PLAY PODCASTS
ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club

ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club

148 episodes — Page 3 of 3

Réics Carló ar Oileán Mhanann - Leabhar mhí an Mheithimh 2016 / Book of the Month - June 2016

[English version below] Ní bhíonn na coirpigh slán nuair a bhíonn bleachtaire áirithe sa chomharsanacht. Réics Carló – ní féidir é a stopadh! Ar saoire ar Oileán Mhanann a bhí sé, é féin, a iníon Fionnuala agus an Ruarcach, nuair a tharla dúnmharú. Fág faoi Réics é teacht ar an gcoirpeach. Láithreoir: Ian Ó Caoimh Aíonna: Caoimhe Nic Lochlainn and Róisín Adams [Leagan Gaeilge thuas] Criminals are not safe when a certain detective is around. Réics Carló - there is no stopping him. When on holidays with his daughter Fionnuala on the Isle of Man a murder occurred. Leave it to Réics to catch the murderer. Presenter: Ian Ó Caoimh Guests: Caoimhe Nic Lochlainn agus Róisín Adams

May 30, 201617 min

Dílis - Leabhar mhí na Bealtaine 2016 / Book of the Month - May 2016

[English version below] Bean dhílis tréigthe, bean eile ag dul i ngleic leis an éigniú agus fuadach a hóige, pacáistí rúnda agus fear ag saothrú anbháis. Tiomsaithe faoi chlúdach an leabhair seo tá scéal casta an ghrá, briseadh croí agus díoltas, bás agus buairt an tsaoil, soineantacht na hóige agus briseadh na soineantachta céanna. Is iomaí cor a chuireann an saol de agus is iomaí cor atá i ndán don léitheoir sa chnuasach ilghnéitheach seo. Láithreoir: Ian Ó Caoimh Aíonna: Máirín Nic Eoin agus Liam Mac Amhlaigh [Leagan Gaeilge thuas] These stories are grounded in everyday life, in its raw and tragic beauty. A loyal woman betrayed, another coming to terms with rape and her stolen childhood. Children carrying secret parcels and a man reflecting on his life as it comes to an end. In the pages of this book, readers will find love, heartbreak and revenge, death and sadness, the innocence of youth and the loss of that innocence. Sometimes life lifts us up. Sometimes it leaves us broken. Sometimes it does both. Presenter: Ian Ó Caoimh Guests: Máirín Nic Eoin agus Liam Mac Amhlaigh

Apr 26, 201618 min

Scáil an Phríosúin - Leabhar mhí Aibreáin 2016 / Book of the Month - April 2016

[English version below] Is é seo an tríú húrscéal bleachtaireachta do dhaoine fásta ó pheann Anna Heussaff. Dhá dhúnmharú sa chillín céanna i bPríosún Chill Mhaighneann i mBaile Átha Cliath, ceann acu sa lá atá inniu ann agus an ceann eile sa 19ú haois. Cén ceangal atá eatarthu i ndáiríre? Lean Aoife Nic Dhiarmada agus Réamonn Seoighe agus iad ag iarraidh an mhistéir a réiteach. Láithreoir: Ian Ó Caoimh Aíonna: Éamonn Ó Dónaill agus Caitlín Nic Íomhair [Leagan Gaeilge thuas] This is Anna Heussaff's third detective novel for adults. Two murders in the same cell in Kilmainham Jail, one in modern times and one in the 19th century. What is the real connection between them? Join Aoife Nic Dhiarmada and young Garda Réamonn Seoighe as they work to unravel the mystery. Presenter: Ian Ó Caoimh Guests: Éamonn Ó Dónaill agus Caitlín Nic Íomhair

Mar 31, 201616 min

Seacht mBua an Éirí Amach - Leabhar mhí an Mhárta 2016 / Book of the Month - March 2016

[English version below] D’athraigh Éirí Amach na Cásca saol na hÉireann agus spreag sé na scríbhneoirí chomh maith le cách. Ba é Seacht mBuaan Éirí Amach ceiliúradh Shean-Phádraic ar bhliain na glóire, agus tá seacht scéal le fáil ann faoi dhaoine ar chuir an tÉirí Amach casadh buan ina saol. Tá cuid den scríbhneoireacht is fearr dá ndearna Sean-Phádraic sa leabhar seo, arb é ochtú bua an Éirí Amach é, dar le Seosamh Mac Grianna. Láithreoir: Róisín Adams Aíonna: Síobhra Aiken agus Aisling Ní Dhonnacha [Leagan Gaeilge thuas] This novel, set in Dublin in the present day, is about a teenager, Aisling, from a very traditional background, who has begun to challenge her mother’s right-wing ideals. As the conflict between them escalates, a horrific event turns their lives upside down and they both begin to question everything they used to believe in. Some controversial issues are at the forefront of this story, including abortion. Presenter: Róisín Adams Guests: Síobhra Aiken and Aisling Ní Dhonnacha

Feb 25, 201619 min

Aisling nó Iníon A - Leabhar mhí Feabhra 2016 / Book of the Month - February 2016

[English version below] Scéal Aisling atá san úrscéal comhaimseartha seo. Déagóir í a tógadh i dteaghlach an-choimeádach traidisiúnta i mBaile Átha Cliath. Ceistíonn sí prionsabail a máthar, prionsabail dhiongbháilte na heite deise. Agus an choimhlint eatarthu ag géarú, tarlaíonn tubaiste a athraíonn a saol go hiomlán agus a spreagann ceisteanna faoi gach rud a chreid siad cheana. Úrscéal dár ré féin ina ndéantar mórcheisteanna conspóideacha a phlé, an ginmhilleadh ina measc. Láithreoir: Ian Ó Caoimh Aíonna: Anna Heussaf agus Claire Marie Dunne [Leagan Gaeilge thuas] This novel, set in Dublin in the present day, is about a teenager, Aisling, from a very traditional background, who has begun to challenge her mother’s right-wing ideals. As the conflict between them escalates, a horrific event turns their lives upside down and they both begin to question everything they used to believe in. Some controversial issues are at the forefront of this story, including abortion. Presenter: Ian Ó Caoimh Guests: Anna Heussaf and Claire Marie Dunne

Jan 21, 201620 min

Caillte i gConamara - Leabhar mhí Eanáir 2016 / Book of the Month - January 2016

[English version below] Cúig ghearrscéal le cúigear fear as Conamara. Cúigear údar ar de dhlúth agus d’inneach Chonamara iad, a thugann léargas ar leith ar Chonamara, pictiúr ón taobh istigh, a phléann Conamara mar a fheictear do mhuintir Chonamara é. Ach ní hé Conamara na sléibhte maorga, na lochanna gorma, na tránna bána agus na gasúir rua le hasal agus péire cléibh atá faoi chaibidil sa leabhar seo. Feictear sna scéalta seo Conamara an chaillteanais, Conamara an bhriseadh croí agus an bháis, Conamara na tragóide, Conamara an bhróin agus an olagóin. Seo Conamara mar a bhí sé sa bhfichiú haois agus mar atá sé san aonú haois is fiche. Saothar dhátheangach é seo (Gaeilge agus Béarla). Láithreoir: Ian Ó Caoimh Aíonna: Alan Titley agus Réaltán Ní Leannáin [Leagan Gaeilge thuas] Five Connemara short stories by five men from Connemara. But this is not the Connemara of the John Hinde postcards, of lofty mountains, sandy beaches, deep-blue lakes, of red-haired children on bogs. This is a place of grinding poverty, of relentless hardship, of tragic personal loss, of dreams made and lost, a Connemara of isolation and loneliness. This is Connemara as seen from the inside, powerful, gritty, down-to-earth stories of the west of Ireland in the twentieth and twenty-first centuries. This is a bilingual collection (English and Irish). Presenter: Ian Ó Caoimh Guests: Alan Titley and Réaltán Ní Leannáin

Dec 21, 201521 min

Leabhar Nóra Ní Anluain - Leabhar mhí na Nollag 2015 / Book of the Month - December 2015

[English version below] Tugtar cead a gcos do shamhlaíocht agus do chlisteacht Titley sa chnuasach téagartha seo a céadfhoilsíodh i 1998. Tá an-éagsúlacht sna scéalta ar fad, ó thaobh ábhair agus leagain amach de – tá scéal ann gan oiread is comhartha poncaíochta amháin, ceann eile nach bhfuil ach cúig fhocal is fiche ann. Léiríonn Titley tríd síos, áfach, go bhfuil bua na scéalaíochta aige, is cuma cén fhoirm a roghnaíonn sé. Céad scéal san iomlán atá sa chnuasach seo, céad scéal ina bhfeictear an greann agus an t-imeartas focal is dual do Titley, mar aon leis an léargas ar an gcoinníoll daonna is dual dó freisin. Cuirfidh an cnuasach seo ag gáire is ag machnamh thú. Láithreoir: Ian Ó Caoimh Aíonna: Mairtín Coilféir agus Aifric Mac Aodha [Leagan Gaeilge thuas] Titley’s imagination and cleverness are given free reign in this sizeable collection, first published in 1998. There is great variety in all the stories, in both their substance and their form – one story contains not a single punctuation mark, for example, and another consists of only twenty five words. No matter what form he chooses, however, Titley proves throughout Leabhar Nóra Ní Anluain that he is a formidable storyteller. There are a hundred stories in total in this book, a hundred stories in which we see Titley’s characteristic humour and word-play, as well as his characteristic insights into the human condition. A collection of stories to make you laugh and make you think. Presenter: Ian Ó Caoimh Guests: Mairtín Coilféir and Aifric Mac Aodha

Nov 26, 201514 min

Cogadh na Reann - Leabhar mhí na Samhna 2015 / Book of the Month - November 2015

[English version below] Is tearc iad úrscéalta ficsean eolaíochta na Gaeilge, agus dá bharr sin is mór an gar é go bhfuil Aibhistín Ó Duibh agus Evertype tar éis leagan nuachóirithe de Cogadh na Reann, a d'aistrigh León Ó Broin ar dtús i 1934, a chur ar fáil dúinn. Foilsíodh Cogadh na Reann den chéad uair in 1898. Meastar gurb é an chéad úrscéal riamh é faoi ionradh eachtrán ar an domhan agus tá sé ar cheann de na húrscéalta ficsean eolaíochta is tábhachtaí dár ceapadh. Athchóiríodh é don raidió, don téatar agus don phictiúrlann, agus is iomaí sin saothar ficsin, de gach saghas, a raibh sé ina inspioráid acu. Mar aon le The Time Machine, The Island of Dr Moreau agus An Chéad-Chuairt ar an nGealaigh, áirítear Cogadh na Reann ar mhórshaothair ficsean eolaíochta H.G. Wells (1866-1946). Láithreoir: Ian Ó Caoimh Aíonna: Róisín Adams agus Antain Mac Lochlainn [Leagan Gaeilge thuas] Science fiction novels in the Irish language are few and far-between, and it is therefore very fortunate that Aibhistín Ó Duibh and Evertype have provided us with an updated version of Cogadh na Reann, first translated into Irish by León Ó Broin in 1934. The War of the Worlds was first published in 1898. It is thought to be the first novel about an alien invasion of Earth, and is one of the most important science fiction novels ever written. It was adapted for radio, theatre and cinema, and has inspired fictional works of all types. Alongside The Time Machine, The Island of Dr Moreau and The First Men in the Moon, The War of the Worlds is regarded as one of the great science fiction novels of H.G. Wells (1866-1946). Presenter: Ian Ó Caoimh Guests: Róisín Adams and Antain Mac Lochlainn

Oct 30, 201514 min

Í Siúd - Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2015 / Book of the Month - October 2015

[English version below] Léiriú ar shaol dheireadh an fichiú haois mar a fheictear do Shiobhán Ní Shúilleabháin é atá sa chnuasach seo, Í Siúd, ar an saol laethúil, ar mheon an duine, agus ar an dóigh a bhfuil na hathruithe móra atá ag titim amach sa tsochaí inniu ag dul i bhfeidhm ar an meon sin. Láithreoir: Ian Ó Caoimh Aíonna: Caitlín Nic Íomhar agus Mícheál Hoyne [Leagan Gaeilge thuas] Í Siúd tells it as it is. Ní Shúilleabháin portrays Ireland at the turn of the century and does so with startling accuracy and perception. She exposes multifaceted Ireland as we know it; rural, urban or urbane. Presenter: Ian Ó Caoimh Guests: Caitlín Nic Íomhar and Mícheál Hoyne

Sep 30, 201514 min

L'Attaque - Leabhar mhí Mheán Fómhair 2015 / Book of the Month - September 2015

[English version below] Baineann an scéal seo le Contae Mhaigh Eo sa bhliain 1798, ‘Bliain na bhFrancach’, nuair a tháinig arm Francach faoin nGinearál Humbert i dtír i gCill Ala. Leanaimid aistear Mháirtín Dhuibh Chaomhánaigh, fear bainte móna as baile beag i gContae Liatroma, agus é ag gabháil tríd an mí-eagar, tríd an bhfulaingt agus tríd an mídhaonnacht atá de dhlúth agus d'inneach an chogaidh. Is mór an fháilte a cuireadh roimh an úrscéal seo nuair a céadfhoilsíodh é i 1962 - bhuaigh sé Bonn an Chraoibhín agus roinnt mórdhuaiseanna liteartha eile - agus áirítear fós é ar cheann de chlasaicigh na Gaeilge. Láithreoir: Diarmuid Ó Mathúna Aíonna: Pádraig Ó Liatháin agus Radvan Markus [Leagan Gaeilge thuas] This novel is set in County Mayo in 1798, 'The Year of the French', when French soldiers under the command of General Humbert landed in Killala. We follow the story of Máirtín Dubh Caomhánach, a turf-cutter from a small town in Leitrim, as he experiences the disorganisation, suffering and inhumanity of war. L'Attaque was very well received when first published in 1962 - winning Bonn an Chraoibhín as well as other important literary awards - and it is still regarded as one of the classics of Irish-language literature. Presenter: Diarmuid Ó Mathúna Guests: Pádraig Ó Liatháin and Radvan Markus

Aug 31, 201516 min

Splancanna ó shaol eile - Leabhar mhí an Mheithimh 2015 / Book of the Month - June 2015

[English version below] Céad grianghraf. Céad aiste ghearr. Cur síos i bhfís agus i bhfocail ar thír aduain, anaithnid… atá i lár an aonaigh. Seo cuireadh duit aithne a chur ar an mBrasaíl – aithne cheart, aithne a sheachnaíonn an cliché. Sa leabhar seo, tugann Alex Hijmans, atá ina chomhfhreagraí idirnáisiúnta sa tír ó 2007, léaspairtí ar an mBrasaíl nach bhfeictear sna cártaí poist. Láithreoir: Ian Ó Caoimh Aíonna: Ciara Ní Éanacháin agus Natália Danzmann [Leagan Gaeilge thuas] One hundred photographs. One hundred short essays. A faraway country in words and pictures, unknown ... but in the right at the heart of the world market. Here’s your invitation to get to know Brazil – to really get to know it, to avoid the clichés. In this book Alex Hijmans, a foreign correspondent in the country since 2007, shows you insights into Brazil that aren’t found on the postcards. Presenter: Ian Ó Caoimh Guests: Ciara Ní Éanacháin agus Natália Danzmann

Jun 8, 201515 min

Salann Garbh - Leabhar mhí na Bealtaine 2015 / Book of the Month for May 2015

[English version below] Seo an dara cnuasach gearrscéalta ó Joe Steve Ó Neachtain ó foilsíodh Clochmhóin breis agus deich mbliana ó shin - agus b'fhiú fanacht. Ach, ar ndóigh, níor lig sé a chuid maidí le sruth; tá dhá úrscéal, drámaí agus cnuasach filíochta foilsithe ó shin aige. Ach is é an filleadh seo ar an ngearrscéal, an fhoirm liteartha is dúchasaí sa nGaeilge, b'fhéidir a léiríonn máistreacht an údair ar cheird an scríbhneora. Bíonn blas ar an mbeagán, deirtear, agus beidh plátaí á nglanadh agus méaracha á líochán nuair a bheas an greim seo slogtha siar. Láithreoir: Ian Ó Caoimh Aíonna: Gréagóir Ó Dúill agus Róisín Nic Adaim [Leagan Gaeilge thuas] A deeply personal and compelling collection of short stories from Joe Steve Ó Neachtain addressing issues such as domestic violence, faith and land ownership. An enjoyable, insightful and compelling read. Presenter: Ian Ó Caoimh Guests: Gréagóir Ó Dúill and Róisín Nic Adaim

May 26, 201517 min

Anamlón Bliana - Leabhar mhí Aibreáin 2015 / Book of the Month for April 2015

[English version below] Ar feadh beagnach dhá scór bliain, aimsir thinnis agus aimsir théarnaimh, cuid lárnach de shaol inmheánach Sheáin Uí Ríordáin ab ea a dhialann. Iarracht atá sa deascán díolamtha seo óna dhialanna ar éachtaint a thabhairt ar aigne chéasta an fhile ar bhonn leanúnach ó thosaigh sé amach air sa bhliain 1940, go dtí an bhliain ar cailleadh é, 1977. Blaiseadh beag de bheatha na dialainne iomláine é, mar sin, tiomsaithe in aon bhliainfhéilire amháin, 365 iontráil, ceann in aghaidh an lae. Fear mór líníochtaí, caracatúr agus pictiúr ab ea an Ríordánach, leis, agus cuid lárnach den imleabhar seo is ea na líníochtaí seo. Corcaíoch agus léachtóir in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, é an t-eagarthóir, Tadhg Ó Dúshláine. Láithreoir: Ian Ó Caoimh Aíonna: Alan Titley agus Tadhg Ó Dúshláine [Leagan Gaeilge thuas] For nearly forty years, through illness and recovery, Ó Ríordáin’s diary was a central part of life. This anthology seeks to give an insight into the tortured mind of the poet, from 1940 when he began to write in his diary, right up to 1977, the year he died. It’s a small taste of what his full diaries have to offer with 365 entries, one for each day of the year. Ó Ríordáin was also very taken with drawing caricatures and pictures, and many of his drawings are included in this volume. Editor Tadhg Ó Dúshláine, a Cork native, is a lecturer in NUI Maynooth. Presenter: Ian Ó Caoimh Guests: Alan Titley and Tadhg Ó Dúshláine

Apr 23, 201522 min

An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh - Leabhar mhí an Mhárta 2015 /March 2015

[English version below] Cuirtear ceathrar páistí amach as Londain le linn an Dara Cogadh Domhanda chun éalú ó na buamaí atá ag titim ar an chathair. Cuirtear go teach seanduine iad i lár na tuaithe. Nuair a osclaíonn Lucy, an duine is óige acu, an prios éadaigh, tagann na páistí ar dhomhan iontach a bhfuil draíocht agus eachtraí i ndán dóibh ann. Aistriúchán gleoite le hAntain Mac Lochlainn é seo ar an gcéad leabhar a scríobh C.S. Lewis sa tsraith mar gheall ar Nairnia, an domhan sin lán draíochta. Láithreoir: Ian Ó Caoimh Aíonna: Caoimhe Nic Lochlainn agus Michael Cronin [Leagan Gaeilge thuas] Four siblings are among many children evacuated from London during World War II to escape the Blitz. They are sent to the countryside to live with an elderly relative. When Lucy, the youngest of the four, opens the wardrobe, the children discover a wonderful world full of magic and adventure. This is a beautiful translation by Antain Mac Lochlainn of the first book in C.S. Lewis' series about the magical world of Narnia. Presenter: Ian Ó Caoimh Guests: Caoimhe Nic Lochlainn and Michael Cronin

Mar 20, 201517 min

I dTír Strainséartha - Leabhar mhí Feabhra 2015 / Book of the Month for February 2015

[English version below] In Éirinn, Earrach na bliana 1612, tugtar litir thábhachtach do Lúcás Ó Briain le breith faoi rún chun na Róimhe agus le leagan i láimh Aodha Mhóir Uí Néill, Iarla Thír Eoghain. Tá Ó Néill agus na taoisigh Ghaelacha sa Róimh ag iarraidh airm ar Rí na Spáinne le filleadh ar Éirinn agus le cumhacht Shasana sa tír a bhriseadh. Cuireann Lúcás chun farraige agus feallmharfóir rua an namhad, an Sionnach tiomanta díocasach, ar a thóir. Seo é an dara leabhar i sraith úrscéalta suite in Éirinn agus ar Mhór-Roinn na hEorpa sna blianta corraitheacha sin tar éis Imeacht na hIarlaí. Láithreoir: Ian Ó Caoimh Aíonna: Lee Vahey agus Eoin Ó Murchú [Leagan Gaeilge thuas] The Atlantic port of Galway 1612, Lucás, a young student and a gifted swordsman, is entrusted by a shady Jesuit priest with an important letter to be delivered into the hands of Aodh Mór Ó Néill, Earl of Tyrone (leader of the Irish chieftains in Rome seeking the help of Philip of Spain to retake Ireland from the English) . Lúcás’s mission will take him on a perilous journey across Europe. Following hot on his heels, in the narrow streets of the city, is the enemy’s most devious and brutal spy - with orders to stop him, at all costs. The second of a trilogy of novels that will traverse Europe on the company of Lúcás Ó Briain in the early years of the 16th Century hAoise, with the enemy snapping at our heels. Presenter: Ian Ó Caoimh Guests: Lee Vahey agus Eoin Ó Murchú

Feb 18, 201520 min

Mo Bhealach Féin - Leabhar mhí Eanáir 2015 / Book of the Month for January 2015

[English version below] Cuntas ionraic neamhbhalbh atá ann ar choraíocht a aigne le saol nach raibh ag teacht lena mhian, ar na heachtraí a bhain dó sa saol sin, agus ar na daoine fágtha ar casadh ina measc é. Láithreoir: Diarmuid Ó Mathúna Aíonna: Noel Ó Gallchóir agus Róisín Adams [Leagan Gaeilge thuas] An honest outspoken account of his life by Seosamh Mac Grianna, a life that wasn’t going according to plan, of his adventures in life and the people he met along the way. Presenter: Diarmuid Ó Mathúna Guests: Noel Ó Gallchóir and Róisín Adams

Jan 23, 201519 min

Seal san Aetóip - Leabhar mhí na Nollag 2014 / Book of the Month for December 2014

[English version below] Sa leabhar seo leanann Frank Reidy turas na hÁirce ó Iarúsailéim go dtí an Aetóip. Cíorann sé stair agus seanchas na hÁirce agus tagann sé ar thuiscint nua ar an Áirc ar a stádas agus an tábhacht a bhaineann léi san Aetóip. Tugtar léargas nua anseo ar thír nach mbíonn luaite léi go minic ach ocras, anró agus bás. Os a choinne sin léirítear gáire agus gliondar, aois agus uaisleacht, creideamh agus cairdeas: taisteal, taiscéalaíocht agus tráchtaireacht curtha os ár gcomhair mar lón anama agus machnaimh. Láithreoir: Ian Ó Caoimh Aíonna: Órla Ní Chuilleanáin agus Máirtín Coilféir [Leagan Gaeilge thuas] In this book Frank Reidy follows the journey the Arc made to Ethiopia. He examines the history and mythology of the of the Arc and he comes to a new understanding of the Arc and its important status in Ethiopia. A new understanding is provided here of a country normally only associated with hunger, suffering and death. Beyond that again we see laughter and joy, age and nobility, belief and friendship: travel, navigation and commentary portraying food for thought and nourishment for the soul. Presenter: Ian Ó Caoimh Guests: Órla Ní Chuilleanáin and Máirtín Coilféir

Dec 9, 201417 min

An Diabhal ar an Ól - Leabhar mhí na Samhna 2014 / Book of the month for November 2014

[English version below] Athinsint ar scéalta béaloidis ón gCian-Oirthear atá sa leabhar seo ó thíortha i bhfad i gcéin, iad lomlán le ríthe agus banríonacha, prionsaí agus banphrionsaí, daoine maithe agus drochdhaoine, leisceoirí, simpleoirí, druncaeirí, déirceoirí, ainmhithe, saighdiúirí, spioraid, aingil agus fiú an diabhal é féin. Bainfidh léitheoirí idir shean agus óg taitneamh agus tairbhe as na scéalta gearra seo. Láithreoir: Ian Ó Caoimh Aíonna: John Woods agus Johnny Dillon [Leagan Gaeilge thuas] Re-telling of folk tales from the Far-East, from lands far far away, full of kings and queens, princes and princesses, good people and bad people, lazybones, simpletons, drunks, beggars, soldiers, spirits, angels and even the devil himself. Readers young and old will enjoy this rollicking collection of short tales. Presenter: Ian Ó Caoimh Guests: John Woods agus Johnny Dillon

Nov 6, 201420 min

Oileán an Órchiste - Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2014/ Book of the Month for October 2014

[English version below] Tá an t-úrscéal Treasure Island le Robert Louis Stevenson áirithe ar cheann de na húrscéalta eachtraíochta is mó cáil riamh. Scéal scleondrach atmaisféarach é seo faoi fhoghlaithe mara ar an bhfarraige mhór, faoi mhapa órchiste, agus faoi Jim Hawkins, buachaill sna déaga a chuireann chun farraige agus é meallta ag draíocht an bhithiúnaigh Long John Silver. Is mar scéal theacht in inmhe a aithnítear go coitianta é, agus tá cáil ar leith ar Oileán an Órchiste mar gheall ar an atmaisféar, na carachtair, agus ar an léiriú ann ar dhébhríochas na moráltachta - i bpearsa Long John Silver - rud neamhchoitianta i litríocht na n-óg. Tá sé ar cheann de na húrscéala is mó riamh a bhfuil athchóiriú déanta air, agus chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar thuiscintí an phobail ar fhoghlaithe mara, le híomhánna den léarscáil d’órchiste marcáilte le crosóga, den scúnar, den Spota Dubh, d’oileáin throipiceacha, agus den mhairnéalach ar leathchois agus pearóid ar a ngualainn aige. San aistriúchán breá seo le Darach Ó Scolaí, tá an t-úrscéal seo a scríobhadh in 1883 curtha in oiriúint do léitheoirí an lae inniu, agus maisithe le pictiúir ó eagrán 1911 den leabhar le N.C. Wyeth. Láithreoir: Ian Ó Caoimh Aíonna: Caoimhe Nic Lochlainn agus Máirtín Coilféir [Leagan Gaeilge thuas] Treasure Island by Robert Louis Stevenson is one of the best known adventure novels ever written. This exciting and atmospheric story tells of treasure maps, mutiny, buccaneers, pirate gold, and of Jim Hawkins, a boy in his teens who puts to sea under the spell of the one-legged charming scoundrel Long John Silver. This beautiful translation and abridged for modern-day readers by Darach Ó Scolaí is accompanied by NC Wyeth’s renowned Illustrations from the 1911 edition. Presenter: Ian Ó Caoimh Guests: Caoimhe Nic Lochlainn agus Máirtín Coilféir

Oct 8, 201419 min

Súil le Breith - Leabhar Mhí Mheán Fómhair 2014 / Book of the Month - September 2014

[English version below] Sagart paróiste ar oileán Gaeltachta é Tom Connor, fear atá ag troid ar son pobal atá bánaithe ag an imirce agus ag an mbochtanas. Insíonn a bhean tí, Marion, dó go bhfuil sí ag súil lena pháiste. Caithfidh Tom rogha a dhéanamh idir a dhualgas i leith a phobail, a ghrá do Mharion, agus a chreideamh sa tsagartóireacht. Tá idir dhrámatúlacht agus bhriseadh croí i réiteach an scéil seo. Is ar an úrscéal seo a bunaíodh scannán Bhob Quinn, Budawanny (1987). Láithreoir: Ian Ó Caoimh Aíonna: Órla Ní Chuilleanáin agus Seán Mac Risteaird [Leagan Gaeilge thuas] Tom Connor is the parish priest on a Gaeltacht island, where he is actively fighting to support a community devastated by emigration and poverty. His housekeeper, Marion, who lives in the parochial house with him, tells him that she is pregnant with his child. Tom must decide between his duty to his parishioners, his love for Marion, and his belief in the priesthood. The resolution of his dilemma makes for dramatic and heartbreaking reading. Bob Quinn’s award-winning film Budawanny (1987) is based on this novel. Presenter: Ian Ó Caoimh Guests: Órla Ní Chuilleanáin and Seán Mac Risteaird

Sep 15, 201418 min

An Ghaeilge i gCéin - Leabhar mhí na Nollag 2012 (b) / Book of the Month - December 2012 (b)

[English version below] Labhair riarthóir ClubLeabhar.com, Diarmuid Ó Mathúna, le hAlex Hijmans faoi "Píosaí Gloine Dhaite", an aiste dá chuid atá i leabhar mhí na Nollag ar ClubLeabhar.com, An Ghaeilge i gCéin. Is as an Ísiltír d'Alex ó dhúchas. Tá cónaí air sa Bhrasaíl anois, áit a bhfuil litríocht Ghaeilge fós á scríobh aige. [Leagan Gaeilge thuas] ClubLeabhar.com administrator Diarmuid Ó Mathúna spoke to Alex Hijmans about his essay, "Píosaí Gloine Dhaite" (Coloured Pieces of Glass), which features in December's book of the month on ClubLeabhar.com, An Ghaeilge i gCéin. Alex, originally from the Netherlands, now lives in Brazil where he continues to write Irish language literature. Le tacaíocht ó Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus ón gComhairle Ealaíon

Jun 26, 20143 min

Duinnín Bleachtaire ar an Sceilg - Leabhar mhí na Nollag 2011 / Book of the Month - December 2011

[English version below] Labhair Biddy Jenkinson, údar Duinnín - Bleachtaire ar an Sceilg, leabhar mhí na Nollag, faoin tábhacht a bhaineann leis na carachtair ina cuid leabhar agus faoi na cosúlachtaí idir foclóirithe agus bleachtairí. [Leagan Gaeilge thuas] Biddy Jenkinson, author of Duinnín - Bleachtaire ar an Sceilg, December’s book of the month, spoke to us about the importance of the characters in her books and about the similarities between lexicographers and detectives. Le tacaíocht ó Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus ón gComhairle Ealaíon

Jun 26, 20143 min

Filíocht Ghrá na Gaeilge - Leabhar mhí Feabhra 2012 / Book of the Month - February 2012

[English version below] Labhair Diarmuid Ó Mathúna le Ciarán Mac Murchaidh, eagarthóir Filíocht Ghrá na Gaeilge faoin ngrá mar théama, faoin dán is fearr leis sa chnuasach agus faoi shaibhreas nua-litríocht na Gaeilge. [Leagan Gaeilge thuas] I spoke to Ciarán Mar Murchaidh, editor of February’s book of the month, Filíocht Ghrá na Gaeilge about love as a theme, about his favourite poem in the collection and about the richness of modern Irish language literature. Le tacaíocht ó Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus ón gComhairle Ealaíon

Jun 26, 20149 min

Deargadoil i mBád fó Thoinn - Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2013 / Book of the Month - October 2013

[English version below] Labhair Aodh Ó Gallchóir le Pádraic Breathnach, iarléachtóir le Gaeilge agus úrscéalaí, faoina úrscéal gaisciúil, fuinniúil Deargadaoil i mBád fó Thoinn, atá mar leabhar mhí Dheireadh Fómhair ag ClubLeabhar.com. Cé gur dúirt an t-údar gur ficsean ar fad atá sa leabhar, d’admhaigh sé gur meascán de dhaoine éagsúla atá sna carachtar ach nach ar aon duine ar leith a bhunaigh sé iad. [Leagan Gaeilge thuas] Aodh Ó Gallchóir spoke to retired Irish Lecturer and novelist Pádraic Breathnach about his energetic and adventurous novel Deargadaoil i mBád fó Thoinn which is ClubLeabhar.com’s book of the month for October. Although he claims the book is a work of fiction, he did admit that the characters in the story are a combination of different people but are not based on any one person. Le tacaíocht ó Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus ón gComhairle Ealaíon

Jun 26, 20148 min

Dúil - Leabhar mhí Aibreáin 2013 / Book of the Month - April 2013

[English version below] Labhair Diarmuid Ó Mathúna, riarthóir ClubLeabhar.com, leis an Ollamh Gearóid Denvir ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, faoin gcnuasach gearrscéalta iomráiteach Dúil, le Liam Ó Flaithearta, atá mar leabhar mhí Aibreáin ag an gclub leabhar Gaeilge ar líne. Is é Dúil an t-aon bhailiúchán scéalta Gaeilge de chuid Uí Fhlaithearta a foilsíodh riamh. [Leagan Gaeilge thuas] ClubLeabhar.com administrator Diarmuid Ó Mathúna recently spoke to Prof. Gearóid Denvir of National University of Ireland, Galway, about Liam Ó Flaithearta’s renowned collection of short stories, Dúil, which is the online book club’s book of the month for April. Dúil is Ó Flaithearta’s only collection of stories in Irish. Le tacaíocht ó Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus ón gComhairle Ealaíon

Jun 26, 20147 min

Gonta - Leabhar mhí Eanáir 2013 / Book of the Month - January 2013

[English version below] Labhair Éamonn Ó Dónaill, le hAlex Hijmans faoi Gonta, leabhar mhí Eanáir ar ClubLeabhar.com. [Leagan Gaeilge thuas] Éamonn Ó Dónaill spoke to Alex Hijmans about Gonta which is January’s book of the month on ClubLeabhar.com. Le tacaíocht ó Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus ón gComhairle Ealaíon

Jun 26, 20148 min

Seán Ó Ríordáin: Na Dánta - Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2012 / Book of the Month - October 2012

[English version below] Labhair Riarthóir ClubLeabhar.com, Diarmuid Ó Mathúna, leis an údar agus iriseoir Corcaíoch Liam Ó Muirthile le déanaí agus thug seisean léargas spéisiúil dó ar shaothar Sheáin Uí Ríordáin agus ar na nithe éagsúla ina shaol a raibh tionchar acu ar a chuid dánta. [Leagan Gaeilge thuas] ClubLeabhar.com Administrator Diarmuid Ó Mathúna recently spoke to Cork writer and journalist Liam Ó Muirthile, who gave an interesting insight into the work of poet Seán Ó Ríordáin and the events in his life that influenced his poetry. Le tacaíocht ó Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus ón gComhairle Ealaíon

Jun 26, 20146 min

Lig Sinn i gCathú - Leabhar mhí na Samhna 2011 / Book of the Month - November 2011

[English version below] Labhair muid le hAoife Uí Fhaolláin, scoláire iarchéime de chuid na Comhairle um Thaighde sna Dána agus sna hEolaíochtaí Sóisialta, faoi Lig Sinn i gCathú, leabhar mhí na Samhna. Tá tráchtas scríofa ag Aoife faoi shaothar iriseoireachta Bhreandáin Uí Eithir agus bhí go leor rudaí spéisiúla le rá aici faoi na cosúlachtaí idir saol an údair agus imeachtaí an leabhair, faoi pholaitíocht an chogaidh chathartha agus go leor eile. [Leagan Gaeilge thuas] We spoke to Aoife Uí Fhaolláin, a Postgraduate Scholar of the Irish Research Council for the Humanities and Social Sciences, about Lig Sinn i gCathú, November’s book of the month. Aoife has written a Master’s thesis on Breandán Ó hEithir’s journalism and she has many interesting things to say about the similarities between the author’s life and the events in the book, and about civil war politics. Le tacaíocht ó Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus ón gComhairle Ealaíon

Jun 26, 20149 min

Scéal Ghearóid Iarla - Leabhar mhí Eanáir 2012 / Book of the Month - January 2012

[English version below] Labhair Máire Mhac an tSaoi, údar Scéal Ghearóid Iarla, leabhar mhí Eanáir, faoin gcúis ar chinn sí ar scríobh faoin bpearsa staire seo, faoina modh scríbhneoireachta agus faoin úrscéal nua atá idir lámha aici faoi láthair. [Leagan Gaeilge thuas] Máire Mhac an tSaoi, author of January’s book of the month Scéal Ghearóid Iarla spoke about the reason she decided to write about this historic character, her writing method and the new novel on which she is currently working. Le tacaíocht ó Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus ón gComhairle Ealaíon

Jun 26, 20149 min

Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas - Leabhar mhí Mheán Fómhair 2011 /September 2011

[English version below] Labhair ClubLeabhar.com le Nicholas Williams, aistritheoir Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas. Bhí neart rudaí spéisiúla le rá aige faoi Eilís a aistriú go Gaeilge agus faoi chúrsaí aistriúcháin i gcoitinne. Is fiú go mór éisteacht leis an méid atá le rá aige, cuir i gcás, faoin tslí a gcuirfeá Gaeilge ar “Mr. Bennett”, duine de na carachtair in Pride and Prejudice. [Leagan Gaeilge thuas] ClubLeabhar.com recently spoke to Nicholas Williams, the translator of Alice’s Adventures in Wonderland. He had many interesting things to say about translating Alice and about translation in general. It’s well worth listening to what he has to say, for example, about trying to translate the name “Mr. Bennett”, one of the characters in Pride and Prejudice, into Irish. Le tacaíocht ó Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus ón gComhairle Ealaíon

Jun 26, 20146 min

An Ghaeilge i gCéin - Leabhar mhí na Nollag 2012 (a) / Book of the Month - December 2012 (a)

[English version below] Labhair riarthóir ClubLeabhar.com, Diarmuid Ó Mathúna, leis an Dr Pádraig Ó Liatháin faoin aiste dar teideal "An Ghaeilge agus Talamh an Éisc: Taighde agus Taithí Phearsanta" atá aige i leabhar mhí na Nollag ar ClubLeabhar.com, An Ghaeilge i gCéin. Is léachtóir é Pádraig i gColáiste Phádraig, Droim Conrach i mBaile Átha Cliath. Tá tréimhsí caite aige ag múineadh i bPrág agus ag déanamh taighde i dTalamh an Éisc. [Leagan Gaeilge thuas] ClubLeabhar.com administrator Diarmuid Ó Mathúna spoke to Dr Pádraig Ó Liatháin about his essay, "An Ghaeilge agus Talamh an Éisc: Taighde agus Taithí Phearsanta" (Irish and Newfoundland: Research and Personal Experience), which features in December's book of the month on ClubLeabhar.com, An Ghaeilge i gCéin. Pádraig is a lecturer at St. Patrick College, Drumcondra in Dublin. He has spent time lecturing in Prague and doing research in Newfoundland. Le tacaíocht ó Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus ón gComhairle Ealaíon

Jun 26, 20147 min

An Ghaeilge i gCéin - Leabhar mhí na Nollag 2012 (c) / Book of the Month - December 2012 (c)

[English version below] Labhair riarthóir ClubLeabhar.com, Diarmuid Ó Mathúna, le Victor Bayda faoin aiste dar teideal "Gaeilge mar Mheán Cultúrtha" atá aige i leabhar mhí na Nollag ar ClubLeabhar.com, An Ghaeilge i gCéin. Is léachtóir Gaeilge é Victor in Ollscoil Stáit Mhoscó sa Rúis [Leagan Gaeilge thuas] ClubLeabhar.com administrator Diarmuid Ó Mathúna spoke to Victor Bayda about his essay, "Gaeilge mar Mheán Cultúrtha" (Irish as a Cultural Medium), which features in December's book of the month on ClubLeabhar.com, An Ghaeilge i gCéin. Victor lectures in Irish at Moscow State University, Russia. Le tacaíocht ó Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus ón gComhairle Ealaíon

Jun 26, 20144 min

Cú na mBaskerville - Leabhar mhí na Samhna 2013 / Book of the Month - November 2013

[English version below] Labhair Aodh Ó Gallchóir le hIan Ó Caoimh faoin úrscéal bleachtaireachta Cú na mBaskerville, atá mar leabhar mhí na Samhna ag ClubLeabhar.com. Tá mallacht clainne, cú allta, osnádúrthacht, mistéir agus go leor eile idir lámha ag Sherlock Holmes sa leabhar seo. [Leagan Gaeilge thuas] Aodh Ó Gallchóir spoke to Ian Ó Caoimh about the detective novel Cú na mBaskerville which is ClubLeabhar.com’s book of the month for November. A family curse, a wild hound, the supernatural, mystery and a lot more for Sherlock Holmes to deal with in this book. Le tacaíocht ó Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus ón gComhairle Ealaíon

Jun 26, 20147 min

An Béal Bocht - Leabhar mhí Mheán Fómhair 2012 / Book of the Month - September 2012

[English version below] Labhair Riarthóir ClubLeabhar.com Diarmuid Ó Mathúna leis an údar agus scoláire Louis de Paor agus mhínigh seisean an tábhacht a bhain le An Béal Bocht agus an aidhm a bhí ag Brian Ó Nualláin nuair a scríobh sé é. [Leagan Gaeilge thuas] ClubLeabhar.com Administrator Diarmuid Ó Mathúna spoke to writer and scholar Louis de Paor, who explained the importance of An Béal Bocht in Irish literature and what author Brian O’Nolan was trying to achieve in the work. Le tacaíocht ó Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus ón gComhairle Ealaíon

Jun 26, 201410 min

An Prionsa Beag - Leabhar mhí na Samhna 2012 / Book of the Month - November 2012

[English version below] Labhair Riarthóir ClubLeabhar.com, Diarmuid Ó Mathúna, leis an údar agus iriseoir Liam Mac Cóil le déanaí agus bhí sé breá bríomhar agus é ag déanamh cur síos ar An Prionsa Beag le hAntoine de Saint-Exupéry arna aistriú go Gaeilge ag Breandán Ó Doibhlinn. [Leagan Gaeilge thuas] ClubLeabhar.com Administrator Diarmuid Ó Mathúna spoke to writer and journalist Liam Mac Cóil, who was very animated in his description of An Prionsa Beag by Antoine de Saint-Exupéry, translated to Irish by Breandán Ó Doibhlin. Le tacaíocht ó Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus ón gComhairle Ealaíon

Jun 26, 20149 min

An Litir - Leabhar mhí Feabhra 2013 / Book of the Month - February 2013

[English version below] Labhair Diarmuid Ó Mathúna, riarthóir ClubLeabhar.com, leis an údar Liam Mac Cóil faoina úrscéal stairiúil An Litir, atá mar leabhar mhí Feabhra ag an gclub leabhar Gaeilge ar líne. Bhí bealach iontach suimiúil ag Liam le léiriú a dhéanamh ar an modh le leabhar eachtraíochta a scríobh. [Leagan Gaeilge thuas] ClubLeabhar.com administrator Diarmuid Ó Mathúna recently spoke to author Liam Mac Cóil about his adventure novel An Litir, which is the online book club’s book of the month for February. Liam had a very interesting way of illustrating the method for writing an adventure story. Le tacaíocht ó Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus ón gComhairle Ealaíon

Jun 26, 20148 min

Ólann mo Mhiúil as an nGainséis - Leabhar mhí an Mheithimh 2012 / Book of the Month - June 2012

[English version below] Chuir Michelle Ryan agallamh ar Gabriel Rosenstock le déanaí agus labhair sé liom faoin leabhar, faoi spioradáltacht na hIndia agus faoi haikunna. [Leagan Gaeilge thuas] I recently interviewed Gabriel Rosenstock and he spoke to me about the book, about Indian spirituality and about haiku. Le tacaíocht ó Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus ón gComhairle Ealaíon

Jun 26, 20149 min

Gealach - Leabhar mhí na Bealtaine 2013 / Book of the Month - May 2013

[English version below] Labhair Diarmuid Ó Mathúna, riarthóir ClubLeabhar.com, leis an duais-scríbhneoir Seán Mac Mathúna faoina úrscéal beoga Gealach, atá mar leabhar mhí na Bealtaine ag an gclub leabhar Gaeilge ar líne. [Leagan Gaeilge thuas] ClubLeabhar.com administrator Diarmuid Ó Mathúna recently spoke to award-winning writer Seán Mac Mathúna about his rip-roaring novel Gealach, which is the online book club’s book of the month for May. Le tacaíocht ó Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus ón gComhairle Ealaíon

Jun 26, 20145 min

Lastall den Scáthán agus a bhFuair Éilís Ann Roimpi - Leabhar mhí Mheán Fómhair 2013/September 2013

[English version below] Labhair Diarmuid Ó Mathúna, riarthóir ClubLeabhar.com, le hÓrla Ní Chuilleanáin faoin leagan Gaeilge den chlasaic álainn osréalaíoch, Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi le Lewis Carroll, atá mar leabhar mhí Mheán Fómhair ag an gclub leabhar Gaeilge ar líne. Scéal samhraidh atá in ‘Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas’ le Lewis Carroll (Charles Lutwidge Dodgson), a foilsíodh den chéad uair i mí Iúil 1865. Is le paca cártaí a bhaineann roinnt mhaith de charachtair agus d’eachtraí an leabhair sin. Scéal geimhridh is ea an scéal seo, ‘Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi’. Ar chluiche fichille a bunaíodh formhór dá bhfuil ann. Is é Nicholas Williams a chuir an t-aistriúchán Gaeilge ar fáil, a foilsíodh sa bhliain 2003. [Leagan Gaeilge thuas] ClubLeabhar.com administrator Diarmuid Ó Mathúna recently spoke to Órla Ní Chuilleanáin about Lewis Carroll’s beautifully surreal classic, Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís ann Roimpi (Through the Looking Glass and What Alice Found There), which is the online book club’s book of the month for September. ‘Alice’s Adventures in Wonderland’ is a tale of summer, by Carroll (Charles Lutwidge Dodgson), which was first published in July 1865. Many of the characters in the book belong to a pack of cards. This story, ‘Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi’, is a winter’s tale much of which is based on a game of chess. It was translated into Irish by Nicholas Williams and published in 2003. Le tacaíocht ó Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus ón gComhairle Ealaíon

Jun 26, 20148 min

Gearrscéalta ár Linne - Leabhar mhí an Mheithimh 2013 / Book of the Month - June 2013

[English version below] Labhair Diarmuid Ó Mathúna, riarthóir ClubLeabhar.com, leis an Ollamh Comhlach le Litríocht agus le Teanga na Gaeilge in Ollscoil Notre Dame, Brian Ó Conchubhair, faoi Gearrscéalta ár Linne, an cnuasach gearrscéalta a chuir sé in eagar atá mar leabhar mhí an Mheithimh ag an gclub leabhar Gaeilge ar líne. [Leagan Gaeilge thuas] ClubLeabhar.com administrator Diarmuid Ó Mathúna spoke to Brian Ó Conchubhair, Associate Professor of Irish Language and Literature at the University of Notre Dame about the short stories he selected for the Gearrscéalta ár Linne anthology, which is the online book club’s book of the month for June. Le tacaíocht ó Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus ón gComhairle Ealaíon

Jun 26, 20147 min

An Fear a Phléasc - Leabhar mhí na Nollag 2013 / Book of the Month - December 2013

[English version below] Labhair Aodh Ó Gallchóir le Micheál Ó Conghaile faoin gcnuasach pléascach gearrscéalta An Fear a Phléasc, atá mar leabhar mhí na Nollag ag ClubLeabhar.com. Tá domhan úr cruthaithe ag Micheál Ó Conghaile anseo, domhan nach raibh riamh ann agus nach mbeidh ann go deo ach a bhfuil a fhírinne aisteach shochreidte aige ar a shon sin. [Leagan Gaeilge thuas] Aodh Ó Gallchóir recently spoke to Micheál Ó Conghaile about his explosive collection of short stories An Fear a Phléasc which is ClubLeabhar.com’s book of the month for December. A new world is created here by Micheál Ó Conghaile, a world which has never existed and never will exist – but a world which is, nevertheless, uncannily familiar. Le tacaíocht ó Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus ón gComhairle Ealaíon

Jun 26, 201411 min

Filleann Seoirse - Leabhar mhí an Mhárta 2012 / Book of the Month - March 2012

[English version below] Labhair Michelle Ryan le hÉilís Ní Anluain, údar Filleann Seoirse maidir le téamaí an leabhair agus faoina réamhshaol spéisiúil. [Leagan Gaeilge thuas] Michelle Ryan spoke to Éilís Ní Anluain, author of Filleann Seoirse about the themes of the above and about its interesting early life. Le tacaíocht ó Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus ón gComhairle Ealaíon

Jun 26, 20146 min

I gCóngar i gCéin - Leabhar mhí Aibreáin 2012 / Book of the Month - April 2012

[English version below] Labhair Michelle Ryan le Pádraig Standún le déanaí agus bhí go leor rudaí spéisiúla le rá aige faoi I gCóngar i gCéin, faoi bheith ag scríobh i dteanga nach í a mháthairtheanga í agus faoi théamaí conspóideacha a chuid leabhar. [Leagan Gaeilge thuas] Michelle Ryan spoke to Pádraig Standún and he had interesting things to say about I gCóngar i gCéin, about writing in a language which is not your mother tongue and about the controversial themes of his books. Le tacaíocht ó Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus ón gComhairle Ealaíon

Jun 26, 20148 min

An Bealach Cóir - Leabhar mhí an Mhárta 2013 / Book of the Month - March 2013

[English version below] Labhair Diarmuid Ó Mathúna, riarthóir ClubLeabhar.com, leis an údar agus iriseoir Pól Ó Muirí faoina chnuasach scéalta bleachtaireachta d’fhoghlaimeoirí fásta An Bealach Cóir, atá mar leabhar mhí an Mhárta ag an gclub leabhar Gaeilge ar líne. Mhínigh sé dó cén fáth a raibh Garda chomh oiriúnach mar phríomhcharachtar i leabhar d’fhoghlaimeoirí. [Leagan Gaeilge thuas] ClubLeabhar.com administrator Diarmuid Ó Mathúna spoke to author and journalist Pól Ó Muirí about his collection of detective stories for adult learners An Bealach Cóir, which is the online book club’s book of the month for March. He explained why a Garda was a very useful character in a book aimed at learners. Le tacaíocht ó Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus ón gComhairle Ealaíon

Jun 26, 20145 min

Beirt Bhan Mhisniúla - Leabhar mhí na Bealtaine 2012 / Book of the Month - May 2012

[English version below] Labhair Pádraic Ó Siadhail le Michelle Ryan faoi na deacrachtaí a bhaineann le fíorais agus ficsean a nascadh le chéile chun úrscéal stairiúil a scríobh agus faoi na fadhbanna a bhaineann le bheith ag scríobh faoin laoch litríochta Pádraic Ó Conaire. [Leagan Gaeilge thuas] Pádraic Ó Siadhail spoke to me about the difficulty of combining fact and fiction in a historical novel and about the challenges of writing about the literary hero Pádraic Ó Conaire. Le tacaíocht ó Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus ón gComhairle Ealaíon

Jun 26, 20146 min

Malairt Scéil - Leabhar mhí an Mheithimh 2014 / Book of the Month - June 2014

[English version below] Scothscéalta le Donnchadh MacGillIosa agus Màrtainn Mac an t-Saoir, beirt den chomhluadar nua scríbhneoirí atá ag cur brí agus beatha i litríocht Ghaeilge na hAlban. Seo do chuireadh isteach i limistéar samhlaíochta a chuimsíonn Gaeltacht agus bailte móra na hAlban, an Nua-Shéalainn agus críocha nach bhfuil le fáil ar léarscáil ar bith. Aistrithe go Gaeilge le cúnamh Idirmhalartán Litríocht Éireann. Láithreoir: Diarmuid Ó Mathúna Aíonna: Aodh Ó Gallchóir agus Lisa Nic an Bhreithimh [Leagan Gaeilge thuas] The best of stories by Donnchadh MacGillIosa and Màrtainn Mac an t-Saoir, both from a community of new writers who put life and soul into the Gaelic literature of Scotland. An invitation to open up the imagination in encompassing the Gaeltacht and large towns of Scotland, New Zealand, and places not to be found on any map. Translated to Irish with the support of the Irish Literary Exchange. Presenter: Diarmuid Ó Mathúna Guests: Aodh Ó Gallchóir and Lisa Nic an Bhreithimh

Jun 6, 201417 min

An Táin - Leabhar mhí na Bealtaine 2014 / Book of the Month - May 2014

[English version below] Tagann éad as cuimse ar an mBanríon, Méabh, nuair a theipeann uirthi a fear céile, Ailill, a shárú maidir le maoin agus saibhreas. Aige siúd atá an Fionnbheanach, tarbh nach bhfuil a leithéid ar le fáil in Éirinn. Nó an bhfuil? Seo insint úr bhríomhar ar an Táin, nó Táin Bó Cuailgne mar fearr aithne air. Am éigin roimh 1106 A.D. a scríobhadh an lámhscríbhinn Gaeilge is ársa dá bhfuil ann, agus áirítear é ar cheann de mhórscéalta an domhain. Tá uaisleacht, crógacht agus tragóid an bhunscéil fite fuaite go healaíonta san úrscéal grafach seo. Láithreoir: Róisín Ní Mhaolchallann Aíonna: Órla Ní Chuilleanáin agus Ronan Doherty [Leagan Gaeilge thuas] Queen Méabh is overcome with jealously when she fails to best her husband, Ailill, in a competition of wealth. It all comes down to Ailill’s bull, an Fionnbheannach, a beast whose equal cannot be found in Ireland. Or can it? A stunning new edition of An Táin, or as it is better known Táin Bó Cuailgne (The Cattle Raid of Cooley). Based on oldest known manuscript in Irish, written some time before 1106 A.D., it is counted among the greatest stories in the world. The chivalry, bravery and tragedy of the original is woven seamlessly into this beautiful graphic novel. Presenter: Róisín Ní Mhaolchallann Guests: Órla Ní Chuilleanáin and Ronan Doherty

Apr 29, 201414 min

Áiséirí - Leabhar mhí Aibreáin 2014 / Book of the Month - April 2014

[English version below] Úrscéal faoin idéalachas, dílseacht, grá... agus caife. Is saighdiúir de chuid na cúise í Rebekka Vogelzang, bean óg as an Ísiltír a d’fhoghlaim Gaeilge agus í ag obair i dteach caife Gaelach i gcathair na Gaillimhe. Cuireann sí a croí agus a hanam isteach i ngach uile bhonnóg dá mbácálann sí agus i ngach uile chupán espresso dá ndéanann sí, toisc go dtuigeann sí go bhfuil slánú na teanga ag brath air. Ach cé a shlánóidh Rebekka? Láithreoir: Róisín Ní Mhaolchallann Aíonna: Eoghan Ó Ceannabháin agus Diarmuid Ó Mathúna [Leagan Gaeilge thuas] Rebekka Vogelzang, a young Dutchwoman, is fighting to save the Irish language, which she has learnt on the job in an Irish-speaking café in Galway. She puts her heart and soul into every scone she bakes and every cup of espresso she makes because she knows the very salvation of the language depends upon it. But who will save Rebekka? Presenter: Róisín Ní Mhaolchallann Guests: Eoghan Ó Ceannabháin and Diarmuid Ó Mathúna

Apr 15, 201417 min