PLAY PODCASTS
Splanc

Splanc

692 episodes — Page 12 of 14

RTÉ, Toghchán Mheiriceá, Kneecap, athchúrsáil ar scannáin, Willy's Chocolate Experience agus Jarlath Burns

An tseachtain seo labhraíonn Eoin Ó Cátháin faoi RTÉ, Toghchán Uachtaránachta Mheiriceá agus Kate Middleton, Aoife Granville faoi chás Kneecap le Comhairle Ealaíon na Breataine, Louisa Ní Éideáin faoi easpa scéalta nua i scannáin agus teilifís agus Willy's Chocolate Experience i nGlaschú agus Daragh Ó Conchúir faoi Uachtarán nua Chumann Lúthchleas Gael.

Mar 1, 20241h 39m

Metrolink, Claire Keegan, Barbie ar an Ardteist, LGFA agus Camógaíocht

An tseachtain seo labhraíonn Eagraí Polataíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta Cuan Ó Seireadáin ar chathair Bhleá Cliath agus na forbarthaí ar mhaith leis a fheiceáil inti, Katie Whelan ar Metrolink, boscaí Telefóin, agus Barbie ar an Ardteist, Rónán Mistéil agus Club Leabhar Splanc ag plé leabhra Claire Keegan, agus tá Daragh Ó Conchúir ag plé comhcheangal LGFA agus camógaíocht.

Feb 23, 20241h 43m

Club Leabhar Splanc: Claire Keegan

Tá dhá leabhar léite ag Rónán agus Cuán an tseachtain seo - Small Things Like These agus So Late In the Day le Claire Keegan! Glac páirt i gClub Leabhar Splanc uair sa mí - leabhar mhí an Mhárta ná The Bee Sting le Paul Murray.

Feb 23, 202425 min

Rafah, Sacar, Superbowl, Ceol agus Cumhá

Mórscéalta na seachtaine le Emmet Ryan, cúsaí sacar le Peadar Breathnach, mír ceol le Emma Ní Chearúil agus mír an spóirt le Daragh Ó Conchúir

Feb 16, 20241h 38m

Superbowl, Grammy's, roghanna saoil agus Sinn Féin

Eoin Ó Catháin, Conall Mac Dhonnagáin, Sorcha Grieswood agus Daragh Ó Conchúir ar an gclár ag caint ar na scéalta is spéisiúla atá i mbéal an phobail go dtí seo i mí Feabhra

Feb 9, 20241h 44m

Bratacha Bríde, Deepfakes agus Chicken Dates, Stormont agus Wimbledon

Katie Ní Fhaoláin, Louisa Ní Éideáin, Gráinne Ní Aodha agus Daragh Ó Conchúir linn an tseachtain seo le spórt, scéalta, siamsaíocht agus stair na féile Bríd - buaicphointí uile na seachtaine anseo ar Splanc le Cuán Ó [email protected]

Feb 2, 20241h 43m

Ian Bailey, Oscars, Ozempic, DaVinci Code agus Six Nations

Ursula Ní Shabhaois le scéalta polaitíochta - agus scannánaíochta - na seachtaine, Kate Demolder mar gheall ar an druga Ozempic agus a úsáid, Rónán Mistéil agus Club Leabhar Splanc ar DaVinci Code, agus Daragh Ó Conchúir maidir leis na Sé Náisiúin

Jan 26, 20241h 41m

Club Leabhar Splanc: The DaVinci Code

Bhí sé thar am againn a phodchraoladh féin a thabhairt do Chlub Leabhar Splanc. Bí linn uair sa mí le Rónán Mistéil agus Cuán Ó Flatharta. Léigh na leabhra linn, agus labhair linn ag [email protected] le do thuairimí a roinnt linn!Leabhra Feabhra: Small Things Like These agus So Late in the Day le Claire Keegan

Jan 26, 202429 min

Scéalta nuachta na seachtaine; 50 bliain ar aghaidh ó fheachtas stairiúil chraolacháin Gaeilge de chuid Chonradh na Gaeilge; na cláir theilifíse gur chor dúinn breathnú ar; agus scéalta spóirt na seachtaine

Pléann Emmet Ryan scéalta na seachtaine le Cuán; faighimid léargas ó Cholm Mac Gearailt ar fheachtas stairiúil de chuid Chonradh na Gaeilge agus iad ag iarraidh craolacháin i nGaeilge 50 bliain ó shin; insíonn Sinéad Ní Uallacháin dúinn faoi na cláir theilifíse is fearr faoi láthair; agus tá Daragh Ó Conchúir ag déanamh cur síos ar an méid atá ag titim amach sa spórt.

Jan 19, 20242h 2m

Splanc OTB: Scéalta Spóirt na Seachtaine

lenár gcara Daragh Ó Conchúir

Jan 17, 202425 min

Epstein, Athrú Saoil, 90's Nostalgia agus Bill Belichick

Labhraíonn Eoin Ó Catháin mar gheall ar Epstein, Trump agus saol na nGael; míníonn Seosamh Mac Seoin mar a d'athraigh sé a shaol trí bhogadh go Nua Eabhrac le tabhairt faoin aisteoireacht - agus ar ais go hÉireann arís le bheith ina láithreoir agus cruthaitheoir scannán!; d'fhreastail Emma Ní Chearúil ar The Friends Experiece agus labhraíonn sí faoi chumhá na 90dí, Sopranos agus 'generation wars', agus tá Cárthach Bán Breathnach linn leis an spórt agus scéal Bill Belichick!Irischlár na Gaeilge ar Newstalk le Cuán Ó Flátharta

Jan 12, 20241h 40m

Súil chun cinn ar 2024, agus mná ar chóir ceiliúradh do Nollaig na mBan!

Athbhliain faoi mhaise! Fáilte ar ais go Splanc 2024 - sa gcéad eagrán seo breathnaíonn Gráinne Ní Aodha agus Cuán Ó Fátharta chun cinn ar mhórscéalta agus toghcháin a thitfidh amach i 2024; tugann Conall Mac Dhonnagáin léargas ar na buaicphointí popchultúir lenar féidir linn a bheith ag súil; agus Nollaig na mBan ar an tsúil labhraíonn Katie Whelan ar chúigear ban ar chóir dúinn ceiliúradh; agus ainmníonn Daragh Ó Conchúir imreoirí spóirt na bliana 2023!

Jan 5, 20241h 45m

Splanc Wrapped: Leabhair na bliana le Rónán Mistéil

Súil siar ar na leabhair ba mhó a thaitin lenár léirmheastóir

Jan 3, 20249 min

Splanc Wrapped: Leabhra na Bliana, Mórscéalta Spóirt agus Teic, Albaim 2023, Spreagadh don Bhliain 2024

Caitheann Cuán súil siar ar scéalta 2023 anocht le cúnamh roinnt dár gcomhfhreagraithe: teicneolaíocht na bliana le hEmmet Ryan, albaim 2023 le hEmma Ní Chearúil, mórscéalta spóirt le Daragh Ó Conchúir, agus leabhra na bliana le Rónán Mistéil - AGUS spreagadh don athbhliain ó Sheán Ó Dubhchon a labhraíonn faoina aistear aclaíochta i 2023!

Dec 29, 20231h 44m

Mórscéalta 2023, Leabhra agus Féiríní don nóiméad deireanacha, agus Spóirt na Seachtaine

Súil siar ar mhórscéalta agus popchultúr na bliana le Louisa Ní Éideán. Conall Mac Dhonnagáin agus Rónán Mistéil le moltaí léitheoireachta Nollag, agus leabhra a bhféadfaí ceannach ag an nóiméad deireanach don Nollaig, agus Daragh Ó Conchúir le spóirt na seachtaine seo.

Dec 22, 20231h 34m

Córas onóir in Éirinn, na scéalta is déanaí don Pháirtí Coimeádach sa Bhreatain, moltaí teilifíse ar Netflix don Nollaig, flaithiúlacht JP McManus, agus na scéalta móra eile

Pléann Ciarán Mac an Bhaird an cheist faoin moladh atá ann tús a chur le córas onóir in Éirinn agus faighimid léargas ar scéalta móra na seachtaine uaidh; insíonn Ursula Ní Shabhaois dúinn faoin méid atá ag titim amach leis an bPáirtí Coimeádach sa Bhreatain; tá moltaí iontacha ag Conall Mac Dhonnagáin maidir leis na sraitheanna is fearr ar Netflix don Nollaig; agus labhraíonn Darragh Ó Conchúir le Cuán faoi fhlaithiúlacht JP McManus agus na scéalta móra eile.

Dec 15, 20231h 41m

McGregor san Áras, Mary Robinson agus ról na mban i ndul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide, siamsaíocht & nósanna na Nollag agus scéalta móra spóirt

An tseachtain seo ar Splanc le Cuán Ó Flatharta, labhraíonn Emmet Ryan leis faoi na scéalta mór nuachta, déanann Kate De Molder cur síos ar agallamh a rinne sí le Mary Robinson faoin ngéarchéim aeráide, faighimid amach faoin bhfeachtas do Ghaelcholáiste nua i lár na cathrach, chomh maith le siamsaíocht na Nollag uaithi; agus tá scéalta spóirt a phlé le Daragh Ó Conchúir, GAAGo agus dornálaíocht ina measc.

Dec 8, 20231h 34m

Shane McGown, Spotify, Siopadóreacht agus Scannáin Nollag!

An tseachtain seo le Cuán Ó Flátharta tá Hugh Carr le scéalta nuachta, Katie Ní Riain le moltaí siopadóireachta don Nollaig, Doireann Breathnach le miasanna agus bia na Nollag, Conall Mac Dhonnagáin ag moladh scannáin do chuile dheireadh seachtaine as seo go dtín Nollag agus Daragh Ó Conchúir ag caint ar gheansaithe peile agus spóirt na seachtaine.

Dec 1, 20231h 41m

Trump, Suella, Greenwashing, Grammys agus Geansaithe Peile!

Meascán mearaí ar chlár na seachtaine seo: na mórscéalta nuachta ó RTÉ go drochaimsir á bplé ag Ciarán Mac an Bhaird, comhfhreagraí nua Ursula Ní Shabhaois ag míniú.. cé hí Suella Braverman? Plé ar 'greenwashing' nó snas glas agus éadaí athláimhe le bunaitheoir Thriftify Rónán Ó Dálaigh, Amhrán na Bliana ag na Grammys le Emma Ní Chearúil agus na geansaithe is fearr le Daragh Ó Conchúir sa gcúinne spóirt!

Nov 17, 20231h 44m

Comhthionól maidir le Drugaí, Britney, Pasfhocail agus Rugair

An bhfuil do phasfhocail slán? Tá Tom Douglas anseo le rá linn... gur dócha nach bhfuil! Eoin Ó Catháin ag caint ar na Gradaim Chumarsáide, an comhthionól le gairid maidir le drugaí in Éirinn agus neart eile. Sinéad Ní Uallacháin le moltaí Netflix agus teilifíse, agus Daragh Ó Conchúir leis an rugair agus spóirt eile - ar fad sa stiúideo le Cuán Ó Flátharta!

Oct 27, 20231h 46m

Uasdátú ar Gaza, deireadh le ré na hÉireann sa rugair, ADHD, Britney, Beckham, Taylor agus IMRAM

An tseachtain seo tá Frank Reidy ar ais leis an scéal is déanaí maidir le Gaza agus Iosrael, tá Daragh ag míniú a tharla d'Éire sa rugair, Rút Ní Theimhneáin le dea-scéalta na seachtaine, Louisa Ní Éideáin ag caint ar Mhí Feasachta i leith ADHD, Britney Spears, agus Beckham ar Netflix, agus labhraíonn muid le Liam Carson, Stiúirthóir IMRAM faoina shaol, a shaothair, agus an fhéile litríochta

Oct 20, 20231h 44m

An Buiséad, Iosrael & An Phailistín, Duilíní Pá, Scannáin Chompoird agus Rugair na Seachtaine

Ar Splanc na seachtaine seo labhraíonn Gráinne Ní Aodha le Cuán Ó Flátharta faoin mbuiséad agus faoin mbréagnuacht ar líne, míníonn Frank Reidy atá ag tarlú idir Iosrael agus An Phailistín, ceacht cánach le Colm Ó Fatharta a mhúineann dúinn conas ár nduilíní pá thuiscint, roghnaíonn Aindriú de Paor na scannáin chompoird is fearr leis ó Sister Act go School of Rock, agus tá Daragh Ó Conchúir linn leis an scéal spóirt is déanaí ón bhFrainc

Oct 13, 20231h 46m

Rupert Murdoch, Latte Spíosrach Puimcín, We Don't Know Ourselves agus Spóirt na Seachtaine

Tá Cuán ar ais sa gcathaoir agus sa stiúideo leis tá Emmet Ryan ón Business Post leis na scéalta atá i mbéal an phobail, Deirdre Ní Chearúil dár líonadh le spiorad an fhómhair, leabhar Fintan O'Toole á phlé ag Rónán Mistéil, agus scéalta spóirt na seachtaine le Cárthach Bán Breathnach

Oct 6, 20231h 44m

Na Rómhánaigh, Grá ar an Trá, Scannáin Teaghlaigh, agus Aintiúin Spóirt

Le Cuán an tseachtain seo tá láithreoir na sraithe nua Grá ar an Trá Síomha Ní Ruairc, Katie Whelan le scéalta na seachtaine, Conall Mac Dhonnagáin ag moladh scannán ar chóir don teaghlach breathnú orthu le chéile, agus Daragh Ó Conchúir ag ainmniú aintiúin nua spóirt ar chóir chasadh ag na cluichí! Sin agus tuilleadh ar an bpodchraoladh. Lean muid agus cuir leis an gcomhrá @splancnewstalk ar Twitter agus Instagram

Sep 22, 20231h 43m

Fianna Fáil agus na feirmeoirí; taithí duine ag glacadh frithdhúlagrán, 'End Child Poverty Week' agus na dúshláin do pháistí atá ina gcónaí i mbochtanas; agus na hamhráin gur chor canadh ag cluichí móra spóirt

Déanann Eoin Ó Catháin cur síos ar scéalta nuachta na seachtaine; insíonn Kate De Molder dúinn faoina taithí ag glacadh frithdhúlagrán; faighimid léargas ó Phól Ó Murchú ar 'End Child Poverty Week' agus an obair atá ar siúl aige le dul i ngleic le bochtaineacht do pháistí; agus Daragh Ó Conchúir le buaicphointí móra spóirt na seachtaine.

Sep 15, 20231h 39m

Toghchán Mheiriceá, nuacht na seachtaine, aistear aclaíochta agus scéalta spóirt

Déanann Ciarán Mac an Bhaird cur síos ar scéalta na seachtaine, insíonn Seán Ó Dubhchon dúinn faoina haistear dornálaíochta, tugann Rónán Ó Muirthile léargas ar thoghán Mheiriceá 2024, agus tá Daragh Ó Conchúir linn leis na scéalta spóirt ar fad.

Sep 8, 20231h 56m

Electric Picnic, Cúla 4, Vera Pauw, agus deireadh le hObair Bhaile?!

Hugh Carr (scéalta na seachtaine), Emma Ní Chearúil (Electric Picnic), Niamh Ní Chróinín (Cúla 4), Daragh Ó Conchúirt (spóirt na seachtaine) ar Splanc le Cuán Ó Flátharta inniu!

Sep 1, 20231h 40m

Fighting Irish i mBÁC, Sábháilteacht na hArdchathrach, Rhasidat Adeleke, agus The Ultimatum

Scéalta le hEoin Ó Catháin, Sinéad Ní Uallacháin, Jeaic Mag Fhinn agus Cian Ó Griallais.

Aug 25, 20231h 43m

Best Of: Barbenheimer, Chicken Shop agus An Phailistín

Agus Cuán ar a laethanta saoire táimid ag éisteacht siar le míreanna a bhaineamar taitneamh astu le cúpla seachtain anuas - le Rónán Mistéil, Donncha Ó Murchú, Sinéad Ní Uallacháin, Louisa Ní Éideáin agus Conall Mac Dhonnagáin

Aug 18, 20231h 43m

Sochraid Shinéad O'Connor, An Chonair ar díol, Padam Padam agus Spórt na Seachtaine

Ar Splanc na Seachtaine seo déanann Gráinne Ní Aodha cur síos ar shochraid Sinéad O'Connor i mBré agus scéalta nuachta na seachtaine, tá An Chonair i gCiarraí a phlé ag Aisling Ní Dhonnabháin, faighimid amach faoi 'comeback' mór Kylie Minogue agus na scéalta siamsaíochta le Louisa Ní Éideáin agus tá Daragh Ó Conchúir linn leis na scéalta spóirt, agus é féin agus Cuán ag tabhairt siar ar na tuartha a rinne siad faoin séasúr CLG.

Aug 11, 20231h 44m

Todhchaí sacar in Éirinn, Trioblóid san aerfort, Lizzo agus stailc in Hollywood

Ar Splanc na Seachtaine seo tá Katie Whelan, Eoghan Corry, Peadar Breathnach, Conall Mac Dhonnagáin, agus Daragh Ó Conchúir ag clúdach scéalta nuachta, siamsaíochta, spóirt agus cultúir le Cuán Ó Flátharta.

Aug 4, 20231h 39m

Léirmheas: City on Fire le Don Winslow

bonus

Labhraíonn Cuán Ó Flátharta le Rónán Mistéil faoi leabhar na míosa seo, City on Fire le Don Winslow

Aug 2, 202318 min

Barbenheimer, Sinéad O' Connor, Tinte sa nGréig, agus Sacar na mBan

Ar Splanc na Seachtaine seo tá Emmet Ryan, Emma Ní Chearúil, Conall Mac Dhonnagáin, Eoghan Corry agus Daragh Ó Conchúir ag clúdach scéalta nuachta, siamsaíochta, spóirt agus cultúir le Cuán Ó Flátharta

Jul 28, 20231h 44m

Splanc le Cuán Ó Flatharta

Sa stiúideo an tseachtain seo le Cuán Ó Flatharta tá scéalta na seachtaine ag Hugh Carr; Louisa Ní Éideáin ag labhairt faoin Dublin Fringe Festival Barbenheimer agus Taylor Swift; Bród na Gaeltachta a phlé ag Seán Ó Dubhchon; agus scéalta spóirt na seachtaine le Máire Ní Bhraonáin

Jul 21, 20231h 44m

RTÉ, BBC, Leabhar Samhraidh, Banríon na Siamsaíochta agus Scéalta Spóirt

Ar Splanc na seachtaine le Cuán Ó Flátharta beidh Rónán Mistéil le leabhar na míosa City of Fire le Don Winslow, moltaí Netflix le Sinéad Ní Uallacháin, spóirt na seachtaine le Daragh Ó Conchúir agus scéalta nuachta agus beoir na míosa le hEmmet Ryan

Jul 14, 20231h 25m

Flip Flops, Faisean Gasta, Fillet Rolls, agus An Phailistín

Ar Splanc na seachtaine seo tá Gráinne Ní Aodha sa stiúideo le scéalta na seachtainte, Daragh Ó Conchúir leis an spóirt, Donncha Ó Murchú ag míniú cás na Pailistíne agus Louisa Ní Éideán ag plé bolscaireacht Shein, Chicken Shop Dates agus na flip flops sin atá i mbéal an phobail an tseachtain seo....

Jul 7, 20231h 47m

RTÉ, Cócaoin, conas ticéid Taylor a fháil, An Titan, Intimacy Coordinators, Wagner agus Peil na mBan

Neart le plé ar chlár na seachtaine seo le scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta na seachtaine, tráchtaireacht shóisialta, leideanna siamsaíocht agus cúrsaí spóirt á gclúdach ag Cuan Ó Flátharta - RTÉ agus An Titan á bplé ag Ciarán Mac an Bhaird, nósanna drugaí in Éirinn agus comhordaitheoirí collaíochta le Kate Demolder, scéal Wagner na Rúise le Frank Reidy, conas an ceann is fearr a fháil ar Ticketmaster agus ticéad don Eras Tour á lorg agat le Emma Ní Chearúil, agus peil na mban le Daragh Ó Conchúir. Tá sé ar fad ar Splanc!

Jun 30, 20231h 39m

Súil Siar: Best of Splanc 2023

Tá Cuán ar saoire an tseachtain seo mar sin táimid ag éisteacht siar le cuid de na míreanna ab fhearr ar Splanc le cúpla seachtain anuas. Aisling Ní Dhonnabháin ag caint ar mhuintir na hÚcráine i mbun Gaeilge a labhairt, Naoise de Bhaldraithe ag caint ar spórt na n-óg, Bruce Springsteen á phlé, leideanna athchóirithe tí le Shay Lally agus comhrá leis an Kerry Cowboy

Jun 23, 20231h 42m

Trump, The Idol, Aslan, Night & Day Festival agus Spóirt na Seachtaine

Ar Splanc na Seachtaine seo tá Emmet Ryan, Conall Mac Dhonnagáin, Cian Ó Maonlaí agus Daragh Ó Conchúir i gcomhrá le Cuán Ó Flatharta

Jun 16, 20231h 41m

George Bush, Ióga do chách, This Morning, Bród agus Galf

Ar Splanc le Cuán Ó Flatharta tá Hugh Carr ag caint ar pholaitíocht Mheiriceá agus scamall thar Nua Eabhrac, Louisa Ní Éideán maidir le ióga do chuile cholainn agus scannal This Morning, Daragh Ó Conchúir ar George Bush agus cúrsaí gailf, agus Erin Mac an tSaoir ag caint ar thábhacht Bróid. Labhair linn ag [email protected]

Jun 9, 20231h 37m

Succession, Feather Boas, Banríon na Siamsaíochta agus Spóirt na Seachtaine

Ar Splanc le Cuán Ó Flátharta: Eoin Keane maidir le Bród, an Daonáireamh, Succession agus neart eile. Emma Ní Chearúil ar Harry Styles ag Slane Castle. Banríon na Siamsaíochta Sinéad Ní Ualllacháin le moltaí Netflix agus scéalta spóirt na seachtaine seo le Daragh Ó Conchúir.

Jun 2, 20231h 43m

Splanc le Cuán Ó Flatharta

Sa stiúideo an tseachtain seo le Cuán Ó Flatharta tá scéalta na seachtaine ag Gráinne Ní Aodha; Naoise De Bhaldraithe ag labhairt faoi spórt na n-óg agus a chuid oibre mar Oifigeach Forbartha le CLG Áth Cliath; an leabhar 'Social Capital' a phlé ag Rónán Mistéil; agus scéalta spóirt na seachtaine le Daragh Ó Conchúir!

May 19, 20231h 45m

Deireadh leis an ré ríoga? GAA Go, Stailc na Scríbhneoirí, Eurofís agus Féile Nasc

Sa stiúideo an tseachtain seo le Cuán Ó Flatharta tá scéalta na seachtaine - Trump, Rí Séarlas agus neart eile - ag Eoin Ó Catháin; Róisín Chamber linn ó Fhéile Nasc; Stailc na Scríbhneoirí in Hollywood le Conall Mac Dhonnagáin; Eurofís agus na hamhráin is fearr a d'eascair as an gcomórtas le Seán Ó Dubhchon; GAA Beo agus scéalta eile spóirt le Daragh Ó Conchúir!

May 12, 20231h 47m

Iompar Poiblí, Pizza, The Boss agus The Met Gala!

Ar Splanc na sachtaine seo: Racht á ligean ag Ciarán Mac an Bhaird maidir le hiompar poiblí. Tháinig Ryan Lally ó Grá Pizza ar cuairt le míniú dúinn conas mar a dhéanann sé an pizza is fearr in Éirinn! Cuireann muid fáilte roimh ár gconhfhreagraí nua Louisa Ní Éidean! Labhair sí faoi Met Gala. The Boss á phlé ag Emma Ní Chearúil, agus scéalta spóirt na seachtaine á gcur trí chéile ag Daragh Ó Conchúir

May 5, 20231h 39m

Niall Collins, Spencer Matthews, Gaelgoer, Hamilton agus Spóirt na Seachtaine

Ar Splanc na seachtaine seo le Cuán Ó Flátharta tá Katie Ní Fhaoláin leis an nuacht, an saoririseoir Kate Demolder ag caint ar Gaelgoer agus a cuid oibre iriseoireachta, Sinéad Ní Uallacháin ag plé Lewis Capaldi, Spencer Matthews agus Beef, agus Cian Ó Griallais le spóirt na bhfear agus na mban!

Apr 28, 20231h 44m

Ceamaraí Colainne, Colleen Hoover, Múinteoirí ar Imirce, agus Eagraíochta Spóirt Aontaithe...

Ar Splanc na seachtaine seo le Cuán Ó Flatharta déanann Rónán Mistéil a mheas ar Colleen Hoover, léiríonn Emmet a thuairimí maidir le body cams agus beoir na míosa, labhraíonn an múinteoir Sorcha Ní Conghaile faoina cinneadh dul ar imirce, agus déanann Daragh comparáid idir eagraíochtaí spóirt agus Éire Aontaithe... seo agus tuilleadh ar an bpod!

Apr 21, 20231h 40m

Cuairt Biden, An Kerry Cowboy, HousesToRestore, agus Spóirt na Seachtaine

An tseachtain seo ar Splanc tá Cuán Ó Flatharta sa gcathaoir agus i mbun cainte le Ciarán Mac an Bhaird faoi chúrsaí reatha - Biden agus Trump i measc na scéalta; beidh leideanna ag Shay Lally don té a bhfuil sé ar intinn acu teach a cheannach nó a dheisiú; labhróidh sé leis an Kerry Cowboy Séaghan Ó Súilleabháin maidir le Téacs Taistil, tionchaireacht agus feirmeoireacht; agus RebelDevil Daragh Ó Conchúir le cluichí na seachtaine agus scéalta eile. Labhair linn ar [email protected]!

Apr 12, 20231h 39m

WWE, Playboy, Geansaithe CLG, agus Tuairisic ó Mheiriceá

An tseachtain seo ar Splanc ar Newstalk le Cuan Ó Flatharta: Eoin Ó Catháin i mbun cainte faoina thuras go Meiriceá, Aire de chuid na Fraince ar Playboy, Cinsireacht agus neart eile; Conall Mac Dhonnagáin ag plé cúrsaí iomrascála agus WWE, agus cúrsaí spóirt agus geansaithe CLG le Daragh Ó Conchúir.

Apr 7, 20231h 31m

Cás Cúirte na mBurke, Camáin, Kellie Harrington agus Lana Del Rey

Clár lán go béal an tseachtain seo le Cuán Ó Flatharta - Gráinne Ní Aodha fillte ó Mheiriceá agus ó sheachtain sna cúirteanna le muintir Burke, bhuail Seosamh Breathnach isteach ar an stiúideo le taispeáint dúinn conas camáin a dhéanamh, albam nua Lana Del Rey á phlé ag Emma Ní Chearúil, agus Kellie Harrington faoi thrácht ag Daragh Ó Conchúir. Labhair linn ar [email protected]

Mar 31, 20231h 41m

Teic, Tithíocht, Gaeilge4All, Pornhub agus an Rugair!

Clár lán go béal le spóirt, scéalta nuachta, moltaí teilifíse agus neart eile le Sinéad Ní Uallcháin, Daragh Ó Conchúir, Emmet Ryan agus Shane Ó Coinn ón bhfeachtas Gaeilge4All ar Splanc ar Newstalk le Cuán Ó Flatharta

Mar 24, 20231h 45m