
Splanc
692 episodes — Page 7 of 14
AI: an bhfuilimid go mór i dtrioblóid?
Labhraímid le hAndy Caomhánach (Comhairleoir ríomhaireachta agus Léachtóir i dTeicneolaíocht na Faisnéise in Ollscoil na Gaillimhe) faoi na bealaí a bhfuil intleacht shaorga ag déanamh dochar do dhaoine. Tags: artificial intelligence, ChatGPT, Gemini, Grok, Mark O'Connell, Fintan O'Toole, the Ringer, Brian Phillips
Moltaí na Seachtaine 11/7
Labhraíonn Cuán faoi cad ba cheart daoibh a léamh, breathnú air agus éisteacht leis an tseachtain seo.
Stair na gCluichí Gaelacha
Agus muid ag tnúth le cluichí ceannais na hÉireann, labhraímid lenár staraí Cúán de Búrca mar gheall ar stair na gcluichí Gaelacha agus an tábhacht cultúrtha a bhaineann leo. Tags: CLG, GAA, peil, iománaíocht, camógaíocht, Gaelic football, hurling, camogie, history
Spóirt: Ballaí íocaíochta, na meáin agus Ben Healy
Labhraímid le Daragh Ó Conchúir mar gheall ar bhallaí íocaíochta (paywalls) i spóirt éagsúla, imreoirí nach bhfuil ag iarraidh labhairt leis na meáin, na cluichí móra CLG ag an deireadh seachtaine agus bua ag Ben Healy i gcéim Tour de France. Tags: CLG, GAA, peil, iománaíocht, camógaíocht, Gaelic football, hurling, camogie, rothaíocht, cycling, sports, media days

Scéalta: Rachel Reeves, agóidí agus rás Uachtaránachta
Labhraímid le hUrsula Ní Shabhaois mar gheall ar pholaiteoirí ag gol, cad is agóid mhaith ann agus easpa iarrthóirí don rás Uachtaránachta.
Lá Neamhspleáchais Mheiriceá
Cén tábhacht a bhaineann le neamhspleáchas Stáit Aontaithe Mheiriceá anois? Agus cad atá athraithe ann le 250 bliain anuas? Pléimid é seo le hÚna Ní Bhroiméil.
Moltaí na Seachtaine 4/7
Labhraíonn Cuán faoi cad ba cheart daoibh a léamh, breathnú air, éisteacht leis agus dul chuige an tseachtain seo.

Cad iad na ceolchoirmeacha is fearr in Éirinn i mbliana?
Labhraímid le Sinéad Ní Scolaí faoi cheolchoirmeacha an tsamhraidh go dtí seo agus na cinn is mó atá fós le teacht.
Spóirt Mheiriceá
Labhraímid le James Ó Flatharta faoin bhfás atá tagtha ar spóirt Mheiriceá.
Spóirt: Craobhacha na hÉireann agus Wimbledon
Labhraímid le Daragh Ó Conchúir faoi Wimbledon, bainisteoirí sa pheil agus cluichí leath cheannais agus ceathrú ceannais CLG ag an deireadh seachtaine.
Scéalta: Víosaí J1, Bezos agus conas BÁC a fhorbairt
Labhraímid le hEmmet Ryan faoi na hathruithe ar víosaí J1, bainis Bezos i Venice agus na pleananna atá á gcur chun cinn chun forbairt a dhéanamh ar an bpríomhchathair.
An bhfuil an 3ú Cogadh Domhanda seachanta?
Labhraímid le Frank Reidy (Iar-Cheannfoirt Airm) mar gheall ar an gcogaíocht idir Iosrael, an Iaráin agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus an sos cogaidh a fógraíodh eatarthu an tseachtain seo.
SEAS 25: Oideachas, Tithíocht agus Cáinaisnéis 2026
Labhraímid le Julian de Spáinn (Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge) faoi SEAS 25 agus na nithe atá ag teastáil i gcúrsaí oideachais, i gcúrsaí tithíochta agus sa Cháinaisnéis i mbliana don Ghaeilge.
Moltaí na Seachtaine 27/6
Pléann Cuán na nithe ar cheart daoibh a léamh, breathnú orthu, éisteacht leo nó dul chucu an tseachtain seo.
Anailís Albaim: Summer Days (And Summer Nights!!) le The Beach Boys
I gcuimhne ar Brian Wilson, pléimid an t-albam Summer Days (And Summer Nights!!) ó The Beach Boys le hEmma Ní Chearúil.
Spóirt: BÁC san iomáint, cluichí Ceathrú Ceannais sa pheil agus Damien Duff
Labhraímid le Daragh Ó Conchúir faoin tseans atá ag Baile Átha Cliath i gcoinne Chorcaí san iomáint, Dún na nGall míshona faoi easpa laethanta idir chluichí, Damien Duff imithe ó Shelbourne agus iomaitheoirí na hÉireann san Irish Derby.

Scéalta: Slane, sábháilteacht ar líne agus Euromillions
Labhraímid le Rónán Ó Muirthile faoi bhás Henry Mount Charles, na deacrachtaí atá ag tuismitheoirí le páistí a choimeád sábháilte ar líne agus €250 milliún buaite ag duine in Éirinn.

Bród: An bhfuil an saol ag feabhsú do dhaoine aiteacha?
An bhfuil ag éirí le Bród a spriocanna a bhaint amach? Nó an bhfuil an iomarca pinkwashing ar bun ag comhlachtaí móra? Agus conas a théimid i ngleic le trasfhóibe? Labhraímid le Cúnla Morris mar gheall ar mhí an Bhróid agus na nithe atá fós le feabhsú don phobal LADTA.
Moltaí na Seachtaine 20/6
Labhraíonn Cuán faoi na nithe ar cheart daoibh a léamh, breathnú orthu, éisteacht leo nó dul chucu an tseachtain seo.
Scannáin: Mountainhead, 28 Years Later agus trilogies
Buaileann Conall Mac Dhonnagáin isteach le labhairt faoi Mountainhead ar NowTV/HBO, 28 Years Later agus na trilogies is fearr riamh.
Spóirt: Athrú ar rialacha peile, spreagadh agus tionchar na mbuanna ar fhoireann Laighean
Labhraímid le Daragh Ó Conchúir faoi rialacha á n-athrú sa pheil i lár Chraobhchomórtas na hÉireann, an bealach a mbíonn deacracht ag pearsaí spóirt áirithe len iad féin a spreagadh agus an tionchar a imreoidh bua Laighean i gcoinne na Bulls ar an bhfoireann.

Proinsias de Poire, Príomhoide Choláiste Eoin ag dul ar scor
Labhraímid le Proinsias de Poire, Príomhoide Choláiste Eoin agus é ag dul ar scor i mbliana, faoi na cuimhní is deise atá aige óna shaol sa scoil agus lasmuigh de.

Club Leabhar: 'Burn Them Out!'
Pléimid 'Burn Them Out! A History of Fascism and the Far-Right in Ireland' (scríofa ag Pádraig Óg Ó Ruairc) lenár saineolaí leabhar, Rónán Mistéil.

Féilte samhraidh agus Dopa-Mean Girl i nDún Éideann
Labhraímid le Louisa Ní Éideáin faoi fhéilte samhraidh agus faoina seó, Dopa-Mean Girl, a bheidh ar an stáitse ag Fringe Dhún Éideann. Is féidir ticéid a cheannach ag dopameangirl.ie
Scéalta: Ardteist, gunnaí agus dróin
Pléimid scrúduithe Ardteiste, dlithe in Éirinn mar gheall ar ghunnaí agus dróin seachadta ag cur isteach ar dhaoine le Caoimhe Ní Mhaolaí.

Mara Duit
Labhraímid le Póilín Nic Géidigh faoi Mara Duit, a comhlacht nua le hearraí i nGaeilge. Is féidir na hearraí a fheiceáil ar maraduit.com nó ag @maraduit ar na meáin shóisialta.

Tithe agus Bloc Eolaíochta á thógáil i Zambia
Tá Culainn O'Keeffe agus dream déagóirí ó chlub CLG Chuala ag taisteal go Zambia le tithe agus bloc eolaíochta á thógáil. Labhraímid leis agus é ag ullmhú le himeacht.
Moltaí na Seachtaine
Labhraíonn Cuán faoi na nithe ar cheart daoibh a léamh, breathnú orthu, éisteacht leo nó dul chucu an tseachtain seo.

Taylor Swift agus ceolchoirmeacha
Labhraímid le Seán Ó Dubhchon faoi Taylor Swift ag fáil cearta dá cuid amhrán ar ais agus na ceolchoirmeacha is deise a rachadh sé siar chucu.

Spóirt: URC, Iománaíocht agus Sacar na mBan
Labhraímid le James Ó Flatharta faoi Lancaster ina bhainisteoir ar Chúige Chonnachta, Luimneach agus Corcaigh san iománaíocht agus bua fhoireann na hÉireann i gcoinne na Slóivéine i sacar na mban.
Scéalta: Éide Scoile, morgáistí 100% agus AI
Labhraímid le hAisling Ní Bhrádaigh (Ceannasaí Cumarsáide le Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn) faoi rialacha maidir le héide scoile, an seans go dtiocfaidh morgáistí 100% ar ais in Éirinn agus intleacht shaorga ag leibhéal na hEorpa.
Cén fáth a bhfuil Trump ag díriú ar Harvard?
Labhraímid le hIseult O'Callaghan (Dlíodóir le Máistreacht sa Dlí ó Harvard) faoi dhaltaí idirnáisiúnta i Harvard a bheith i mbaol agus cén fáth a bhfuil Trump dírithe ar an ollscoil áirithe sin.
Moltaí na Seachtaine
Cad ba cheart dúinn breathnú air, éisteacht leis nó dul chuige? Roinneann Cuán a chuid moltaí daoibh don tseachtain seo.
Ar cheart dúinn na Normannaigh a chomóradh?
Labhraímid le Cúán de Búrca (Láithreoir le Raidió na Life agus Dúchas ar Raidió Rí-Rá) faoi na Normannaigh agus faoi ar cheart dúinn comóradh nó ceiliúradh a dhéanamh ar chodanna conspóideacha den stair.
Spóirt: Craobhacha na hÉireann faoi lánseoil agus tubaiste i Learpholl
Pléimid an chéad bhabhta de Chraobh na hÉireann sa pheil, an dara babhta den Chraobh camógaíochta ag an deireadh seachtaine agus an tubaiste ag paráid i Learpholl le Daragh Ó Conchúir (Tuairisceoir spóirt).
Scéalta: Iosrael, Mo Chara sa chúirt agus galtoitíní
Labhraímid le Katie Whelan faoi hyrox, vapes, Iosrael agus eile.
Teacht Aniar le Diarmuid Lyng
Labhraímid le Diarmuid Lyng faoi Teacht Aniar, ionad cultúrtha agus teanga a bhfuil maoiniú á lorg aige chun é a bhunú.
Moltaí na Seachtaine
Tugann Cuán a chuid moltaí le haghaidh nithe ar cheart éisteacht leo, breathnú orthu nó dul chucu an tseachtain seo.
Iompar ag ceolchoirmeacha
Tagann Conall Mac Dhonnagáin isteach sa stiúideó le labhairt faoi drochiompar ag ceolchoirmeacha agus na ceolchoirmeacha ar bhreá leis dul siar chucu.
Spóirt: Skorts, Tottenham agus sacar na hÉireann
Labhraíonn Daragh Ó Conchúir faoin vóta ar skorts agus scéalta spóirt eile na seachtaine.

Mórscéalta: Eitleán nua Trump, Pápa nua agus Taco Bell
Labhraímid le hEoin Ó Catháin faoin eitleán atá Trump ag fáil ó Qatar, coimeádaigh ag éirí míshásta faoin bPápa nua agus Taco Bell ag teacht go hÉirinn.
University Challenge: Oscar Despard
Labhraímid le hOscar Despard, Captaen fhoireann Christ's College Cambridge a bhuaigh University Challenge.
Anailís Albaim: Stankonia
Labhraímid le hEmma Ní Chearúil faoi Stankonia ó Outkast, a cuireadh sa Rock n Roll Hall of Fame le déanaí.
Spóirt: Peil iontach agus Rachael Blackmore ag éirí as
Labhraímid le Daragh Ó Conchúir faoi chraobhacha iontacha peile, Rachael Blackmore ag éirí as agus deireadh le clár rugbaí 7s na bhfear.
Mórscéalta: Skorts, Eoraifís agus tsar tithíochta
Labhraímid le Gráinne Ní Aodha faoi agóidí i gcoinne skorts sa chamógaíocht agus i gcoinne Iosrael ag an Eurofís, chomh maith leis an titim amach mar gheall ar ról agus pá don tsar tithíochta.
Reic 10 mbliana ar an bhfód
Labhraímid le Ciara Ní É, Bunaitheoir Reic, faoin oíche filíochta ó bhéal a bheith ar an bhfód ar feadh 10 mbliana agus faoin imeacht a bheidh acu sa Briery Gap i gCorcaigh ar an 16ú Bealtaine.
Leabhair: Burn After Reading agus Fun and Games
Labhraímid le Katelynn Hayes faoi dhá leabhar - Burn After Reading le Catherine Ryan Howard agus Fun and Games le John Patrick McHugh - agus faoi bheith ag léamh i ré na meán sóisialta.
Spóirt: Skorts agus deis caillte ag Laighean
Pléimid na hagóidí i gcoinne skorts sa chamógaíocht agus cailliúint Chúige Laighean i gcoinne Northampton sa rugbaí le Daragh Ó Conchúir.
Splanc Scéalta: Kneecap, briseadh cumhachta agus Ceanada
Labhraímid le Dr Katie Whelan faoi ráitis Kneecap, briseadh cumhachta sa Spáinn agus sa Phortaingéil agus toghchán Cheanada.

Cén áit in Éirinn ar cheart duit dul?
Labhraímid le Jamie Ó Flannúra faoi na háiteanna is fearr le cuairt a thabhairt orthu i rith an tsamhraidh.