
An Spota Dubh
394 episodes — Page 4 of 8
Éire i gcoinne Tonga agus bua mór i ndán do Fiji?
Bhí Cian ag caint le Paddy Ó Gríofa atá sa bhFrainc do Chraobh an Domhain agus iad ag breathnaú ar na mór scéalta ar fad agus muid ag léim isteach do dheireadh seachtaine mhór rugbaí eile.
Craobh an Domhain Rugbaí 2023
Tá Craobh an Domhain buailte linn agus gach duine ag súil le feachtas iontach ó fhoireann na hÉireann ach ní feachtas easca a bheidh ann. Labhair Cian le Jeff Neville ó The Loose Head maidir le na grúpaí agus mórchluichí na ngrúpaí chun a thuairim a fháil.
Craobh Lúthchleasaíochta an Domhain
Tá craobh lúthchleasaíochta an Domhain ag tosnú an tseachtain seo agus bhí na lúthchleasaí Lauren Dermody agus Deirbhile Ní Riain ag plé foireann na hÉireann le Cárthach.
Cluiche Ceannais Peile na hÉireann
Bhí Gary Brennan ag caint le Cárthach faoin cluiche mór ar an Domhnach, tábhacht lár na páirce, ról Clifford agus an dtosóidh Ciarán Kilkenny.
Craobh Iomána na hÉireann 2023
Is iad an dá fhoireann cheanna atá i gcraobh na hÉireann i mbliana agus neart scéalta le plé. Labhair Cian le Naoise Waldron agus Cathall King agus muid ag breathnú ar cé a bheas ag dul chun páirce don dá fhoireann. Chomh maith le sin bhí Daragh O'Connell linn agus an dearcadh neodrach aige dúinn.
Mná na hÉireann i gCoinne na hAstráile
Chuir mná na hÉireann tús lena feachtas ar maidin agus cluiche acu i gcoinne na hAstráile. Bhí Cian ag caint le Laura Ní Dhonnabháin agus iad ag breathnú siar ar an gcluiche.
Luimneach agus na Cait buacach i bPáirc an Chrócaigh
Bhí Tom Kenny agus Cian De Bhaldraithe ag caint le Cárthach faoin dá cluiche leath cheannais iomána ón deireadh seachtaine.
Babhtaí 1/4 Ceannais Peile
Tá a fhios againn anois cé a bheidh ag tabhairt aghaidh ar a chéile sna babhtaí 1/2 ceannais agus cluichí iontacha ar súil i bPáirc an Chrócaigh ag an deireadh seachtaine. Bhí muide ag caint le Gary Brennan agus Dessie Mone faoi na mór scéalta ar fad.
Gaillimh agus An Clár cáillithe do na Cluichí 1/2 Cheannais
Bhí Cyril Lyons agus Liam Breathnach ag caint le Cárthach faoi bua An Chlár, na ceachtanna atá foghlamtha acu i mbliaina , Gaillimh buacach ach obair le déanamh acu.
Seanchairde ag tabhairt aghaidh ar a chéile arís
Bhí Fiachra Breathnach agus Lorcán Ó Máirtín ag labhairt le Cian agus iad ag breathnú siar ar chluichí peile an deireadh seachtaine.
Na Grúpaí Peile ag teacht chun críche
Bhí Ronán Ó Beoláin agus Éanna Ó Conchúir ag plé na cluichí agus torthaí móra ón deireadh seachtaine spleodrach peile .
Dráma leis na Cait agus Luimneach buacach aríst
Labhair Cathall King Le Cárthach faoi bua Luimneach i gCluiche Ceannais na Mumhan agus an bua drámatúil ag na Cait.
An Mhí, Cill Mhántáin agus Muineacháin Buacach
Bhí Daithí Hand ag caint le Cárthach faoi chluichí ceannais Ring, Rackard,agus Meaghar a bhí ar bun i bPáirc An Chrócaigh Dé Sathairn.
Babhta Deireanach i gCraobh na gCúigí
Tá a fhios againn anois cé a bheidh sna craobhacha cúigí agus cé nach mbeidh ag leanacht ar aghaidh i mbliana agus bhí Cian ag caint le Mark Foley maidir le na mórscéalta ar fad.
Comhscór ag na Dubs, Corcaigh buacach agus Cluichí Iontacha ó Thuaidh
Bhí cluichí iontach suimiúil ag an deireadh seachtaine agus ceithre chluiche ar bun. Bhí Paddy Kelly ag caint le Cian agus iad ag breathnú ar na cluichí ar fad.
Craobh Iomána Babhta 4
Neart scéalta ag teacht as an deireadh seachtaine agus bhí Paudie Ó Néill linn agus muid ag breathnú siar ar mhórscéalta an deireadh seachtaine.
Maigh Eo agus Gaillimh buacach, Babhta 2 i gCoirn Taillteann
Bhí Lorcán Ó Máirtín ag caint le Cárthach faoin bua a bhí ag Maigh Eo i gCill Áirne , Gaillimh i mBothar na Trá agus cluichí móra eile na deireadh seachtaine.
An Clár buacach i gCúige Mumhan
Cluiche amháin a bhí i gCraobh na Mumhan ag an deireadh seachtaine agus bhí Mac Dara Mac Donncha ag labhairt linn agus é ag breathnú ar an gcluiche craobha idir Co. an Chláir agus Port Láirge.
Cluiche Ceannais Connacht agus Mumhan
Bhí Cian ag caint le Rónán Ó Beoláin agus Conall Ó hAiniféin agus iad ag breathnú siar ar an dá chluiche ceannais a bhí ag an deireadh seachtaine, Cluiche Ceannais Connacht agus Cluiche Ceannais na Mumhan.
Cómhscór cois Laoi, agus buanna móra i gCúige Laighean
Bhí Eoghan Ó Néill agus Tony Murphy le Cárthach ag caint ar na cluichí mór i gCúigea Laighean, i gCorn Joe McDonagh agus an classic i bPáirc Uí Chaíomh.
Babhta 2 i gCraobh Iomána Laighean agus na Mumhan
Bhí Naoise De Bhaldraith ag plé bua mór i Mumhan agus torthaí Laighean le Cárthach.
Babhtaí 1/2 Cheannis in Uladh agus Laighean
Phlé Mark Harte bua Doire agus Ard Mhacha i gcúige Uladh agus An Lú agus Baile Átha Cliath i Laighean le Cárthach.
Craobh Iomána - Babhta 2
Babhta 2 do chraobh Laighean agus Craobh na Mumhan ag an deireadh seachtaine agus bhí Cathal Moore in éindí linn agus muid ag breathnú ar na cluichí ar fad.
Babhtaí Leathcheannais Uladh agus Laighean
Cluichí craobha iontach ar bun ag an deireadh seachtaine agus bhí Dessie Mone agus Dermot Campbell linn chun babhtaí leathcheannais Uladh agus Laighean a phlé.
Babhta Leathcheannais i gCorn na gCuraithe
Bhí Jeff Neville ó The Loose Head linn chun cluichí móra an deireadh seachtaine a phlé san Eoraip chomh maith le cluiche deireanach foireann na mban i gcoinn na hAlban.
Babhta 1 de Chraobh Iomána 2023
Bhí Darragh O`Connell ag plé cluichí móra na deireadh seachtaine i gCraobh na Mumhan , Laighean agus i gCorn Joe Mcdonagh le Cárthach
Craobh Peile
Neart ábhar cainte agus an Chraobh Peile ar súil fud fad na tíre ag an deireadh seachtaine. Bhí Gary Sícé ag labhairt le Cian agus iad breathnú siar ar na mórscéalta ar fad.
Deireadh Seachtaine Mór Peile
Bhí Gary Brennan in éineacht le Cian agus iad ag breathnú chun cinn ar cluichí peile na deireadh seachtaine. Neart cluichí ar bun sa cheithre chúige agus neart scéalta le plé chomh maith.
Cluichí Ceannais Sraithe
Bhí imreoir Cheatharlach Darragh O Brien ag caint le Cárthach faoi na cluichí ceannais sraithe atá á imirt ag an deireadh seachtaine.
Thomas O'Toole ag troid Lá le Padraig
Béidh Thomas O'Toole as Conamara ag troid i mBoston Dé hAoine seo lá Padraig agus é mar an phríomh troid.
Cheltenham Lá 3 agus Lá 4
Bhí Paddy Ó Gríofa agus Evelyn Ní Ghriallais ag caint le Cárthach faoi Lá 3 agus Lá 4 de féile rásaíochta Cheltenham.
Cheltenham Lá 1 agus Lá 2
Bhí Paddy Desmond agus Manus Ó Conghaile ag caint le Cárthach bhí chuile rása ag Féile Cheltenham ar an gcéad dá lá.
Sraith Sacar na hÉireann
Bhí Fiachra ó hEochaidh ar ais linn don séasúr nua sacair agus babhta 3 ar bun an deireadh seachtaine seo.
Sraith Peile Allianz Babhta 5
Bhí Seán Denvir ag plé babhta mór peile i Sraith Allianz ag an deireadh seachtaine.
Na 6 Násiún Babhta 3
Labhair Cian De Buitléar le Cárthach ón Iodáil roimh cluichí móra rugbaí na deireadh seachtaine seo.
Sraith Lidl Peil na mBan Babhta 4
Bhí Sarah Dolan ag caint le Cárthach faoi na cluichí móra i Roinn1 de Sraith Lidl na deireadh seachtaine seo.
Sraith Peile Allianz Babhta 3
Labhair Fiach Ó Béarra le Cárthach faoi na cluichí móra i Roinn 1 na Sraithe ag an deireadh seachtaine.
An Superbowl
Bhí Emmet Ryan agus Naoise de Bhaldraithe le Cárthach ag déanamh cur síos ar an Superbowl idir na Eagles agus na Chiefs oíche Dé Domhnaigh.
Dublin Racing Festival - Na Rásaí
Bhí Evelyn Ní Ghriallais agus Paddy Desmond ag caint le Cárthach faoi na rásaí móra atá ar bun i Bhí Evelyn Ní Ghriallais agus Paddy Desmond ag caint le Cárthach faoi na rásaí móra atá ar bun i Leopardstown ag an deireadh seachtaine.
Cluichí móra san NFL
Bhí Naoise De Bhaldraithe agus James Ó Flatharta ag plé na cluichí móra sna playoffs ar an Domhnach san NFL.
Sraith Allianz Roinn 1
Pléann Cian O Conaill Ó GAA.ie na cluichí i Roinn 1 na peile le Cárthach.
Cluichí Ceannais na gClub le Brian Barry
Pléann an t-iriseoir Brian Barry an dá chluiche ceannais sinsir na gclub le Cárthach , ar dtús an ceann iomána agus ansin an cluiche ceannais peile
Éabha Nic Dhonnacha - Imreoir Rugbaí le Connacht
Labhraíonn bean óg Ros a Mhíl Éabha Nic Dhonnacha le Cárthach faoin mbua i gcoinne Uladh, cluiche mór i gcoinne na Mumhan agus a taithí le foireann 7s an mhí seo caite.
Rugbaí na hEorpa agus Comórtas na mBan
Tá Jeff Neville ó the Loose Head ag caint le Cárthach faoi chluichí móra ag na cúigí san Eoraip agus faoi bua Mumhan agus Laighean i Sraith Idir chúige na mban ag an deireadh seachtaine.
Cluiche Ceannais na hÉireann - An Tuar Neodrach
Labhair Cian agus Cárthach le Gary Brennan agus le Kevin Cassidy maidir leis an gcluiche mór ar an Domhnach agus na mór scéalta ar fad.
Cluiche Ceannais na hÉireann - Lá mór na Ríochta?
Bhí Dara Cinnéide agus Tomás Ó Flatharta ag caint le Cárthach faoi fhoireann Chiarraí, na láidreachtaí agus laigeachtaí foireann Jack O Connor agus an mbeidh an lá leo ar an Domhnach.
Cluiche Ceannais na hÉireann - Seans ag Gaillimh?
Ar an Domhnach beidh cluiche ceannais na hÉireann ar bun agus Gaillimh ag iarraidh Sam a bhuachaint don chéad uair ó 2001. Labhair Cian le Seán Denvir agus le Dónal Ó Fátharta maidir le seansanna na Gaillimhe.
Luimneach nó Cill Chainnigh - An Tuar neodrach
Bhí Paul Flanagan agus Cathal Moore ag plé an cluiche mór ag an deireadh seachtaine, na mathcups, na laochra agus cén áit a bhéidh Liam oíche Dé Domhnaigh.
Tríú ceann i ndán do Luimneach?
Agus an cluiche ceannais ar súil ar an Domhnach labhair Cian le Cathall King agus le Mark Foley maidir le foireann Luimnigh agus iad sa tóir ar an tríú craobh ina dhiaidh a chéile.
Na Cait arais sa chraobh
Bhí Michael Rice agus Naoise Waldron ag caint le Cárthach faoi fhoireann Chill Chainnigh i gcluiche ceannais an Domhnach i gcoinne Luimnigh.