Show overview
Raidió Fáilte has been publishing since 2011, and across the 14 years since has built a catalogue of 39 episodes. That works out to roughly 25 hours of audio in total. Releases follow an irregular cadence.
Episodes typically run thirty-five to sixty minutes — most land between 16 min and 58 min — with run-times ranging widely across the catalogue. None of the episodes are flagged explicit by the publisher. It is catalogued as a GA-language News show.
There hasn’t been a new episode in the last ninety days; the most recent episode landed 7 months ago. The busiest year was 2025, with 23 episodes published.
From the publisher
Stáisiún raidió Gaeilge é Raidió Fáilte atá lonnaithe i mBéal Feirste, contae Aontroma. Tá sé ar cheann de na trí stáisiún raidió Gaeilge in Éirinn. Raidió Fáilte is an Irish-langauge community station based in Belfast. It is one of Ireland's three Irish-language radio stations.
Latest Episodes
View all 39 episodes
Seán Mac Ruairí-Clann Mhic Ruairí, ag caint faoin chlár Glacaim Leat
Seán Mac Ruairí-Clann Mhic Ruairí, ag caint faoin chlár Glacaim Leat by Raidió Fáilte

Agallamh le Pól Deeds-Coimisinéir Gaeilge nua
Agallamh le Pól Deeds-Coimisinéir Gaeilge nua by Raidió Fáilte

Na Gradaim Ig Nobel
14ú Samhain 2025 Bhí aoi speisialta againn ar an chlár inniú mar a bhí Jack Ó Leathlobhair istigh linn. Phléig Pól, Séimí agus Jack cuid de na duaiseanna a bronnadh mar chuid de na Gradaim Ig Nobel thar na blianta. Is gradaim iad seo a bhronntar ar dhaoine de bharr taighde a "chuireas daoine ag gáire agus ansin ag smaointeamh".

Folie à Deux agus Folies Eile
7ú Samhain 2025 Caidé a tharlaíonn nuair a chailleann beirt (nó níos mó) a meabhair le chéile? An bhfuil teanga rúnda ag cúplaí? Seo an cineál ceisteanna a bhí faoi phlé ag Séimí agus Pól ar an chlár inniu.

Clár Speisialta na Samhna
31ú Deireadh Fómhair 2025 Sa chlár speisialta seo, a craoladh beo ó Oireachtas na Samha 2025 i mBéal Feirste, phléigh Séimí agus Pól nósanna na Samhna. Le cur leis an chomhrá, bhí Paayl Rodgers agus Adam Horne linn le nósanna Hop Tu Naa ar Oileán Mhannán a phlé agus bhí Ceit Langhorne agus Éilidh Camshròn Sykes linn na nósanna na Samhna in Albain a phlé.

Cleasaíocht agus Ceamaraí Ceilte
24ú Deireadh Fómhair 2025 Amharcann Séimí agus Pól ar chuid de na cleasanna is fearr linn a imríodh orainne agus ar dhaoine (níos) cáiliúla, agus ar chúpla clár ceamara ceilte a chuaigh céim nó dhó thar fóir.

Chun na hAmasóine le Caoimhe Ní Choinn
I mí Feabhra 2025, chuaigh baill de Mheitheal Uí Chadhain chun na hAmasóine, áit ar chruinnigh siad le pobail bundúchasacha agus traidisiúnta atá ag troid go tréan lena dtailte a chosaint ón eastóscachas. Sa chlár seo, labhraíonn Caoimhe Ní Choinn, ball de Mheitheal Uí Chadhain, fán turas sin. Cluineann muid chomh maith ó fheachtasóirí agus gníomhaithe eile fá thábhacht na dlúthpháirtíochta idirnáisiúnta sa troid in éadan an eastóscachais agus an choilíneachais.

2025 02 06 Clár 01 Rob Mulhern
2025 02 06 Clár 01 Rob Mulhern by Raidió Fáilte

2025 02 28-Blaiseadh Ón Oireachtas-
2025 02 28-Blaiseadh Ón Oireachtas- by Raidió Fáilte

2025 02 20-Blaiseadh Ón Oireachtas-
2025 02 20-Blaiseadh Ón Oireachtas- by Raidió Fáilte

2025 02-07 Blaiseadh Ón Oireachtas-
2025 02-07 Blaiseadh Ón Oireachtas- by Raidió Fáilte

2025 01 31-Blaiseadh Ón Oireachtas-
2025 01 31-Blaiseadh Ón Oireachtas- by Raidió Fáilte

Colmcile 2025 02 25
Colmcile 2025 02 25 by Raidió Fáilte

Raidio Failte Watercolour Live
Raidio Failte Watercolour Live by Raidió Fáilte

2025 01 24-Blaiseadh Ón Oireachtas-
2025 01 24-Blaiseadh Ón Oireachtas- by Raidió Fáilte
Seó Sheosaimhín - Craolatón 2024
Eagrán speisialta de Sheó Sheosaimhín a craoladh ar Raidió Fáilte le linn Craolatón 2024.
Seó Sheosaimhín - Lá Idirnáisiúnta na mBan
Eagrán de Sheó Sheosaimhín a cuireadh le chéile mar chuid de Chúrsa na mBan le Caoimhe Ní Chathail agus a craoladh ar Raidió Fáilte ar Lá Idirnáisiúnta na mBan 2024.

Gaeilge na hAlbain le Ceit Langhorne Clár 3
Gáidhlig in the countryside Sa chlár seo, cluineann muid faoi chultúr agus teanga shaibhir na Gáidhlig le sonrú fud fad thírdreach na nGáidhealtachd / Ardthalaimh na hAlbain; idir scéalta, logainmneacha, nathanna agus tomhais chomh maith le príomhghnéithe na gceantar. Foghlaimíonn muid faoi rannta na n-éan agus ainmneacha aisteacha do na hainmhithe! Cluineann muid ón ealaíontóir Richard Bracken agus ón dreapadóir sléibhe, Caoimhn Woods faoin dóigh a dtugann teanga na Gáidhlig iad níos cóngaraí do thimpeallacht na Gáidhealtachd. Cluineann muid ó Ruairidh MacIlleathan, oide ar chúrsaí a bhaineann le Gáidhlig, faoi na rudaí is suimiúla agus is suntasaí i ndomhan nádúrtha na Gáidhlig – agus faoi oideachas a chur ar an mhórphobal faoi oidhreacht shaibhear seo. Gaelic of the Land. Gàidhlig na Tìre. Tha cultar is briathrachas beartach, inntinneach na Gàidhlig an lùib chruth tìre na Gàidhealtachd; eadar sgeulachdan, ainmean-àite, tòimhseachain is còmhradh mu feartan-tìre. Ionnsachaidh sibh rannan nan eòin is ainmean neònach airson ainmhidhean! Cluinnidh sibh bhon neach-ealain Richard Bracken, agus Caoimhin Woods (sreapadair Albannach) mun dòigh anns a bheil a’ Ghàidhlig gan toirt nas dlùithe ri àrainneachd na Gàidhealtachd. Eistibh ri Ruairidh Mac Illeathain, neach-foghluim chultair na Gàidhlig, mu na rudan as inntinniche, tarraingiche ann an saoghal nàdarra na Gàidhlig- agus mu dheidhinn a bhith ag oideachadh an t-sluaigh mun dualchas prìseil seo. In this programme we hear how the rich, interesting Gaelic culture and vocabulary is embedded in the landscape of the Highlands; between stories, place names, riddles and talk about features of the landscape. You will learn bird rhymes and strange names for animals! You will hear from the artist Richard Bracken, and Caoimhin Woods (Scottish mountaineer) about the way in which the Gaelic language brings them closer to the environment of the Highlands. Listen to Ruairidh Mac Illeathan, an educator of Gaelic culture, about the most interesting and attractive things in the natural world of Gaelic - and about educating the public about this precious heritage.

Gaeilge na hAlbain le Ceit Langhorne – Tionscadal Cholmcille Clár 2
Sa chlár seo, tugann Ceit cuairt ar chathair Ghlaschú – Mórchathair na nGáidheal. Is áit bhríomhair í don Gháidhlig – seo í an áit leis an líon is mó cainteoirí Gáidhlig in Albain, taobh amuigh den Gháidhealtachd / Ardthalaimh na hAlbain. Cluineann muid ó mhic léinn agus ó léachtóirí ollscoile – cén chuma a mbeadh ar óiche amuigh le Gáidhlig i gcathair Ghlaschú? Cluineann muid ó Oifigeach le Craobh Ghlaschú de Chonradh na Gaeilge, Evin Ó Dunaigh, faoi chultúr Gaeilge na hÉireann i nGlaschú. Gheobhaidh mé léargas ó na rannpháírtithe faoin streacháilt a mbíonn ann corruair le comhthuiscint a bhaint amach ó lucht labhartha Gaeilge na hAlbain agus lucht labhartha Gaeilge na hÉireann. Gàidhlig Ghlaschu. Anns a’ phrògram seo, thèid Ceit a’ tadhal air a’ bhaile mhòr Ghlaschu- Baile Mòr nan Gàidheal! ’S e àite beòthail nan Gàidheal a th’ ann- far a bheil an àireamh as mòtha de luchd-labhairt na Gàidhlig a’ fuireach ann an Alba, taobh a-muigh na Gàidhealtachd. Cluinnidh sibh bho luchd obrach is oileanaich Ghàidhlig san Oilthigh Ghlaschu- co ris a bhiodh oidhche a-mach Ghàidhlig ann an Glaschu coltach? Cluinnidh sibh bho Evin O’ Dunaigh, oifigear leaschaidh Chonradh na Gaeilge Ghlaschu, mu chultar na Gaeilge sa bhaile. Gheibh sinn beachd bhon luchd-pàirteachaidh mun strì a bhios ann uaireannan eadar Gàidheil na h-Alba/ na h-Eirinn gus càch a chèile a thuigsinn! In this episode, Kate visits the great city of Glasgow - the Great City of the Highlanders! It is a lively place for the Gaelic - where the largest number of Gaelic speakers live in Scotland, outside of the Highlands. You will hear from Gaelic University staff and students - what would a Gaelic night out in Glasgow be like? You will hear from Evin O'Dunaigh, the auxiliary officer of the Glasgow Irish Language League, about the culture of the Irish language in the town. We will get an idea from the participants about the struggle that sometimes exists between the Scottish/Irish Highlanders to understand each other!

Gaeilge Oileán Mhanann le Paul Rogers – Tionscadal Cholmcille Raidió Fáilte 2024 Clár 2
Sa dara chlár den mhionsraith, “Gan Tír, Gan Teanga”, foghlaimíonn muid faoi Chumann na Teanga Manainnise agus faoin Bhunscoill Ghaelgagh. Cluineann muid taifid ó chartlann de chainteoirí dúchais Mhanainnise ó Nicola Toombs agus insíonn Rab Teare dúinn faoi thionscadal ar Dhíolaim de Théacsanna Manainnise. Sa cheacht Mhanainnise, foghlaimíonn muid na huimhreacha agus an dóigh le labhairt faoi dhul amach chuig áiteanna áirithe. Tagann an ceol sa chlár ó Scran, Ruth Keggin-Gell agus Caarjyn Cooidjagh. Críochnaíonn an clár le scéal traidisiúnta faoi Chait Mhanann, léite ag dalta ón Bhunscoill Ghaelgagh. In the second episode of "Gyn çhengey gyn çheer" we learn about the Manx Language Society and the Manx Language Primary School. We hear about archive recordings of native Manx speakers from Nicola Toombs and Rob Teare tells us about the Corpus of Manx texts project. In the Manx Language lesson we learn the numbers and how to talk about going out to places. Music in the programme comes from Scran, Ruth Keggin-Gell, and Caarjyn Cooidjagh. The programme finishes with a traditional story about Manx cats read by a pupil from the Manx Language Primary School.