
An Spota Dubh
394 episodes — Page 3 of 8
Ciarraí vs Ard Mhacha
Bhí Dara Ó Cinnéide ag caint le Cian agus iad ag plé an chluiche idir Ciarraí agus Ard Mhacha ag an deireadh seachtaine.
Gaillimh v Dún na nGall
Bhí Dónal Ó Fátharta ag caint le Cárthach faoi chluiche 1/2 cheannais na hÉireann idir Gaillimh agus Dún na nGall.
Cluichí 1/2 Cheannais Iomána na hÉireann
Bhí Mark Foley ag caint le Cárthach faoi an dá chluiche mór iomána atá amach romhainn ag an deireadh seachtaine.
Súil siar ar chluichí peile an deireadh seachtaine
Neart le plé agus fios againn anois cé atá sna cluichí ceathrú ceannais agus bhí Cian ag caint le Paddy Ó Gríofa agus iad ag breathnú siar ar na cluichí agus na mórscéalta á bplé acu.
Cluichí 1/4 Ceannais Iomána
Bhí Marc Ó Domhnaill ag caint le Cárthach faoin dá cluiche 1/4 ceannais iomána ar an Satharn. BÁC agus Coracigh agus ansin Clár agus Loch Garman.
Súi Siar ar Bhabhta 3 i gCraobh na hÉireann
Bhí Rónán Ó Beoláin linn agus muid ag breathnú siar ar na cluichí peile ón deireadh seachtaine. Neart le plé agus babhta na ngrúpaí críochnaithe agus fios againn anois cé atá áit bainte amach acu sna cluichí ceathrú ceannais.
Craobh na hÉireann - Babhta 3 - Cluichí an Domhnaigh
Sa dara páirt do chlár peile na seachtaine labhair Cian le Gary Sice agus na cluichí ar fad atá ar bun ar an Domhnach faoi chaibidil acu.
Cluichí Iomána le Tom Kenny
Bhi Tom Kenny ag plé an dá chluiche iomána ata ar bun an deireadh seachtaine seo Corcaigh agus Loch Garmán ag tabhairt aghaidh ar Uibh Fháillí agus Laois.
Craobh na hÉireann - Babhta 3 - Cluichí an tSathairn
Sa chéad phárt do chlár peile na seachtaine bhí Gary Brennan linn agus cluichí peile an tSathairn á phlé aige fhéin agus ag Cian.
Cluichí Ceannais Iomána
Bhí Paudie O`Neill ag caint le Cárthach faoi chluichí ceannais móra na deireadh seachtaine, Craobh na Mumhan, Craobh Laighean agus Cluiche Ceannais Joe McDonagh.
Súil Siar ar Bhabhta 2 i gCraobh na hÉireann
Neart scéalta ag éirí as babhta a 2 do Chraobh na hÉireann ag an deireadh seachtaine agus bhí Conal Ó Máirtín ag caint le Cian agus iad ag breathnú siar ar na cluichí ar fad.
Craobh Peile na hÉireann - Babhta 2
Ocht gcinn do chluichí i gCraobh na hÉireann ag an deireadh seachtaine agus roinnt cluichí iontacha, cath mór ó thuaidh mar cheann acu. Bhí Paddy Kelly as Corcaigh linn agus muid ag breathnú chun cinn ag na cluichí ar fad.
Craobh Iomána na Mumhan agus Laighean
Bhí Aoife O`Connor ag caint le Cárthach faoi chluichí móra iomána na deireadh seachtaine i gCraobh Laighean agus na Mumhan.
Craobh Peile na hÉireann - Roinnt foirne sa tóir ar bhua tábhachtach i mbabhta a haon
Bhí Cian ag caint le Lorcán Ó Máirtín agus iad ag breathnú chun cinn ar na cluichí móra ag an deireadh seachtaine agus an chuid eile don chéad bhabhta i ndán dúinn.
Bua ag Gaillimh agus droch deireadh seachtaine d'fhoirne Uladh
Tús curtha le Craobh na hÉireann agus muid ag breathnú siar ar chluichí ó na grúpaí le Fearghal Mag Uiginn.
Corcaigh, Ceatharlach agus BÁC sásta!
Bhí Liam Breathnach ag caint le Cárthach faoi scéalta agus cluichí móra iomána na deireadh seachtaine. Bua ciniúnach Chorcaigh, tortha iontach ag Ceatharlach agus snas ar na Dubs i bPáirc Pharnell.
Tralee CBS Super 9s
Labhair scoláire ó Tralee CBS Pat Brosnan, agus an múinteoir Martin Frawley le Cárthach faoi na Super 9s atá ar bun sa pheil don chead uair agus faoin modúl scoile Future Leaders.
Bua mór ag Aontroim agus cluichí móra na Mumhan
Bhí Adrian Morressy ag caint le Cárthach ag plé cluichí móra iomána an deireadh seachtaine.
Cluichí teanna i gCúige Uladh agus na Dubs agus Lú arís sa gcraobh
Bhí an tráchtaire Damien Ó Dónaill linn agus muid ag breathnú siar ar chluichí an deireadh seachtaine. Dún na nGall agus Ard Mhacha ró láidir agus na Dubs agus an Lú ar ais i gCraobh Laighean don dara bhliain as a chéile.
Babhtaí Leathcheannais Uladh agus Laighean
Craobh na gCuigí ag teacht chun críche agus ceithre chluiche ar bun ag an deireadh seachtaine agus neart le plé. Bhí ár gcara Frank McGlynn linn agus é ag breathnú chun cinn ar na cluichí ar fad.
Drama mór arís i gCraobh Uladh?
Cluichí móra arís ag an deireadh seachtaine agus neart le plé agus bhí Mark Harte linn agus muid ag breathnú ar na cluichí agus na príomhscéalta ar fad.
Craobh Iomána Babhta 1
Bhí Naoise De Bhaldraithe ag caint le Cárthach faoi tús na craoibhe i gcúige Mumhan agus i gcúige Laighean.
Aintree agus an Grand National
Bhí Evelyn Ní Ghriallais arais agus í ag plé na rása móra ag féile Aintree agus dár ndóigh an rása mór é fhéin an Grand National.
An í seo bliain Rory sna Masters?
Deireadh seachtaine mór do lucht leanúna gailf agus an chéad mórchomórtas ag tosú ar an Déardaoin agus bhí ár gcara Séamus Ó Fátharta linn chun breathnú ar na mórscéalta ar fad.
Cluichí Ceannais Sraithe Peile 1-4
Bhí Fiach Ó Béarra agus Darren Mulvey ag caint le Cárthach faoi na cluichí ceannais sraithe a bheidh ar bun i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh.
Cheltenham Lá 4
Paddy agus Evelyn ag caint le Cárthach faoi lá mór na féile agus an rása mór an Gold Cup.
Cheltenham Lá 3
Bhí Paddy Desmond agus Evleyn Ní Ghriallais ag plé rásaí móra Déardaoin An Ryanair Chase agus an Stayers Hurdle agus na nodanna eile don lá.
Cheltenham Lá 2
Aodán agus Manus ag plé rásaí móra ar an gCéadaoin agus El Fabiolo mar rogha láidir sa Queen Mother.
Cheltenham Lá 1
Bhí Manus Ó Conghaile agus Aodán Ó Scaghaill ag plé na rásaí ar fad ar Lá 1 de Cheltenham na bliana seo le Cárthach.
6 Nations Babhta 4
B'fhéidir an cluiche ba mhó gach bliain agus Éire ag dul go Twickenham agus Sasana ag cur fáilte romhainn agus bhí Jeff Neville linn agus é ag breathnú ar an gcluiche sin agus na cluichí eile atá ar bun ag an deireadh seachtaine.
Sraith Peile Allianz Babhta 5
Neart cluichí tábhachtacha i Roinn a hAon agus Roinn a Dó agus bhí Paddy Kelly agus Frank McGlynn ag labhairt le Cian agus na mórscéalta á bplé acu.
Sraith Peile Babhta 4
Bhí Brian Darby ag caint le Cárthach faoi na cluichí móra peile ag an deireadh seachtaine i Roinn 1 agus Roinn 2.
6 Nations Babhta 3
Tá tús iontach déanta ag foireann na hÉireann leis an gcomórtas agus beidh siad ag iarraidh coinneáil le sin an deireadh seachtaine seo. Bhí Dylan Donnellan linn agus é ag breathnú chun cinn ar chluichí an deireadh seachtaine.
Sraith Iomána Babhta 3
Labhair Cárthach le iománaí An Chábhán Diarmaid Carney faoi Babhta 3 i Sraith Iomána Allianz.
Sraith Peile Babhta 3 agus Seánie O`Shea
Labhair Rónán Ó Beoláin le Cárthach faoi babhta mór peile ag an deireadh seachtaine agus bhí Cian ag caint le Ambasadóir nua CLG na Gaeilge Seanie O`Shea.
Super Bowl LVIII
An séasúr NFL ag teacht chun críche agus sárchluiche romhainn sa Super Bowl. Bhí ár gcairde Naoise Waldron agus James Ó Flatharta linn chun breathnú ar an gcluiche agus na mórscéalta ar fad.
Sraith Iomána Babhta 2
Bhí an t-iriseoir spórt Niall McIntyre ag plé cluichí móra iomána na deireadh seachtaine i Roinn 1 le Cárthach.
Sraith Peile Babhta 2
Bhí Lorcán Ó Máirtín ag caint le Cárthach faoi na cluichí móra i Roinn 1, go háirithe an ceann idir Doire agus Tír Eoghan.
An Dublin Racing Festival
Bhí Paddy Desmond agus Evelyn Ní Ghriallais ag caint le Cárthach faoi féile mór rásaíochta na deireadh seachtaine an Dublin Racing Festival i mBaile na Lobhar.
Sraith Iomána Babhta 1
Tá an tsraith náisiúnta ar ais an deireadh seachtaine seo agus neart scéalta agus cluiche le plé. Bhí Paudie O'Neill linn agus na mór scéalta á phlé aige fhéin agus ag Cian.
Craobh NFC agus AFC san NFL
An babhta leathcheannais buailte linn agus dhá chluiche iontach ar bun ag an deireadh seachtaine agus na Ravens i gcoinne na Cheifs agus na 49ers i gcoinne na Lions. Bhí James Ó Flatharta agus Naoise Waldron linn agus muid ag plé na mórscéalta ar fad.
Sraith Peile 2024 Babhta 1
Bhí Seán Denvir agus Éanna Ó Conchúir ag plé tús na Sraithe agus na Cluichí mór i Roinn 1.
Cluichí Ceannais Sinsir na gClub
Bhí Paddy Ó Gríofa agus Brian Barry ag plé cluichí ceannais sinsir na gClub le Cárthach.
NFL - Babhta mór do roinnt QB!
Tá muid tagtha ag na babhtaí ceathrú ceannais san NFL agus cluichí iontacha ar bun ag an deireadh seachtaine. Bhí Naoise Waldron agus Emmet Ryan linn agus muid ag breathnú chun cinn ag na mórscéalta ar fad.
Cluichí Leathcheannais Iomána na gClub
Bhí Naoise Waldron agus Eoghan Ó Néill ag labhairt le Cian roimh na cluichí móra ag an deireadh seachtaine agus curaidh na gcúigí ag dul chun páirce i gcluichí leathcheannais na hÉireann.
Taylor V Cameron 2
Bhí an Dornálaí Kaci Rock ag caint le Cárthach faoin cárta mór sa 3 Arena ag an deireadh seachtaine, Katie Taylor agus Thomas Carty ag troid chomh maith le troideanna móra eile.
An Aifric Theas agus An Nua-Shéalainn sa gcluiche ceannais
Tá Craobh an Domhain ag teacht chun críche agus na sean-naimhde ag tabhairt aghaidhe ar a chéile arís. Bhí Máire Treasa Ní Dhubhghaill ag labhairt le Cian maidir leis na mórscéalta ar fad.
Éire i gcoinne na Nua-Shéalainne
Na babhtaí ceathrú ceannais buailte linn agus neart scéalta le plé agus Éire ag tabhairt aghaidh ar an Nua-Shéalainn. Bhí Conán O'Donnell linn agus muid ag breathnú chun cinn ag an gcluiche mór millteach seo.
Cluiche ciniúnach - Éire i gcoinne na hAlban
Tar éis bua iontach i gcoinne na hAifrice Theas tá Éire anois ag tabhairt aghaidh ar an Albain agus áiteanna sna babhtaí ceathrú ceannais ar fáil. Bhí Cian ag caint le Jeff Neville ó The Loose Head agus iad ag breathnú chun cinn ag an gcluiche ollmhór seo.
Ryder Cup 2023
Bhí Séamus Ó Fátharta agus Aodán Comerford ag plé an Ryder Cup idir an Eoraip agus Meiriceá sa Róimh an tseachtain seo.