PLAY PODCASTS
An Spota Dubh

An Spota Dubh

394 episodes — Page 5 of 8

Cluichí Leathcheannais Peile na hÉireann 2022

Dhá chluiche iontach againn ag an deireadh seachtaine agus an dá cluiche leathcheannais ar bun i bpáirc an Chrócaigh. Bhí Tadhg Corkery agus Rónán Ó Beoláin linn chun na mórscéalta ar fad a phlé.

Jul 7, 202223 min

Cluichí 1/4 Ceannais i gCraobh Peil na mBan TG4

Bhí Sarah Dolan agus Clíodhna Ní Dhufaigh ag plé na cluichí móra peile ag an deireadh seachtaine i gCraobh Peil na mBan TG4.

Jul 7, 202228 min

Cluichí 1/2 Cheannais Iomána na hÉireann

Bhí Cyril Lyons agus Cathal King le Cárthach ag plé an dá chluiche idir An Clár agus Cill Chainnigh ar an Sathairn agus Gaillimh agus Luimneach ar an Domhnach.

Jun 29, 202230 min

Cluichí 1/4 Ceannais Peile - An Domhnach

Bhí Dara Ó Cinnéide agus Peadar Óg Ó Gríofa ag plé an dá chluich ceathrú ceannais ar an Domhnach idir Gaillimh agus Ard Mhacha ar dtús agus Ciarraí i gcoinne Mhaigh Eo.

Jun 23, 202230 min

Cluichí 1/4 Ceannais Peile - An Satharn

Ceithre cluiche iontach i ndán dúinn ag an deireadh seachtaine agus bhí Charlie McKeever agus Paddy Kelly linn agus iad a breathnú chun cinn ar na cluichí móra ar an Satharn, Doire i gcoinne an Chláir agus Baile Átha Cliath i gcoinne Corcaigh.

Jun 23, 202224 min

Gaillimh agus An Clár Buacach

Bhí Claire O Connor agus Shane O `Brien ag caint le Cárthach faoin dá chluiche a bhí ar bun idir Gaillimh agus Corcaigh agus Loch Garman agus an Clár.

Jun 19, 202217 min

Cluichí Leathcheannais Corn Taillteann

Bhi David McCague roghnóir Mhuineachain agus Dermot Campbell cosantóir An Lú ag plé an dá chluiche leathcheannais le Cárthach.

Jun 17, 202220 min

Cluichí Móra Iomána i nDurlas

Ar an Satharn beidh dhá chluiche ollmhór ann agus ceithre fhoireann ag dul chun páirce sna cluichí ceathrú ceannais. Bhí Cian ag caint le Mac Dara Mac Donnacha agus Adrian Morrisey maidir leis na mórscéalta ar fad.

Jun 15, 202227 min

Cluichí Móra don Banner agus Ard Mhacha

Ceithre cluiche mór ag an deireadh seachtaine agus babhta a dó do na cluichí cáilithe ar bun agus bhí Gary Brennan, iar-imreoir an Chláir, linn chun breathnú siar ar na clucihí agus na mórscéalta a phlé.

Jun 13, 202234 min

Corcaigh agus Loch Garman ag dul chun cinn

Bhí Naoise De Bhaldraithe ag caint le Cárthach faoi bua Chorcaigh i mBéal Feiriste agus Loch Garman i dTrá Lí agus ag breathnú chun cinn ar na cluichí ceathrú ceannais Dé Sathairn seo chugainn.

Jun 12, 202218 min

Luimneach, Cill Chainnigh agus Aontroim buacach

Labhair Mark Foley le Cárthach faoin eipic a bhí againn i Stáid Semple agus an dá chluiche ceannais a bhí ar bun i bPáirc an Chrócaigh

Jun 7, 202228 min

Seampainí Buailte in Ard Mhacha

Bhí neart cluichí peile ag an deireadh seachtaine san chéad bhabhta cáilithe don chraobh. Labhair Cian le Fiachra Breathnach agus Brian Darby maidir leis na mórscéalta ar fad.

Jun 6, 202226 min

Cluichí Móra sa Bhabhta Cáilithe

Labhair Cian leis an tráchtaire spórt Damien Ó Dónaill maidir leis na cluichí peile sa bhabhta cáilithe don chraobh peile ag an deireadh seachtaine.

Jun 1, 202222 min

Na Cluichí Ceannais Iomána

Bhí Paudie O'Neill ag caint le Cárthach faoi Chluiche Ceannais na Mumhan ar an Domhnach, agus an dá Chluiche Ceannais ar an Satharn i bPáirc An Chrócaigh.

Jun 1, 202220 min

Na Babhtaí Ceannais Cúige

Bhí Gary Sice agus Ruadhán Ó Giolláin linn ag plé na cluichí ceannais cúige sa pheil. Doire agus Gaillimh buacach, agus Ciarraí agus BÁC ag buachaint gan stró.

May 29, 202220 min

Babhta Deireadh i gCúige Mumhan agus Laighean

Tar éis cluichí an deireadh seachtaine tá fios againn anois cé atá sna cluichí ceannais cúigí agus chomh maith le sin cé atá fós beo sa gcraobh agus bhí Cian ag labhairt le Brian Barry ó Sky Sports GAA maidir leis na cluichí ar fad.

May 22, 202233 min

Doire ar ais i gCraobh Uladh

Bhí ceithre leathcheannais cúige ar bun ag an deireadh seachtaine agus labhair Cian le Rónán Ó Beoláin maidir leis na mór scéalta ar fad.

May 15, 202218 min

Athrú tagtha i mBabhta 4 san Iomáint

Bhí Darragh O'Connell ag plé na buanna móra i gCraobh Laighean agus na Mumhan, agus an dá chomhscór chomh maith.

May 15, 202232 min

Craobh 6 Náisiún na mBan

Tá Éire ag tabhairt aghaidh ar an Iodáil an deireadh seachtaine seo agus labhair Cian le Jeff Neville ó The Loose Head chun na mórscéalta ar fad a phlé.

Apr 7, 202227 min

Sraith Iomána Allianz - Na Cluichí Ceannais

Bhí Cian De Bhaldraithe agus Adrian Morrissey linn an tseachtain seo ag plé an cluiche mór idir Port Láirge agus Corcaigh.

Mar 31, 202221 min

Sraith Allianz - Na cluichí ceannais peile

Bhí cúl báire na Gaillimhe Rónán Ó Beoláin ar ais linn an tseachtain seo ag breathnú chun cinn ar Chluichí Ceannais Allianz a bheidh ar bun ag an deireadh seachtaine.

Mar 31, 202219 min

Na 6 Násiún Babhta 1 - Ré nua?

Bhí Niamh Ní Dhroma iar-imreoir na hÉireann agus Jeff Neville ó The Loose Head ag plé cluiche na hÉireann i gcoinne na Breataine Bige ar an Sathairn san RDS.

Mar 25, 202216 min

Cluichí Leathcheannais Iomána

Cian Brian Barry, iriseoir le Sky Sports GAA, maidir le na cluichí leathcheannais iomána atá ar bun ag an deireadh seachtaine sa Sraith Náisiúnta Allianz.

Mar 24, 202229 min

Cheltenham Lá 3 agus 4

Bhí an t-iriseoir leis an Irish Field Daragh Ó Conchúir agus Aodán Ó Scaithghil linn ag plé na rásaí ar fad ó Cheltenham ar Lá 3 agus Lá 4 den fhéile.

Mar 10, 202242 min

Cheltenham Lá 1 agus 2

Bhí anailísí TG4 agus RnaG Evelyn Ní Ghriallais agus Ceannaisí Rásaíochta Paddy Power Paddy Desmond le Cárthach ag plé na rásaí ar fad ó Lá 1 agus 2 i Cheltenham an tseachtain seo chugainn.

Mar 9, 202234 min

Super Bowl LVI

Ar an Domhnach beidh na Bengals agus na Rams ag dul chun páirce sa Super Bowl, an cluiche is mó san NFL. Labhair Cian leis an iriseoir Emmet Ryan agus le Naoise Waldon maidir leis na mórscéalta ar fad.

Feb 10, 202231 min

Craobh AFC agus NFC

Labhair Cian le Naoise Waldron agus Conchúir Ó Faoláin maidir leis an dá chluiche mór atá ag teacht aníos in san NFL ag an deireadh seachtaine agus na babhtaí craobha don AFC agus NFC ar bun.

Jan 28, 202236 min

Cluichí 1/2 Cheannais Club

Bhí Cian De Bhaldraithe agus Dáithí Hand ag caint le Cárthach faoin dá chluiche mór club sna camáin ag an deireadh agus áit sa chluiche ceannais le baint amach.

Jan 21, 202220 min

'Super Playoffs' san NFL

Labhair Cian le Naoise Waldron agus Emmet Ryan agus iad ag breathnú chun cinn ag an chéad babhta do na Playoffs san NFL.

Jan 14, 202240 min

Clodagh Mcintyre tosach Tipp

Bhi Clodagh Mcintyre ag caint le Cárthach faoi bua iontach a club, briseadh croí le Tipp agus Irelands Fittest Family lena clann.

Dec 17, 202112 min

Niamh agus na Underdogs

Bhí réalt na Underdogs Niamh McElduff ag caint le Cárthach faoi sraith na Underdogs agus an cluiche mór i gcoinne na Mí ar an Sathairn.

Dec 8, 202115 min

Cluichí Móra CLG ag an Deireadh Seachtaine

Is anois i gcraobhchomórtais na gcúigí atá cluichí móra na gclub agus labhair Cian leis an iriseoir spóirt Cian O'Connell chun roinnt do na cluichí a phlé.

Dec 3, 202124 min

Rásaí Móra na Deireadh Seachtaine

Labhair Cárthach le hainilisí rásaíochta TG4 agus RnaG Evelyn Ní Ghriallais agus iad ag breathnú chun cinn ar rásaí móra na deireadh seachtaine.

Dec 2, 202115 min

Éire i gcoinne na hAirgintíne agus na Seapáine

Tar éis deireadh seachtaine iontach do foirne rugbaí na tíre bhreathnaigh Jeff Neville ó the Loose Head siar ar na cluichí agus chun cinn ar chluichí an deireadh seachtaine.

Nov 18, 202139 min

Cluichí móra i gcoinne na Nua-Shéalainne agus Meiriceá

Bhí Jeff Neville ó the Loose Head ag labhairt le Cian arís ag breathnú chun cinn ag na cluichí Móra an deireadh seachtaine seo. Foireann na mBan i gcoinne Meiriceá ar an Aoine agus Foireann na bhFear i gcoinne na All Blacks ar ann Satharn.

Nov 11, 202138 min

Éire in aghaidh na Seapáine

Labhair Jeff Neville ó the Loose Head le Cian agus iad breathnú chun cinn ag cluiche na hÉireann i gcoinne na Seapáine ar an Satharn san Aviva.

Nov 5, 202124 min

Am na cinniúna don Chraobh Peile

Is ag plé comhdháil CLG an tSathairn a bhí muid an tseachtain seo. Labhair Sean Kelly iaruachtarán an CLG le Cian faoi an dá phlean. Bhí Brian Barry ó Sky Sports Gaa linn chomh maith ag plé Plean B, agus scéal mór iomána na seachtaine agus Henry ag dul go Gaillimh.

Oct 21, 202129 min

Ryder Cup 2021

An deireadh seachtaine seo tá an Ryder Cup ar siúl agus bhí deis ag Cian labhairt le Joe Ó Conaire maidir leis na himreoirí agus na scéalta móra ón dá champa.

Sep 24, 202128 min

URC & Éireann V An Iodáil

Bhí Jeff Neville ó the Loose Head le Cárthach ag déanamh cur síos ar an URC atá ag tosnú an Aoine seo, agus chomh maith an cluiche mór cáillithe atá ag foireann na hEireann ar an Sathairn.

Sep 22, 202124 min

Cluichi 1/2 Cheannais i gCraobh TG4 na mBan

Phlé Emer Gallagher as Dún na nGall agus Sarah Dolan as an Iarmhí an dá chluiche leathcheannais a bhéidh ar bun ag an deireadh seachtaine idir BÁC agus Maigh Eo ar an Sathainr agus An Mhí agus Corcaigh ar an Domhnach.

Aug 13, 202122 min

Michelle Carey agus Naomi Ní Chearbhaill i Tokyo

Labhraíonn Michelle agus Naomi le chéile ón Athletes Village ag na Cluichi Oilimpeacha i Tokyo agus iad ag tosú cluichí inniu i gcoinne an Afraic Theas.

Jul 24, 20215 min

Sraith Iomána Allianz Babhta 5

Is le Brian Barry ó Sky Sports GAA a bhí muid caint an tseachtain seo agus muid ag breathnú siar ar an mbabhta deirneach do shraith iomána na bliana seo agus go leor le plé agus an chraobh beagnach buailte linn.

Jun 13, 202128 min

Paul Mullen ar ais san Aviva

An tseachtain seo bhí deis againn labhairt arís le Paul Mullen, fear Oileán Árainn atá anois ag imirt rugbaí don USA agus é ag fáil réidh le aghaidh a thabhairt ar fhoireann na hÉireann san Aviva ag an deireadh seachtaine.

Jun 13, 202115 min

Sraith Peile Allianz an Babhta Cinniúnach

Tá sraith peile na bliana nach mór curtha i gcrích agus labhair muid le Rónán Ó Beoláin agus muid ag breathnú siar ar na cluichí ón deireadh seachtaine.

Jun 13, 202131 min

Sraith Peile Babhta 3

Bhí laoch Chorcaigh Paddy Kelly in éineacht linn agus muid ag breathnú siar ar chluichí an deireadh seachtaine agus leathshúil againn ar na cluichí móra an tseachtain seo chugainn.

May 30, 202120 min

Sraith Peile Allianz Babhta 2

Bhí Damien Ó Dónaill agus Cian O'Connell le Cian an tseachtain seo agus iad ag breathnú siar ar bhuachphointí an deireadh seachtaine ón tsraith peile.

May 23, 202129 min

Sraith Iomána Allianz Babhta 3

Bhi Daithí Hand agus Naoise Waldron ag plé buanna Phort Láirge,An Chlár, Tipp agus Baile Átha Cliath thar an DS chomh maith le dul chun cinn Uibh Fhailí i Roinn 2.

May 23, 202131 min

Thomas Carty

Labhair an dornálaí óg Thomas Carty le Cárthach faoi a chéad troid mar pro an tseachtain seo chugainn, ag traenáil le Chisora, agus neart eile.

May 20, 20219 min

Sraith Peile Allianz Babhta 1

Bhí Seán Denvir agus Conall O Ciobhain le Cárthach ag plé na torthaí agus cluichí sa chéad bhabhta den sraith peile.

May 16, 202125 min

Sraith Iomána Babhta 2

Labhair Cian le Brian Barry ó Sky Sports maidir leis na cluichí agus scéalta ar fad ón tsraith iomána.

May 16, 202122 min