
Splanc
692 episodes — Page 5 of 14
Splanc Gnó: 'Mara Duit' le Póilín Nic Géidigh
Labhraíonn Póilín Nic Géidigh le Cuán faoina gnó 'Mara Duit', an t-aitheantas iontach atá faighte ag an gnó, agus na hearraí álainn atá ar díol aici.
Splanc Mínithe: 'An Seol Atá Fút' le hAnnemarie Nugent
Labhraíonn Annemarie Nugent faoina úrscéal nua 'An Seol Atá Fút' agus a aistear scríbhneoireachta.
Splanc Spórt
Labhraíonn Daragh Ó Conchúir le Cuán faoi scéalta spóirt na seachtaine, agus neart le plé acu faoi chúrsaí peile agus rugair.
Splanc Moltaí
Tá moltaí iontacha ag Cuán an tseachtain seo, idir scannáin iontacha atá ag teacht amach, sraith sci-fi nua ar an teilifís, ceol ó leithidí Ye Vagabonds agus clasaicí ceoil a bhaineann le hItalia 90, agus neart eile.
Splanc Scéalta
Labhraíonn Emmet Ryan le Cuán faoi Troy Parrott, Sports Tech, Pascal Donohue ag fágáil, S.A.D. (Seasonal Affective Disorder) agus margaidh na Nollag.
Splanc Ceol: The Gladstone Band
Cuireann Cuán aithne ar The Gladstone Band, atá ag déanamh gig i Whelan's ar an 16 Nollaig, agus cloisimid blaiseadh álainn de cheol féinchumtha s'acu, beo i Stiúideó Splanc.
Splanc Spórt
Labhraíonn Daragh Ó Conchúir le Cuán faoi scéalta spóirt na seachtaine, an pheil agus an rugair ina measc, agus an méid atá á dhéanamh ag foirne na Éire go hidirnáisiúnta.
Splanc Mínithe: Siompósiam ar Fhoréigean Inscne
Labhraíonn Seán Mac Risteaird agus Síobhra Aiken le Cuán faoi shiompósiam atá á reachtáil ar Fhoréigean Inscne i Litríocht na Gaeilge i mBéal Feirste.
Splanc Moltaí
Roinneann Cuán moltaí na seachtaine linn, idir leabhair, ceol, scannain, teilifís agus neart eile.
Splanc Scéalta
Labhraíonn Eoin Ó Catháin le Cuán faoi scéalta na seachtaine - neodracht na meáin? Trump agus Syria; an bhfuil an Gaeilge hip? agus cíos i mBaile Átha Cliath.
Splanc Scéalta: Séamus na Gaeilge
Labhraíonn Séamus Ó Fianghusa, nó 'Seámus na Gaeilge', le Cuán faoina shaol ag fás aníos i mBrooklyn, an teanga a fhoghlaim, a thaithí in airm Mheiriceá, seal mar shaighdiúr san Afghanistan agus a shaol go dtí seo.
Splanc Spórt: Mount Rushmore Rugbaí
Labhraíonn James Ó Flatharta le Cuán faoi spórt na seachtaine agus roghnaíonn sé a Mount Rushmore rugbaí na hÉireann.
Splanc Mínithe: Cúrsaí timpeallachta
Labhraíonn Jack Trá Ó Donnabháin le Cuán faoina chuid oibre le Fair Seas, cúrsaí mara agus timpeallachta.
Splanc Moltaí
Roineann Cuán a chuid moltaí don tseachtain seo, sraitheanna agus scannáin ábhartha, ceol, leabhair agus eile.
Splanc Scéalta: State of the Union
Faighimid léargas cuimsitheach ó Ghráinne Ní Aodha faoin toghchán uachtaránachta, cá seasann na páirtithe pholaitíochta ar fad, cé hiad an eite chlé agus an eite dheis, agus cad atá romhainn mar thír.
Splanc 'Albam Claisiceach': Rumours le Fleetwood Mac
Pléann Seán Ó Dubhchon agus Cuán an 'ultimate break-up album' - Rumours le Fleetwood Mac - mar an 'Albam Claisiceach' ar Splanc.
Splanc Spórt: Mount Rushmore Iomanaíochta
Labhraíonn Daragh Ó Conchúir le Cuán faoi scéalta spóirt na seachtaine agus roinneann sé a Mount Rushmore iománaíochta.
Splanc Mínithe: Off The Scéal
Labhraíonn Ola Majekodunmi le Cuán faoin oíche cultúrtha nua 'Off The Scéal' a thugann deis do scríbhneoirí a gcuid saothar a roinnt ar an ardán.
Splanc Mínithe: Scéal.ie
Labhraíonn Fionnuala Ní Uallacháin le Cuán faoi Scéal.ie.
Splanc Moltaí
Faighimid moltaí iontacha ó Cuán, idir scannáin, cláir theilifíse, leabhair, ceol agus eile.
Splanc Comhrá
Téann Richie Conroy i mbun comhrá le Cuán faoin méid atá bainte amach aige mar scríbhneoir scripte agus leabhair, a haistear iontach go dtí seo agus a chlár nua 'Leonard and Hungry Paul'.
Splanc Scéalta
Labhraíonn Emmet Ryan le Cuán faoi scéalta móra na seachtaine - tacsaithe gan tiománaithe, saoirse cainte nó buairt masla, dodgy boxes, vótaí loitithe agus go leor eile.
Splanc Mínithe: Nósanna Oíche Shamhna
Labhraíonn Aedín Ní Thiarnaigh le Cuán faoi nósanna Oíche Shamhna in Inis Meáin agus cé chomh tábhachtach is atá Oíche Shamhna anseo in Éirinn.
Splanc Spórt
Labhraíonn Daragh Ó Conchúir le Cuán faoi scéalta spóirt na seachtaine agus roghnaíonn sé a Mount Rushmore d'imreoirí Pheil na mBan,
Splanc Mínithe: Saol mar TD neamhspleách agus an flotilla go Gaza
Labhraíonn Barra Ó hÉineacháin le Cuán faoina shaol mar TD neamhspleách agus faoina thaithí ar an flotilla go Gaza.
Splanc Moltaí
Tá réimse iontach moltaí ag Cuán daoibh an tseachtain seo, idir leabhair, scannáin, áiteanna le dul agus go leor eile.
Splanc Scéalta
Labhraíonn Eoin Ó Catháin le Cuán faoi scéalta móra le leabhair na bliana seo, faoin bPrionsa Aindriú agus an teaghlach ríoga, agus faoin heist mór sa Louvre.
Splanc Spórt
Labhraíonn Daragh Ó Conchúir le Cuán faoi scéalta móra spóirt na seachtaine, an rugair, agus a Mount Rushmore de na peileadóirí Gaelacha is fearr.
Splanc Siamsaíocht
Labhraíonn Conall Mac Dhonnagáin le Cuán faoi na scannáin is fearr i láthair na huaire agus a 'Top 5' scannán uafáis is fearr riamh.
Splanc Moltaí
Faighimid moltaí na seachtaine ó Chuán, idir leabhair, scannáin agus ceol, agus béim aige ar cheol ina bhfuil sampláil déanta.
Splanc Scéalta
Pléann Gráinne Ní Aodha scéalta móra na seachtaine - an rás uachtaránachta, Gaza, ChatGPT agus an méid atá ráite ag an Pápa faoi 'clickbait' agus iriseoireacht.
Splanc Mínithe - Rom Coms
Le Diane Keaton imithe ar shlí na fírinne, labhraíonn Louisa Ní Éideáin faoi 'rom-coms' agus roinneann siad beirt a 'Top-5' scannán 'rom-com'.
Splanc Mínithe - Micil Gin
Labhraíonn Pádraic Ó Griallais le Cuán faoina ghnó - an drioglann 'Micil Gin'-, faoin ngnó a fhás agus a thaithí le 10 mbliana ó d'oscail siad a ndoirse.
Splanc Spórt
Labhraíonn Daragh Ó Conchúir le Cuán faoi na Enhanced Games, spórt na seachtaine, agus roinneann sé a 'Mount Rushmore' Iománaíochta.
Splanc Moltaí
I measc na moltaí iontacha atá ag Cuán an tseachtain seo, tá ceol ó Taylor Swift agus Olivia Dean, leabhair Mhanchain Magan, an leabhar 'I Regret Almost Everything', Keeping Up Appearances, agus go leor eile.
Splanc Mínithe - 'Notions'
An bhfuil nóisin againn? Fiosraíonn Cuán agus Seán Ó Dubhchon an cheist agus iad ag tabhairt súil siar ar an tionchar a bhí ag an tsraith 'Keeping Up Appearances'. Déanann siad neart comhrá faoi cuid de na nóisin is mó atá againn in Éirinn.
Splanc Ceol - 'Life of a Showgirl'
Labhraíonn Rút Ní Theimhneáin le Cuán faoi albam nua Taylor Swift, fiosraíonn siad cá bhfuil sí faoi láthair, agus briseann siad síos na hamhráin ar fad.
Splanc Mínithe - Maratóin
Labhraíonn Colm Ó Donnachadh le Cuán faoina thaithí ag traenáil do mharatóin agus tugann sé léargas agus moltaí dúinn ar na bealaí is fearr le hullmhúchán a dhéanamh.
Splanc Spórt
Labhraíonn Daragh Ó Conchúir le Cuán faoi spórt na seachtaine agus faighimid amach faoi cé atá roghnaithe ag Daragh ar 'Mount Rushmore Caide na hÉireann'.
Splanc Nuacht
Labhraíonn Aisling Ní Bhrádaigh le Cuán faoi scéalta na seachtaine, an rás uachtaránacha agus go leor eile.
Splanc Moltaí
Tugann Cuán a chuid moltaí dúinn don tseachtain seo, agus rogha iontach aige maidir le leabhair, scannáin, cláir theilifíse, ceol, áiteanna le dul agus eile.
Splanc Moltaí
Tugann Cuán a chuid moltaí dúinn don tseachtain seo, agus rogha iontach aige maidir le leabhair, scannáin, cláir theilifíse, ceol, áiteanna le dul agus eile.
Splanc Spórt
Déanann Cárthach Bán Breathnach cur síos ar na rudaí gur chor don CLG a dhéanamh anois, i ndiaidh an NFL a bheith i bPáirc an Chrócaigh; tá díospóireacht iontach faoi bhéasaí lucht leanúna sa spórt; agus faighimid amach cé hiad an ceathrar ar Mount Rushmore Spórt na hÉireann Chárthaigh.
Splanc Scéalta
Labhraíonn Ursula Ní Shabhaois le Cuán faoi scéalta móra na seachtaine. An bhfuil Baile Átha Cliath sábháilte mar chathair? Ar chor thithíocht níos saoire a chur ar fáil d'oibrithe bunraichtanacha? An bhfuil gach guth le clos sa toghchán uachtaránachta? Cá seasann Keir Starmer agus Páirtí an Lucht Oibre i Sasana? Sin na ceisteanna a bheidh a fhreagairt.
Splanc Mínithe - Taisteal
Tá ár saineolaí taistil agus turasóireachta Jamie Ó Flannúra le Cuán, ag míniú cad iad na rudaí is fearr faoi bheith ar shaoire sa bhaile in Éirinn, cad a theastaíonn uaidh ar shaoire agus roinnt moltaí ó Chiarraí, Maigh Eo agus Sligeach.
Splanc Mínithe - 'The Gaeilge Guide'
Labhraíonn Mollie Guidera le Cuán faoina leabhar 'The Gaeilge Guide: Spark Your Connection to the Irish Language and Legacy', na ranganna a chuireann sí ar fáil agus an pobal foghlaimeoirí atá cruthaithe agus neartaithe aici anseo in Éirinn agus thar lear.
Splanc Mínithe - Cothú agus Nósanna Bia
Déanann kate McDaid an-chur síos ar oidis agus nósanna bia a chabhróidh linn corp agus inchinn níos slántiúla a bheith againn agus tugann sí dúshlán do roinnt de na miotais a bhaineann le bia agus nósanna bia.
Splanc Spórt
Pléann Daragh Ó Conchúir scéalta spóirt na seachtaine agus tá neart díospóireachta faoi na laochra spóirt is fearr sa tír.
Splanc Scéalta
Labhraíonn Emmet Ryan le Cuán faoin NFL i mBaile Átha Cliath, míthuiscintí agus easpa eolais ag polaiteoirí mar gheall ar uathachas, an rás uachtaránachta in Éirinn, Shakespeare ar an ardteistiméireacht agus moladh dí againn dúinn freisin.
Splanc Mínithe: The Traitors
Labhraíonn Niall Mac Eoghain, duine de na ‘Faithfuls’ ó ‘The Traitors’ ar RTÉ, le Cuán faoina thaithí ar an tsraith, agus faoin tionchar a bhí ag an gclár air.