seacht soitheach déag dá gcuid go tóin le ceithre lá. Regarding the people being killed by the bombs, not much is being said. I dtaca leis na daoine atá á gcur den saol ag na buamaí, níl mórán á rá. Authorities in Iran said yesterday that 787 people have been killed since Saturday, including 165 schoolgirls. Dúirt na húdaráis san Iaráin inné gur maraíodh 787 duine ón Satharn, 165 cailín scoile ina measc. The Iranians are continuing their own bombing of neighboring countries, Arab countries where the Americans have large military bases and where thousands of Irish citizens live. Tá na hIaránaigh ag leanúint den bhuamáil atá siad féin a dhéanamh ar thíortha comharsanachta, tíortha Arabacha a bhfuil bunáiteanna móra míleata ag na Meiriceánaigh iontu agus ina bhfuil na mílte saoránach de chuid na hÉireann ina gcónaí. RTÉ News and Current Affairs The aftermath of the bombing in the Lebanese capital, Beirut, 4 March 2026 Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Iarmhairt na buamála i bpríomhchathair na Liobáine, Béiriút, 4 Márta 2026

Mar 5, 202614 min

20260210_IRISH__athruithe_ar_mheasunu_cainte_ag_priomhoidi_scoileanna_speisialta

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/27qnu3dt Contact: [email protected] Changes to critical assessment by special school principals. Athruithe ar mheasúnú cáinte ag príomhoidí scoileanna speisialta. The Government’s decision to remove the requirement that a child must have a formal diagnosis of a specific disability to be enrolled in a special school has been criticised by principals of those schools. Tá cinneadh an Rialtais fáil réidh leis an riachtanas a bhíodh ann go mbeadh diagnóis fhoirmeálta de mhíchumas ar leith ag gasúr le clárú i scoil speisialta cáinte ag príomhoidí ar na scoileanna sin. The National Association of Special School Principals (NASSP) says a crucial part of the registration process has been sidelined and will undermine schools’ professional judgement on the appropriate placement and the most favourable learning outcomes for students. Deir Cumann na bPríomhoidí Scoileanna Speisialta (an NASSP) go bhfuil mír chinniúnach den phróiseas clárúcháin curtha go leataobh agus go ndéanfar dochar de bhreith ghairmiúil scoileanna ar an socrúchán cuí agus na torthaí foghlamtha is fabhraí do dhaltaí. The new regime was announced in December by the Minister for Children, Disability and Equality, Norma Foley. Mí na Nollag a d’fhógair an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais Norma Foley an réimeas nua. The Minister said at the time that the Department was making the amendment to ensure that a child would have the support they needed, and to reduce the time spent on assessment. Dúirt an tAire ag an am gur chun a chinntiú go mbeadh an tacaíocht atá ag teastáil ó ghasúr, agus chun an t-am a chaitear ar mheasúnú a laghdú, a bhí an leasú á dhéanamh ag an Roinn. But the Principals’ Association says the decision was announced without consulting special schools at all. Ach deir Cumann na bPríomhoidí gur fógraíodh an cinneadh gan a ghabháil i gcomhairle in aon chor le scoileanna speisialta. NASSP Co-Chair Matt Swain says that “the capacity of special schools to plan and provide for and care for vulnerable children has been undermined.” Deir ComhChathaoirleach an NASSP Matt Swain go bhfuil “an bonn bainte de chumas scoileanna speisialta tabhairt faoi phleanáil agus soláthar agus cúram pháistí leochaileacha. “A professional report on a child’s ability is essential evidence to ensure that a student is placed in the most appropriate school setting.” Is bun-fhianaise í tuarascáil ghairimiúil ar chumas páiste le cinntiú go socraítear dalta san suíomh scolaíochta is oiriúnaigh.” The Association says that schools may now have to accept students without the school fully understanding the student’s diagnosis, developmental profile, or support needs, which would increase the risk of inappropriate placement. Deir an Cumann go mb’fhéidir go mbeadh ar scoileanna glacadh anois le daltaí gan tuiscint iomlán ag an scoil ar dhiagnóis, ná próifíl forbartha, ná riachtanais tacaíochta an dalta, rud a chuirfeadh leis an mbaol go ndéanfaí socrúchán míchuí. They say it would also disrupt team planning, resource allocation and personalized learning programs, and that the provision of education for all students could be disrupted. Chuirfí as freisin a deir siad do phleanáil foirne, dáileadh acmhainní agus cláir foghlamtha pearsantaithe, agus go mb’fhéidir go gcuirfí as don soláthar oideachais do gach dalta. Principals are also concerned that it will not be possible to ensure a safe learning environment, especially with the amount of pressure on teaching staff. Tá imní ar phríomhoidí freisin nach mbeifear inann láthair shábháilte foghlamtha a chinntiú, go háirid agus an oiread brú mar atá ar an bhfoireann teagaisc. They are urging the Department of Education to work with school management and leadership to come up with a better strategy. Tá siad ag impí ar an Roinn Oideachais gníomhú i gcuideachta le bainistíocht agus cinnireacht na scoileanna le theacht ar straitéis níos fearr.

Feb 22, 202611 min

20260209_IRISH__athruithe_ar_mheasunu_cainte_ag_priomhoidi_scoileanna_speisialta

jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); }); Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/227xqtjg Contact: [email protected] Changes to critical assessment by special school principals. Athruithe ar mheasúnú cáinte ag príomhoidí scoileanna speisialta. The Government’s decision to remove the requirement that a child must have a formal diagnosis of a specific disability to be enrolled in a special school has been criticised by principals of those schools. Tá cinneadh an Rialtais fáil réidh leis an riachtanas a bhíodh ann go mbeadh diagnóis fhoirmeálta de mhíchumas ar leith ag gasúr le clárú i scoil speisialta cáinte ag príomhoidí ar na scoileanna sin. The National Association of Special School Principals (NASSP) says a crucial part of the registration process has been sidelined and will undermine schools’ professional judgement on the appropriate placement and the most favourable learning outcomes for students. Deir Cumann na bPríomhoidí Scoileanna Speisialta (an NASSP) go bhfuil mír chinniúnach den phróiseas clárúcháin curtha go leataobh agus go ndéanfar dochar de bhreith ghairmiúil scoileanna ar an socrúchán cuí agus na torthaí foghlamtha is fabhraí do dhaltaí. The new regime was announced in December by the Minister for Children, Disability and Equality, Norma Foley. Mí na Nollag a d’fhógair an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais Norma Foley an réimeas nua. The Minister said at the time that the Department was making the amendment to ensure that a child would have the support they needed, and to reduce the time spent on assessment. Dúirt an tAire ag an am gur chun a chinntiú go mbeadh an tacaíocht atá ag teastáil ó ghasúr, agus chun an t-am a chaitear ar mheasúnú a laghdú, a bhí an leasú á dhéanamh ag an Roinn. But the Principals’ Association says the decision was announced without consulting special schools at all. Ach deir Cumann na bPríomhoidí gur fógraíodh an cinneadh gan a ghabháil i gcomhairle in aon chor le scoileanna speisialta. NASSP Co-Chair Matt Swain says that “the capacity of special schools to plan and provide for and care for vulnerable children has been undermined.” Deir ComhChathaoirleach an NASSP Matt Swain go bhfuil “an bonn bainte de chumas scoileanna speisialta tabhairt faoi phleanáil agus soláthar agus cúram pháistí leochaileacha. “A professional report on a child’s ability is essential evidence to ensure that a student is placed in the most appropriate school setting.” Is bun-fhianaise í tuarascáil ghairimiúil ar chumas páiste le cinntiú go socraítear dalta san suíomh scolaíochta is oiriúnaigh.” The Association says that schools may now have to accept students without the school fully understanding the student’s diagnosis, developmental profile, or support needs, which would increase the risk of inappropriate placement. Deir an Cumann go mb’fhéidir go mbeadh ar scoileanna glacadh anois le daltaí gan tuiscint iomlán ag an scoil ar dhiagnóis, ná próifíl forbartha, ná riachtanais tacaíochta an dalta, rud a chuirfeadh leis an mbaol go ndéanfaí socrúchán míchuí. They say it would also disrupt team planning, resource allocation and personalized learning programs, and that the provision of education for all students could be disrupted. Chuirfí as freisin a deir siad do phleanáil foirne, dáileadh acmhainní agus cláir foghlamtha pearsantaithe, agus go mb’fhéidir go gcuirfí as don soláthar oideachais do gach dalta. Principals are also concerned that it will not be possible to ensure a safe learning environment, especially with the amount of pressure on teaching staff. Tá imní ar phríomhoidí freisin nach mbeifear inann láthair shábháilte foghlamtha a chinntiú, go háirid agus an oiread brú mar atá ar an bhfoireann teagaisc. They are urging the Department of Education to work with school management and leadership to come up with a better strategy. Tá siad ag impí ar an Roinn Oideachais gníomhú i gcuideachta le bainistíocht agus cinnireacht na scoileanna le theacht ar straitéis níos fearr.

Feb 9, 202611 min