
Splanc
692 episodes — Page 6 of 14
Splanc Mínithe: The Traitors
Labhraíonn Niall Mac Eoghain, duine de na ‘Faithfuls’ ó ‘The Traitors’ ar RTÉ, le Cuán faoina thaithí ar an tsraith, agus faoin tionchar a bhí ag an gclár air.
Splanc Nuacht
Labhraíonn Emmet Ryan le Cuán faoi Trump agus na meáin chumarsáide i Meiriceá, an t-athrú gearrthéarmach a tháinig ar cé hé nó hí an duine is saibhire ar an domhan, an Rás Uachtaránachta in Éirinn, an méid atá ag titim amach leis na Soc Dems, Na Traitors agus go leor eile.
Splanc Mínithe: Éire sa Eoraifís
Labhraíonn Neil Farren le Cuán faoin gcinneadh atá glactha ag Éire (thar ceann RTÉ), an Spáinn agus an Ísiltír diúltiú bheith sa Chomórtas Eoraifíse an bhliain seo chugainn, má ligtear don Iosrael bheith san iomaíocht.
Splanc Spórt
Labhraíonn Daragh Ó Conchúir le Cuán faoi scéalta spóirt na seachtaine, bua ag An Ghaeltacht, dornálaíocht, rásaíocht agus go leor eile.
Splanc Mínithe: Iriseoireacht trí Ghaeilge
Labhraíonn Conchubhair Ó Liatháin le Cuán faoina ról nua le Journal.ie agus faoin bhfás agus athrú atá tágtha ar na meáin trí Ghaeilge.

Scéalta le hEoin Ó Catháin: 3ú Cogadh Domhanda, Charlie Kirk agus Succession sa bhfíorshaol
Labhraímid le hEoin Ó Catháin faoi stampa Westlife, buairt faoi go bhféadfadh cogadh domhanda tarlú, marú Charlie Kirk agus an scéal is déanaí faoi na Murdochs.
Scannáin le Conall Mac Dhonnagáin: Mad Max agus Materialists
Buaileann Conall Mac Dhonnagáin isteach sa stiúideó le labhairt faoi bheith ag filleadh ar thraenáil iomrascála, an chéad scannán Mad Max ó 1979 agus conas a léirítear fadhbanna faoi íomhá coirp d'fhir i Materialists.
Moltaí na Seachtaine 12/9
Labhraíonn Cuán faoi na nithe ar cheart daoibh a léamh, breathnú orthu, éisteacht leo agus dul chucu an tseachtain seo.

Teilifís le Sinéad Ní Uallacháin: The Traitors
Labhraímid le Sinéad Ní Uallacháin faoin leagan Éireannach de The Traitors agus an misneach a fhaighimid as a bheith in ann cláracha teilifíse a phlé le daoine eile.
Spóirt le Daragh Ó Conchúir: Iománaíocht sa Rinn, daoine óga sa ghalf, sacar na hÉireann & Craobhacha Lúthchleasaíochta
Labhraímid le Daragh Ó Conchúir faoi bhua na Rinne sa Chraobh Idirmheánach Iománaíochta, lucht féachana óg ag breathnú ar Rory McIlroy sa ghalf, foireann sacar na bhfear ag cailliúnt i gcoinne na hAirméine agus lúthchleasaithe na hÉireann sna Craobhacha Domhanda.
An Córas Oideachais le Lelia Ní Chinnéide, Rónán Ó hIcí & Osgur Ó Ciardha
Cad a dhéanfá dá mbeifeá i d'Aire Oideachais? An bhfuil ár gcóras oideachais maith a dhóthain? Ar cheart deireadh a chur le hobair bhaile? Pléimid na ceisteanna seo le Lelia Ní Chinnéide (Iarmhúinteoir i Scoil Bhríde), Rónán Ó hIcí (Oifigeach Gaeilge Aontas Daltaí Iarbhunscoile na hÉireann) & Osgur Ó Ciardha (Bunaitheoir Fios Ceirde).
Moltaí na Seachtaine 5/9
Labhraíonn Cuán faoi na nithe ar cheart daoibh a léamh, breathnú orthu, éisteacht leo agus dul chucu an tseachtain seo.
Club Leabhar le Rónán Mistéil: I Regret Almost Everything
Labhraímid le Rónán Mistéil faoi leabhar nua Keith McNally, 'I Regret Almost Everything'.
Spóirt le Daragh Ó Conchúir: Jim Gavin don Áras & Eileen Gleeson v an FAI
Labhraímid le Daragh Ó Conchúir faoi Jim Gavin ag rith don Uachtaránacht agus cás Eileen Gleeson i gcoinne an FAI.
Scéalta le Gráinne Ní Aodha: Silly Season, Uachtaránacht & Deachtóireacht
An raibh "Silly Season" againn i mbliana? Cé atá ag rith don Áras? An deachtóir é Trump? Ar cheart do ghealltanas pósta Taylor Swift agus Travis Kelce a bheith ina cheannlíne nuachta? Cuirimid na ceisteanna seo ar fad ar Ghráinne Ní Aodha.
Cúram Leanaí le Julie Jay
Labhraímid le Julie Jay faoin deacracht atá ag tuismitheoirí teacht ar spásanna i naíonraí agus cúram leanaí i ndiaidh am scoile, chomh maith leis an mbealach a bhfuil sí féin ag dul i ngleic le filleadh ar an scoil mar mhúinteoir agus beirt pháistí óga aici.
Moltaí na Seachtaine 28/8
Labhraíonn Cuán faoi na nithe ar cheart daoibh a léamh, breathnú orthu agus éisteacht leo an tseachtain seo.

Fuirseoireacht & Fringe le Síomha Hennessy & Louisa Ní Éideáin
Labhraímid le Louisa Ní Éideáin agus Síomha Hennessy faoina seónna ag Fringe Bhaile Átha Cliath i mbliana, a gcuid taithí le Fringe Dhún Éideann roimhe seo agus a gcuid tuairimí faoi earnáil na fuirseoireachta trí chéile. Is féidir ticéid a cheannach le haghaidh 'Building Character' le Síomha Hennessy sa Grand Social ar an 11ú Meán Fómhair anseo: https://fringefest.ticketsolve.com/ticketbooth/shows/1173661631/events/428694307 Is féidir ticéid a cheannach le haghaidh 'PerfectionisTÁ' le Louisa Ní Éideáin i Smock Alley ón 16ú go dtí an 20ú Meán Fómhair anseo: https://fringefest.ticketsolve.com/ticketbooth/shows/1173661559/events/428693893
Spóirt le Daragh Ó Conchúir: Man United & bainisteoirí CLG
Labhraímid le Daragh Ó Conchúir faoi Man United ag streachailt arís agus bainisteoirí CLG idirchontae ag athrú.

Scéalta le hEmmet Ryan: Sióga, Wendy's agus Gavin Newsom
Labhraímid le hEmmet Ryan faoina chlár faisnéise 'Sióga' faoin gclub cispheile LADTA+ Shamrock Sióga, éide scoile, AI, Wendy's agus Taco Bell ag oscailt in Éirinn agus Gavin Newsom ag éirí níos fíochmhaire le Trump. Beidh Sióga ar taispeáint san Outhouse i mBÁC ag a 7pm inniu agus an clár ag dul amach (Dé hAoine 22 Lúnasa) agus is féidir breathnú air ar Youtube ag an nasc seo freisin: https://www.youtube.com/watch?v=wDtww-Wh3fw&ab_channel=BallinEurope
TG4 le Síomha Ní Ruairc
Fógraíodh sceideal nua TG4 ar an Luan - labhraímid le Síomha Ní Ruairc faoi na cláracha is mó a bhfuil sí ag súil leo chomh maith leis an bhfás atá tagtha ar Cúla4 le blianta beaga anuas.
Moltaí na Seachtaine 22/8
Labhraíonn Cuán faoi na nithe ar cheart daoibh a léamh, breathnú orthu agus éisteacht leo an tseachtain seo.

Arbh fhearr ceolchoirmeacha móra nó beaga? le Sinéad Ní Scolaí
Arbh fhearr leat freastal ar cheolchoirm i staid mhór nó in ionad níos lú? Pléimid an cheist seo le Sinéad Ní Scolaí.
Spóirt: Hurling For Cancer, Craobh Camógaíochta agus óráidí
An bhfuil maitheas leis na hóráidí a thugann na captaein i ndiaidh dóibh Craobh na hÉireann a bhuachaint? An bhfuil óráid ó chraobh ar leith a thaitin leat? Labhraímid le Daragh Ó Conchúir faoi seo, chomh maith le Hurling For Cancer, Cluiche Ceannais Chraobh Chamógaíochta na hÉireann, ainmneacha ar staid Oilimpeacha agus John Giles ag éirí as an gcraoltóireacht. Is féidir tacú fós le Hurling For Cancer ag an nasc seo: https://www.idonate.ie/p/event/HurlingForCancerresearch
Anailís Albaim: (Whats the Story) Morning Glory?
Roinn Conall agus Cuán a gcuid tuairimí maidir leis an dara albam de chuid Oasis sula ndeachaigh Conall len iad a fheiceáil i nDún Éideann an tseachtain seo caite.
Súil Siar - Anailís Albaim: Definitely Maybe
Táimid ar saoire an tseachtain seo ach éist siar le hanailís albaim ó Emma Ní Chearúil agus Cuán ón uair a ndeachaigh na ticéid ar díol!
Moltaí na Seachtaine 15/8
Táimid ar saoire an tseachtain seo ach tá moladh ag Cuán daoibh fós!
Scéalta: Metrolink v AI, listéire agus Sydney Sweeney
Buaileann Muiris Ó Cearbhaill isteach sa stiúideó le labhairt faoi Oasis, easpa téacsleabhar i nGaeilge, Dermot Desmond ag rá nár cheart Metrolink a thógáil, listéire, Daonlathaigh ag teitheadh Texas, fógra American Eagle le Sydney Sweeney agus 250 bliain ó rugadh Daniel O'Connell.
Mínithe: Tiarnaí talún v peataí
Labhraímid le Tessa Fleming faoi rialacha na dtiarnaí talún faoi pheataí agus cad is féidir le tionóntaí le peataí a dhéanamh faoi na rialacha céanna.
Moltaí na Seachtaine 8/8
Labhraíonn Cuán faoi na nithe ar cheart daoibh a léamh, breathnú orthu, éisteacht leo agus dul chucu an tseachtain seo.
Siamsaíocht: Léirmheas ar Oasis i Manchain
Labhraímid le Connlaith Ní Raifeartaigh, a d'fhreastail ar cheolchoirm Oasis i Manchain, áit arb as don bhanna.
Siamsaíocht: Margadh Disney agus WWE
Tagann Conall Mac Dhonnagáin isteach sa stiúideó le labhairt faoi scéalta iomrascála a thit amach le cúpla seachtain anuas, Disney agus ESPN ag ceannach cearta craolta Meiriceánacha ar 'Premium Live Events' de chuid WWE agus bás Hulk Hogan ina measc.
Spóirt: Imreoirí na bliana agus Craobh Camógaíochta
Labhraímid le Daragh Ó Conchúir faoi na himreoirí is fearr sa pheil agus san iománaíocht i mbliana, rialacha a d'fhéadfaí a athrú i bpeil na mban agus Cluiche Ceannais na hÉireann sa Chamógaíocht.
Splanc Nuacht
Tá Eoin Ó Catháin linn le labhairt faoi scéalta na seachtaine: amhrán nua CMAT, Eoin Hayes ar ais sna Soc Dems agus na taraifí ina measc.
Splanc Mínithe: Ciarraí Abú!
Gan amhras, is iad Ciarraí laochra an chaid agus Sam imithe ó dheas arís! Ach cad iad na bealaí eile ina bhfuil Ciarraí chun cinn ar gach chontae eile sa tír? Cé níos fearr ná an Kerry Cowboy é féin - Séaghan Ó Súilleabháin - le plé iontach a dhéanamh le Cuán faoin ábhar?
Splanc Moltaí
Tugann Cuán neart moltaí dúinn maidir le ceol, teilifís, leabhair, cá háit gur chor dúinn dul agus eile. Agus cad atá ar siúl le huachtar reoite? Téann Cuán siar ar bhóithrín na smaointe ag labhairt faoi na huachtar reoite is fearr a bhí ann ag fás aníos dó.
Splanc Mínithe: Dopamean Girl ag an 'Edinburgh Fringe'
Labhraíonn Louisa Ní Éideáin le Cuán, agus í ag an 'Edinburgh Fringe', áit ina bhfuil sí ag déanamh cónaitheacht lena seó stáitse Dopamean Girl.
Splanc Siamsaíocht: Breaking The Band
Labhraíonn Seán Ó Dubhchon le Cuán faoi 'Breaking The Band', cláir ceoil réaltachta nua ar Netflix. Cad a dhéanann banna maith? Gheobhaimid amach anseo.
Splanc Spórt
Ciarraí Abú! Bhí an 'Poc ar Buile' sa Ríocht agus an Sam Maguire imithe ó dheas. Cad a tharla do Dhún na nGall? Tugann Daragh Ó Conchúir agus Cuán súil siar ar Chluiche Ceannais na hÉireann.

Scéalta: Ozzy Osbourne, Plean Forbartha Náisiúnta agus Molly Malone
Labhraímid le hEmmet Ryan faoi bhás Ozzy Osbourne, €200 billiún fógartha don Phlean Forbartha Náisiúnta, comhaid Epstein, teannas faoi champa samhraidh i gCo an Dúin agus daoine ag cur lámh ar Molly Malone.

Superman nua
Tagann Conall Mac Dhonnagáin isteach sa stiúideó le labhairt faoin scannán nua Superman agus an eite dheis ag éirí feargach faoi.
Moltaí na Seachtaine 25/7
Labhraíonn Cuán faoi na nithe ar cheart daoibh a léamh, breathnú orthu, éisteacht leo agus dul chucu an tseachtain seo.
Folklore 5 bliana ar an bhfód
Tá Folklore le Taylor Swift 5 bliana ar an bhfód! Labhraímid le Rút Ní Theimhneáin faoin albam, faoin am ar eisíodh é agus faoin tionchar a bhí aige.
Spóirt: Craobh Peile na hÉireann agus Scottie Scheffler
Labhraímid faoi Chraobh Peile na hÉireann agus bua Scottie Scheffler san Open le Daragh O Conchúir.

Scéalta: Sos a thógáil, tithe tábhairne, AI agus rás Uachtaránachta
An bhfuilimid in ann sos a thógáil i rith an tsamhraidh a thuilleadh? Pléimid é seo, chomh maith le tithe tábhairne ag dúnadh, AI san iriseoireacht agus iarrthóirí do rás Uachtaránachta na hÉireann le Gráinne Ní Aodha.

Turasóireacht: An bhfuilimid ullamh don aimsir?
An bhfuil turasóireacht na hÉireann ag brath an iomarca ar an aimsir? Pléimid é seo le Jamie Ó Flannúra.
Moltaí na Seachtaine 18/7
Labhraíonn Cuán faoi na nithe ar cheart daoibh a léamh, breathnú orthu, éisteacht leo agus dul chucu an tseachtain seo.

Club Leabhar: The Thursday Murder Club
Pléimid The Thursday Murder Club (scríofa ag Richard Osman) lenár saineolaí leabhar, Rónán Mistéil.
Spóirt: Ben Healy, Scottie Scheffler agus Craobh Iománaíochta
Labhraímid le Daragh Ó Conchúir faoi Ben Healy sa gheansaí buí ag an Tour de France, ráiteas Scottie Scheffler ag an Open sa ghalf agus Cluiche Ceannais Iománaíochta na hÉireann.

Scéalta: Obama, árasáin agus Grok
Labhraímid le hEmmet Ryan faoi Obama sa 3Arena, árasáin ag éirí níos lú agus Grok ag rá rudaí frith-Ghiúdacha. Tags: planning permission, apartments, Fintan O'Toole, Twitter, Musk, the Ringer, Brian Phillips