PLAY PODCASTS
ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club

ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club

148 episodes — Page 2 of 3

Eachtraí Tintin: Todóga na bhFarónna - Leabhar Mhí an Mheithimh 2021 / Book of the Month - June 2021

[English version below] Nuair a bhuaileann Tintin agus a mhaidrín Báinín leis an Éigipteolaí aisteach Seán Ó Tuama, téann siad sa tóir ar an áit rúnda ina bhfuil an Faró Kí-Oskh ina luí. Ach tá níos mó ná seargáin agus gaineamh rompu sa ghaineamhlach. Tagann siad ar smuigléirí drugaí agus leanann cúpla leid a fhágann i ngleic le bithiúnach idirnáisiúnta iad. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Muireann Ní Chíobháin agus Deirdre Ní Fhloinn [Leagan Gaeilge thuas] A chance encounter with an eccentric Egyptologist, Seán Ó Tuama, takes Tintin and his faithful dog, Báinín, on an adventure in search of the lost tomb of Pharaoh Kí-Oskh. But the king’s resting place contains a secret much darker than mummies and desert sand. By following a strange clue, Tintin and Báinín fall headlong into the clutches of a gang of drug smugglers, as they unwittingly find themselves in vicious conflict with an international criminal. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Muireann Ní Chíobháin and Deirdre Ní Fhloinn

Jun 8, 202120 min

Liam Ó Flaithearta: Rogha Scéalta - Leabhar Mhí na Bealtaine 2021 / Book of the Month - May 2021

[English version below] Ainneoin gur mar scríbhneoir Béarla is mó a bhí cáil ar an Árannach Liam Ó Flaithearta (1896–1984) – na déaga d’úrscéalta agus beagnach dhá chéad gearrscéal – bhí tionchar nach beag ag an aon leabhar Gaeilge a d’fhoilsigh sé lena bheo, an cnuasach gearrscéalta Dúil (1953), ar léitheoirí Gaeilge. Agus ní hamháin de bharr gur chaith sé blianta fada ar chúrsaí scoile agus ollscoile. Go deimhin is minic a tharraingítear anuas an cheist an fearr a shaothar Gaeilge, más tanaí féin é, ná a shaothar Béarla. Agus cén bhaint go díreach a bhí acu le chéile. Ceist eile ar fad í cén fáth gur i mBéarla a d’fhoilsigh sé formhór mór a shaothair in aon chor. Ainneoin sin is uile, is mithid féachaint an athuair ar a shaothar trí shúile an Ghaeilgeora ,agus sa leabhar seo tá Gaeilge curtha go paiteanta ag Micheál Ó Conghaile ar a rogha féin de scoth na ngearrscéalta, trí cinn agus tríocha, mar a gcíortar téamaí mar chruas agus ainnise shaol na n-oileánach Éireannach, ról na mban sa tsochaí sin, dearcadh suaithinseach Uí Fhlaithearta ar an gcléir agus ar an eaglais Chaitliceach, an spéis thar na bearta sa dúlra agus sa nádúr. Athshealbhú cruthaitheach don aonú haois is fiche. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Deirdre Nic Chárthaigh agus Liam MacAmhlaigh [Leagan Gaeilge thuas] Liam Ó Flaithearta is best known as a writer in English. The Aran Islands native (1896–1984) published over a dozen novels and nearly two hundred short stories in English during his lifetime but just one collection of short stories in Irish, Dúil (1953). This book went on to have a lasting impact on readers of Irish-language literature and not just because it spent many years on school and university curricula. A common topic of debate regarding Ó Flaithearta's work is whether his work in Irish was even better than his writing in English. And what relationship exists, if any, between his writing in Irish and in English? Another issue is why he published most of his work in English in the first place. All that aside, it is worth taking another look at Ó Flaithearta's work through the eyes of the Irish speaker and in this book Micheál Ó Conghaile has translated his selection of Ó Flaithearta's short stories. The collection includes thirty-three short stories, in which themes like the hardship of life for people living in the Irish islands, the role of women in society, his distinctive view of the clergy and the Catholic church, and his fascination with nature. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Deirdre Nic Chárthaigh and Liam MacAmhlaigh

May 4, 202123 min

Inní - Leabhar Mhí Aibreáin 2021 / Book of the Month - April 2021

[English version below] Tarraingíonn Réaltán ar a taithí féin mar mhúinteoir, mar mháthair, mar iníon agus mar ghar-iníon sna scéalta seo a thiteann amach thar réimse suíomhanna stairiúla agus comhaimseartha, le bailiúchán scéalta a chur i láthair atá mealltach agus a thugann ábhar machnaimh don léitheoir. Ó Bhéal Feirste an chéid seo caite go Baile Átha Cliath na linne seo, treoraíonn Réaltán go cumasach muid tríd chalaois, lúbaireacht agus uisce faoi thalamh. Caitheann Réaltán súil ghéar ar shaol na gcarachtair inchreidte a chuireann sí romhainn, ceistíonn sí ról na n-aicmí sa tsochaí, nochtann sí an fhimíneacht a bhíonn a cheilt i gan fhios agus tarraingíonn sí aird ar an mhí-chothromaíocht i saol na gcarachtair shuimiúla a chuireann sí os ár gcomhair. Éiríonn léi seo a bhaint amach go réidh caolchúiseach sa chnuasach nua gearrscéalta seo. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Ciara Ní É agus Sinéad Ní Uallacháin [Leagan Gaeilge thuas] These stories grab our attention from the first few words, as the author steers us skillfully through deceit, trickery and duplicity. Classes clash and come under the microscope, hypocrisy is revealed and inequalities laid bare. Credible characters are presented in engrossing stories that leave us wanting more in this new short story collection by Ní Leannáin. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Ciara Ní É and Sinéad Ní Uallacháin

Mar 28, 202121 min

Le Gean agus Scéalta Eile - Leabhar Mhí an Mhárta 2021 / Book of the Month - March 2021

[English version below] Bhris ar m’fhoighne. Ní fhéadfainn é a sheasamh níos faide. Bhí an fhuil ag borradh i mo chuislí. rug mé ar shrian an chapaill amach as a dhá lámh. Sheas mé suas gcarr cosúil leis na fir eile. Ansin thugas laisc don chapall. Réab sí chun cinn. Ba bheag nár caitheadh siar amach as an gcarr mé leis iarracht. ‘Nois bhí sí sna cosa in airde agus muid ag breith suas ar na carranna eile. Bhí deannach ag éirí ó rothaí an chairr. Bhreathnaigh mé síos ar mo Dheaide ach ní hé a bhí ann anois ach Judah Ben-Hur é féin. Bhí meangadh ar a bhéal. “Shíl mé nach mbainfeá an srian amach as lámha t’athar go brách,” adeir sé. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Emily Barnes agus Eilís Everard [Leagan Gaeilge thuas] A collection of short stories by Mike P. Ó Conaola, in Irish. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Emily Barnes and Eilís Everard

Feb 22, 202111 min

Tinte na Farraige Duibhe - Leabhar Mhí Feabhra 2021 / Book of the Month - February 2021

[English version below] Thit an long i dtreo an phláinéid dheirg, í ag luasghéarú i gcónaí. Bhí na cúrsóirí á leanúint agus, mar a shíl A-Hiom, bhí siad ag teacht suas leo, beagán ar bheagán. Líon Na Hasta an radharc ar fad a bhí rompu agus chonaic Sál na sraitheanna de scamaill agus stoirmeacha ina nguairneáin, iad oráiste agus bán, ag casadh leo in atmaisféar meirgeach an phláinéid. Ar a dTeitheadh i Spás-Long Lastais Beirt ar a dteitheadh ó Roghail, gealach bheag amach ón bpláinéad dearg Na Hasta, is ea Sál agus Ríosa. Éalaíonn siad i spáslong lastais — agus an crogall daonna, an Sáirsint Raithdead, ar a dtóir. Ach amach rompu tá namhaid níos mó agus níos measa — agus gan fhios di féin, tá rún á cheilt ag Ríosa a tharraingeoidh fórsaí uile an Oilc sa mhullach orthu. Buaiteoir Ghradam an Saltire Society Úrscéal ficsean eolaíochta a scríobhadh i nGaeilge na hAlban is ea Air Cuan Dubh Drilseach. In 2013 a foilsíodh é agus is é an chéad úrscéal ficsean eolaíochta lánfhada a scríobhadh do dhaoine fásta i nGaeilge é. Ghnóthaigh an leabhar seo gradam an ‘First Book of the Year’ do Tim Armstrong ón Saltire Society in 2013. Is é Eoin P. Ó Murchú a d’aistrigh. Scríbhneoir agus ceoltóir as Seattle Mheiriceá é Tim Armstrong, agus is léachtóir i Sabhal Mòr Ostaig é. Tá sé ag obair faoi láthair ar an dara húrscéal leis, An Luingeas Dorcha air Fàire. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Bríd-Treasa Ní Ghaoithín agus Aonghus Ó Lochlainn [Leagan Gaeilge thuas] Escape on a Cargo Space-Ship Sál and Ríosa are on the run from Roghail, a small moon off Neasg, They escape on a cargo ship — with the human-crocadile Sergeant Rathaid hot on their heels. But out there waiting for them is a greater menace — and, unknown to her, Ríona hides a secret that will bring the forces of destruction upon them. Winner of the Saltire Society Award Tinte na Farraige Duibhe (Air Cuan Dubh Drilseach) is a science fiction novel written in Scottish Gaelic by Tim Armstrong and published by CLÀR in 2013. It is the first hard science-fiction novel in Gaelic written for adults. This book won the Saltire Society First Book of the Year Award in 2013. Translated by Eoin P. Ó Murchú. Tim Armstrong is a writer and musician from Seattle in the United States. He lives in Scotland and works as a lecturer in Sabhal Mòr Ostaig. He is currently working on his second novel, An Luingeas Dorcha air Faire. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Bríd-Treasa Ní Ghaoithín and Aonghus Ó Lochlainn

Feb 9, 202128 min

Beatha Phí - Leabhar Mhí Eanáir 2021 / Book of the Month - January 2021

[English version below] Clasaic i litríocht an domhain chéana is ea Beatha Phí, lán de mhíorúiltí is iontais. Bronnadh duais Man Booker air sa bhliain 2002 chomh maith le gradaim eile, rinneadh scannán de a bhain ceithre Oscar agus tá sé aistrithe i mbreis is daichead teanga. Seo anois é i nGaeilge. Tagann Pí Patel slán nuair a théann an long go tóin poill agus a mhuintir ag aistriú ón India go Ceanada. Níl fágtha i ndiaidh na tubaiste ach é féin agus tíogar mór ocrach, iad ar fán i mbád tarrthála ar an bhfarraige mhór fhiáin. Saol idir codladh agus dúiseacht atá acu, an bás agus an bheatha fite fuaite ina gcuid smaointe. Réitíonn na téamaí seo go binn le saol síorimníoch ár linne agus é i mbaol a dhíothaithe. Ní mór do Phí dul i muinín na n-achmhainní atá faoina láimh chun teacht slán, agus dul amach ar chreideamh a chroí. Ní mór don léitheoir dul i ngleic leis na fadhbanna a chuireann an leabhar romhainn, agus fírinne an scéil a aimsiú. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Muireann Ní Raghallaigh agus Muiris Ó Raghallaigh [Leagan Gaeilge thuas] After the sinking of a cargo ship, a solitary lifeboat remains bobbing on the wild blue Pacific. The only survivors from the wreck are a sixteen-year-old boy named Pi, a hyena, a wounded zebra, an orangutan – and a 450-pound Royal Bengal tiger. The scene is set for one of the most extraordinary and beloved works of fiction in recent years. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Muireann Ní Raghallaigh and Muiris Ó Raghallaigh

Jan 28, 202128 min

Asterix agus an Corrán Óir - Leabhar Mhí na Nollag 2020 / Book of the Month - December 2020

[English version below] Tá sráidbhaile Asterix go mór trína a chéile. Tá Ogamaix, draoi, i ndiaidh a chorrán óir a bhriseadh agus ní thig leis éilicsir an nirt a dhéanamh gan é! Imíonn Asterix agus Obelix ar mhisean contúirteach go Lúitéis, le corrán nua a cheannach ó Amerigix, a bhfuil gaol i bhfad amach aige le hObelix agus atá ar an fhear déanta corrán is fearr dá bhfuil sa Ghaill. Ach tá Amerigix imithe gan tásc gan tuairisc agus caithfidh ár mbeirt laoch dul á lorg i measc choirpigh agus bhithiúnaigh na cathrach. An dtiocfaidh siad ar Amerigix nó an mbeidh corrán óir nua chun an bhaile leo i gcomhair Ogamaix? Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Ola Majekodunmi agus Oisín Mistéil [Leagan Gaeilge thuas] It's a disaster - the druid Getafix has broken his golden sickle. Asterix and Obelix go to Lutetia (now Paris) to buy him a new one. Soon they are tangling with the criminal underworld of the big city - can they outwit Navishtrix, Clovogarlix and the sickle-trafficking gang? Will Getafix ever be able to brew magic potion again? Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Ola Majekodunmi and Oisín Mistéil

Dec 1, 202013 min

Thar na Tonnta - Leabhar Mhí na Samhna 2020 / Book of the Month - November 2020

[English version below] Is é a dheireadh tús an scéil seo. Tá Sonaí Ó Giolla básaithe ach go bhfuil leithscéal ar a spiorad scaradh lena chorp. Téann sé siar ar bhóithrí na smaointe. A óige i mbaile an Leacain agus ar a chuid laethanta scoile, mar ar chuir sé aithne de chéaduair ar shaothar Karl Marx, a chuaigh go smior ann – ba shóisialaí é feasta. Na laethanta a chaith sé i Londain in éineacht le dream ón mbaile – dream a bhí chomh radacach leis-sean dá mb'fhíor dóibh féin é agus, go deimhin, dá mb'fhíor dósan é chomh maith. An bhean a phós é agus an iníon a bhí acu. Ach airíonn sé a chuid idéalachais á ídiú de réir a chéile ag a laigeachtaí féin, ag athrú aeráide is saoil. Agus is nuair a fhilleann siad ar an seanphaiste tar éis na blianta a bheith caite i Londain acu a fhíortar an sean-nath nach mar a shíltear a bhítear. Nó nach mar a síleadh a bheas amach anseo... Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Aedín Ní Thiarnaigh agus Caomhán Ó hÓgáin [Leagan Gaeilge thuas] This story starts at the end and moves backwards. Sonaí Ó Giolla has just died, but his spirit is reluctant to leave his body. He travels back through his memories of his life, the people he lived with while he was living in London as an emigrant from Ireland and became a socialist. He remembers the woman who married him and the daughter they had together. Now, at the end of his days he feels that his idealism has faded and understands that everything is not as it seems, and indeed, the way things were doesn't mean that they will stay the same into the future. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Aedín Ní Thiarnaigh and Caomhán Ó hÓgáin

Nov 6, 202019 min

Ar Luch Agus ar Dhuine - Leabhar Mhí Dheireadh Fómhair 2020 / Book of the Month - October 2020

[English version below] Buaiteoir Ghradam de Bhaldraithe 2020 Eagrán álainn Gaeilge den tseanchlasaic le John Steinbeck Of Mice and Men a céadfhoilsíodh in 1937, ceann de mhórshaothair na haoise seo caite. Beirt spailpíní iad George agus Lennie, i gCalafóirne i dtríochaidí an chéid seo caite. Fathach urrúnta ‘ar chiall na bpáistí’ é Lennie agus bíonn George ag tabhairt aire dó. Agus cé nach bhfuil acu de mhaoin an tsaoil ach an t-éadach ar a ndroim, tá aisling acu – feirm bheag a cheannach dóibh féin agus a bheith ‘beo ar mhéith na tíre’. An Garbhadas, an Mhíofaireacht agus an Suarachas: Tá 'Ar Luch agus ar Dhuine' ar cheann de na scéalta is cumhachtaí dár scríobh John Steinbeck. Tá an garbhadas ann, agus an mhíofaireacht agus an suarachas, ach is é an cineáltas agus an grá atá in uachtar. Scéal gairid é ach, más ea féin, beidh cuimhne fhada air ag an té a léifidh. An saothar seo le Colmcille Ó Monacháin, tá sé ar cheann de na heiseamláirí aistriúcháin is breátha dá ndearnadh le tamall de bhlianta. "Tá cuma iontach ar an leabhar .... Ghin Ó Monacháin saothar as an nua, atá idir Ghaelach agus Ultach, sa leagan breá seo de Ar Luch agus ar Dhuine." — Pádraig Fhia Ó Mathúna, COMHAR. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Lisa Nic an Bhreithimh agus Maitiú Ó Coimín [Leagan Gaeilge thuas] Winner of 'Best Translation' Award 2020 Driſters in search of work, George and his childlike friend Lennie, have nothing in the world except the clothes on their back — and a dream that one day they will have some land of their own. Eventually they find work on a ranch in California’s Salinas Valley, but their hopes are dashed as Lennie — struggling against extreme cruelty, misunderstanding and feelings of jealousy — becomes a victim of his own strength. "Tá cuma iontach ar an leabhar .... Ghin Ó Monacháin saothar as an nua, atá idir Ghaelach agus Ultach, sa leagan breá seo de Ar Luch agus ar Dhuine." — Pádraig Fhia Ó Mathúna, COMHAR. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Lisa Nic an Bhreithimh and Maitiú Ó Coimín

Oct 14, 202020 min

Meascra ón Aer - Leabhar Mhí Mheán Fómhair 2020 / Book of the Month - September 2020

[English version below] Tagann ábhar an leabhair seo ón tsraith raidió ‘Meascra’ a rinne Marcus Mac Conghail do Raidió na Gaeltachta. Iarracht a bhí sa tsraith ardán a thabhairt don scríbhneoireacht nua agus ábhar siamsaíochta (agus machnamh, b’fhéidir) a chur ar fáil. Meascra ceart atá sa leabhar – aistí agóide, gearrscéalta, dánta, cuimhní cinn agus eile agus is iontach an réimse ábhar, stíleanna agus guthanna atá ann le 40 scríbhneoir éagsúil lena n-áirítear Caitríona Ní Chléirchín, Eoghan Mac Giolla Bhríde, Biddy Jenkinson, Antain Mac Lochlainn, Réaltán Ní Leannáin, Aindrias Ó Cathasaigh, Caitlín Nic Íomhair agus Cathal Póirtéir, gan ach dornán acu a lua. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Gráinne Ní Aodha agus Eoin McEvoy [Leagan Gaeilge thuas] A collection of essays, poems, short stories, reminiscences and more from the RTÉ Raidió na Gaeltachta series, Meascra, produced by Marcus Mac Conghail. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Gráinne Ní Aodha and Eoin McEvoy

Sep 28, 202021 min

Cnámh - Leabhar Mhí an Mheithimh 2020 / Book of the Month - June 2020

[English version below] Is cnuasach gearrscéalta é seo ón údar Conallach Eoghan Mac Giolla Bhríde. Seo an méid a bhí le rá ag moltóir de chuid an Oireachtais faoi: "Ceardaí oilte an scríbhneoir a thuigeann conas scéal a nochtadh. Comhlíonann an cnuasach seo aidhm na litríochta, cuireann sé breis lenár léamh ar an domhan timpeall orainn agus cuireann sé lenár dtuiscint ar ár gcomhdhaoine. "Tá an scríbhneoir cruthanta seo, duine nach mór dó a scríobh agus nach mór dúinne léitheoirí a shaothar a léamh. Ghealaigh an saothar mo chroí. Mairimid beo." Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Sinéad Ní Uallacháin agus Aoghus Ó Lochlainn [Leagan Gaeilge thuas] A collection of short stories by Eoghan Mac Giolla Bhríde, who is originally from the Donegal Gaeltacht but now lives in Dublin. This is his third collection of short stories. Idir Feoil agus Leathar was published in 2002 by Coiscéim, followed by Díbeartaigh in 2005. “Rarely does a writer succeed in producing a work that impacts on the reader in an unforgettable way, such as happens in some of the stories in this collection. There are some wonderful moments of insight, and from start to finish, be they wounded or flawed, the characters embody the flesh and blood of humanity.” Dr Róisín Ní Ghairbhí. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Sinéad Ní Uallacháin and Aonghus Ó Lochlainn

Jun 23, 202020 min

Eachtraí Tintin - An tOileán Dubh - Leabhar Mhí na Bealtaine 2020 / Book of the Month - May 2020

[English version below] Tá Tintin agus a ghadhar dílis, Báinín, sa tóir ar bhuíon idirnáisiúnta brionnóirí airgid. Ina measc, tá an Dr Müller, a bheidh ina dheargnamhaid ag an iriseoir óg. Tagann Tintin slán ó iarracht é a dhúnmharú ach tá tuilleadh dainséir roimhe nuair a thugann leideanna chomh fada le Poll Dubh in Albain é. Is ann a chloiseann sé faoin mBrúid ar a bhfuil cónaí i gCaisleán na Binne Móire ar an Oileán Dubh. Tugtar rabhadh dó gan dul in aice an oileáin ach níor theip ar fhear - ná ar ghadhar - an mhisnigh riamh! Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Emma Ní Chearúil agus Conchúr Ó Faoláin [Leagan Gaeilge thuas] In this classic graphic novel, Tintin Investigates a mysterious plane crash and discovers that he's on to something big! The case leads Tintin to Scotland, where he learns of a monster that stalks a lonely island. Hergé, one of the most famous Belgians in the world, was a writer and cartoonist. The internationally successful Adventures of Tintin are his most well-known and beloved works. They have been translated into 38 different languages and have inspired such legends as Andy Warhol and Roy Lichtenstein. He wrote and illustrated The Adventures of Tintin until his death in 1983. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Emma Ní Chearúil and Conchúr Ó Faoláin

May 22, 202019 min

Sa Teach Seo Anocht - Leabhar Mhí Aibreán 2020 / Book of the Month - April 2020

[English version below] Úrscéal nua le Micheál Ó Conghaile a dhíríonn ar scéal fhir atá ag siúil amach ón teach inár tógadh é agus é ag fágáil a bhean agus a mhac ina dhiaidh. Anocht m'oíche dheireanach sa teach seo agus briseann sé sin mo chroí. Sa teach seo inár rugadh agus ar tógadh mé is mo shinsir romham agus inar fhás mé suas le mo theaghlach líonmhar sul má scaipeadh muid. Sa teach seo mar a bhfuillim i mo chónaí le mo bhean le deich mbliana anaus agus le mo mhac Shane lena leath sin. Máidin amárach fágfaidh mé an teach seo, mo bhean ... is mo mhac i mo dhiaidh. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Ciara Ní Éanacháin agus Cuan Ó Seireadáin [Leagan Gaeilge thuas] A new novel by Micheál Ó Conghaile which focuses on the story of a man who is about to walk out on his home, the house in which he was born and reared, and his wife and young son. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Ciara Ní Éanacháin and Cuan Ó Seireadáin

Apr 6, 202011 min

Fatwa - Leabhar Mhí an Mhárta 2020 / Book of the Month - March 2020

[English version below] Scríbhneoir Gaeilge ar thóir léitheoirí atá i gCormac Mac Ruairí. Tagann sé ar sheift ghlic le suim an phobail a mhúscailt i litríocht na Gaeilge, agus, ar ndóigh, le níos mó leabhar dá chuid féin a dhíol. Ní fada, áfach, go dtarraingíonn an leabhar is úire óna pheann aird antoiscigh Mhoslamacha. An dtiocfaidh aon duine slán ón slad a thitfidh amach ar oileán dúchais an údair? Tógann Mac a’ Bhaird muid ar thuras bríomhar eachtrúil ó Bhaile Átha Cliath go dtí an Libia agus ón Araib ársa go dtí Gaeltacht Dhún na nGall sa leabhar spleodrach seo; agus caitheann sé súil fhonóideach ar dhéithe beaga na linne seo, sa phrós snasta bríomhar sin is dual dó a chleachtadh. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Claire Dunne agus Liam Mac Amhlaigh [Leagan Gaeilge thuas] Cormac Mac Ruairí is a writer in search of a wider readership so he comes up with an idea to pique the interest of the Irish-language readership in order to sell more books. It's not long, however, before his most recent work causes a stir among extremist Muslims. Will anyone survive the devastation that'll transpire in the author's homeland? Mac a' Bhaird takes us on a journey from Dublin to Libya, from the Middle East to the Donegal Gaeltacht, in this page-turner where he also provides a commentary on what we worship in contemporary society. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Claire Dunne and Liam Mac Amhlaigh

Mar 2, 202019 min

Cur i gCéill - Leabhar Mhí Feabhra 2020 / Book of the Month - February 2020

[English version below] Is síceolaí í Cass Ó Caoimh a bhogann go Conamara nuair a fhágtar ina baintreach í. Mar aon leis an bpostroinnt atá aici san Ionad Leighis áitiúil, glacann sí le post páirtaimseartha i gCeannáras na nGardaí mar shíceolaí fóiréinseach. Nuair a bháitear Niamh, cara a hiníne, creideann Cass gur dúnmharaíodh an ógbhean ainneoin an mhéid a cheapann an Bleachtaire Cigire, Tom Breasal, a hiarleannán. Le cúnamh ón iriseoir Gearóid, mac Tom, agus ó dhaoine a gcuireann sí aithne orthu, déanann sí bás Niamh a fhiosrú agus tugann scéal scáfar chun solais. San am atá díreach thart atá an coirscéinséir eachtrúil seo suite. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Eoin McEvoy agus Caomhán Ó hÓgáin [Leagan Gaeilge thuas] Cass Ó Caoimh is a psychologist who moves to Conamara when she becomes a widow. She job shares in the local Health Centre but also takes on a job at the Garda Headquarters as a forensic psychologist. When Niamh, her friend's daughter drowns, Cass believes that the young girl was murdered despite what Detective Inspector, and ex, Tom Breasal believes. With the help of Gearóid, a journalist and Tom's son, along with those with whom she becomes acquainted, she investigates Niamh's death and this gives rise to some alarming developments. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Eoin McEvoy and Caomhán Ó hÓgáin

Jan 30, 202016 min

Idir Mhná - Leabhar Mhí Eanáir 2020 / Book of the Month - January 2020

[English version below] Is seanphoblachtánach é an Móránach ar athraigh a shaol go deo i laethanta glórmhara Chogadh na Saoirse, nuair a bhí sé féin ina cheannaire cumasach treallchogaíochta. Anois agus é ina sheanaois ar fheirm in iarthar na hÉireann, tá an Móránach ag troid i gcónaí - lena theaghlach, lena chairde, agus fiú amháin leis féin. Bíonn sé cráite go mion minic agus é ag iarraidh dul i ngleic leis an am atá caite. Thar rud ar bith eile is é a shaol 'idir mhná' - a ghaol lena dhara bean Róise, lena chlann, agus go háirithe a thriúr iníonacha - atá i gceartlár a chruacháis: dúshlán casta an ghrá, agus an faitíos roimhe féin agus roimh dhaoine eile. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Deirdre Nic Chárthaigh agus Michelle O' Riordan [Leagan Gaeilge thuas] Moran is an old Republican whose life was forever transformed by his days of glory as a guerilla leader in the War of Independence. Now, in old age, living out in the country, Moran is still fighting - with his family, his friends, even himself - in a poignant struggle to come to terms with the past. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Deirdre Nic Chárthaigh and Michelle O' Riordan

Jan 23, 202019 min

Charlie agus Monarcha na Seacláide - Leabhar Mhí na Nollag 2019 / Book of the Month - December 2019

[English version below] Níl Willy Wonka - ná an taobh istigh dá mhonarcha iontach seacláide - feicthe ag aon duine le blianta fada. Nuair a fhógraíonn sé comórtas ina dtabharfar buaiteoirí na gcúig thicéad órga (atá curtha i bhfolach aige i gcludaigh na mbarraí seacláide) ar thuras sa mhonarcha, tá tír is talamh ag iarraidh teacht ar na ticéid! Is é Charlie agus Monarcha na Seacláide an scéal is cáiliúla le Roald Dahl. Seo é scéal Charlie Buicéid, na gcúig thicéad órga, agus na nÚmpa-Lumpach, agus scéal Willy Wonka féin, scéal atá buanaithe in intinn na n-óg ó chéadfhoilsíodh é in 1964. Tá os cionn 20 milliún cóip den leabhar díolta in 56 theanga. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Siún Ní Dhuinn agus Rónán Mistéil [Leagan Gaeilge thuas] Nobody has seen Willy Wonka - or inside his amazing chocolate factory - for years. When he announces plans to invite the winners of five Golden Tickets hidden inside the wrappers of chocolate bars to visit his factory, the whole world is after those tickets! Charlie and the Chocolate Factory is perhaps Roald Dahl’s best-known story. The story of Charlie Bucket, the five Golden Tickets, the Oompa-Loompas and the amazing Mr Willy Wonka has become firmly embedded in our culture since it was first published in 1964. Conservative estimates suggest the original book has sold over 20 million copies worldwide; it is now available in 55 languages. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Siún Ní Dhuinn and Rónán Mistéil

Dec 12, 201915 min

Fonn a Níos Fiach - Leabhar Mhí na Samhna 2019 / Book of the Month - November 2019

[English version below] Fonn a níos fiach’ a deir an seanfhocal, agus nuair a bhualann an t-ocras Seán Mhicil agus a theaghlach óg caithfidh sé seiftiú dá réir. I bprós glan snoite, insíonn an t-úrscéal gearr seo scéal an fhir atá á thiomáint ag an ocras chun seilg a dhéanamh ar son a theaghlaigh. Ach más é an gorta a chuireann Seán Mhicil amach thar shneachta an tsléibhe i mblianta deiridh an Ghorta Mhóir, de réir mar atá an giorria éalaitheach á leanúint go diongbháilte aige gabhann an tseilg seo chun laochais. Ba í seo an leabhar ab ansa dá chuid leis an údar féin — insint teann íogair a bhfuil fiántas agus boladh an dúchais tríd. Agus, cé go gcuirtear i gcomparáid le clasaic Hemmingway The Old Man and the Sea í, agus le Moby Dick Herman Melville, is sásúla go mór fada mar leabhar í seo. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Alan Titley agus Séamus Ó Murchú [Leagan Gaeilge thuas] Fonn A Níos Fiach is a novella, based on folklore from Dúiche Sheoigheach. Out of his own works, this is the author’s favourite. This is a tense, emotive telling, with the sense of wilderness throughout. It would remind you of ‘The Old Man and thr Sea’ by Hemingway, but in this case it was hunger and the famine, and not heroism, that drove this man to hunt. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Alan Titley and Séamus Ó Murchú

Nov 5, 201918 min

Tairngreacht - Leabhar Mhí Dheireadh Fómhair 2019 / Book of the Month - October 2019

[English version below] Cuirtear saol Chonchúir Uí Bhraonáin bun os cionn go hiomlán nuair a thagann sé ar dhúnmharú scáfar ar mhullach uaigheanna Uí Néill agus Uí Dhónaill sa Róimh. Gan mhoill tá a bheatha féin i mbaol. Is léir áfach, nach Conchúr amháin atá i gcontúirt agus go bhfuil comhcheilg ar siúl a bhainfeadh an bonn de chumhacht an Phápa agus a chuirfeadh deireadh leis an Eaglais. Má tá Conchúr le teacht slán, caithfidh sé aghaidh a thabhairt ar sheict dhorcha a bhfuil a fréamhacha aici sa luathChríostaíocht féin. Ach an í seo an fíornamhaid? Mura n-éiríonn leis an mhistéir a réiteach in am, fíorófar an tairngreacht uafásach a rinneadh míle go leith bliain ó shin; tairngreacht a d’athródh an saol go deo. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Réaltán Ní Leannáin agus Muiris Ó Raghallaigh [Leagan Gaeilge thuas] Conchúr Ó Braonáin's life is turned upside down when he stumbles upon a violent murder that occurs on the graves of Ó Néill and Ó Dónaill in Rome. Not before long, he also finds himself in peril but it seems that he isn't alone as he becomes complicit in a conspiracy that might end the power of the Catholic Church. If Conchúr is to prevail, he must tackle the dark roots of an Early-Christian sect, but this begs the question: are they the true enemy? If he doesn't succeed, however, the prophecy that was foreseen fifteen-hundred years ago might come to realisation, changing the world as we know it! Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Réaltán Ní Leannáin and Muiris Ó Raghallaigh

Sep 26, 201917 min

Cití na gCártaí - Leabhar Mhí Mheán Fómhair 2019 / Book of the Month - September 2019

[English version below] Úrscéal faoi bhean óg as Málta, Katarina, aimsir an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Déantar cleamhnas di le saighdiúir Éireannach in arm Shasana, Tomaí. Is as Béal Feirste dó agus é lonnaithe i Málta le linn an chogaidh, ach tá seisean ag dréim le hÉirinn aontaithe mar a gheall Redmond. Leanaimid scéal Kati ó 1917 agus othair ag teacht go Málta de réir a chéile ó láithreacha an áir in Gallipoli, go dtí 1921 i mBéal Feirste, agus an pobal ann i ngreim na himpireachta. Nochtann léaspairtí ar leith chugainn ar shaol na mban. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Lisa Nic an Bhreithimh agus Aonghus Ó Lochlainn [Leagan Gaeilge thuas] At the outbreak of the First World War, a young Maltese woman – Katarina – has her world turned upside down. She enters into an arranged marriage with Tomás, an Irish solider in the British army. Tomás is a native of Belfast stationed in Malta, dreaming of a united Ireland as Redmond promised. We follow Kati’s story from 1917, when the hordes of injured flocked to Malta in the aftermath of the Gallipoli slaughter, to 1921 when she lands in Belfast, a city still in the grip of empire. An insightful depiction of women’s lives. This is Réaltán Ní Leannáin‘s first novel. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Lisa Nic an Bhreithimh and Aonghus Ó Lochlainn

Sep 6, 201920 min

Dialann Emily Porter: An Jailtacht - Leabhar Mhí an Mheithimh 2019 / Book of the Month - June 2019

[English version below] Bhí plean déanta ag Emily Porter dá laethanta saoire samhraidh i 1994; bhí sí chun fanacht sa leaba go dtí meán lae agus an chuid eile den lá a chaitheamh lena cara is fearr, Olivia. Ach i ngan fhios di, bhí plean eile ag a tuismitheoirí. Plean cruálach. Plean gránna. Plean díoltasach… Bhí Emily le cur in aghaidh a tola, chuig Coláiste Samhraidh sa Ghaeltacht – nó An Jailtacht mar a thug Emily air! Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Lisa Nic an Bhreithimh agus Ciara Ní Éanacháin [Leagan Gaeilge thuas] History is written by heroines who took bold stands against their oppressors in the name of justice. From Joan of Arc to Emmeline Pankhurst, from Rosa Parks to me, Emily Porter. This is the story of how, in the Summer of 1994, I stood up against my Oppressors (my parents) and how I came out the other side a changed person. It’s a tale of a lost teenager, of lost innocence, and a lost pair of white Pepe jeans (I’m not too worried about the innocence but I really miss those jeans). Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Lisa Nic an Bhreithimh and Ciara Ní Éanacháin

Jun 7, 201919 min

Gáire in Éag - Leabhar Mhí na Bealtaine 2019 / Book of the Month - May 2019

[English version below] Cnuasach scéalta le Seán Ó Muireagáin. Scéalta corraitheacha suit i dtréimhse na dTrioblóidí in Éirinn. Sleamhnaigh isteach i saol fealltach an spíodóra, saol céasta an iarshaighdiúra agus saol fuarchúiseach an dúnmharfóra sna scéalta neamhbhuana seo a saoirsíodh as inneoin bhruidiúil an bhuailte, Béal Feirste i rith na dTrioblóidí. Ceithre ghearrscéal a thugann léargas daonna ar shaol na cathrach le linn na coimhlinte mar son le húrscéilín ficsean coireachta. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Emma Ní Chearúil agus Caitlín Nic Íomhair [Leagan Gaeilge thuas] A collection of short stories by Seán Ó Muireagáin. Riveting stories set during the times of the Troubles in Northern Ireland. Delve into the world of spies, tormented former soldiers and the actions of a cold-blooded murderer which take place against the backdrop of the brutality that came out of the Troubles in Belfast. Four short stories that give a personal and humane insight into city life during these trying times along with a novella dealing with crime. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Emma Ní Chearúil and Caitlín Nic Íomhair

Apr 30, 201916 min

Titeann Rudaí as a Chéile - Leabhar mhí Aibreáin 2019 / Book of the Month - April 2019

[English version below] Gaiscíoch mór le rá is ea Okonkwo, agus a cháil in airde ar na fir is cumhachtaí agus is saibhre ina threabhchas. Is duine ceanndána é, afách, agus is minic a theipeann air srian a chur leis a fhearg. Íocann sé féin agus a mhuintir go daor as sin. Nuair a bhagraíonn teacht ar fhir ghil ar thraidisúin an treabhcháis, Gníomhaíonn Okonkwo as a stuaim féin. Toradh tragóideach atá i ndán dó, afách. Tá an t-úrscéal seo aitheanta ar chlasaicí litríocht an domhan ó foilsíodh i 1958 é. Tá sé aistrithe chuig breis is leathchéad teangacha, agus breis is deich milliún cóip de díolta. Agus é ag cur síos go grinn báúil ar chinniúint an duine ar fad i saol ár linne. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Alan Titley agus Aonghus Ó Lochlainn [Leagan Gaeilge thuas] More than two million copies of Things Fall Apart have been sold in the United States since it was first published in 1958. Worldwide, there are eight million copies in print in fifty different languages. This is Chinua Achebe's masterpiece and it is often compared to the great Greek tragedies, and currently sells more than one hundred thousand copies a year in the United States. A simple story of a "strong man" whose life is dominated by fear and anger, Things Fall Apart is written with remarkable economy and subtle irony. Uniquely and richly African, at the same time it reveals Achebe's keen awareness of the human qualities common to men of all times and places Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Alan Titley and Aonghus Ó Lochlainn

Mar 28, 201919 min

Eachtraí Tintin: Portán na nOrdóg Órga - Leabhar mhí an Mhárta 2019 /March 2019

[English version below] Leanann Tintin agus Báinín leideanna aisteacha a chuireann sa tóir ar chairtéal drugaí iad. Tá Tintin faoi ghlas sa long, an Karaboudjan, agus an Captaen Mac Cadóige as a mheabhair le deoch. An criú atá i gceannas! Ar thaobh amháin de, tá gaineamhlach dóite, an Sahára, agus ar an taobh eile de tá duibheagán na Meánmhara. Tá Tintin agus Báinín i mbaol a n-anama cinnte! Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Claire Dunne agus Nóirín Ní Nuadháin [Leagan Gaeilge thuas] Tintin agus Báinín follow strange clues which lead them to follow a drug cartel. Tintin is locked on the ship and the captain is drunk out of his mind, while the crew are in control! Tintin is certainly in danger... Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Claire Dunne and Nóirín Ní Nuadháin

Mar 5, 201918 min

Fuascailt an Iriseora - Leabhar mhí Feabhra 2019 / Book of the Month - February 2019

[English version below] Tá an t-iriseoir, Bríd, ar ais san ardchathair agus í ag treabhadh léi ina gairm dhúshlánach – ach tá coimhlint sa seomra nuachta. Nuair a thagann sí ar scéal mór na bliana, measctar dualgais an iriseora le tromluí scanrúil an tsaoil. Téann Bríd ar thóir na fírinne ar fud na hardcathrach … Coinnigh ort ag léamh agus neosfaidh an aimsir! Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Maitiú Ó Coimín agus Liam Mac Amhlaidh [Leagan Gaeilge thuas] Bríd (An tIriseoir, 2016) returns to the capital and to the daily grind of scoop and scandal – but there’s trouble brewing in the newsroom. When she stumbles upon a new story, Bríd has no choice but to dive straight in. Her journey takes her on a winding path, and her duty as a journalist is thrown into question. She must rely on her quick wit and cunning to uncover the truth, despite constant pressure from all sides. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Maitiú Ó Coimín and Liam Mac Amhlaidh

Jan 31, 201917 min

Cinnlínte: Saol an Iriseora - Leabhar mhí Eanáir 2019 / Book of the Month - January 2019

[English version below] Cuireann Deaglán de Bréadún inár láthair anseo buaicphointí óna ghairmré mar iriseoir. D’oibrigh sé le The Irish Times agus ina dhiaidh sin le The Irish Sun. Ar na pearsana móra a chastar orainn tá Yasser Arafat, Boris Yeltsin, Mikhail Gorbachev, Cathal Ó hEochaidh, Ian Paisley agus Brian Cowen. Le súil ghéar agus le stíl neamhchasta mar is dual dó, labhraíonn sé go hoscailte faoi dhúshláin agus faoi éachtaí an iriseora, go háirithe i gcúinsí casta cogaíochta agus coimhlinte, bíodh sé ag trácht ar ainnise riocht na dteifeach Coirdíneach ag teitheadh ó Saddam Hussein nó ar phróiseas na síochána i dTuaisceart Éireann. Foghlaimeoidh iriseoirí óga agus mic léinn chumarsáide cuid mhór uaidh faoi ghnéithe den cheird, faoi dhiongbháilteacht agus faoi ghairmiúlacht an iriseora, agus go deimhin faoi thír na hÉireann agus faoi imeachtaí an domhain mhóir sa tréimhse sin ó na 1970idí i leith a mhúnlaigh saol agus sochaí an lae inniu. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Íte Ní Chionnaith agus Gráinne Ní Aodha [Leagan Gaeilge thuas] In this book Deaglán de Bréadún shares his insights on the highlights of his career as a journalist with The Irish Times and later with The Irish Sun. We get to meet the big players on the international and national stage – Yasser Arafat, Boris Yeltsin, Mikhail Gorbachev, Charles Haughey, Ian Paisley and Brian Cowen. With his perceptive eye and uncluttered familiar style, he speaks openly about the challenges that face the journalist, particularly in wars and conflict zones, and demonstrates the possibilities of journalism: whether reporting on the misery of the Kurdish refugees fleeing Saddam Hussein, or the peace process in Northern Ireland. Young reporters and students of journalism and media will find much of interest here, from the tenacity and professionalism required in the field, to the comprehensive backdrop he provides to those events within the State and in the wider world from the 1970s onward that have shaped our lives in the modern era. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Íte Ní Chionnaith and Gráinne Ní Aodha

Dec 20, 201819 min

An Strainséara - Leabhar mhí na Nollag 2018 / Book of the Month - December 2018

[English version below] Ní hiontas gur baineadh stangadh as an saol nuair a foilsíodh An Strainséara i 1942. Ba ghearr gus aithníodh é ar úrscéalta móra na haoise, agus níl aon mhaolú tagtha ar a cháil ó shin, ach a mhalairt. D’fhógair sé go raibh scríbhneoir den scoth ar an saol, agus léirigh Albert Camus cumas a chruthaitheachta arís ina dhiaidh. Tá an saothar clasaiceach seo ar fáil in nGaeilge ar deireadh thiar, a bhuíochas ar aistriúcháin Dhiarmada Uí Ghráinne, scríbhneoir atá go mór faoi anáil Camus agus nualitríocht na hEorpa trí cheile. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Emily Barnes agus Tristan Rosenstock [Leagan Gaeilge thuas] An Strainséara or l'Étranger, first published in 1942 was soon recognised as one of the more famous novels of the age and it has not faded much since. This version was translated by Diarmuid Ó Gráinne and published by Coiscéim in 2013. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Emily Barnes and Tristan Rosenstock

Nov 29, 201815 min

Na Gamaill - Leabhar mhí na Samhna 2018 / Book of the Month - November 2018

[English version below] Tá na Gamail ar cheann de na leabhair is mó aistriúcháin ar domhan. Scéal é seo faoi dhá ghamal agus faoi na cleasa gránna a imríonn siad ar a chéile. Is mór an ghráinn an tUasal Ó Gamail agus a bhean. Déanann siad píoga de na héin bhochta agus itheann siad iad, agus coinníonn siad na moncaithe, Muintir Mhugal-Bhump, faoi ghlas. Ach tá deireadh tagtha le foighne na moncaithe. Agus tá díoltas uathu. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Sinéad Ní Uallacháin agus Derek O' Brien [Leagan Gaeilge thuas] The Twits is one of Roald Dahl’s most popular children’s books. Roald Dahl’s The Twits tells the tale of a pair of horrible twits and the tricks they like to play on each other. Mr and Mrs Twit are the smelliest, ugliest people in the world. They hate everything -- except playing mean jokes on each other, catching innocent birds to put in their Bird Pies, and making their caged monkeys, the Muggle-Wumps, stand on their heads all day. But the Muggle-Wumps have had enough. They don’t just want out, they want revenge. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Sinéad Ní Uallacháin and Derek O' Brien

Oct 30, 201816 min

Nuair a Stadann an Ceol - Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2018 / Book of the Month - October 2018

[English version below] Tar éis di dul ar ollscoil agus cúpla bliain a chaitheamh ag obair, tá Róisín ar ais i mbun staidéir, sa choláiste oideachais don bhunmhúinteoireacht an uair seo. Tá cairde nua aici agus tá go leor ceoil á sheinm, ach tá deacrachtaí móra pearsanta aici freisin. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Caoimhe Nic Lochlainn agusAonghus Ó Lochlainn [Leagan Gaeilge thuas] After some time spent working, Róisín is back at college again, this time to become a Primary School teacher. She has new friends and is playing plenty of music but has her share of personal difficulties too. This is a story about the gifts and challenges of family, friendship and music. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Caoimhe Nic Lochlainn and Aonghus Ó Lochlainn

Sep 25, 201813 min

Teach an Gheafta - Leabhar mhí Mheán Fómhair 2018 / Book of the Month - September 2018

[English version below] Scéal ógfhir atá againn anseo agus an samhradh cinniúnach a chaith sé i dTeach an Gheafta i Mín na Móna i nGaeltacht Thír Chonaill agus é ag iarraidh a shaol casta a shoiléiriú agus a bhealach féin a aimsiú. Ní dhearmadóidh tú in aicearracht an samhradh seo i Mín na Móna. Seo saothar atá lán de ghreann a thógfas do chroí, de chomhbhá leis an duine agus leis an dúlra, de léaspairtí solais is de mheabhraíocht spreagúil; an stíl deisbhéalach, an scéal dúshlánach. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Lisa Nic An Bhreithimh agus Rónán Mistéil [Leagan Gaeilge thuas] This is the story of a young man and the fateful summer he spent in the Gate House in Mín na Móna in the Donegal Gaeltacht as he tries to make sense of his complicated life and find his own way. You won't easily forget this summer in Mín na Móna. In this novel brim-full of uplifting humour, of compassion with one's fellow man and with nature, of flashes of insight and inspiring ruminations. A witty style, a thought-provoking story. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Lisa Nic An Bhreithimh and Rónán Mistéil

Aug 31, 201817 min

Tintin sa Tibéid - Leabhar mhí an Mheithimh 2018 / Book of the Month - June 2018

[English version below] Tuairscítear gur maraíodh Teang, cara le Tintin, i dtubaiste aeir sna Himiléithe. Ach cloiseann Tintin guth a charad is é ag glaoch air. Tá sé cinnte anois gur beo do Teang i gcónaí. Tugann sé féin, a ghadhar dílis Báinín agus Haileabó, an captaen leathchraiceáilte, faoi mhisean dainséarach: teacht ar Teang. Buaileann siad le manach Búdaíoch i mainistir sa Tibéid a thugann dóchas dóibh gur beo do Teang – ach go bhfuil sé i mbaol an-mhór! Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Maitiú Ó Coimín agus Rónán Mistéil [Leagan Gaeilge thuas] Distraught, Tintin believes his friend Teang has been killed in a plane crash in the Himalayas, until he has a strange dream which suggests otherwise. Convinced of Teang’s survival Tintin, Caiptein Haileabó and Báinin set on an impossible mission, trekking over the snow-capped Himalayan peaks to Tibet. There, the monks of a remote Buddhist monastery have a vision — that Teang is indeed alive, inside a cave, high in the mountains. But Teang isn’t there alone. For company he has and illusive and fabled companion, considered by many to be abominable!

May 28, 201815 min

An tIriseoir - Leabhar mhí na Bealtaine 2018 / Book of the Month - May 2018

[English version below] Foréigean baile, saol scriosta, pósadh cliste. Éalaíonn Bríd ó Ghaoth Dobhair le dul i mbun iriseoireachta i mBaile Átha Cliath. Iriseoir díograiseach, ábalta agus cumasach í, a mhúchann na cuimhní cráite le tréan oibre. Titeann saol Bhríd as a chéile agus í ag fiosrú scéil ar a fód dúchais nuair a aithníonn sí go bhfuil a mac féin ina chroílar. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Niamh Ní Shúilleabháin agus Tristan Rosenstock [Leagan Gaeilge thuas] An award-winning collection of short stories from the celebrated novelist and short story writer, Beairtle Ó Conaire. This collection was awarded the Oireachtas Prize in 2006. Domestic violence, a broken marriage, a life destroyed. Bríd escapes from Gweedore to embark on life as a journalist in Dublin. She is a dedicated and capable journalist, and she finds solace and forgetfulness by throwing herself into her work to the exclusion of all else. But her life falls apart when she starts investigating a story in her own hometown, only to discover that her own son appears to be deeply implicated in it. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Niamh Ní Shúilleabháin and Tristan Rosenstock

Apr 30, 201818 min

Lár an Domhain - Leabhar mhí Aibreáin 2018 / Book of the Month - April 2018

[English version below] Duaisleabhar gearrscéalta ón úrscéalaí agus gearrscéalaí aitheanta Beairtle Ó Conaire. Bronnadh Duais an Oireachtais ar an gcnuasach seo in 2006. "Scríbhneoir gairmiúil is ea Beairtle Ó Conaire a bhfuil sé de bhua aige, mar aon leis an ngearrscéalaí Ciarraíoch, Seán Mac Mathúna, friotal simplí fileata a chur ar mhórcheisteanna an duine. Sa gcaoi seo, tugann Lár an Domhain mórshásamh intinne agus anama in éindí don léitheoir. Léitheoireacht riachtanach is ea an scothleabhar seo don té a mbeadh cruthú eile uaidh go bhfuil litríocht na Gaeilge inchomórtas leis an gcuid is fearr dá bhfuil á chumadh go hidirnáisiúnta." — Tomás Mac Síomóin, Feasta Láithreoir: Róisín Adams Aíonna: Caitlín Nic Íomhair agus Brian Ó Raghallaigh [Leagan Gaeilge thuas] An award-winning collection of short stories from the celebrated novelist and short story writer, Beairtle Ó Conaire. This collection was awarded the Oireachtas Prize in 2006. "Beairtle Ó Conaire is a professional writer who, like the Kerry short story writer Seán Mac Mathúna, has the gift of being able to write about the great human questions with poetic simplicity. In this fashion, Lár an Domhain (The Centre of the World) gives both mental and spiritual satisfaction to the reader. This book should be compulsory reading for anyone who needs more proof that Irish language literature is able to hold its own against the best that is being written internationally." —Tomás Mac Síomóin, Feasta Presenter: Róisín Adams Guests: Caitlín Nic Íomhair and Brian Mac Maghnuis

Mar 29, 201816 min

An Leathanach Bán - Leabhar mhí an Mhárta 2018 / Book of the Month - March 2018

[English version below] Ar bhínse sráide, i bPáras, tá bean óg ag iarraidh teacht chuici féin. Níl cuimhne aici ar a hainm, ná ar an bhfáth a bhfuil sí san áit sin. Tá a cuimhne tar éis imeacht uirthi. Is úrscéal grafach é An Leathanach Bán ina n-insíonn Pénélope Bagieu agus Boulet scéal mná óige agus í sa tóir ar eolas maidir léi féin, agus tá idir ghreann agus tuiscint san insint sin. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Claire Dunne agus Muiris Ó Raghallaigh [Leagan Gaeilge thuas] Sitting on a bench in Paris, a young woman tries to remember how she got there and just who exactly she is. Through the illustrations of Pénélope Bagieu and Boulet's witty and compassionate storytelling, Éloise in her amnesiac state tries to reconstruct her sense of identity and hilarity ensues. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Claire Dunne agus Muiris Ó Raghallaigh

Mar 5, 201813 min

Sciorrann an tAm - Leabhar Mhí Feabhra 2018 / Book of the Month - February 2018

[English version below] Cnuasach gearrscéalta ó údar Canary Wharf. An bua a bhaineann le scéalta an Choileánaigh ná a n-éagsúlacht agus a mbeocht. Is minic í ag plé leis an gclapsholas sin idir dhá shaol agus uaireanta is priaclach an saol é sin! Ní gruaim gan ghreann é, áfach. Scanraíonn sí sinn ach baineann a cuid eachtraí gáire asainn chomh maith. Bí ag faire amach! Ní gnáthdhomhan é seo, domhan Orna Ní Choileáin. Bhí Sciorrann an tAm ar an ngearrliosta do Ghradam Uí Shúilleabháin, Leabhar na Bliana, in 2014. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Siún Ní Dhuinn agus Ronan Doherty [Leagan Gaeilge thuas] A collection of short stories from the author of the highly acclaimed Canary Wharf. Varied and lively are just two of the adjectives used to describe Ní Choileáin’s work, which inhabits the liminal, dangerous areas of life. If these are dark places, they’re darkly humorous also. Watch out – Orna Ní Choileáin’s world is not for the faint-hearted. Sciorrann an tAm was shortlisted for Gradam Uí Shúilleabháin, Book of the Year, in 2014. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Siún Ní Dhuinn and Ronan Doherty

Jan 26, 201818 min

Idir Dhá Thír - Leabhar Mhí Eanáir 2018 / Book of the Month - January 2018

[English version below] Cnuasach gearrscéalta nua ó pheann Alex Hijmans. ‘Fágann an duine lorg ina dhiaidh mar a fhágann bád ar an bhfarraige, nó réalta eireabaill sa spéir. D’fhág Tír na Sámach a lorg ormsa, agus – dá laghad é – d’fhág mise lorg ar Thír na Sámach.’ I scéalta an chnuasaigh seo, leanann peann Alex Hijmans an lorg a d’fhág an imirce ar charachtair éagsúla – i Londain, i Liospóin, i nGaillimh, i mBéal Feirste, in Washington D.C. agus in áiteanna eile nach iad. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Máirín Nic Eoin agus Oisin Montanari [Leagan Gaeilge thuas] A new collection of short stories from Alex Hijmans. ‘A person leaves a trail in their wake like a boat in the sea or as a comet in the sky. Sápmi left its mark on me and – however small – I left my mark on Sápmi.’ In this collection, Alex Hijmans traces the tracks left by migration on different characters – in London, in Lisbon, in Galway, in Belfast, in Washington D.C. and elsewhere. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Máirín Nic Eoin and Oisin Montanari

Dec 21, 201718 min

Conaire Mór - Leabhar Mhí na Nollag 2017 / Book of the Month - December 2017

[English version below] Is athinsint bhríomhar bheoga atá in Conaire Mór ar an eipic Sean-Ghaeilge Togail Bruidne Da Derga — scéal a thosaíonn le rí á ghairmeadh de Chonaire agus a chríochnaíonn lena mharú brúidiúil ar bhruach na Dothra. Na hiontaisí ar fad atá i dtraidisiún na seanscéalta, tá siad ar fáil go flúirseach in imeachtaí an scéil, idir macghníomhartha Chonaire agus a theacht i réim, na blianta a raibh Éire faoi bhláth lena linn, agus an tuar báis nárbh fhéidir a shéanadh. Seo scéal nár insíodh i nGaeilge le beagnach míle bliain, ach tá Conaire Mór i réim anois arís ar deireadh. Is é an file Diarmuid Johnson a rinne an t-athscríobh ar an mbuntéacs. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Deirdre Nic Chárthaigh agus Eoin McEvoy [Leagan Gaeilge thuas] Is athinsint bhríomhar bheoga atá in Conaire Mór ar an eipic Sean-Ghaeilge Togail Bruidne Da Derga — scéal a thosaíonn le rí á ghairmeadh de Chonaire agus a chríochnaíonn lena mharú brúidiúil ar bhruach na Dothra. Na hiontaisí ar fad atá i dtraidisiún na seanscéalta, tá siad ar fáil go flúirseach in imeachtaí an scéil, idir macghníomhartha Chonaire agus a theacht i réim, na blianta a raibh Éire faoi bhláth lena linn, agus an tuar báis nárbh fhéidir a shéanadh. Seo scéal nár insíodh i nGaeilge le beagnach míle bliain, ach tá Conaire Mór i réim anois arís ar deireadh. Is é an file Diarmuid Johnson a rinne an t-athscríobh ar an mbuntéacs. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Deirdre Nic Chárthaigh and Eoin McEvoy

Nov 27, 201714 min

Trumptaí Dumptaí agus An Falla Mór - Leabhar Mhí na Samhna 2017 / Book of the Month - November 2017

[English version below] Bhuel… Teastaíonn ó Donald J. Trump falla a thógail- huth! Is mian leis Hombres agus bad dudes Mheicsiceo a choinneáil amach as na Stáit Aontaithe… Samhlaigh an t-iontas atá ar na Gaillimhigh, Rónán agus Fionntán Ó Conghaile, as ceantar na nOileán, nuair a thagann glaoch ón Teach Bán isteach chucu san oifig i mBostún, lá. Teastaíonn ón Trumpach go ndéanfaidh ‘R & F Ó Conghaile Teo.’ an falla a thógáil dó….agus tógfaidh. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Alan Titley agus Réaltán Ní Leannáin [Leagan Gaeilge thuas] Well ... Donald J. Trump wants to build a wall to keep the Mexicans from entering the US ... Two Galway men, Rónán agus Fionntán Ó Conghaile, are very surprised when they get a call from the White House in their office in Boston one day. Donald J. Trump wants ‘R & F Ó Conghaile Teo.’ to build the wall and they will … Is leathbhádóir liteartha nádúrtha é an saothar nua seo le ‘Osama, Obama, Ó, a Mhama!’, atá anois sa 3ú Cló agus a bhfuil ard-éileamh air i gcónaí. Ré Ó Laighléis is the author of ‘Osama, Obama, Ó, a Mhama!’, which is now in its 3rd Print and continues to be a best seller. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Alan Titley and Réaltán Ní Leannáin

Oct 31, 201717 min

I dtír mhilis na mbeo - Leabhar Mhí Dheireadh Fómhair 2017 / Book of the Month - October 2017

[English version below] Guth nua liteartha ar an bhfód is ea Colm Ó Ceallacháin - seo é an chéad chnuasach gearrscéalta uaidh. Ní mar a shíltear a bhítear. An é sin an Pápa a fheicimid ag comhrá le beirt bhuachaillí le linn a chamchuairt ar Éirinn in 1979? Nó an cuairteoirí ó phláinéad eile iad siúd atá ag caitheamh laethanta saoire cois trá? Tá pearsana sa chnuasach seo ag fás aníos is ag teacht in inmhe. Tá carachtair eile ag druidim le saol na díchuimhne agus speabhraídí na seanaoise ag breith orthu. Táimid dár bhfuadach de shíor as an saol seo, ach i scéal amháin is é an litir 'i' féin atá fuadaithe, le filleadh ina táinte sa chéad scéal eile. Tá sí searbh ar uairibh, ach ní mór dúinn rince go clabhsúr mar sin féin, i dtír mhilis seo na mbeo. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Lisa Nic an Bhreithimh agus Róisín Adams [Leagan Gaeilge thuas] This is the first collection of short stories from Colm Ó Ceallacháin, a new voice on the Irish language literary scene. Things are not always as they seem, however. Is it the Pope we see chatting to two young boys during his tour of Ireland in 1979? Or visitors from another planet on holidays at the beach? Certain characters develop and flourish while others descend into obscurity as old age catches up with them. Though bitter at times, we must soldier on during this sweet journey that we call life. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Lisa Nic an Bhreithimh and Róisín Adams

Sep 25, 201717 min

Cás aduain an Dr Jekyll agus Mhr Hyde - Leabhar mhí Mheán Fómhair 2017 /September 2017

[English version below] Is scéal scáfar é seo a chuirfidh alltacht agus anbhá ar lucht a léite. Déan dearmad ar na léirithe éadroma de atá feicthe agat i scannáin agus cruinnigh do mhisneach le dul i bhfiontar sceimhle síceolaíoch Jekyll agus Hyde. Is i Londain atá an t-úrscéal suite mar dhea, ach tá gach uile leathanach de ar maos in atmaisféar dúrúnda Dhún Éideann - an áit ar rugadh Robert Louis Stevenson. An fabhalscéal Freudach an leabhar seo, nó fáthscéal moráltachta nó fiú allagóire collaíochta? Is fútsa a chinneadh. Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Aonghus Ó hAlmhain agus Ian Ó Caoimh [Leagan Gaeilge thuas] This is a terrifying story that will both astonish and frighten its readers. Forget the not-so-eerie depictions you've seen on screen and brace yourself to venture into the psychologically terrifying story of Jekyll and Hyde. Although the story itself is seemingly set in London, every single page conjures up the mysterious atmosphere of Edinburgh - the city in which Robert Louis Stevenson himself was born. Is this book a Freudian fable or is it an allegorical tale of morality, or even sexuality? It's up to you to decide. Presenter: Seán Ó Catháin Guests: Aonghus Ó hAlmhain and Ian Ó Caoimh

Aug 30, 201716 min

Íbíotsa - Leabhar mhí an Mheithimh 2017 / Book of the Month - June 2017

[English version below] Téigh go hÍbíotsa ar feadh coicíse agus tá sé romhat amach: lá ar an trá gan náire; codladh gan dúiseacht ar an tsráid; priocadh na díchéille; an t-ál fáin; aistear an aithreachais; tobac agus ól ar an gcúlráid; tonnadh chun na síoraíochta; agus fiú amháin cá bhfios cé a chasfaí ort? Scéilíní fánacha a léiríonn eachtraí beaga an tsaoil i sochaí cheilte an oileáin. Láithreoir: Róisín Adams Aíonna: Ciara Ní Éanacháin agus Seán Ó Catháin [Leagan Gaeilge thuas] Go to Ibiza for a fortnight and it's all there before you: a day without shame on the beach; sleeping on the street, never to wake; the pricking of folly; the wandering brood; the journey of repentance; smoking and drinking in secret; the surge towards eternity; and who knows who you might meet? Meandering little stories that show the small events of life in the hidden community of the island. Presenter: Róisín Adams Guests: Ciara Ní Éanacháin and Seán Ó Catháin

May 31, 201716 min

Hula Hul - Leabhar mhí na Bealtaine 2017 / Book of the Month - May 2017

[English version below] "Ciarraí, 1923. Ar bharr an choma thuas chas sé agus d’fhéach sé thar n-ais. Bhí sí fós ann, le hais an tobair, is a buicéidín aici is í ag féachaint suas air. D’fhéach sí beag, leochaileach, uaigneach. Thuig sé na trí rud san go maith. Ní raibh sé riamh le bean.” Seo é scéal Mhait Dálaigh, fear nach raibh riamh le bean; scéal Cháit Ní Bhric, bean óg a bhfuil a saol caite aici ag sclábhaíocht; agus scéal Bhreen, ógánach slachtmhar a bhfuil a chrois féin le hiompar aige trí shneachta shléibhte Chiarraí agus é ina chogadh dearg ar gach taobh de. Láithreoir: Róisín Adams Aíonna: Siún Ní Dhuinn agus Liam Mac Amhlaigh [Leagan Gaeilge thuas] "Kerry, 1923. On top of the mountain recess he turned and looked back. She was still there, beside the well, with her small bucket, looking up at him. She looked small, fragile, lonely. He understood those three things well. He had never been with a woman." This is the story of Mait Dálaigh, a man who was never with a woman; the story of Cáit Ní Bhric, a young woman who has spent her life slaving away; and the story of Breen, a handsome young man who has his own cross to bear through the snow of the Kerry mountains, as war is fought on all sides. Presenter: Róisín Adams Guests: Siún Ní Dhuinn and Liam Mac Amhlaigh

Apr 27, 201719 min

An Dochtúir Áthas - Leabhar mhí Aibreáin 2017 / Book of the Month - April 2017

[English version below] "Ceann desna húrscéalta is dea-scríofa, is difriúla, is spéisiúla - in aon fhocal amháin, is fearr - a foilsíodh in Éirinn le fada an lá. Coinnítear ar bís thú ó leathanach go leathanach." - Pearse Hutchinson Tá an leabhar seo, a céadfhoilsíodh i 1994, ar cheann den bheagán úrscéalta trialacha nua-aimseartha lánfhada sa Ghaeilge. Caidreamh an laoich lena shíciatraí is ábhar dó - nó an féidir an méid sin féin a rá go cinnte? Láithreoir: Róisín Adams Aíonna: Máirín Nic Eoin agus Eoin Mac Cárthaigh [Leagan Gaeilge thuas] "One of the best-written, most different, most interesting - in a word, one of the best - novels published in Ireland in a long while. You are kept on the edge of your seat from page to page." Pearse Hutchinson This book, first published in 1994, is one of the few full-length, modern, experimental novels in the Irish language. Its subject is the relationship of the hero with his psychiatrist - or can one even say that much with any certainty? Presenter: Róisín Adams Guests: Máirín Nic Eoin and Eoin Mac Cárthaigh

Mar 31, 201719 min

Máire Nic Artáin - Leabhar mhí an Mhárta 2017 / Book of the Month - March 2017

[English version below] Is úrscéal é seo ina dtugtar léargas íogair aibí ar eascairdeas na Sé Chontae le linn aimsir an chéad chogaidh dhomhanda. Sa scéal lándaonnachtúil seo déantar cur síos ar scoilteanna truamhéalacha pobail agus creidimh, agus ar iarracht an fhíorghrá na deighiltí sin a shárú. Iarracht gan rath í, áfach, agus faigheann nimh thubaisteach na dTrioblóidí an lámh in uachtar faoi dheireadh agus déanann sí an leathshonas crua-aimsithe úd a chloí arís ... ag maíomh, go tragóideach, nach féidir an dubh a chur ina gheal ach seal san áit a dtéann an nimh go domhain san fhuil. Láithreoir: Róisín Adams Aíonna: Liam Carson agus Caitlín Nic Íomhair [Leagan Gaeilge thuas] This novel gives a mature, measured insight into the enmity in the Six Counties during the time of the first world war. The pitiful divisions between communities and religions are drawn in detail in this character-driven story, as is the attempt of true love to overcome those divisions. That attempt is unsuccessful, however, and the cruel bitterness of the Troubles soon gets the upper hand, destroying hard-earned almost-happiness once again ... showing, tragically, that you can only pretend for so long in a place where hatred is so deeply rooted. Presenter: Róisín Adams Guests: Liam Carson and Caitlín Nic Íomhair

Feb 27, 201716 min

Go mbeinnse choíche saor - Leabhar mhí Feabhra 2017 / Book of the Month - February 2017

[English version below] Is éard atá sa chnuasach seo ná scéalta faoi mhná láidre a mbíonn orthu streachailt in éadan a ndíchumhachtaithe i saol nach bhfuil i gcónaí ceart ná cóir. Tá uaillmhian na saoirse le feiceáil sna mná atá sna scéalta seo; tallanna dochloíte na beatha a thugann orthu troid ar son a saoirse agus a neamhspleáchais. Foréigean, fealladh, dealús, imirce - tá na nithe sin go léir sna scéalta agus gach scéal tiomáinte ag tuiscint ghéar ar an daonnacht agus ar an ngrá atá i gcroílár gach carachtair. Tá na scéalta curtha i láthair i nguth fileata a thugann le fios go bhfuil i gcónaí níos mó ag tarlú ná mar a fheictear ar an gcéad amharc. Láithreoir: Róisín Adams Aíonna: Cathal Póirtéir agus Mairéad Ní Nuadháin [Leagan Gaeilge thuas] Within this collection are stories of strong women who have to struggle against their own powerlessness in a world that is not always fair or just. The women in these stories all aspire to freedom, their unvanquishable thirst for life spurring them on as they strive for independence. Violence, betrayal, destitution, emigration - they are all to be found in these stories, and each story is driven by a keen understanding of the humanity and the love at the centre of each character. The stories are told in a poetic voice that shows that there is always more going on than one sees at first glance. Presenter: Róisín Adams Guests: Cathal Póirtéir and Mairéad Ní Nuadháin

Feb 1, 201720 min

Danny Seaimpín an Domhain - Leabhar mhí Eanáir 2017 / Book of the Month - January 2017

[English version below] Insítear scéal Danny agus a athar William san úrscéal seo (1975), agus dírítear go háirithe ann ar an ngrá speisialta a bhíonn idir athair agus mac. Is scéal é a bhaineann le roghanna morálta, agus a thaispeánann an tslí a ndéanann daoine ‘maithe’ drochrudaí, nó an tslí a gcuirtear daoine i gcás go mbíonn orthu roghanna deacra a dhéanamh. Ina dhiaidh sin féin, tugann an leabhar seo dóchas do dhaoine óga. Taispeánann sé gur féidir leo céimeanna beaga a thógáil in aghaidh daoine atá ag déanamh géarleanúna orthu, agus cathanna beaga a bhuachan trí chlisteacht agus obair chrua. Láithreoir: Róisín Adams Aíonna: Dr Claire Dunne agus Éamonn Ó Dónaill [Leagan Gaeilge thuas] This novel (1975), which deals with the special love that exists between a father and son, tells the story of Danny and his father William. It's a story about moral choices, and it shows how 'good' people can do bad things, or how people are sometimes forced to make difficult decisions. That being said, the book gives hope to young people. It shows that they can fight back in small ways against those who persecute them, and win small battles through cleverness and hard work. Presenter: Róisín Adams Guests: Dr Claire Dunne agus Éamonn Ó Dónaill

Dec 19, 201619 min

An Fuadach - Leabhar mhí na Nollag 2016 / Book of the Month - December 2016

[English version below] Tá An Fuadach le Robert Louis Stevenson ar cheann de na húrscéalta is mó cáil riamh. Seo é scéal scleondrach corraitheach an dílleachta Dáibhí Balfúr, fear óg a bhfuil a uncail Eibinéasar ag iarraidh é a mharú agus a oidhreacht a thógáil dó féin. Is é a chairdeas leis an claimhteoir Seacaibíteach Ailean Breac Stíobhaird a thugann slán é - ach is fear é siúd a bhfuil an tóir amuigh ag na Sasanaigh air agus, ina chuideachta, caithfidh Dáibhí dul i mbaol a bháis i nGaeltacht na hAlban agus na Cótaí Dearga sna sála orthu. Aithnítear An Fuadach go forleathan mar an t-úrscéal is fearr de chuid Stevenson, leabhar ar ar thug Henry James ‘coróin agus príomhbhua an ealaíontóra’. San aistriúchán seo le Darach Ó Scolaí, tá an t-úrscéal a scríobhadh in 1886 curtha in oiriúint do léitheoirí an lae inniu, agus é maisithe le pictiúir ó eagrán 1913 den leabhar le N.C. Wyeth. Láithreoir: Róisín Adams Aíonna: Caoimhe Nic Lochlainn agus Eoin P. Ó Murchú [Leagan Gaeilge thuas] Although Biddy Jenkinson is known primarily for her poetry, there is no doubt but that she is an artful short story writer. Though the eighteen stories in this collection, An Grá Riabhach, span a wide range of subjects and themes - old age, mythology, the copulation of fish, religion, gardening - there are two elements that feature in every single story within the collection: humour and excellent characterisation. Presenter: Róisín Adams Guests: Caoimhe Nic Lochlainn agus Eoin P. Ó Murchú

Nov 30, 201617 min

An Grá Riabhach - Leabhar mhí na Samhna 2016 / Book of the Month - November 2016

[English version below] Is mar fhile go príomha atá aithne ag an saol ar Bhiddy Jenkinson, ach is ealaíonta an scríbhneoir gearrscéalta í freisin, gan aon amhras. Baineann na hocht scéal déag sa chnuasach seo, An Grá Riabhach, le raidhse leathan ábhar agus téamaí - an tseanaois, an mhiotaseolaíocht, cúpláil éisc, cúrsaí creidimh, an gharraíodóireacht - ach tá dhá ghné ann a shnaidhmeann trí gach uile scéal sa chnuasach, mar atá an greann agus carachtracht den scoth. Láithreoir: Róisín Adams Aíonna: Alan Titley agus Caitlín Nic Íomhair [Leagan Gaeilge thuas] Although Biddy Jenkinson is known primarily for her poetry, there is no doubt but that she is an artful short story writer. Though the eighteen stories in this collection, An Grá Riabhach, span a wide range of subjects and themes - old age, mythology, the copulation of fish, religion, gardening - there are two elements that feature in every single story within the collection: humour and excellent characterisation. Presenter: Róisín Adams Guests: Alan Titley and Caitlín Nic Íomhair

Oct 28, 201620 min

An Tearmann - Leabhar mhí Dheireadh Fómhair 2016 / Book of the Month - October 2016

[English version below] Téann Eoin Ó Síocháin, gníomhaí óg cearta daonna as Co. an Chláir, go dtí an Bhrasaíl chun taighde a dhéanamh ar choimhlint fhuilteach idir treibh bhundúchasach agus úinéirí talún. De réir mar a chuireann sé aithne ar mhuintir na háite tagann sé ar an tuiscint nach bhfuil an scéal chomh simplí agus a shíl sé ar dtús – ach faoin am sin, tá sé rómhall. In aghaidh a thola, beidh ról lárnach le himirt ag Eoin sa choimhlint nuair a thagann sí chun buaice. Láithreoir: Róisín Adams Aíonna: Dochtúir Máirtín Coilféir agus Réaltán Ní Leannáin [Leagan Gaeilge thuas] Eoin Ó Síocháin, a young human rights activist from Co. Clare, travels to Brazil to research the violent conflict between a native tribe and local landowners. As he gets to know the locals, he begins to understand that the story is not as simple as he thought – but by that time, it’s too late. Against his wishes, Eoin will have a key part to play when the conflict comes to a head. Presenter: Róisín Adams Guests: Dochtúir Máirtín Coilféir and Réaltán Ní Leannáin

Oct 3, 201618 min

Éagóir - Leabhar mhí Mheán Fómhair 2016 / Book of the Month - September 2016

[English version below] Insint líofa léir atá sa leabhar seo ar eachtra staire atá greanta go glé fós i ndaonchuimhne an phobail lenar bhain sí. Baineann croí an scéil le crochadh éagórach agus príosúnú saoil ar dhaoine neamhchiontacha bunaithe ar fhianaise bhréige, ar bhrathadóirí, agus ar mhímhacántacht na n-údarás agus na n-uaisle. Dúnmharuithe barbartha i ndorchadas na hoíche i bpobal iargúlta i nDúiche Sheoighe, ar an teorainn idir Gaillimh agus Maigh Eo, sa bhliain 1882, a thionscain na himeachtaí uile. Níl críoch fós le hiarmhairtí an tsléachta sin agus ní bheidh fad a mhaireann daoine a chreideann go bhfuil admháil oifigiúil tuillte i gcónaí i gcás go n-aithnítear éagóir dhlíthiúil nó iomrall ceartais. Insint úrnua í seo ar iomlán an scéil le pictiúir stairiúla agus taifid oifigiúla nár foilsíodh cheana i bhfoirm leabhair. Láithreoir: Róisín Adams Aíonna: Cormac Ó Gráda agus Mícheál Hoyne [Leagan Gaeilge thuas] This book is a clear and polished account of an historical event which is still vividly ingrained in the memories of those connected to it. The saga centres around the wrongful hanging and life imprisonment of innocent men as a result of false evidence, betrayal, and the dishonesty of the authorities. It began in 1882 with barbaric murders in the dark of night in an isolated community in Joyce Country, on the Galway-Mayo border. The impact of that slaughter will endure as long as people believe that an official admission of the miscarriage of justice is required. This accomplished narrative is enhanced by historical images and official records, many of which are published here for the first time. Presenter: Róisín Adams Guests: Cormac Ó Gráda and Mícheál Hoyne

Aug 31, 201617 min