
An Spota Dubh
394 episodes — Page 6 of 8
Babhta 1 Sraith Iomána
Labhair Cian de Bhaldraithe linn faoi na cluichí ar fad i Roinn 1A agus 1B ar an chéad deireadh seachtaine arais an CLG.
6 Nations Babhta 3
Is in aghaidh na hIodáile a bhí mná na hÉireann agus iad sa tóir ar an triú áit i gComórtas 6 Nations an deireadh seachtaine seo. Bhí Jeff Neville ó the Loose Head agus imreoir na hÉireann Niamh Ní Dhroma linn chun na mór phointí a phlé.
Super League ina Smidiríní
Bhí tús agus deireadh leis an European Super League an tseachtain seo agus chun na mór phointí agus roinnt féidearthachtaí sa todhchaí a phlé bhí Emmet Ryan linn ó The Business Post.
6 Nations Babhta 2
Bhí Máire Treasa Ní Dhubhghaill agus Jeff Neville linn ag plé bua na Fraince i gcoinne foireann na hÉireann ar an Sathairn agus ag breathnú ar na ceachtanna agus ag breathnú chun cinn ar cluiche na hIodáile an Sathairn seo chugainn.
6 Nations na mBan Babhta 1
Chuir foireann rugbaí na mban tús láidir lena bhfeachtas 6 Nations ag an deireadh seachtaine agus bhí Jeff Neville ó the Loose Head agus Deirbhile Nic an Bháird, imreoir na hÉireann linn chun an cluiche a phlé.
Laochra Haca, Niamh, Michelle agus Naomi
Tar éis sraith cluichí i gcoinne na Breataine, labhair Naomi Carroll, Michelle agus Niamh Carey linn mar gheall ar an mbua agus an sraith ar fad, an samhradh seo leis na Olympics agus Cluichí na hEorpa, scoil, traenáil agus neart eile.
Sinéad Wylde na Dubs
Labhair imreoir BÁC Sinéad Wylde le Cárthach faoi feachtas díomách BÁC sa chraobh camogie i 2020, dóchas do 2021 agus ag imirt an dá chód lena club Cuala.
6 Nations Babhta 5
Tá deireadh tagtha le feachtas na hÉireann i gCraobh na Sé Náisiún le bua i gcoinnne Sasana. Bhí Jeff Neville linn ó The Loose Head chomh maith le iar-imreoir na hÉireann agus Connacht Ronan Loughney chun a dtuairimí a roinnt linn agus na mór scéalta a phlé.
6 Nations Babhta 4
Tar éis críoch drámatúil in Albain, labhair muid le Jeff Neville ó The Loose Head agus le Marcus Ó Buachalla, tráchtaire TG4, faoin gcluiche agus na scéalta móra ar fad.
Cheltenham Lá 3
Bhí Evelyn Ní Ghriallais agus Aodán Ó Scaithghil linn chun lá a trí a phlé ag féile mór Cheltenham an tseachtain seo.
Cheltenham Lá 4
Bhí Evelyn Ní Ghrallais agus Aodán Ó Scaithghil arais linn ag plé lá mór an Gold Cup agus an féidir le Al Boum Photo stair a churthú.
Cheltenham Lá 2
Sarah Lynam agus Paddy Ó Gríofa ag plé rásaí móra ar an dara lá de fhéile Cheltenham.
Cheltenham Lá 1
Bhi Sarah Lynam agus Paddy Ó Gríofa linn ag plé rásaí an Mháirt. Rása mór an lae an Champion Hurldle le Honeysuckle mar rogha na n-údar.
Scéalta Móra agus All Stars san NBA
Bhí James Ó Flatharta agus Conall Mac Dhonnagáin linn chun na scéalta móra a phlé agus an séasúr NBA tagtha ag cluiche na All Stars.
Robbie Benson, máistir St Pats
Labhair fear lár páirce St Pats Robbie Benson linn an tseachtain seo faoi an pre-season atá ag teacht chun críche, na laethanta iontach san Eorap le Dundalk, ag imirt faoi Stephen Kenny, agus an séasúr amach romhainn le St Pats.
6 Nations Babhta 3
Bhí Jeff Neville ó The Loose Head agus Cuán Ó Flatharta ó Spórt Tg4 linn ag caint faoi bua sa Róimh, cluiche craicáilte i gCardiff agus scéalta eile na deireadh seachtaine.
Jack Savage
Labhair fear Chiarraí Jack Savage linn faoi a chomhlacht nua, an t-ocras agus é ag iarraidh bheith ar ais i ngeansaí Chiarraí, an scoil agus neart eile.
Brian O Malley i mbun Haca
Labhair Brian O Malley linn faoi ag imirt haca san Astráil, i UCD le na chlub agus anois san Ísiltír, a chuid taithí ag imirt CLG agus an brionglóid geansaí na hÉireann a chaitheamh go fóill.
Chloe agus an Monaghan Takeover
Labhair imreoir Mhuineachán Chloe Nic Giolla Bhríde le Cárthach faoi Craobh 2020, traenáil i 2021 agus an feachtas atá ar bun ag Monaghan LGFA an tseachtain seo.
Leadóg agus an Australian Open
Bhí Eoin Keane agus David Gough linn ag plé na cluichí móra san Astráil agus an Australian Open ag teacht chun críche an tseachtain seo.
6 Náisiún Babhta 2
Bhí Jeff Neville ó The Loose Head linn arís chun na cluichí ó bhabhta a dó a phlé, cluiche na hÉireann in aghaidh na Fraince ach go háirithe.
Babhta 1 de na 6 Náisiún
Bhi Colm de Buitléar imreoir chúige Chonnacht agus Jeff Neville ón Loose Head linn ag plé cluichí móra i mbabhta a 1 den 6 Náisiún.
Superbowl LV
Ar an Domhnach tá cluiche mór an NFL ar bun agus bhí Emmet Ryan agus Naoise Waldron linn chun na mór phointí a phlé.
Joe Coll, ó DnaG go Man U
Labhair Joe Coll linn faoi a thréimhse ag imirt le Manchester United, ag buachaint an Youth Cup le United in éindí le cúpla réalt, ag fágáil slán leis an club, ag teacht abhaile, ag dul ar ais ar scoil agus é 21, agus an bród a bhí air ag caitheamh geansaí glas na hÉireann.
Éanna Ó Conchúir - Peil, Coppers agus Beo Fitness
Labhair fear na Gaeltachta Éanna Ó Conchúir le Cian agus Cárthach faoi a ghnó nua Beo Fitness, Cúrsaí Peile le Club, Contae agus DCU.
Craobh NFC agus AFC i Meiriceá
Dhá chluiche mhór ar an Domhnach agus cluichí craobha an AFC agus NFC ar súil. Bhí na saineolaithe Emmet Ryan agus Naoise Waldron linn chun iad a phlé.
Cluichí Ceannais Peil na mBan TG4
Bhí Emer Gallagher lánchúlaí Dhún na nGall agus Colleen Barret iar-imreoir Bhaile Áth Cliath linn ag plé cluichí ceannais Sinsir agus Idirmheánach na deireadh seachtaine. Freisin agallamh le cosantóir Bhaile Átha Cliath Muireann Ní Scanaill agus tosaí an Iarmhí Sarah Dolan.
Jason Gillane leaid Luimnigh
Labhair Jason Gillane linn maidir leis an séasúr club, ag imirt idir-chontae lena dheartháir, an sliotar buí agus a chuid ama ar phainéal shinsir Luimnigh
Peil Idirchondae arais!
Súil siar le Brian Barry ó Sky Sports ar chluichí peile na deireadh seachtaine agus Darragh Ó Brien ag caint linn tar éis bua an tSathairn.
Síofra Cléirigh Büttner i mBoston
Labhair Síofra Cléirigh Büttner linn faoi bheith ag rith do Ollscoil Villenova, sna World Championships i ngeansaí na hÉireann, anois le New Balance Boston agus neart neart eile.
Meadbh de Burca agus Foireann Sacair Na mBan
Labhair muid le Méabh De Búrca maidir leis an cluiche mór Dé Sathairn agus foireann na mBean sa tóir ar áit i gCraobh an Domhain.
Joe agus an US Open
Labhraíonn Joe linn faoi thús maith Rory, go mbeidh an cúrsa deacair ag an deireadh seachtaine, agus cé eile atá seans acu ar an Domhnach.
Irish Champions Weekend le Sarah Lynam
Bhí an traenálaí capall Sarah Lynam linn chun deireadh seachtaine mór rásaí a phlé.
Cormac an Triathlete Cróga
Labhraíonn Cormac Ó Ceallaigh linn faoi an feachtas atá ar bun aige faoi láthair le Pieta House, a thaithí féin le meabhair sláinte, ag caitheamh geansaí na hÉireann go hIdirnáisiúnta agus an saghas traenáil a dhéanann sé do na Triathlons.
Sraith na Seaimpíní le Aidan Fitzmaurice
Bhí Aidan Fitzmaurice ó INM linn chun na babhtaí deireanacha do Sraith na Seaimpíní a phléigh linn.
Lorcan Tucker Wicket Keeper na hÉireann
Labhair Cárthach le Lorcan Tucker fear óg a bhí ag imirt ar fhoireann buacach Cricket na hÉireann i gcoinne seimpíní an domhain Sasanna an tseachtain seo caite.
Jeff agus Cúrsaí Rugbaí
Bhí Jeff Neville linn Ó The Loose Head agus muid ag fáil réidh do comórtaisí móra rugbaí atá ag filleadh go luath.
Joe agus an USPGA
Bhí Joe Ó Conaire linn an tseachtain seo agus an USPGA ag tosnú an tseachtain seo.
Craobh Peile na Gaillimhe
Labhair muid le Seán Denvir an tseachtain seo agus é ag fáil réidh do tús craobh peile na Gaillimhe ag an deireadh seachtaine.
Stiofán Ó Gríofa
Labhair muid le Stiofán Ó Gríofa maidir lena fheachtas cailleadh meáchain agus maidir lena shláinte.
Adrian Morrissey, tosaí Liam Mellows
Labhair muid le Adrian Morrissey a bheidh ag dul chun páirce an deireadh seachtaine seo i gCraobh Iomána na Gaillimhe.
Ó Sligeach go New Zealand
Bhí an imreoir rugbaí Conan Ó Donnell linn ó New Zealand an tseachtain seo, agus é ar ais ag traenáil ansin, labhair muid faoi seal sa tSeapáin, ag imirt le Sonny Bill Williams agus cúpla rud a tharla agus é ag imirt le Cúige Chonnacht.
Cian McManus fáthach Fhear Manach
Tá imreoir as Fear Manach Cian McManus i mbun feachtas le airgead a bhailiú in éindí le imreoirí eile ina chlub, é sin blianta le Fear Manach agus neart eile.
Ciana sna States
Bhí Ciana Ní Churraoin linn labhair muid faoi Camogie agus Peil faoi aois, Liathróid Láimhe agus í ag imirt ar an Pro Tour i Meiriceá, gortú cruciate, coláiste agus Harry Potter!
Liam Scales fear óg Rovers
Labhair muid le Liam Scales fear óg atá ag imirt faoi láthair le Shamrock Rovers agus le Foireann Faoi 21 na hEireann
Paul Flanagan agus na bróga draíochta
Labhair iománaí an Chláir Paul Flanagan linn agus muid ag plé seachtain glórmhar i 2013 idir Faoi 21 agus Sinsir, focla molta Davy Fitz, athrú bróga agus an staidéar atá á dhéanamh aige anois i UL.
NutriKate
Bhí deis againn labhairt le Kate McDaid i rith a seachtaine maidir leis an ról atá aici le foirne idir chontae, foireann peil na mban Bhaile Átha Cliath ina measc agus leis an obair atá ar bun aici in a gnó féin NutriKate.
Caint agus Comhrá le Paul Conroy
Bhí ár gcara, imreoir sinsir na Gaillimhe Paul Conroy linn agus muid ag dul siar ar bhóithrín na smaointe leis. Phléigh muid an bua stairiúil sna mionúir, a chéad bhliain le Gaillimh agus go leor eile.
Píosa chraic le Niall Mc Ó Sportsjoe
Bhí an t-iriseoir Niall McIntyre ó Sportsjoe.ie linn ag caint ar a a thaithí mar iriseoir, grá don Ghaeilge i gColáiste Lurgan, píosa inspioráideach a rinne sé i Slaughtneill agus neart eile.
Roisin Ambrose Laoch Luimnigh
Bhí réalt Luimnigh Roisín Ambrose ag caint linn an tseachtain seo, phlé muid ag imirt contae sa dá chód, cúrsaí coláiste, swingball, ticktock agus neart neart eile.