PLAY PODCASTS
Múscail, a Ghiorria - Leabhar mhí na Samhna 2023 | November's Book of the Month 2023 Samhain23

Múscail, a Ghiorria - Leabhar mhí na Samhna 2023 | November's Book of the Month 2023 Samhain23

[English version below] “Tá anáil an bhéaloidis …

ClubLeabhar.com - Irish Language Book Club

October 27, 202319m 44s

Audio is streamed directly from the publisher (feeds.soundcloud.com) as published in their RSS feed. Play Podcasts does not host this file. Rights-holders can request removal through the copyright & takedown page.

Show Notes

[English version below] “Tá anáil an bhéaloidis le mothú go soiléir san eipic spreagúil, ealaíonta seo. Cuireann scéal an ghiorria ar ár súile go héifeachtach tuiscintí agus tuairimí doimhne ár sinsear i leith an tsaoil agus nádúr an duine – an dá chineál, óg agus aosta, caide agus céilí comhraic. Is figiúr í an chailleach a mhair ar imeall an phobail, díthreabhach a bhí gafa leis an nádúr agus leis an saol eile. Ina ainneoin sin, bhí ról lárnach sa tsochaí aici, ag teacht i gcabhair in am an ghátair, agus ag roinnt eolas praiticiúil agus gaoise go fial ar chách. Coincheap ársa is ea cumas na caillí í féin a chlaochlú, gné shuaithinseach den scéalaíocht ó ré na meánaoise anonn, tréith atá le sonrú go háirithe sna heipicí clasaiceacha, Tochmharc Éadaoine agus Oidhe Chlainne Lir, atá fite go deas fileata isteach i scéal an ghiorria. Sa saothar seo, téann an t-údar i ngreim go meabhrach, físiúil le téamaí suntasacha ón éigse béil, téama atá chomh hábhartha inniu is a bhí riamh”. -An Dr Criostóir Mac Cárthaigh, Cnuasach Bhéaloideas Éireann Láithreoir: Seán Ó Catháin Aíonna: Ailbe van der Heide agus Aedín Ní Thiarnaigh [Leagan Gaeilge thuas] This debut collection of poetry from the Donegal-based writer and linguist Eithne Ní Ghallchobhair addresses Irish nature and a day in the life of a hare. This collection was shortlisted for the 2020 Irish Language Book of the Year Award. Guests: Ailbe van der Heide and Aedín Ní Thiarnaigh