PLAY PODCASTS
An Spota Dubh

An Spota Dubh

379 episodes — Page 8 of 8

Clár 29 - 2018 - Raidió na Life

Bhí réalt camógaíocht Claire Ó Connor linn ag caint ar chluichí ceannais sinsir idir Corcaigh agus Cill Chainnigh, agus a cluichí sóisir agus idirmheánach agus bhí Jeff Neville ar ais linn agus An Pro 14 ag tosú arís.

Sep 7, 20181h 5m

Clár 28 - 2018 - Raidió na Life

Le cluiche ceannais peile na hÉireann ag an deireadh seachtaine bhí Brian Barry ó Sky Sports agus iar-imreoir na Gaillimhe Fiachra Breathnach linn sa stúideo. Chomh maith le sin bhí muid ag caint le hiar-imreoir Thír Eoghain Mark Harte faoin gcluiche.

Aug 31, 20181h 1m

Clár 27 - 2018 - Raidió na Life

An tseachtain seo ar an gclár bhí muid ag díriú ar chluichí móra atá ag teacht aníos an deireadh seachtaine seo i bpeil na mban le Baile Átha Cliath agus tabhairt aghaidh ar Ghaillimh agus Corcaigh ag tabhairt aghaidh ar Dhún na nGall. Bhí Colleen Barrett, iar-imreoir Bhaile Átha Cliath, linn chomh maith le láithreoir TG4 Gráinne McElwain.

Aug 24, 201849 min

Clár 26 - 2018 - Raidió na Life

An tseachtain seo bhí Cathal King linn agus é ag caint ar sheans Luimneach i gCraobh Iomána na hEireann, bhí Maidhc ó Conghaile linn agus eisean ag caint ar Ghaillimh agus ar laigeachtaí Luimnigh. Bhí iománaí Thiobraid Aráinn Seamus Kennedy linn chomh maith agus é ag tabhairt a bharúil faoi cluiche mór iomána na bliaina seo.

Aug 17, 201841 min

Clár 25 - 2018 - Raidió na Life

An tseachtain seo bhí muid ag caint le Darragh O'Connell agus Cathal King maidir leis na cluichí leath cheannais an tseachtain seo caite agus an athimirt Dé Domhnaigh. Chomh maith le sin bhí peileadóir na Gaillimhe Paul Conroy linn ag plé seansanna na Gaillimhe sa bhabhta deireadh do na Super 8s an deireadh seachtaine seo.

Aug 3, 201838 min

Clár 24 - 2018 - Raidió na Life

An tseachtain seo bhí Cyril Lyons linn, iar-bhainsiteoir Co an Chláir agus é ag cíoradh an dá chluiche leathcheannais iomána idir Gaillimh agus An Clár, agus Corcaigh agus Luimneach, Bhí Máire Ní Bhraonáin ag caint linn ón Phortaingéil agus í ag plé cá seasann na foirne i gcraobh Peil na mBan agus deireadh ag teacht leis na grúpaí go gairid.

Jul 27, 201832 min

Clár 23 - 2018 - Raidió na Life

An tseachtain seo ar an gclár labhair muid faoin Tour de France le Padraig Quinn ó TG4, bhí captaen Shóisir na Gaillimhe Maghnus Breathnach linn ag caint faoi Chluiche Ceannais Shóisir na hÉireann agus phlé muid an Open le lucht leanta Gailf.

Jul 20, 20181h 0m

Clár 22 - 2018 - Raidió na Life

An tseachtain seo bhí Diarmuid Gizzy Lyng ag caint faoi chluichí ceathrú ceannais iomána, bhí na super8s faoi chaibidil agus bhí Declan Marron linn ó Ladbrokes ag caint ar chluiche ceannais an domhain.

Jul 13, 20181h 7m

Clár 21 - 2018 - Raidió na Life

Bhí iar-imreoir na Gaillimhe linn John Lee linn agus muid ag breathnú ar aghaidh ar an athimirt idir Gaillimh agus Cill Chainnigh, Bhí Pádraic Ó Ciardha linn agus muid ag plé Corn an Domhain agus bhí cluichí móra peile na deireadh seachtaine á phlé ag Cian agus ag Cárthach.

Jul 6, 20181h 2m

Clár 20 - 2018 - Raidió na Life

Micheal Rice iar -imreoir Chill Channaigh agus Niall Mcintyre ó Sportsjoe.ie linn ag caint faoi Cluiche Ceannais na Mumhan agus Laighean. Bhí Eamonn Óg Ó Donnacha imreoir Na Mí ag caint ar Chluiche Ceannais Joe McDonagh, agus Brian Darby arais linn ag plè scèalta peile na seachtaine. Ní dhearna muid dearmad ar an Derby atá ar bun Dé Sathairn agus bhí Daragh Ó Conchuir arais linn.

Jun 29, 201849 min

Clár 19 - 2018 - Raidió na Life

Bhí Dara Ó Cinnèide linn ag caint ar an trí cluiche ceannais cùige atá ar bun ag an deireadh seachtaine seo. Bhí Niall Ó Muineachàin imreoir lár páirce Chill Dara linn agus iad ag imirt I gcluiche ceannais Christy Ring ar an sathairn. Is Bhí Jeff Neville linn ag caint ar an teist cinniúnach San Astràil Maidin Dè Sathairn.

Jun 22, 20181h 0m

Clár 18 - 2018 - Raidió na Life

Bhí Cian Breathnach linn ag caint ar an dara teist idir Eireann agus An Astráil , sa studio an tseachtain bhí iar roghnóir Thiobraid Aráinn Paudie ó Neill linn agus cúrsaí iomána na seachtaine á chíoradh aige, agus bhí ár sainéolaí sacair Fiachra ó hEochaidh linn le Corn an Domhain ag tosú sa Rúis

Jun 15, 20181h 3m

Clár 17 - 2018 - Raidió na Life

An tseachtain seo bhí muid ag caint le Brian Barry ó Sky Sports maidir le cluichí móra na deireadh seachtaine, bhí iar-imreoir de chuid Chill Chainnigh Michael Rice ag oibriú amach cé a bheas a tabhairt aghaidh ar Ghaillimh agus ag plé craobh na Mumhan chomh maith. Chomh maith le sin bhí Jeff Neville linn ó The Loose Head ag breathnú ar thuras na hÉireann chun na hAstráile

Jun 8, 20181h 11m

Clár 16 - 2018 - Raidió na Life

Chuaigh muid chomh fada leis an traenálaí capall Sarah Lynam agus muid ag breathnú chun cinn ar an Epsom Derby. Bhí Seán Denvir linn ag plé cúrsaí peile agus bhí Cian McBride ag caint ar an gcluiche mór idir Baile Átha Cliath agus Uíbh Fhailí.

Jun 1, 20181h 8m

Clár 15 - 2018 - Raidió na Life

Thug muid cuairt ar Mharcus Ó Buachalla an tseachtain seo ag HQ Leinster agus iad ag fáil faoi réir do chluiche ceannais Pro 14. Labhair muid le Dessie Mone a raibh sár cluiche aige do Mhuineacháin i gcoinne Thír Eoghan, agus bhí Fiachra Ó hEochaidh linn ag plé an Champions League

May 25, 20181h 9m

Clár 14 - 2018 - Raidió na Life

Iarimreoir Dhún na nGall agus sean underdog Rónán Mac Niallais ag caint ar chúrsaí peile. Brian Barry ó SkySports sa stiúideo agus Jeff Neville ó The Loose Head ag plé cluiche mór rugbaí na deireadh seachtaine.

May 18, 20181h 13m

Clár 13 - 2018 - Raidió na Life

Lán go béal ar an clár an tseachtain seo, bhí Brian Ó Rourke ó Cricket Ireland ag plé Cluiche mór Test na hÉireann don chéad uair riamh. Bhí Gizzy Lyng linn agus craobh Laighean ag tosú ar an Sathairn, bhí Fiachra Breathnach air-imreoir Na Gaillimhe ag caint ar chluiche móra peile idir Maigh Eo agus Gaillimh. Bhí imreoir acadamh Chonnachta Colm De Buitléar ag labhairt ar chluiche Ceannais Na hEorpa idir Laighean agus Racing

May 11, 201855 min

Clár 12 - 2018 - Raidió na Life

Ar clár na seachtaine seo bhí Máire Ní Bhraonáin, anailísí TG4, ag plé scéalta spórt na seachtaine agus cluichí ceannais sraithe Lidl. Bhí Cian Ó Conaill linn ó GAA.ie ag plé tús Craobh Chonnachta agus Corn Seosamh Mhic Dhonnacha.

May 4, 201858 min

Clár 11 - 2018 - Raidió na Life

Ar an gclár linn an tseachtain seo bhí Aidan Fitzmaurice ag plé Sraith na Seaimpíní, bhí Declan Marron linn ag tabhairt tip nó dhó ag praghsanna móra do Fhéile Rásaíochta Bhaile Phúinse agus bhí Jeff Neville linn ó The Loose Head ag plé scéalta móra rugbaí na seachtaine.

Apr 27, 20181h 1m

Clár 10 - 2018 - Raidió na Life

Bhí plé ar chluichí leathcheannais Sraith Peil na mBan Lidl an tseachtain seo. Bhí an Craoltóir agus Iriseoir Spóirt Máire Treasa Ní Cheallaigh sa stiúideo linn chomh maith le hiarimreoir na Gaillimhe Máire Ní Bhraonáin. Labhair muid le lán chúlaí na Gaillimhe Sarah Ní Loinsigh chomh maith roimh cluiche i gcoinne Baile Áth Cliath. Chaith Cárthach agus Máire Treasa súil ar chluichí Leath Cheannais an Champions Cup chomh maith.

Apr 20, 201857 min

Clár 9 - 2018 - Raidió na Life

Bhí An Champions League á bplé againn le Fiachra Ó hEochaidh agus plean St Pats páirc nua a thógáil, chomh maith bhí Daragh Ó Conchúir linn ón Irish Field ag caint ar an Grand National in Aintree.

Apr 13, 201856 min

Clár 8 - 2018 - Raidió na Life

An tseachtain seo bhí imreoir peile Bhaile Átha Cliath Sinéad Finnegan ag caint faoi bhua na bliana seo caite agus an bhliain seo teacht, freisin bhí Peadar Óg Ó Gríofa linn caint faoi chúrsaí peile agus bhí Paul Flanagan linn ag breathnu chun cinn ar chluiche ceannas sraithe iomána an deireadh seachtaine.

Apr 6, 201854 min

Clár 7 - 2018 - Raidió na Life

An tseachtain seo ar an gclár bhí muid ag caint le seaimpín uile Éireann Martín Mullkerrin faoina bhua stairiúil agus na cluichí domhanda atá ag teacht aníos, chomh maith le sin bhí Brian Darby linn ag plé na cluichí ceannais sraithe agus bhí Féilim Mac an Iomaire linn chomh ag breathnú ar chluichí móra iománaíochta agus rugbaí na deireadh seachtaine.

Mar 30, 20181h 1m

Clár 6 - 2018 - Raidió na Life

An tseachtain seo bhí Donie Breathnach linn sa stiúideo, fear a chaith geansaí Phort Láirge sa Pheil agus san iomáint. Bhí Donie, Cárthach agus Cian, ag déanamh cíoradh ar mhór chluichí na deireadh seachtaine i Roinn 1,2,3 agus 4 sa pheil, agus cluichí móra iomána. Bhí Darragh Ó Brien, peileadóir Cheatharlach, linn agus é ag caint faoin ardú céime atá bainte amach acu , ag dul suas go Roinn 3 don chéad uair le 33 bliain.

Mar 22, 20181h 1m

Clár 5 - 2018 - Raidió na Life

An tseachtain seo bhí Cárthach agus Cian ag plé cluiche mór Rugbaí na seachtaine, bhí Paddy Ó Gríofa ó RTÉ RnaG leo ag plé Cluichí ceannais club , agus labhair muid le captaen Sleachtnéil Aoife ní Chaisaide agus iad ag imirt i gcluiche ceannais sinsir camogie ar an Domhnach

Mar 16, 20181h 9m

Clár 4 - 2018 - Raidió na Life

Clár speisialta ar Cheltenham 2018 le Daragh Ó Conchúir iriseoir leis an Irish Field agus Manus Ó Conghaile anailíse le RTÉ RnaG agus TG4 ar an gclár le Cárthach agus Cian, agus iad ag déanamh cíoradh ar fhéile Cheltenham atá ag tosú an Mháirt seo chugainn. Phlé siad rásaí móra na seachtaine an Champion Hurdle, Champion Chase an Stayers Hurdle agus dár ndóigh rása mór na seachtaine an Gold Cup. Neart leideanna agus tips acu an tseachtain seo chomh maith ó mhuintir Bhaile Áth Cliath agus Cian ag caint le roinnt daoine faoi céard a cheap siadsan de Cheltenham.

Mar 9, 201853 min

Clár 3 - 2018 - Raidió na Life

Bhí Brian Barry ó Pundit Arena ar ais sa stiúideo an tseachtain seo agus iad ag plé scéalta spóirt na seachtaine, labhair siad ar céard é an " People's Game" in Éireann agus scéalta sacair na seachtaine. Chaith siad súil ar chluichí móra CLG na seachtaine chomh maith. Bhí Cian De Buitléar leo agus iad ag déanamh cuir síos ar chluiche mór Rugbaí na Deireadh seachtaine , agus an fhoireann a roghnaigh Joe Smchidt mar ábhar cainte acu.

Mar 9, 201852 min

Clár 2 - 2018 - Raidió na Life

An tseachtain seo ar an spota dubh in éineacht le Cárthach agus Cian bhí anailísí agus iar-imreoir do fhoireann na Gaillimhe, Máire Ní Bhraonáin ag plé Sraith Lidl agus Sraith Allianz, fear a bhuach dhá chorn Fitzgibbon le Mary I, Maidhc Ó Conghaile ag plé na cluichí móra iománaíochta atá ag teacht aníos agus chomh maith le sin Jeff ó The Loose Head ag déanamh dearmad ar ghortú an-tábhachtach d'fhoireann na hÉireann!

Feb 23, 201855 min

Clár 1 - 2018 - Raidió na Life

An tseachtain seo bhí Fiachra Ó hEochaidh linn sa stiúideo ag plé Sraith na Seaimpíní agus an tSraith Airtricity. Chomh maith le sin bhí Seán Mulkerrin ag caint le Carthach tar éis cluiche NUIG in aghaidh DIT agus bhí Gary Brennan ag ple chuile rud ó philates do peil ar an Spota Dubh.

Feb 16, 20181h 3m