
Podchraoladh na Gaelgals
85 episodes — Page 2 of 2

S2 Ep 14In Ainm (Bóín) Dé
San eagrán seo, pléann Aoife, Clíodhna & Sinéad an eachtra *sin* ag na hOscars agus faitís neamhréasúnacha! Idir leithris phoiblí & féileacáin, tá tuiscint i bhfad níos fearr acu ar a chéile agus ar a lucht éisteachta. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

S2 Ep 13Kerry Cowboy X Gaelgals
San eagrán seo, labhraíonn Alswyn agus Dúlra le Séaghan Ó Súilleabháin, aka an Kerry Cowboy faoina ról mar ambasadóir Sheachtain na Gaeilge le Energia, saol na tuaithe agus an saol go ginearálta. Ina theannta sin, pléann siad ábhar atá an-ghar dá gcroíthe, a madraí! Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

S2 Ep 12Eagrán Beo le Scéim TCD
bonusCuireadh fáilte is fichid roimh Shinéad agus Alswyn agus iad i gColáiste na Trínóide i gcomhair eagrán beo in éineacht le Scéim TCD. Labhair siad faoi 'pacáiste tosaigh' na Gaelgals agus faoi 'athshocruithe cultúrtha' na Gaeilge. Ár mbuíochas arís le Scéim TCD agus Oifig na Gaeilge TCD as an gcuireadh! Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

S2 Ep 11Dá mbeifeá i do bharra seacláide...
Labhraíonn Alswyn, Aoife & Dúlra faoi Lá Fhéile Cailíntín, sneaiceanna & an saol faoi láthair. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

S2 Ep 10GAFA
San eagrán seo, labhraíonn Sinéad, Róisín & Dúlra faoi na rudaí a bhfuil siad gafa leo le déanaí, idir Britney (samhlaigh cé a luaigh Britney...), Kanye, ceol traidisiúnta agus Tyler the Creator. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

S2 Ep 9Saoire Thar Lear is Meas na Mílte
San eagrán seo, labhraíonn Aoife, Lucy & Rachel faoina gcuid laethanta saoire is fearr leo thar na blianta, & roinneann siad cúpla scéal greannmhar ó na saoirí sin. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

S2 Ep 8Athbhliain Faoi Mhaise
Caitheann Alswyn, Clíodhna & Sinéad súil siar ar bhuaicphointí pearsanta & na rudaí móra a tharla i 2021 & an athbhliain buailte linn. Labhraíonn siad faoi na rudaí a bhfuil siad ag súil leo i 2022 & na rúin atá acu don bhliain nua. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

S2 Ep 7Nollaig Shona!
San eagrán seo, labhraíonn Lucy, Róisín & Dúlra faoi dheireadh seachtaine álainn a bhí acu ag ceiliúradh lá breithe Róisín, bál sa Chlub agus na rudaí a bhfuil siad ag súil leo ag druidim i dtreo na Nollag. Nollaig Shona & athbhliain faoi mhaise, a chairde! Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

S2 Ep 6#Influenced
Labhraíonn Alswyn, Clíodhna & Rachel faoi thionchairí ar na meáin shóisialta idir na leathanaigh a thaitníonn leo i láthair na huaire & cén téama a bheadh acu dá mbeidís ina dtionchairí iad féin. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

S2 Ep 5Ar Bís faoin Teilifís!
San eagrán seo, chun céiliúradh a dhéanamh ar Lá Domhanda na Teilifíse, cuimhníonn Sinéad, Aoife & Lucy ar na gcláir teilifíse is fearr leo óna n-óige. Roineann siad moltaí teilifíse lena chéile & labhraíonn siad faoi na cláir is fearr leo ar TG4. Chomh maith leis sin, tugann Aoife uasdátú dúinn ar chonas atá ag éirí léi in Abu Dhabi (Drochscéal: Bhí uirthi cuairt a thabhairt ar an ospidéal!) Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

S2 Ep 4Na Glenegals - Cuimhní an Oireachtais
Cé nach raibh an chóisireacht ar siúl ag an bhféile i mbliana, bhí Alswyn, Dúlra & Sinéad thíos i gCill Áirne & phléigh siad na cuimhní is fearr atá acu ó mheitheal mór na nGael! Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

S2 Ep 3Trasna na Hun-ta
Labhraíonn Aoife, Rachel agus Clíodhna faoi na tréimhsí atá caite acu a bheith ina gcónaí thar lear i gCeanada, sa Chatar agus Abú Daibí, agus na laethanta saoire is fearr a bhí acu. Pléann siad conas dul i ngleic le cumha baile, an brú a bhaineann le bogadh thar lear agus tugann siad neart leideanna maidir le bogadh go tír eile. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

S2 Ep 2Corp agus Anam
Pléann Clíodhna, Lucy & Rachel a dtaithí pearsanta lena íomhá coirp & muinín coirp mar mhná óga & muid ag maireachtail i ré na meán sóisialta. Labhraíonn siad faoin earnáil faisean & an tionchar a bhí ag an bpaindéim ar an íomhá coirp i gcoitinne.Má bhíonn tú ag streachailt le híomhá coirp nó neamhord itheacháin is féidir eolas & comhairle a fháil ar www.bodywhys.ie nó ar www.hse.ie Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

S2 Ep 1Ar Ais Arís!
San eagrán seo, cuireann Alswyn, Sinéad & Dúlra tús spleodrach leis an dara sraith & iad le chéile ag taifead san fhíorshaol den chéad uair le bliain go leith anuas! Tugann siad uasdátú maidir leis an méid atá ar siúl ag na Gaelgals timpeall na cruinne, déanann siad mionchíoradh ar chursaí Love Island i mbliana & leagann siad plean amach do 'Oileán Ghrá', Love Island do shaol na Gaeilge! Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

S1 Ep 20Bréagdíospóireacht High School Musical
San eagrán / díospóireacht seo, le céiliúradh a dhéanamh ar & críoch a chur leis an gcéad shraith de Phodchraoladh na Gaelgals, pléann na Gaelgals cé acu is fearr sna scannáin HSM: Gabriella nó Sharpay. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

S1 Ep 19Coláistí Samhraidh: The Good, The Bad, The Ugly
San eagrán seo, pléann Clíodhna, Alswyn & Sinéad na cuimhní órga, aisteacha & iontacha atá acu ón dtréimhse a chaith siad ag freastal ar Choláistí Samhraidh thar timpeall na tíre! Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

S1 Ep 18Leabhair Power
San eagrán seo, pléann Rachel, Dúlra & Sinéad leitheoireacht an Bhéarla & leitheoireacht na Gaeilge mar chaitheamh aimsire. Labhraíonn siad faoi na leabhair a raibh an-tionchar acu orthu & na leabhair atá ar a liosta TBR (to be read) don samhradh beag seo! Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

S1 Ep 17Mála Mór In-athúsáidte
Labhraíonn Aoife, Lucy & Dúlra faoi chaomhnú na timpeallachta, na dúshláin a bhaineann leis & na hiarrachtaí a dhéanann siad le bheith níos cineálta don timpeallacht. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

S1 Ep 16Léim Thart x Gaelgals
Fáilte roimh ár gcéad aoi! Labhraíonn Sinéad, Lucy & Alswyn le Ruairí Egan / Léim Thart, láithreoir raidió, podchraoltóir & cara dár gcuid. Pléann siad an t-ábhar is fearr leo ar fad: ceolchoirmeacha. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

Grá Croí nó Crá Croí?
San eagrán seo, pléann Rachel, Clíodhna & Róisín cursaí grá & a dtaithí féin ag dul ar choinní thar na blianta. Labhraíonn siad faoin gcéad choinne a bhí acu riamh, drochchoinní & na deacrachtaí a bhí acu ag dul ar choinní le linn na paindéime, le cúpla scéal ón lucht éisteachta chomh maith. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

S1 Ep 14Cainteoirí Dóchais: Ná BÁC leis na Haters
San eagrán seo, pléann Clíodhna, Sinéad & Rachel an mire mothúchán a bhaineann le bheith i do nuachainteor Gaeilge sa lá atá inniu ann. Labhraíonn siad faoin aistear foghlama a bhí acu leis an teanga & an chomhairle a thabharfaidís do dhaoine atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

S1 Ep 13Cupán Tay
In eagrán 13 pléann Aoife, Róisín agus Alswyn albam nua Taylor Swift, Fearless (Taylor’s Version), & an tionchar a bhí aici orthu ag fás aníos. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

S1 Ep 12Tapaigh an Deis: Cumann Gaelach Edition
Seo an dara eagrán ón bpodchraoladh beo a rinneamar le linn Sheachtain na Gaeilge le hOifig na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad.San eagrán seo phléigh Alswyn, Clíodhna, Dúlra & Sinéad na deiseanna oibre a fhuair siad mar gheall ar an gCuallacht & ar na buntáistí a bhaineann leis an nGaeilge a bheith agat.Má tá sibh riamh ag iarraidh teagmháil a dhéanamh linn is féidir teachtaireacht a sheoladh chuig @gael_gals ar Insta nó chuig [email protected] Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

S1 Ep 11Coiste na Cuallachta and the cófra of secrets
Bhí deis iontach againn chun podchraoladh beo a thaifeadadh le linn Sheachtain na Gaeilge le hOifig na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad.San eagrán seo phléigh Rachel, Aoife, Róisín & Lucy na cuimhní is fearr leo óna dtréimhse sa Chuallacht - gach rud idir Bál na Gaeilge & na rudaí is neamhghnách a aimsíodh sa chófra i Seomra na Gaeilge!Má tá sibh riamh ag iarraidh teagmháil a dhéanamh linn is féidir teachtaireacht a sheoladh chuig @gael_gals ar Insta nó chuig [email protected] Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

Is fearr cairde ná ór
San eagrán seo, labhraíonn Lucy, Róisín agus Dúlra faoi thábhacht an chairdis, na hathruithe a thagann ar chairdis agus tú ag dul in aois, agus faoi na cuimhní is fearr atá acu ar a chéile Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

S1 Ep 9Fiche bliain ag fás, fiche bliain faoi bhláth, fiche bliain ag meath!
San éagrán seo, pléann Aoife, Alswyn agus Sinéad saol an duine óig sna fichidí i lár pandéime. Labhraíonn siad mar gheall ar na deacrachtaí, an éiginnteacht agus na foinsí brú a bhaineann leis an tréimhse seo sa saol agus conas dul i ngleic leo. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

Cad is brie le cheese?
An gcuimhin libh ceolchoirm Sean Kingston i Maigh Nuad nó an bhrionglóid ait a bhí ann 🤷♀️Labhraíonn Róisín, Lucy & Rachel faoi cheol na 2000dí & an mhéid a airíonn na laethanta sin uathu! Éistigí beo ar Raidió Rí-Rá ag 8i.n. ar oíche Chéadaoin nó maidin Déardaoin ar aghaidh, pé áit a bhfaigheann sibh bhur gcuid podchraoltaí! Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

S1 Ep 7Mo Ghrá Gals
Agus an grá le mothú san aer na laethanta seo, déanann Clíodhna, Dúlra & Sinéad plé ar Lá Fhéile Vailintín, teacht chun cinn Galentines & féile nua atá cruthaithe acu, Gaelentines. Labhraíonn siad faoi na pleananna atá acu don fhéile is románsúla sa bhliain, grá na mban & na Gaeil ina saol ar mhaith leo aitheantas a thabhairt dóibh. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

S1 Ep 6Dian-YAS-áil
San eagrán seo, pléann Lucy, Alswyn & Aoife faoin tríú dianghlasáil, céard ata ar siúl acu, na nodanna atá acu dúinn ar fad le maireachtáil tríd & céard le déanamh má tá leadrán ort.Má tá sibh riamh ag iarraidh teagmháil a dhéanamh linn is féidir teachtaireacht a sheoladh chuid @gael_gals ar Insta nó chuig [email protected]. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

S1 Ep 5Féinchuram
San eagrán seo, pléann Sinéad, Rachel & Róisín an tábhacht a bhaineann le féinchuram, an chaoi go dtugann siad aire dóibh féin & an tiochar atá ag na meáin shóisialta orthú le linn tréimhsí deacra. Má tá sibh riamh ag iarraidh teagmháil a dhéanamh linn is féidir teachtaireacht a sheoladh chuid @gael_gals ar Insta nó chuig [email protected]. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

S1 Ep 42020: GRMA, next.
An tseachtain seo labhraíonn Alswyn, Clíodhna agus Dúlra faoi na rudaí maithe a tharla sa bhliain 2020, rúin na hathbhliana do 2021 agus na rudaí a bhfuil siad ag súil leo i sa bhliain amach romhainn. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

S1 Ep 3Nollaig Hun-a
San eagrán seo labhraíonn Róisín, Lucy & Aoife faoin Nollaig, na rudaí a mbíonn siad ag súil leo, traidisiúin na Nollag & go leor leor cuimhní greannmhara á roinnt le chéile Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

S1 Ep 2Stair na ‘hIcke’
Labhraíonn Dúlra, Sinéad agus Rachel faoin ‘ick’, céard is brí leis, a scéalta greannmhara féin agus scéalta ónár lucht éisteachta! Má tá sibh riamh ag iarraidh teagmháil a dhéanamh linn is féidir teachtaireacht a sheoladh chuid @gael_gals ar Insta nó chuig [email protected] Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

S1 Ep 1Tús maith
Labhraíonn Aoife, Alswyn agus Clíodhna linn ar an gcéad eagrán den phodchraoladh faoi cé hiad na Gaelgals, conas ar chas an triúr ar a chéile agus an Ghaeilge ar líne. Má tá sibh riamh ag iarraidh teagmháil a dhéanamh linn is féidir teachtaireacht a sheoladh chuid @gael_gals ar Insta nó chuig [email protected] Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

Podchraoladh na Gaelgals - Fáilte!
trailerGaelgals ag plé gach rud faoin spéir trí mheán na Gaeilge; ceol, faisean, spórt, smideadh, An Ghaeilge, ealaín, cúrsaí reatha, taistealPodchraoladh nua gach coicís ar an Déardaoin Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.